Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020CA0505

    Cás C-505/20: Breithiúnas na Cúirte (an tOchtú Dlísheomra) an 12 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Spetsializiran nakazatelen sad – an Bhulgáir) – Imeachtaí arna dtionscnamh ag RR, JG (Tarchur chun réamhrialú – Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla – Ionstraimeachtaí na coireachta agus fáltais ón gcoireacht a reo agus a choigistiú san Aontas Eorpach – Treoir 2014/42/UE – Airteagal 4 – Coigistiú – Airteagal 7 – Reo – Airteagal 8 – Ráthaíochtaí nós imeachta – Maoin a bhaineann le tríú duine sna himeachtaí cóiriúla a reo agus a choigistiú – Rialacha náisiúnta nach bhforálann do chaingean do thríú páirtithe le linn na n-imeachtaí breithiúnacha agus nach gceadaíonn aon tabhairt ar ais na maoine sin roimh chlabhsúr na n-imeachtaí coiriúla)

    IO C 257, 4.7.2022, p. 6–7 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    4.7.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 257/6


    Breithiúnas na Cúirte (an tOchtú Dlísheomra) an 12 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Spetsializiran nakazatelen sad – an Bhulgáir) – Imeachtaí arna dtionscnamh ag RR, JG

    (Cás C-505/20) (1)

    (Tarchur chun réamhrialú - Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla - Ionstraimeachtaí na coireachta agus fáltais ón gcoireacht a reo agus a choigistiú san Aontas Eorpach - Treoir 2014/42/UE - Airteagal 4 - Coigistiú - Airteagal 7 - Reo - Airteagal 8 - Ráthaíochtaí nós imeachta - Maoin a bhaineann le tríú duine sna himeachtaí cóiriúla a reo agus a choigistiú - Rialacha náisiúnta nach bhforálann do chaingean do thríú páirtithe le linn na n-imeachtaí breithiúnacha agus nach gceadaíonn aon tabhairt ar ais na maoine sin roimh chlabhsúr na n-imeachtaí coiriúla)

    (2022/C 257/08)

    Teanga an cháis: an Bhulgáiris

    An chúirt a rinne an tarchur

    Spetsializiran nakazatelen sad

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóirí: RR, JG

    Tríú páirtí: Spetsializirana prokuratura

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Ní mór Airteagal 8(1) de Threoir 2014/42/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le hionstraimeachtaí na coireachta agus fáltais ón gcoireacht a reo agus a choigistiú san Aontas Eorpach a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar rialacha náisiúnta lena bhforáiltear, i gcás ina reoitear maoin a mheastar gur ionstraimeacht nó fáltas ciona í, nach bhfuil aon cheart ag úinéir na maoine sin, mar thríú páirtí bona fide, le linn céim bhreithiúnach na n-imeachtaí coiriúla, dul os comhair na cúirte inniúla chun a iarraidh go dtabharfaí an mhaoin sin ar ais.

    2)

    Ní mór Airteagal 4(1) de Threoir 2014/42 a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar rialacha náisiúnta lena n-eisiatar coigistiú maoine ar le tríú páirtí bona fide í agus a úsáideadh mar ionstraimeacht ciona, lena n-áirítear sa chás inar chuir an tríú páirtí sin an mhaoin sin ar fáil go buan don duine a ionchúisítear.


    (1)  IO C 9, 11.01.2021


    Top