EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020CA0644

Cás C-644/20: Breithiúnas na Cúirte (an Ceathrú Dlísheomra) an 12 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Okręgowy w Poznaniu – an Pholainn) – W. J. v L. J. agus J. J., arna n-ionadú go dlíthiúil ag A. P., (Tarchur chun réamhrialú – Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta – Dlínse, dlí is infheidhme, aithint agus cur chun feidhme cinntí maidir le hoibleagáidí cothabhála – Cinneadh an dlí is infheidhme – Prótacal na Háige ar an Dlí is Infheidhme maidir le hOibleagáidí Cothabhála – Airteagal 3 – Gnáthchónaí an chreidiúnaí – Am chun gnáthchónaí a chinneadh – Coimeád linbh éagóraigh)

IO C 257, 4.7.2022, p. 8–9 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/8


Breithiúnas na Cúirte (an Ceathrú Dlísheomra) an 12 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Okręgowy w Poznaniu – an Pholainn) – W. J. v L. J. agus J. J., arna n-ionadú go dlíthiúil ag A. P.,

(Cás C-644/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta - Dlínse, dlí is infheidhme, aithint agus cur chun feidhme cinntí maidir le hoibleagáidí cothabhála - Cinneadh an dlí is infheidhme - Prótacal na Háige ar an Dlí is Infheidhme maidir le hOibleagáidí Cothabhála - Airteagal 3 - Gnáthchónaí an chreidiúnaí - Am chun gnáthchónaí a chinneadh - Coimeád linbh éagóraigh)

(2022/C 257/11)

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Sąd Okręgowy w Poznaniu

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: W. J.

Cosantóirí: L. J. agus J. J., arna n-ionadú go dlíthiúil ag A. P.,

An chuid oibríochtúil

Ní mór Airteagal 3 de Phrótacal na Háige an 23 Samhain 2007 ar an Dlí is Infheidhme maidir le hOibleagáidí Cothabhála, arna fhormheas thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh le Cinneadh 2009/941/CE ón gComhairle an 30 Samhain 2009 a léirmhíniú sa chaoi, d’fhonn an dlí is infheidhme a chinneadh maidir le héileamh ar chothabháil le haghaidh leanbh mionaoiseach ar aistrigh duine dá thuismitheoirí é chuig críoch Bhallstáit, nach leor chun go gcuirfear bac ar an leanbh gnáthchónaí a fháil ar chríoch an Bhallstáit sin, gur ordaigh cúirt den Bhallstát sin, i gcomhthéacs imeachtaí ar leithligh, an leanbh sin a chur ar ais go dtí an Ballstát ina raibh gnáthchónaí air lena thuismitheoirí díreach i ndiaidh a aistrithe.


(1)  IO C 53, 15.02.2021


Top