EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022XC0630(04)

Fógra tionscnaimh maidir le himeachtaí frithdhumpála a bhaineann le hallmhairí snátha ardrighnis as poileistir de thionscnamh Daon-Phoblacht na Síne, a mhéid a bhaineann le Zhejiang Hailide New Material Co. Ltd amháin, agus maidir le hathbhreithniú ar na bearta frithdhumpála ar allmhairí snátha ardrighnis as poileistir de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne 2022/C 248/08

C/2022/4361

IO C 248, 30.6.2022, p. 107–118 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

30.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 248/107


Fógra tionscnaimh maidir le himeachtaí frithdhumpála a bhaineann le hallmhairí snátha ardrighnis as poileistir de thionscnamh Daon-Phoblacht na Síne, a mhéid a bhaineann le Zhejiang Hailide New Material Co. Ltd amháin, agus maidir le hathbhreithniú ar na bearta frithdhumpála ar allmhairí snátha ardrighnis as poileistir de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

(2022/C 248/08)

Tá gearán faighte ag an gCoimisiún Eorpach (“an Coimisiún”) de bhun Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (“an bun-Rialachán”), ina líomhnaítear go bhfuil allmhairí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne arna dtáirgeadh Zhejiang Hailide New Material Co. Ltd (“an tairgeoir onnmhairiúcháin lena mbaineann”), á ndumpáil agus go bhfuil siad ag déanamh díobháil ábhartha do thionscal an Aontais, (2) sin nó go bhfuil siad ag cúr le díobháil ábhartha a dhéanamh dó.

1.   An Gearán

Ba é Comhlachas Snáithíní Daondéanta na hEorpa (“CIFRS” nó “an gearánaí”) a chuir an gearán isteach an 16 Bealtaine 2022. Rinneadh an gearán thar ceann thionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán, tionscal a bhaineann le snátha ardrighnis as poileistir.

Tá leagan oscailte den ghearán mar aon le hanailís ar a mhéid a thacaíonn táirgeoirí de chuid an Aontais leis an ngearán ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara. I roinn 6.6 den Fhógra seo, tá faisnéis le fáil faoi rochtain ar an gcomhad le haghaidh páirtithe leasmhara.

2.   An táirge faoi imscrúdú

Is éard atá sa táirge atá faoi réir an imscrúdaithe seo, snáth ardrighnis as poileistir, nach bhfuil cóirithe lena mhiondíol, lena n-áirítear aonfhiliméad ar lú ná 67 ndeiciteics, (seachas snáithe fuála nó snáth iolrach Z-chasta (fillte) nó cáblaithe, le haghaidh snáithe fuála a tháirgeadh, atá réidh lena ruaimniú agus le bailchríoch a chur air, casta go scaoilte timpeall ar fheadán plaisteach pollta) (“an táirge faoi imscrúdú”).

Gach páirtí leasmhar ar mian leis faisnéis a chur isteach maidir le raon feidhme na táirge, ní mór dó é sin a dhéanamh laistigh de 10 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo (3).

3.   Na bearta reatha

Is dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha iad na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair arna bhforchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/325 ón gCoimisiún (4) an 24 Feabhra 2017, arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1159 ón gCoimisiún (5) an 29 Meitheamh 2017. Tá athbhreithniú éaga (6) ar siúl faoi láthair maidir leis na mbearta sin.

4.   Líomhain maidir le dumpáil

An táirge a líomhnaítear go bhfuil sé á dhumpáil, is é an táirge faoi imscrúdú é, is de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (“an tír lena mbaineann”) é agus tá sé aicmithe faoi chód CN ex 5402 20 00 (cód TARIC 5402 2000 10) faoi láthair. Is ar mhaithe le faisnéis amháin a thugtar na Cóid AC agus TARIC agus tá sin gan dochar d’athrú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an aicmiú taraife amach anseo. Tá raon feidhme an imscrúdaithe seo faoi réir shainmhíniú an táirge faoi imscrúdú, sainmhíniú atá i Roinn 2.

Is éard a mhaígh an gearánach nárbh iomchuí an rud praghsanna agus costais intíre a úsáid i nDaon-Phoblacht na Síne ar ba ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí Airteagal 2(6a), pointe (b) den bhun-Rialachán.

Chun bunús a thabhairt leis na líomhaintí maidir le saobhadh suntasach, bhí an gearánaí ag brath ar an bhfaisnéis atá sa tuarascáil tíre a chuir seirbhísí an Choimisiúin ar fáil an 20 Nollaig 2017 inar tugadh tuairisc ar chúinsí sonracha an mhargaidh sa tír lena mbaineann (7). Go háirithe, mhaígh an gearánach gur cosúil go mbeadh tionchar ag saobhadh ar tháirgeadh agus ar dhíol an táirge atá faoi imscrúdú mar thoradh ar láithreacht an Stáit go ginearálta agus ar bhealach níos sonraí, mar thoradh ar shaobhadh i rannóg na n-amhábhair (a úsáidtear i dtáirgeadh snátha ardrighnis as poileistir i.e. aigéad teireatalach íonaithe agus gliocól mona-eitiléine), agus saobhadh a shonraítear sna caibidlí maidir le saobhadh ginearálta ar fuinneamh agus saothar.

Dá bhrí sin, i bhfianaise Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, an líomhain go bhfuiltear ag dumpáil, tá sí bunaithe ar chomparáid idir gnáthluach ríofa ar bhonn costais táirgthe agus díolachán a léiríonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa, agus praghas onnmhairiúcháin an táirge faoi imscrúdú (ar leibhéal an phraghais díreach ón monarcha) ón tír nuair a dhíoltar é lena onnmhairiú chuig an Aontas.

An corrlach dumpála arna ríomh ar bhonn na comparáide sin, is corrlach mór é le haghaidh an táirgeora onnmhairiúcháin lena mbaineann.

