This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022CN0210
Case C-210/22: Request for a preliminary ruling from the Finanzgericht Hamburg (Germany) lodged on 18 March 2022 — Stappert Deutschland GmbH v Hauptzollamt Hanover (Germany)
Cás C-210/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Finanzgericht Hamburg (an Ghearmáin) a taisceadh an 18 Márta 2022 – Stappert Deutschland GmbH v Hauptzollamt Hanover (an Ghearmáin)
Cás C-210/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Finanzgericht Hamburg (an Ghearmáin) a taisceadh an 18 Márta 2022 – Stappert Deutschland GmbH v Hauptzollamt Hanover (an Ghearmáin)
IO C 257, 4.7.2022, p. 22–23
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 257, 4.7.2022, p. 19–19
(GA)
4.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 257/19 |
Iarraidh ar réamhrialú ó Finanzgericht Hamburg (an Ghearmáin) a taisceadh an 18 Márta 2022 – Stappert Deutschland GmbH v Hauptzollamt Hanover (an Ghearmáin)
(Cás C-210/22)
(2022/C 257/29)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Finanzgericht Hamburg
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Stappert Deutschland GmbH
Cosantóir: Hauptzollamt Hanover
Na ceisteanna a tharchuirtear
1. |
An gcuimsítear leis an téarma “próifílí tolla” sa riail tionscnaimh i bhfo-cheannteideal 7304 41 den chóras comhchuibhithe d’Iarscríbhinn 22-01 den Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún maidir le Cód Custaim an Aontais, (1) ina leagtar síos mar choinníoll le haghaidh éadáil tionscnaimh “athrú ó phróifílí tolla i bhfo-cheannteideal 7304 49” (Riail tionscnaimh le haghaidh próifílí tolla), ábhar príomha teofhoirmithe faoi fho-cheannteideal 7304 49 HS, atá díreach agus a bhfuil a dtiús balla aonfhoirmeach, nach gcomhlíonann na ceanglais a bhaineann le caighdeán teicniúil le haghaidh píopaí teofhoirmithe cruach dosmálta gan uaim agus óna dtáirgtear píopaí ag a bhfuil trasghearradh agus tiús balla difriúil trí obair fhuar? |
2. |
Más freagra diúltach a thabharfar ar an gcéad cheist nó mura gá í a fhreagairt: an sáraítear Airteagail 60(2) agus 284 de Chód Custaim an Aontais (2) agus Airteagal 290 CFAE leis an riail tionscnaimh le haghaidh próifílí tolla de bharr
|
3. |
Más freagra dearfach a thabharfar ar an dara ceist: an gcinntear éadáil tionscnaimh na n-earraí i bhfo-cheannteideal 7304 41 den chóras comhchuibhithe sna príomhimeachtaí i gcomhréir leis an riail tionscnaimh le haghaidh fho-cheannteideal 7304 41 den chóras comhchuibhithe d’Iarscríbhinn 22-01 den Rialachán Tarmligthe maidir le Cód Custaim an Aontais “Athrú ar an gceannteideal taraife” an riail fuílligh i gCaibidil 73 den chóras comhchuibithe in Iarscríbhinn 22-01 den Rialachán Tarmligthe maidir le Cód Custaim an Aontais nó i gcomhréir le hAirteagal 60(2) de Chód Custaim an Aontais? |
(1) Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais (IO 2015 L 343, lch. 1).
(2) Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO 2013 L 269, lch. 1).