Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0239

    Cás C-239/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Cour de Cassation (an Bheilg) a taisceadh an 5 Aibreán 2022 – Stát na Beilge agus Promo 54 v Promo 54 agus Stát na Beilge

    IO C 257, 4.7.2022, p. 26–26 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
    IO C 257, 4.7.2022, p. 22–22 (GA)

    4.7.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 257/22


    Iarraidh ar réamhrialú ón Cour de Cassation (an Bheilg) a taisceadh an 5 Aibreán 2022 – Stát na Beilge agus Promo 54 v Promo 54 agus Stát na Beilge

    (Cás C-239/22)

    (2022/C 257/33)

    Teanga an cháis: an Fhraincis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Cour de cassation

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóirí: Stát na Beilge agus Promo 54

    Cosantóirí: Promo 54 agus Stát na Beilge

    An cheist a tharchuirtear:

    An bhfuil Airteagail 12(1) agus (2) agus 135(1)(j) de Threoir 2006/112/CE (1) le léiriú mar ní a chiallaíonn, in éagmais Ballstát a bhfuil rialacha mionsonraithe leagtha síos aige maidir le critéar na chéad ghairme a chur i bhfeidhm i leith maoin dhochorraithe a chomhshó, go soláthrófar, tar éis athchóiriú a dhéanamh, foirgneamh a bhí, roimh an gcomhshó, ar an gcéad slí bheatha de réir bhrí Airteagal 12(1)(a), nó an tríú fomhír d’Airteagal 12(2) den Treoir fós díolmhaithe ó cháin bhreisluacha?


    (1)  Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO 2006 L 347, lch. 1).


    Top