I bhfianaise na faisnéise atá ar fáil, measann an Coimisiún gur leor an fhianaise atá ann de bhun Airteagal 5(9) den bhun-Rialachán a léiríonn nach iomchuí na praghsanna agus na costais intíre sa tír lena mbaineann a úsáid i ngeall ar shaobhadh suntasach a dhéanann difear do phraghsanna agus do chostais, agus ó tharla sin amhlaidh, go n-éilítear imscrúdú a thionscnamh de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

Tá an tuarascáil tíre ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála (8).

5.   Líomhain maidir le díobháil agus an nasc cúisíoch

Chuir an gearánach fianaise ar fáil gur tháinig méadú foriomlán ar allmhairí an táirge faoi imscrúdú ón táirgeoir onnmhairiúcháin lena mbaineann i ndearbhthéarmaíagus ó thaobh an sciar den margadh de.

An fhianaise a chuir an gearánach ar fáil, léiríonn sé goraibh drochthionchar i measc iarmhairtí eile, ag méideanna agus praghsanna an táirge allmhairithe faoi imscrúdú ar leibhéal na bpraghsanna a ghearr tionscal an Aontais agus ar na méideanna dhíol siad, rud is cúis le drochthionchar móra arthe staid airgeadaisthionscal an Aontais, go háirithe maidir lena leibhéal brabúsachta.

6.   Nós imeachta

Arna chinneadh don Choimisiún, tar éis dó na Ballstáit a chur ar an eolas, gur cuireadh isteach an gearán thar ceann thionscal an Aontais, agus gur leor an fhianaise atá ann chun údar cuí a thabhairt le himeachtaí a thionscnamh, tá an Coimisiún, leis seo, ag cur tús le himscrúdú de bhun Airteagal 5 den bhun-Rialachán.

Tá raon feidhme an imscrúdaithe teoranta don dá tháirgeoir onnmhairiúcháin lena mbaineann agus d’aon chuideachta atá gaolmhar leo. Fuair an táirge onnmhairiúcháin lena mbaineann dleachtráta frithdhumpála nialais tar éis an imscrúdaithe arbh é ba chúis le forchuir na mbeart frithdhumpála i gcoinne allmhairí snátha ardrighnis as poileistir de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (9). Dá bhrí sin, eisíodh táirgeoir onnmhairiúcháin ó raon feidhme na n-imeachtaí sin, lena n-áirítear aon athbhreithniú a ndéantar air ina dhiaidh sin. Fuair táirgeoir onnmhairiúcháin eile, Hangzhou Zhanhong Chemical Fiber Co., Ltd, dleachtráta frithdhumpála nialais freisin tar éis an imscrúdaithe arbh é ba chúis le forchuir na mbearta frithdhumpála thuasluaite. Mar sin féin, is cosúil gur tháinig deireadh leis an táirgeoir onnmhairiúcháin sin. Má fhaigheann an Coimisiún fianaise a léiríonn a mhalairt, cumhdófar Hangzhou Zhanhong Chemical Fiber Co., Ltd leis an imscrúdú reatha.

Is éard a chinnfear leis an imscrúdú an bhfuil dumpáil á déanamh i gcás an táirge faoi imscrúdú de thionscnamh na tíre lena mbaineann agus arna dtáirgeadh ag an táirgeoir onnmhairiúcháin lena mbaineann agus ar bhain díobháil do thionscal an Aontais i ngeall ar na hallmhairí dumpáilte nó ar chuir siad leis an díobháil.

Más deimhneach na conclúidí, déanfar scrúdú san imscrúdú féachaint, más rud é go bhforchuirfear na mbeart, an rud é sin a bheadh sé i gcoinne leas an Aontais faoi Airteagal 21 den bhun-Rialachán.

Tarraingíonn an Coimisiún aird na bpáirtithe ar an bhFógra (10) a foilsíodh maidir le hiarmhairtí ráig COVID-19 i dtaca le himscrúduithe frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais, iarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith infheidhme maidir leis na himeachtaí seo.

6.1.    An tréimhse imscrúdúcháin agus an tréimhse faoi bhreathnú

Leis an imscrúdú ar dhumpáil agus díobháil, cumhdófar an tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2021 (“tréimhse an imscrúdaithe”). Leis an scrúdú ar threochtaí atá ábhartha maidir le measúnú na díobhála, cumhdófar an tréimhse ón 1 Eanáir 2018 go dtí deireadh thréimhse an imscrúdaithe (“an tréimhse faoi bhreathnú”).

6.2    Barúlacha maidir leis an ngearán agus tionscnamh an imscrúdaithe

Gach páirtí leasmhar ar mian leis barúil a thabhairt maidir leis an ngearán (lena n-áirítear ábhair a bhaineann le díobháil agus cúisíocht) nó maidir le haon ghé a bhaineann le tionscnamh an imscrúdaithe (lena n-áirítear a mhéid a thacaítear leis an ngearán), ní mór dó déanamh amhlaidh laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an Fógra seo.

Aon iarraidh ar éisteacht maidir le tionscnamh an imscrúdaithe, ní mór í a chur isteach laistigh de 15 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo.

6.3.    Nós imeachta um dhumpáil a chinneadh

Iarrtar ar an táirgeoir onnmhairiúcháin (11) lena mbaineann a bheith páirteach in imscrúdú an Choimisiúin.

6.3.1.   Imscrúdú a dhéanamh ar tháirgeoirí onnmhairiúcháin

An fhaisnéis a mheasann sé a bheith riachtanach le haghaidh a imscrúdaithe, chun an fhaisnéis sin a fháil, cuirfidh an Coimisiún ceistneoirí chuig an táirgeoir onnmhairiúcháin lena mbaineann agus chuig údaráis Dhaon-Phoblacht na Síne.

Ní mór don táirgeoir onnmhairiúcháin lena mbaineann ceistneoir a líonadh isteach laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo.

Tá cóip den cheistneoir le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádálahttps://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2613

6.3.2.   Nós imeachta breise maidir leis an tír lena mbaineann atá faoi réir saobhadh suntasach

Faoi réir fhorálacha an Fhógra seo, iarrtar ar gach páirtí leasmhar a chuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach, agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Mura sonraítear a mhalairt, ní mór an fhaisnéis agus an fhianaise thacaíochta sin a bheith faighte ag an gCoimisiún laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo.

