Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020CA0570

    Cás C-570/20: Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlísheomra) an 5 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Cour de cassation – an Fhrainc) – imeachtaí cóiriúla i gcoinne BV (Tarchur chun réamhrialú – Cáin bhreisluacha (CBL) – Treoir 2006/112/CE – Cáin atá dlite a cheilt ar shlí chalaoiseach – Pionóis – Reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear do phionós riaracháin agus do phionós cóiriúil i ndáil leis na gníomhaíochtaí céanna – Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Airteagal 49 – Airteagal 50 – An prionsabal ne bis in idem – Airteagal 52(1) – Teorainneacha ar an bprionsabal ne bis in idem – Ceanglas chun rialacha soiléire agus beachta a leagadh síos – Féidearthacht chun léirmhíniú na gcúirteanna náisiúnta ar an reachtaíocht náisiúnta a chur san áireamh – Riachtanas chun rialacha a leagadh síos lena n-áirithítear comhréireacht na bpionós go léir a ghearrtar – Pionóis de chineál difriúil)

    IO C 257, 4.7.2022, p. 8–8 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    4.7.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 257/8


    Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlísheomra) an 5 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Cour de cassation – an Fhrainc) – imeachtaí cóiriúla i gcoinne BV

    (Cás C-570/20) (1)

    (Tarchur chun réamhrialú - Cáin bhreisluacha (CBL) - Treoir 2006/112/CE - Cáin atá dlite a cheilt ar shlí chalaoiseach - Pionóis - Reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear do phionós riaracháin agus do phionós cóiriúil i ndáil leis na gníomhaíochtaí céanna - Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - Airteagal 49 - Airteagal 50 - An prionsabal ne bis in idem - Airteagal 52(1) - Teorainneacha ar an bprionsabal ne bis in idem - Ceanglas chun rialacha soiléire agus beachta a leagadh síos - Féidearthacht chun léirmhíniú na gcúirteanna náisiúnta ar an reachtaíocht náisiúnta a chur san áireamh - Riachtanas chun rialacha a leagadh síos lena n-áirithítear comhréireacht na bpionós go léir a ghearrtar - Pionóis de chineál difriúil)

    (2022/C 257/10)

    Teanga an cháis: an Fhraincis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Cour de cassation

    Páirtithe sna príomhimeachtaí cóiriúla

    BV

    i láthair: Direction départementale des finances publiques de la Haute-Savoie

    An chuid oibríochtúil

    Ní mór an ceart bunúsach a ráthaítear in Airteagal 50 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, i gcomhar le hAirteagal 52(1) den Chairt, a léirmhíniú sa chaoi

    nach gcuirtear cosc leis, nach n-eascraíonn an teorannú ar charnadh ionchúiseamh agus sáruithe de chineál cóiriúil i gcásanna de cheilt ar shlí chalaoiseach nó neamhghníomhaíochtaí dearbhaithe maidir le cáin bhreisluacha (CBL) dá bhforáiltear le rialacha náisiúnta sna cásanna is tromchúisí ach as cásdlí bunaithe lena léirmhínítear, ar bhealach sriantach, na forálacha dlíthiúla lena sainmhínítear na coinníollacha faoina gcuirtear an carnadh sin i bhfeidhm, ar chuntar go bhfuil sé intuartha go réasúnta, nuair a dhéantar an sárú, go bhféadfadh an sárú sin a bheith ina ábhar do charnadh ionchúiseamh agus pionós de chineál cóiriúil, ach

    go gcuirtear cosc leis, le rialacha náisiúnta nach n-áirithíonn, i gcás carnadh phionós airgeadais agus pianbhreith choimeádta, ag rialacha soiléire agus beachta, más iomchuí, mar a rinne na cúirteanna náisiúnta léirmhíniú orthu, nach dtéann na pionóis go léir a ghearrtar thar thromchúis an tsáraithe a aithníodh.


    (1)  IO C 28, 25.01.2021


    Top