Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CA0043

    Cás C-43/21: Breithiúnas na Cúirte (an Ceathrú Dlísheomra) an 2 Meitheamh 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Nejvyšší správní soud – Poblacht na Seice) – FCC Česká republika, s.r.o. v Ministerstvo životního prostředí, Městská část Ďáblice, Spolek pro Ďáblice (Tarchur chun réamhrialú – Treoir 2010/75/AE – Airteagal 3(9) – Cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú – Nós imeachta chun cead a leasú – Rannpháirtíocht an phobail lena mbaineann – Coincheap maidir le “athrú suntasach” ar an tsuiteáil – Saol oibriúcháin líonadh talún a fhadú)

    IO C 284, 25.7.2022, p. 9–9 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    25.7.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 284/9


    Breithiúnas na Cúirte (an Ceathrú Dlísheomra) an 2 Meitheamh 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Nejvyšší správní soud – Poblacht na Seice) – FCC Česká republika, s.r.o. v Ministerstvo životního prostředí, Městská část Ďáblice, Spolek pro Ďáblice

    (Cás C-43/21) (1)

    (Tarchur chun réamhrialú - Treoir 2010/75/AE - Airteagal 3(9) - Cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú - Nós imeachta chun cead a leasú - Rannpháirtíocht an phobail lena mbaineann - Coincheap maidir le “athrú suntasach” ar an tsuiteáil - Saol oibriúcháin líonadh talún a fhadú)

    (2022/C 284/07)

    Teanga an cháis: an tSeicis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Nejvyšší správní soud

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: FCC Česká republika, s.r.o.

    Cosantóirí: Ministerstvo životního prostředí, Městská část Ďáblice, Spolek pro Ďáblice

    An chuid oibríochtúil

    Ní mór Airteagal 3(9) de Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) a léirmhíniú sa chiall, i gcás síneadh aonair a chuirtear leis an tréimhse líonta talún le haghaidh dramhaíola, gan toisí uasta formheasta na suiteála ná a hacmhainneacht iomlán a bheith athruithe, nach ionann an síneadh sin agus a “athrú suntasach” de réir bhrí na forála sin.


    (1)  IO C 110 an 29.03.2021.


    Top