Go háirithe, iarrann an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara uile a dtuairim a chur in iúl maidir leis na hionchuir agus maidir le cóid an Chórais Chomhchuibhithe (HS) a sholáthraítear sa ghearán, tír ionadaíoch nó tíortha ionadaíocha iomchuí a mholadh agus céannacht tháirgeoirí an táirge faoi imscrúdú sna tíortha sin a chur ar fáil. Ní mór an fhaisnéis agus an fhianaise thacaíochta sin a bheith faighte ag an gCoimisiún laistigh de 15 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo.

De bhun phointe (e) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, go gairid tar éis a thionscanta, cuirfidh an Coimisiún páirtithe san imscrúdú ar an eolas faoi na foinsí ábhartha, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, roghnú tríú tír ionadaíoch iomchuí a bhfuil sé beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh de bhun Airteagal 2(6a) trí bhíthin nóta a bheidh ag gabháil leis an gcomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara. Tabharfar 10 lá do pháirtithe an imscrúdaithe a mbarúlacha thabhairt maidir leis an nóta, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a), pointe (e).

D’fhonn an tríú tír ionadaíoch iomchuí a roghnú ar deireadh, scrúdóidh an Coimisiún an bhfuil leibhéal forbartha eacnamaíche ag na tríú tíortha sin atá cosúil le leibhéal forbartha eacnamaíche na tíre lena mbaineann, an bhfuil táirgeadh agus díolachán an táirge faoi imscrúdú iontu agus an bhfuil sonraí ábhartha ar fáil go héasca iontu. I gcás ina bhfuil níos mó ná rogha amháin ann i ndáil le tríú tír ionadaíoch, tabharfar tús áite, i gcás inarb iomchuí, do thíortha inar leordhóthanach leibhéal na cosanta sóisialta agus comhshaoil atá iontu. De réir na faisnéise atá ar fáil don Choimisiún, tríú tír ionadaíoch iomchuí a d’fhéadfadh a bheith ann is ea an Tuirc.

I gcomhthéacs an phróisis sin, iarrann an Coimisiún ar an táirgeoir onnmhairiúcháin lena mbaineann faisnéis a chur ar fáil maidir leis na hábhair (amh agus próiseáilte) agus an fuinneamh a úsáidtear chun an táirge faoi imscrúdú a tháirgeadh laistigh de 15 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo. Ní mór an fhaisnéis sin a chur ar fáil trí TRON.tdi ag an seoladh seo a leanas: https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/tdi/form/AD690_INFO_ON_INPUTS_FOR_EXPORTING_PRODUCER_FORMTá faisnéis faoi rochtain a fháil ar TRON i roinn 6.6 agus roinn 6.8 thíos.

Thairis sin, ní mór aon fhaisnéis fhíorasach a chuirtear isteach chun luach a chur ar chostais agus ar phraghsanna de bhun Airteagal 2(6a), pointe (a) den bhun-Rialachán a chomhdú laistigh de 65 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo. Is ó fhoinsí poiblí atá ar fáil go héasca ba cheart an fhaisnéis fhíorasach sin a thógáil, agus ó na foinsí sin amháin.

6.3.3.   Imscrúdú a dhéanamh ar allmhaireoirí neamhghaolmhara (12) (13)

Allmhairí neamhghaolmhara a allmhairíonn an táirge faoi imscrúdú ó Phoblacht na Síne chuig an Aontas, iarrtar orthu a bheith rannpháirteach san imscrúdú seo.

Ó tharla go bhféadfadh líon mór allmhaireoirí neamhghaolmhara a bheith bainteach leis na himeachtaí seo, agus chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche le linn na dteorainneacha ama reachtúla, féadfaidh an Coimisiún teorainn a chur leis an líon allmhaireoirí neamhghaolmhara a dhéanfar imscrúdú orthu, trí shampla a roghnú, chun go mbeidh líon réasúnta ann (tugtar “sampláil” ar an bpróiseas sin freisin). Is i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán a dhéanfar an tsampláil.

Chun gur féidir leis an gCoimisiún a chinneadh an bhfuil gá le sampláil agus, má tá, chun sampla a roghnú, iarrtar ar na hallmhaireoirí neamhghaolmhara uile, nó ar na hionadaithe atá ag gníomhú thar a gceann, an fhaisnéis faoina gcuideachta nó faoina gcuideachtaí arna hiarraidh san Iarscríbhinn a ghabhann leis an bhFógra seo a chur ar fáil don Choimisiún laistigh de 7 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo.

An fhaisnéis a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach chun sampla na dtáirgeoirí a roghnú, chun an fhaisnéis sin a fháil, is féidir go ndéanfaidh sé teagmháil le haon chomhlachas aitheanta d’allmhaireoirí.

Má tá gá le sampla, féadfar na tairgeoirí onnmhairiúcháin a roghnú ar bhonn an mhéid ionadaíoch is mó de dhíolacháin an táirge faoi imscrúdú san Aontais ar féidir imscrúdú a dhéanamh air go réasúnta le linn an ama atá ar fáil.

Nuair a gheobhaidh an Coimisiún an fhaisnéis is gá chun sampla a roghnú, cuirfidh sé na páirtithe lena mbaineann ar an eolas faoina chinneadh maidir le sampla na n-onnmhaireoirí. Cuirfidh an Coimisiún nóta a léiríonn roghnú an tsampla leis an gcomhad iniúchadh ag na páirtithe leasmhara. Aon bharúil maidir le roghnú an tsampla, ní mór í a bheith faighte laistigh de thrí lá ón bhfógra maidir leis an gcinneadh faoin sampla.

An fhaisnéis a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach le haghaidh a imscrúdaithe, chun an fhaisnéis sin a fháil, cuirfidh sé ceistneoirí ar fáil do na hallmhaireoirí neamhghaolmhara sampláilte. Ní mór do na páirtithe sin ceistneoir comhlánaithe a chur isteach laistigh de 30 lá ón dáta a tugadh fógra faoin sampla, mura sonraítear a mhalairt.

