Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CA0218

    Cás C-218/21: Breithiúnas na Cúirte (an Séú Dlísheomra) an 5 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Supremo Tribunal Administrativo – an Phortaingéil) – Autoridade Tributária e Aduaneira v DSR – Montagem e Manutenção de Ascensores e Escadas Rolantes SA (Tarchur chun réamhrialú – Cánachas – Cáin bhreisluacha (CBL) – Treoir 2006/112/CE – Rátaí – Forálacha sealadacha le haghaidh seirbhísí dlúthfhostaíochta ar leith – Pointe 2 d’Iarscríbhinn IV – Athchóiriú agus deisiú tithe príobháideacha – Cur i bhfeidhm ráta laghdaithe CBL i leith seirbhísí deisiúcháin agus cothabhála ardaitheoirí i bhfoirgnimh chónaithe)

    IO C 257, 4.7.2022, p. 12–13 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    4.7.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 257/12


    Breithiúnas na Cúirte (an Séú Dlísheomra) an 5 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Supremo Tribunal Administrativo – an Phortaingéil) – Autoridade Tributária e Aduaneira v DSR – Montagem e Manutenção de Ascensores e Escadas Rolantes SA

    (Cás C-218/21) (1)

    (Tarchur chun réamhrialú - Cánachas - Cáin bhreisluacha (CBL) - Treoir 2006/112/CE - Rátaí - Forálacha sealadacha le haghaidh seirbhísí dlúthfhostaíochta ar leith - Pointe 2 d’Iarscríbhinn IV - Athchóiriú agus deisiú tithe príobháideacha - Cur i bhfeidhm ráta laghdaithe CBL i leith seirbhísí deisiúcháin agus cothabhála ardaitheoirí i bhfoirgnimh chónaithe)

    (2022/C 257/17)

    Teanga an cháis: an Phortaingéilis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Supremo Tribunal Administrativo

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Achomharcóir: Autoridade Tributária e Aduaneira

    Cosantóir: DSR – Montagem e Manutenção de Ascensores e Escadas Rolantes SA

    An chuid oibríochtúil

    Ní mór pointe 2 d’Iarscríbhinn IV de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha a léirmhíniú sa chaoi go gcumhdaítear leis an gcoincheap de “athchóiriú agus deisiú tithe príobháideacha”, de réir bhrí na forála sin, seirbhísí deisiúcháin agus athchóirithe ardaitheoirí i bhfoirgnimh chónaithe, gan seirbhísí cothabhála d’ardaitheoirí den sórt sin a áireamh.


    (1)  IO C 252, 28.06.2021


    Top