EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CA0299

Cás C-299/21 P: Breithiúnas na Cúirte (an Deichiú Dlísheomra) an 2 Meitheamh 2022 – EM v Parlaimint na hEorpa (Achomharc – Seirbhís shibhialta – Parlaimint na hEorpa – Gníomhaire sealadach i seirbhís do ghrúpa polaitíochta – Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh – Airteagal 7 – Aistriú – Airteagal 12 agus Airteagal 12(a)(3) – Coincheap “ciapadh síceolaíoch” – Easpa leithdháileadh cúraimí – Coinníollacha fostaíochta sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh – Iarraidh ar chúnamh – Díobháil – Cúiteamh)

IO C 284, 25.7.2022, p. 11–12 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

25.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 284/11


Breithiúnas na Cúirte (an Deichiú Dlísheomra) an 2 Meitheamh 2022 – EM v Parlaimint na hEorpa

(Cás C-299/21 P) (1)

(Achomharc - Seirbhís shibhialta - Parlaimint na hEorpa - Gníomhaire sealadach i seirbhís do ghrúpa polaitíochta - Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh - Airteagal 7 - Aistriú - Airteagal 12 agus Airteagal 12(a)(3) - Coincheap “ciapadh síceolaíoch” - Easpa leithdháileadh cúraimí - Coinníollacha fostaíochta sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh - Iarraidh ar chúnamh - Díobháil - Cúiteamh)

(2022/C 284/11)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Achomharcóir: EM (ionadaí: M. Casado García-Hirschfeld, avocate)

Páirtithe eile sna himeachtaí: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: D. Boytha, L. Darie agus C. González Argüelles, Gníomhairí)

An chuid oibríochtúil

1)

Cuirtear breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 3 Márta 2021EM v an Pharlaimint (T-599/19 nár foilsíodh, EU:T:2021:111) ar neamhní, sa mhéid is gur dhíbh an Chúirt Ghinearálta na héilimh ar chúiteamh a mhéid a d’iarr siad cúiteamh as an damáiste a d’fhulaing an t-achomharcóir de bharr gur baineadh de na cúraimí a bhí le comhlíonadh aige le linn na tréimhse ón 8 Nollaig 2016 go dtí an 1 Meitheamh 2018, dáta a scoir.

2)

Diúltaítear don achomharc den chuid eile.

3)

Ordaítear don Pharlaimint cúiteamh de € 7 500 a íoc le EM.

4)

Ordaítear do Pharlaimint na hEorpa, de bhreis ar a costais féin a íoc a bhaineann leis na himeachtaí céadchéime i gCás T-599/19 agus leis na himeachtaí achomhairc, leath na gcostas arna dtabhú ag EM i ndáil leis na himeachtaí sin a íoc chomh maith.


(1)  IO C 431, an 25.10.2021


Top