Tá cóip den cheistneoir le haghaidh allmhaireoirí ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2613

6.4.    Nós imeachta um dhíobháil a chinneadh agus um imscrúdú a dhéanamh ar tháirgeoirí Aontais

Is ar fhianaise dheimhneach a bhunaítear cinneadh i leith díobhála, agus cuimsíonn sé imscrúdú oibiachtúil ar mhéid na n-allmhairí dumpáilte, ar a n-éifeacht ar phraghsanna ar mhargadh an Aontais agus ar thionchar na n-allmhairí sin ar thionscal an Aontais ina dhiaidh sin. Chun a shuí ar bhain díobháil do thionscail an Aontais, iarrtar ar tháirgeoirí an táirge faoi imscrúdú a bheith rannpháirteach in imscrúdú an Choimisiúin.

I bhfianaise an líon mór táirgeoirí de chuid an Aontais lena mbaineann, agus chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche le linn na dteorainneacha ama reachtúla, chinn an Coimisiún teorainn a chur leis an líon táirgeoirí de chuid an Aontais a dhéanfar imscrúdú orthu, trí shampla a roghnú, chun go mbeidh líon réasúnta ann (tugtar “sampláil” ar an bpróiseas seo freisin). Is i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán a dhéantar an tsampláil.

Roghnaigh an Coimisiún sampláil táirgeoirí de chuid an Aontais go sealadach. Is féidir na sonraí a fháil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara. Iarrtar ar pháirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a thabhairt ar an sampla sealadach. Sa bhreis air sin, táirgeoirí eile de chuid an Aontais, nó ionadaithe atá ag gníomhú thar a gceann, a mheasann gurb ann do chúiseanna ar cheart dóibh a chuimsiú sa tsampláil, ní mór dóibh teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún laistigh de 7 lá ó lá foilsithe an Fhógra seo. Na barúlacha uile maidir leis an sampla sealadach, ní mór iad a bheith faighte laistigh de 7 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo, mura sonraítear a mhalairt.

Tabharfaidh an Coimisiún fógra do gach táirgeoir aitheanta de chuid an Aontais agus do gach comhlachas aitheanta de tháirgeoirí de chuid an Aontais faoi na cuideachtaí a roghnaíodh ar deireadh le bheith sa sampla.

Beidh ar na táirgeoirí de chuid an Aontais sampláilte ceistneoir comhlánaithe a chur isteach laistigh de 30 lá ón dáta a tugadh fógra dóibh faoin gcinneadh iad a roghnú le bheith sa sampla, mura sonraítear a mhalairt.

Tá cóip den cheistneoir le haghaidh tháirgeoirí an Aontais ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála . https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2613

6.5.    Nós imeachta um measúnú a dhéanamh ar leas an Aontais

Má shuitear gurb ann do dhumpáil agus do dhíobháil, déanfar cinneadh, de bhun Airteagal 21 den bhun-Rialachán, an mbeadh sé in aghaidh leas an Aontais nó nach mbeadh dá bhforchuirfí bearta frith-dhumpála. Táirgeoirí de chuid an Aontais, allmhaireoirí agus a gcomhlachas ionadaíocha, úsáideoirí agus a gcumainn ionadaíocha, ceardchumainn agus eagraíochtaí tomhaltóirí ionadaíocha, iarrtar orthu faisnéis a thabhairt don Choimisiún lena léiriú an mbeadh sé i gcoinne leas an Aontais dá bhforchuirfí bearta. Chun bheith rannpháirteach san imscrúdú, beidh ar na heagraíochtaí ionadaíocha tomhaltóirí a léiriú gurb ann do nasc oibiachtúil idir a ngníomhaíochtaí agus an táirge faoi imscrúdú.

Aon fhaisnéis maidir leis an measúnú ar leas an Aontais, ní mór í a chur isteach laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo, mura sonraítear a mhalairt. Féadfar an fhaisnéis seo a chur in iúl i bhformáid shaor nó trí cheistneoir arna ullmhú ag an gCoimisiún a líonadh isteach. Tá cóip de na ceistneoirí, lena n-áirítear an ceistneoir le haghaidh úsáideoirí an táirge faoi imscrúdú, ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2613. Aon fhaisnéis a chuirtear isteach de bhun Airteagal 21 den bhun-Rialachán, ní chuirfear san áireamh í ach amháin má tá fianaise fhíorasach ag teacht léi tráth a chuirtear isteach í.

6.6.    Páirtithe leasmhara

Chun bheith rannpháirteach san imscrúdú, ní mór do pháirtithe leasmhara, amhail táirgeoirí onnmhairiúcháin, táirgeoirí de chuid an Aontais, allmhaireoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, úsáideoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, ceardchumainn agus eagraíochtaí tomhaltóirí ionadaíocha, ní mór dóibh a léiriú gur ann do nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi imscrúdú.

Táirgeoirí onnmhairiúcháin, táirgeoirí de chuid an Aontais, allmhaireoirí agus cumainn ionadaíocha a chuir faisnéis ar fáil i gcomhréir leis na nósanna imeachta a bhfuil tuairisc orthu i ranna 6.3.1, 6.3.3, 6.4 agus 6.5 thuas, measfar gur páirtithe leasmhara atá iontu má tá nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi imscrúdú.

Beidh páirtithe eile in ann a bheith rannpháirteach san imscrúdú mar pháirtithe leasmhara ón uair a chuirfidh siad iad féin in aithne agus ón uair sin amháin, ar choinníoll gurb ann do nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi imscrúdú. Is gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 18 den bhun-Rialachán a mheastar go bhfuil páirtí ina pháirtí leasmhar.

Is féidir an comhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara a rochtain trí TRON.tdi ag an seoladh seo a leanas: https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/TDI. Lean na treoracha ar an leathanach sin chun rochtain a fháil (14).

6.7.    An deis éisteacht a fháil le seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiúin

Féadfaidh gach páirtí leasmhar éisteacht a iarraidh le seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiún.

