EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0210

Cás C-210/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Finanzgericht Hamburg (an Ghearmáin) a taisceadh an 18 Márta 2022 – Stappert Deutschland GmbH v Hauptzollamt Hanover (an Ghearmáin)

IO C 257, 4.7.2022, p. 22–23 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 257, 4.7.2022, p. 19–19 (GA)

4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/19


Iarraidh ar réamhrialú ó Finanzgericht Hamburg (an Ghearmáin) a taisceadh an 18 Márta 2022 – Stappert Deutschland GmbH v Hauptzollamt Hanover (an Ghearmáin)

(Cás C-210/22)

(2022/C 257/29)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Finanzgericht Hamburg

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Stappert Deutschland GmbH

Cosantóir: Hauptzollamt Hanover

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An gcuimsítear leis an téarma “próifílí tolla” sa riail tionscnaimh i bhfo-cheannteideal 7304 41 den chóras comhchuibhithe d’Iarscríbhinn 22-01 den Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún maidir le Cód Custaim an Aontais, (1) ina leagtar síos mar choinníoll le haghaidh éadáil tionscnaimh “athrú ó phróifílí tolla i bhfo-cheannteideal 7304 49” (Riail tionscnaimh le haghaidh próifílí tolla), ábhar príomha teofhoirmithe faoi fho-cheannteideal 7304 49 HS, atá díreach agus a bhfuil a dtiús balla aonfhoirmeach, nach gcomhlíonann na ceanglais a bhaineann le caighdeán teicniúil le haghaidh píopaí teofhoirmithe cruach dosmálta gan uaim agus óna dtáirgtear píopaí ag a bhfuil trasghearradh agus tiús balla difriúil trí obair fhuar?

2.

Más freagra diúltach a thabharfar ar an gcéad cheist nó mura gá í a fhreagairt: an sáraítear Airteagail 60(2) agus 284 de Chód Custaim an Aontais (2) agus Airteagal 290 CFAE leis an riail tionscnaimh le haghaidh próifílí tolla de bharr

(a)

easpa cúiseanna,

(b)

go bhfuil sé ró-dhoiléir nó

(c)

go gcuirtear próisis mheaisínithe as an áireamh ón gcinneadh maidir le tionscnamh, lena ndeonófaí tionscnamh faoi Airteagal 60(2) de Chód Custaim an Aontais?

3.

Más freagra dearfach a thabharfar ar an dara ceist: an gcinntear éadáil tionscnaimh na n-earraí i bhfo-cheannteideal 7304 41 den chóras comhchuibhithe sna príomhimeachtaí i gcomhréir leis an riail tionscnaimh le haghaidh fho-cheannteideal 7304 41 den chóras comhchuibhithe d’Iarscríbhinn 22-01 den Rialachán Tarmligthe maidir le Cód Custaim an Aontais “Athrú ar an gceannteideal taraife” an riail fuílligh i gCaibidil 73 den chóras comhchuibithe in Iarscríbhinn 22-01 den Rialachán Tarmligthe maidir le Cód Custaim an Aontais nó i gcomhréir le hAirteagal 60(2) de Chód Custaim an Aontais?


(1)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais (IO 2015 L 343, lch. 1).

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO 2013 L 269, lch. 1).


Top