Wybierz funkcje eksperymentalne, które chcesz wypróbować

Ten dokument pochodzi ze strony internetowej EUR-Lex

Dokument 62021CA0196

    Cás C-196/21: Breithiúnas na Cúirte (an Seachtú Dlísheomra) an 2 Meitheamh 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Tribunalul Ilfov – an Rómáin) – SR v EW (Tarchur chun réamhrialú – Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta – Doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil – Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 – Airteagal 5 – Doiciméid a aistriú – An t-iarratasóir ag íoc costais an aistriúcháin – An coincheap “iarratasóir” – Doiciméid bhreithiúnacha a sheirbheáil, ar thionscnamh ón gcúirt a bhfuiltear os a comhair, ar rannpháirtithe sna himeachtaí)

    IO C 284, 25.7.2022, str. 11—11 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    25.7.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 284/11


    Breithiúnas na Cúirte (an Seachtú Dlísheomra) an 2 Meitheamh 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Tribunalul Ilfov – an Rómáin) – SR v EW

    (Cás C-196/21) (1)

    (Tarchur chun réamhrialú - Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta - Doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil - Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 - Airteagal 5 - Doiciméid a aistriú - An t-iarratasóir ag íoc costais an aistriúcháin - An coincheap “iarratasóir” - Doiciméid bhreithiúnacha a sheirbheáil, ar thionscnamh ón gcúirt a bhfuiltear os a comhair, ar rannpháirtithe sna himeachtaí)

    (2022/C 284/10)

    Teanga an cháis: an Rómáinis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Tribunalul Ilfov

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: SR

    Cosantóir: EW

    Idiragraithe: FB, CX, IK

    An chuid oibríochtúil

    Ní mór Airteagal 5(2) Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus doiciméid sheachbhreithiúnacha in ábhair shibhialta nó in ábhair tráchtála a sheirbheáil sna Ballstáit (“doiciméid a sheirbheáil”), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1348/2000 ón gComhairle, a léirmhíniú sa chaoi, i gcás ina n-ordaíonn cúirt doiciméid bhreithiúnacha a tharchur chuig tríú páirtithe a iarrann idirghabháil a dhéanamh sna himeachtaí, nach féidir an chúirt sin a mheas mar an “iarratasóir” de réir bhrí na forála seo.


    (1)  IO C 263, 05.07.2021


    Góra