Aon iarraidh ar éisteacht, ní mór í a dhéanamh i scríbhinn agus ní mór cúiseanna na hiarrata a shonrú inti mar aon le hachoimre ar an méid ar mian leis an bpáirtí leasmhar a phlé le linn na héisteachta. Beidh an éisteacht teoranta do na saincheisteanna arna leagan amach ag na páirtithe leasmhara i scríbhinn roimh ré.

Is mar seo a leanas an creat ama le haghaidh na n-éisteachtaí:

Chun aon éisteacht a reáchtáil roimh an sprioc-am le haghaidh fhorchur na mbeart sealadach, ba cheart iarraidh a dhéanamh laistigh de 15 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo. De ghnáth, reáchtálfar an éisteacht laistigh de 60 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo.

Tar éis chéim na dtorthaí sealadacha, ba cheart iarraidh a dhéanamh laistigh de 5 lá ón dáta a nochtfar na cinntí sealadacha nó an doiciméad faisnéise. De ghnáth, reáchtálfar an éisteacht laistigh de 15 lá ó dháta an nochta deiridh nó ó dháta an doiciméid faisnéise.

Ag céim na dtorthaí cinntitheacha, ba cheart iarraidh a dhéanamh laistigh de 3 lá ó dháta an nochta deiridh. De ghnáth, reáchtálfar an éisteacht laistigh den tréimhse a thugtar chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh deiridh. Más ann do nochtadh deiridh breise, ba cheart iarraidh a dhéanamh a luaithe a gheofar an nochtadh deiridh breise sin. De ghnáth, reáchtálfar an éisteacht ansin roimh an sprioc-am i ndáil le barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh sin.

Tá an creat ama sonraithe gan dochar do cheart sheirbhísí an Choimisiúin glacadh le héisteachtaí lasmuigh den chreat ama i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus tá sé gan dochar do cheart an Choimisiúin diúltú d’éisteachtaí i gcásanna a bhfuil údar cuí leo. I gcás ina ndiúltóidh seirbhísí an Choimisiúin d’iarraidh ar éisteacht, cuirfear na cúiseanna leis an diúltú sin in iúl don pháirtí lena mbaineann.

I bprionsabal, ní úsáidfear éisteachtaí chun faisnéis fhíorasach nach bhfuil sa chomhad go fóill a chur i láthair. Mar sin féin, ar mhaithe le dea-riarachán agus chun gur féidir le seirbhísí an Choimisiúin dul ar aghaidh leis an imscrúdú, féadfar iarraidh ar pháirtithe leasmhara faisnéis fhíorasach nua ábhartha a chur ar fáil tar éis na héisteachta.

6.8.    Treoracha maidir le haighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh, agus maidir le ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras a sheoladh

Maidir le faisnéis a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin chun críche imscrúduithe cosanta trádála, beidh an fhaisnéis sin saor ó chóipcheart. Ní mór do pháirtithe leasmhara, sula gcuirfidh siad faisnéis agus/nó sonraí atá faoi réir cóipchearta tríú páirtí faoi bhráid an Choimisiúin, cead a iarraidh go sonrach ar shealbhóir an chóipchirt lena gceadaítear don Choimisiún a) an fhaisnéis agus na sonraí a úsáid chun críoch an nós imeachta cosanta trádála seo agus b) an fhaisnéis agus/nó na sonraí a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara san imscrúdú sin i bhfoirm a fhágfaidh go mbeidh siad in ann a gcearta cosanta a fheidhmiú.

Gach aighneacht i scríbhinn, lena n-áirítear an fhaisnéis a iarrtar san fhógra seo, ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras arna gcur ar fáil ag páirtithe leasmhara a n-iarrtar gur i modh rúin a chaithfí leo, cuirfear an lipéad Íogair” orthu (15). Páirtithe a chuireann faisnéis isteach le linn an imscrúdaithe seo, iarrtar orthu údar a thabhairt lena n-iarraidh go gcaithfear mar fhaisnéis rúnda í.

Ní mór do pháirtithe a sholáthraíonn faisnéis Íogair” achoimrí neamhrúnda uirthi a chur ar fáil de bhun Airteagal 19(2) den bhun-Rialachán, achoimrí ar a gcuirfear an lipéad “Le hiniúchadh ag páirtithe leasmhara”. Ba cheart do na hachoimrí sin a bheith mionsonraithe ar bhealach leordhóthanach chun go bhféadfar bunús na faisnéise a cuireadh isteach faoi rún a thuiscint go réasúnta.

Mura féidir leis an bpáirtí a sholáthraíonn faisnéis rúnda cúis mhaith a thabhairt lena iarraidh gur i modh rúin a chaithfear léi nó mura dtugann sé achoimre neamhrúnda uirthi san fhormáid agus den cháilíocht a iarradh, féadfaidh an Coimisiún neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin mura féidir a thaispeáint go sásúil ó fhoinsí iomchuí go bhfuil an fhaisnéis ceart.

Iarrtar ar pháirtithe leasmhara gach aighneacht agus iarraidh a dhéanamh trí TRON.tdi (https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/TDI) lena n-áirítear iarrataí ar chlárú mar pháirtithe leasmhara, cumhachtaí aturnae agus bileoga deimhniúcháin scanta. Trí úsáid a bhaint as TRON.tdi nó ríomhphost, cuireann páirtithe leasmhara in iúl go n-aontaíonn siad leis na rialacha is infheidhme maidir le haighneachtaí leictreonacha atá sa doiciméad “COMHFHREAGRAS LEIS AN gCOIMISIÚN EORPACH I gCÁSANNA COSANTA TRÁDÁLA”, doiciméad a foilsíodh ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: http://trade.ec.europa.eu/doclib/docs/2011/june/tradoc_148003.pdf. Ní mór do na páirtithe leasmhara a n-ainm, a seoladh, a n-uimhir theileafóin agus a seoladh ríomhphoist bailí a thabhairt, agus ba cheart dóibh a áirithiú gur ríomhphost oifigiúil feidhmiúil gnó é an seoladh ríomhphoist a chuirtear ar fáil, seoladh a sheiceáiltear ar bhonn laethúil. Tráth a chuirfear sonraí teagmhála ar fáil, ní dhéanfaidh an Coimisiún cumarsáid le páirtithe leasmhara ach amháin trí TRON.tdi nó trí ríomhphost, seachas sa chás go n-iarrfaidh siad na doiciméid uile ar an gCoimisiún trí mheán eile cumarsáide go sainráite, nó mura rud é gur gá post cláraithe a úsáid mar gheall ar chineál an doiciméid atá le seoladh. Le haghaidh tuilleadh rialacha agus faisnéise a fháil maidir le comhfhreagras leis an gCoimisiún, lena n-áirítear prionsabail a bhaineann le haighneachtaí trí TRON.tdi nó trí ríomhphost, ba cheart do pháirtithe leasmhara féachaint ar na treoracha dá dtagraítear thuas maidir le cumarsáid le páirtithe leasmhara.

Seoladh an Choimisiúin le haghaidh comhfhreagrais:

Commission européenne

Direction générale du commerce

Direction G

Bureau: CHAR 04/039

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

R-phost: TRADE-AD690-HTYP-DUMPING@ec.europa.eu

TRADE-AD690-HTYP-INJURY@ec.europa.eu

7.   Sceideal an imscrúdaithe

Cuirfear an t-imscrúdú i gcrích, de bhun Airteagal 6(9) den bhun-Rialachán, laistigh de 13 mhí de ghnáth, ach tráth nach faide ná 14 mhí ó dháta foilsithe an Fhógra seo. I gcomhréir le hAirteagal 7(1) den bhun-Rialachán, féadfar bearta sealadacha a fhorchur tráth nach déanaí ná 7 mí de ghnáth, ach in aon chás, tráth nach déanaí ná 8 mí tar éis fhoilsiú an Fhógra seo.

I gcomhréir le hAirteagal 19a den bhun-Rialachán, soláthróidh an Coimisiún faisnéis faoi fhorchur beartaithe na ndleachtanna sealadacha 4 seachtaine roimh fhorchur na mbeart sealadach. Tabharfar 3 lá oibre do pháirtithe leasmhara chun barúlacha i scríbhinn a thabhairt maidir le cruinneas na ríomhanna.

Sna cásanna ina bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún gan dleachtanna sealadacha a fhorchur ach ina bhfuil sé beartaithe aige dul ar aghaidh leis an imscrúdú, cuirfear na páirtithe leasmhara ar an eolas i scríbhinn nach bhforchuirfear dleachtanna, agus déanfar é sin 4 seachtaine roimh dhul in éag an sprioc-ama faoi Airteagal 7(1) den bhun-Rialachán.

Tabharfar 15 lá do pháirtithe leasmhara chun barúlacha a thabhairt i scríbhinn maidir leis na torthaí sealadacha nó an doiciméad faisnéise, agus tabharfar 10 lá dóibh barúlacha a thabhairt i scríbhinn maidir leis na torthaí cinntitheacha, mura sonraítear a mhalairt. I gcás inarb infheidhme, sonróidh na nochtaí críochnaitheacha breise an sprioc-am le haghaidh barúlacha i scríbhinn ó na páirtithe leasmhara.

8.   Athbhreithniú ar na bearta

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1105/2010 ón gComhairle, forchuireadh dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí snátha ardrighnis as poileistir de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, a aicmítear faoi láthair faoi chód AC ex 5402 20 00 (cód TARIC 5402 2000 10). Ba 0 % é dleachtráta ad valorem le haghaidh Zhejiang Hailide New Material Co. Ltd.

I bhfianaise na tuarascála ó Bhuanchomhlacht EDT i Meicsiceo – Mairteoil agus Rís (16), ní iomchuí a thuilleadh go bhfuil na bearta fós á bhforchur ar Zhejiang Hailide New Material Co. Ltd le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1105/2010 ón gComhairle agus dá bhrí sin ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1105/2010 a leasú dá réir. Dá bhrí sin ba cheart athbhreithniú a oscailt a mhéid a bhaineann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1105/2010 chun aon leasú is gá a cheadú i bhfianaise na tuarascála ón mBuanchomhlacht, Meicsiceo – Mairteoil agus Rís.

Dá bhrí sin, tionscnaíonn an Coimisiún leis seo, de bhun Airteagal 2(3) de Rialachán (AE) Uimh. 2015/476, athbhreithniú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1105/2010.

9.   Faisnéis a chur isteach

Go hiondúil, ní fhéadfaidh na páirtithe leasmhara faisnéis a chur isteach ach amháin laistigh de na creataí ama a shonraítear i ranna 5 agus 6 den Fhógra seo. Chun aon fhaisnéis eile a chur isteach ar faisnéis í nach cumhdaítear leis na ranna sin, ba cheart an t-amchlár seo a leanas a urramú:

Aon fhaisnéise le haghaidh chéim na dtorthaí sealadacha, ba cheart í a chur isteach laistigh de 70 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo, ach amháin má shonraítear a mhalairt.

Mura sonraítear a mhalairt, níor cheart do na páirtithe leasmhara faisnéis fhíorasach nua a chur isteach tar éis an sprioc-ama do bharúlacha maidir leis an nochtadh sealadach nó maidir leis an doiciméad faisnéise ag an gcéim shealadach. Tar éis an sprioc-ama sin, ní fhéadfaidh páirtithe leasmhara faisnéis fhíorasach nua a chur isteach ach amháin ar choinníoll gur féidir leo a léiriú go bhfuil gá leis an bhfaisnéis fhíorasach nua sin chun líomhaintí fíorasacha a rinne páirtithe leasmhara eile a bhréagnú agus ar choinníoll gur féidir an fhaisnéis fhíorasach nua sin a fhíorú laistigh den am atá ar fáil chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche go tráthúil.

Chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche laistigh de na sprioc-amanna sainordaitheacha, ní ghlacfaidh an Coimisiún le haighneachtaí ó pháirtithe leasmhara tar éis an sprioc-ama chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh críochnaitheach nó, i gcás inarb infheidhme, tar éis an sprioc-ama chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh críochnaitheach breise.

10.   An deis barúlacha a thabhairt maidir le haighneachtaí ó pháirtithe eile

Chun cearta na cosanta a ráthú, ba cheart an deis a bheith ag páirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt den fhaisnéis a chuireann páirtithe leasmhara eile isteach. Agus é sin á dhéanamh acu, féadfaidh na páirtithe leasmhara díriú ar shaincheisteanna a ardaítear in aighneachtaí o pháirtithe eile agus ar na saincheisteanna sin amháin, agus ní fhéadfaidh siad saincheisteanna nua a ardú.

Ba cheart na barúlacha sin a dhéanamh de réir an chreata ama seo a leanas:

Aon bharúil maidir le faisnéis a dhéanfaidh páirtithe leasmhara eile a chur isteach roimh fhorchur na mbeart sealadach, ba cheart í a dhéanamh laistigh de 75 lá ar a dhéanaí ó dháta foilsithe an Fhógra seo, mura sonraítear a mhalairt.

Barúlacha maidir leis an bhfaisnéis a chuir páirtithe leasmhara eile ar fáil mar fhreagairt ar nochtadh na dtorthaí sealadacha nó an doiciméid faisnéise, ba cheart iad a chur isteach laistigh de 7 lá ón sprioc-am chun barúlacha a thabhairt maidir leis na torthaí sealadacha nó maidir leis an doiciméad faisnéise, mura sonraítear a mhalairt.

Barúlacha maidir leis an bhfaisnéis a chuir páirtithe leasmhara eile ar fáil mar fhreagairt ar an nochtadh deiridh, ba cheart iad a chur isteach laistigh de 3 lá ón sprioc-am chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh deiridh, mura sonraítear a mhalairt. Más ann do nochtadh deiridh breise, barúlacha maidir leis an bhfaisnéis a sholáthair páirtithe leasmhara eile mar fhreagairt ar an nochtadh sin, ba cheart na barúlacha sin a chur isteach laistigh de 1 lá ón sprioc-am chun barúil a thabhairt maidir leis an nochtadh sin, mura sonraítear a mhalairt.

An creat ama arna leagan amach, tá sé gan dochar do cheart an Choimisiúin faisnéis bhreise a iarraidh ar pháirtithe leasmhara i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.

11.   Síneadh leis na teorainneacha ama a shonraítear san Fhógra seo

Níor cheart aon síneadh maidir leis na teorainneacha ama dá bhforáiltear san Fhógra seo a iarraidh ach amháin i gcás imthosca eisceachtúla, agus ní dhéanfar síneadh a dheonú ach amháin má bhíonn údar cuí leis agus cúis mhaith léirithe.

In aon chás, aon síneadh a chuirfear leis an sprioc-am chun freagra a thabhairt ar cheistneoirí, beidh sé teoranta do 3 lá, agus mar riail ghinearálta ní rachaidh sé thar 7 lá.

Maidir le teorainneacha ama i ndáil le faisnéis eile seachas an fhaisnéis a shonraítear san Fhógra Tionscnaimh a chur isteach, ní rachaidh aon síneadh ama thar 3 lá, mura léirítear gur ann d’imthosca eisceachtúla.

12.   Neamh-chomhoibriú

I gcás ina ndiúltóidh aon pháirtí leasmhar rochtain a thabhairt ar an bhfaisnéis is gá nó mura gcuireann sé an fhaisnéis sin ar fáil laistigh de na teorainneacha ama, nó má chuireann sé bac suntasach ar an imscrúdú, féadfar torthaí sealadacha nó críochnaitheacha, bídís deimhneach nó diúltach, a dhéanamh ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán.

I gcás ina ndéanfar amach gur sholáthair páirtí leasmhar faisnéis a bhí bréagach nó míthreorach, féadfar neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin agus úsáid a bhaint as na fíorais atá ar fáil.

Mura gcomhoibríonn páirtí leasmhar nó mura gcomhoibríonn sé ach i bpáirt agus, dá bhrí sin, má tá na torthaí bunaithe ar fhíorais atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, féadfaidh an toradh gan a bheith chomh fabhrach don pháirtí sin agus a bheadh dá mbeadh comhoibriú déanta aige.

Mura dtugtar freagairt leictreonach, ní mheasfar go bhfuil neamh-chomhoibriú i gceist ar choinníoll go léireoidh an páirtí leasmhar lena mbaineann go mbeadh ualach breise míréasúnta nó costas breise míréasúnta ag baint leis an bhfreagairt a thíolacadh. Sa chás sin, ba cheart don pháirtí leasmhar teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún láithreach.

13.   An tOifigeach Éisteachta

Féadfaidh páirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta a iarraidh i gcomhair imeachtaí trádála. Déanann an tOifigeach Éisteachta athbhreithniú ar iarrataí ar rochtain ar an gcomhad, ar dhíospóidí maidir le rúndacht doiciméad, ar iarrataí ar shíneadh teorainneacha ama agus ar aon iarraidh eile a bhaineann le cearta cosanta páirtithe leasmhara agus tríú páirtithe a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn na n-imeachtaí.

Féadfaidh an tOifigeach Éisteachta éisteachtaí a eagrú agus idirghabháil a dhéanamh idir an páirtí leasmhar nó na páirtithe leasmhara agus seirbhísí an Choimisiúin chun a áirithiú go bhfuil cearta cosanta na bpáirtithe leasmhara á bhfeidhmiú go hiomlán. Ba cheart iarraidh ar éisteacht leis an Oifigeach Éisteachta a dhéanamh i scríbhinn agus ba cheart na cúiseanna atá leis an iarraidh a shonrú inti. Déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú ar na cúiseanna atá leis na hiarrataí. Níor cheart na héisteachtaí sin a reáchtáil ach amháin murar réitíodh na saincheisteanna le seirbhísí an Choimisiúin in am trátha.

Iarrtar ar pháirtithe leasmhara cloí leis na tréimhsí ama a leagtar amach i mír 6.7 den Fhógra seo freisin a mhéid a bhaineann le déanamh idirghabhálacha, lena n-áirítear éisteachtaí, ag an Oifigeach Éisteachta. Ní mór aon iarraidh a chur isteach in am trátha agus go gasta ionas nach gcuirfear stiúradh ordúil na n-imeachtaí i mbaol. Chuige sin, ba cheart do pháirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta a iarraidh a luaithe is féidir tar éis an teagmhais is údar le hidirghabháil den sórt sin a bheith ann. Déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú ar na cúiseanna le hiarrataí ar idirghabhálacha, ar chineál na saincheisteanna a ardaíodh agus ar thionchar na saincheisteanna sin ar chearta cosanta, ag féachaint go cuí do leasanna an dea-riaracháin agus don imscrúdú a thabhairt chun críche go tráthúil.

Chun tuilleadh faisnéise agus sonraí teagmhála a fháil, féadfaidh páirtithe leasmhara féachaint ar leathanaigh ghréasáin an Oifigigh Éisteachta ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: http://ec.europa.eu/trade/trade-policy-and-you/contacts/hearing-officer/.

14.   Próiseáil sonraí pearsanta

Aon fhaisnéis phearsanta a bhailítear le linn an imscrúdaithe seo, caithfear léi i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17).

Tá fógra cosanta sonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, fógra a chuireann gach duine aonair ar an eolas faoi phróiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú ghníomhaíochtaí cosanta trádála an Choimisiúin: http://ec.europa.eu/trade/policy/accessing-markets/trade-defence/.


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  Tagraíonn an téarma ginearálta “díobháil” do dhíobháil ábhartha mar aon le bagairt díobhála ábhartha nó moill ábhartha ar bhunú tionscail mar a leagtar amach in Airteagal 3(1) den bhun-Rialachán.

(3)  Le tagairtí do fhoilsiú an Fhógra seo, is é foilsiú an Fhógra seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh atá i gceist.

(4)  IO L 49, 25.2.2017, lch. 6.

(5)  IO L 167, 30.6.2017, lch. 31.

(6)  IO C 87, 23.2.2022, lch. 2.

(7)  Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun críoch Imscrúduithe Cosanta Trádála, an 20 Nollaig 2017, SWD(2017) 483 final/2, ar fáil ag: https://trade.ec.europa.eu/doclib/docs/2017/december/tradoc_156474.pdf

(8)  Féadfar na doiciméid a luaitear sa tuarascáil tíre a fháil freisin arna iarraidh sin go cuí-réasúnaithe.

(9)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1105/2010 ón gComhairle an 29 Samhain 2010 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí snátha ardrighnis as poileistir de thionscnamh Dhaon-Phoblacht an Síne agus lena bhfoirceanntar na himeachtaí a bhaineann le hallmhairí snátha ardrighnis as poileistir de thionscnamh Phoblacht na Cóiré agus na Téaváine (IO L 315, 1.12.2010, lch. 1).

(10)  Maidir le hiarmhairtí ráig COVID-19 ar imscrúduithe frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais (IO C 86, 16.3.2020, lch. 6).

(11)  Is éard is táirgeoir onnmhairiúcháin ann aon chuideachta sa tír lena mbaineann a tháirgeann agus a onnmhairíonn an táirge faoi imscrúdú go díreach, sin nó trí thríú páirtí, chuig margadh an Aontais, lena n-áirítear aon cheann dá chuideachtaí gaolmhara a bhfuil baint aici le táirgeadh, díolacháin intíre nó onnmhairí an táirge faoi imscrúdú.

(12)  Sa roinn seo ní chumhdaítear ach na hallmhaireoirí nach bhfuil gaolmhar le táirgeoirí onnmhairiúcháin. Ní mór d’allmhaireoirí atá gaolmhar le táirgeoirí onnmhairiúcháin Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gceistneoir le haghaidh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sin a líonadh isteach. I gcomhréir le hAirteagal 127 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, measfar beirt a bheith gaolmhar sna cásanna seo a leanas: (a) más oifigeach nó stiúrthóir duine acu i ngnólacht an duine eile; (b) más comhpháirtithe gnó iad a bhfuil aitheantas dlíthiúil acu; (c) más fostóir agus fostaí iad; (d) más ag tríú páirtí 5 % nó níos mó den stoc vótála gan íoc nó de scaireanna an dá cheann, nó má rialaíonn nó má choinníonn tríú páirtí iad, go díreach nó go hindíreach; (e) má stiúrann duine acu an duine eile go díreach nó go hindíreach; (f) má tá an bheirt acu faoi stiúradh díreach nó indíreach ag tríú páirtí; (g) má rialaíonn siad tríú duine go díreach nó go hindíreach le chéile; nó (h) más daoine ón teaghlach céanna iad (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558). Ní mheasfar gur daoine den teaghlach céanna iad daoine ach amháin má tá ceann amháin de na gaoil seo a leanas eatarthu: (i) fear céile agus bean chéile, (ii) tuismitheoir agus duine clainne, (iii) deartháir agus deirfiúr (nó leathdheartháir agus leathdheirfiúr), (iv) seantuismitheoir agus garleanbh, (v) uncail nó aintín agus nia nó neach, (vi) athair céile nó máthair chéile agus cliamhain nó banchliamhain, (vii) deartháir céile agus deirfiúr chéile. I gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, ciallaíonn “duine” duine nádúrtha, duine dlítheanach agus aon chumann de dhaoine nach bhfuil ina dhuine dlítheanach ach a n-aithnítear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta go bhfuil an inniúlacht aige gníomhartha dlíthiúla a dhéanamh (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

(13)  Na sonraí a chuireann allmhaireoirí neamhghaolmhara ar fáil, féadfar iad a úsáid i ndáil le gnéithe den imscrúdú seo nach mbaineann le dumpáil a chinneadh.

(14)  I gcás fadhbanna teicniúla, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Deasc Seirbhíse Trádála trí ríomhphost a sheoladh chuig trade-service-desk@ec.europa.eu nó ar an nguthán + 32 22979797.

(15)  Is éard is doiciméad “Íogair” ann doiciméad a meastar é a bheith rúnda de bhun Airteagal 19 den bhun-Rialachán agus Airteagal 6 de Chomhaontú EDT maidir le cur chun feidhme Airteagal VI de GATT 1994 (An Comhaontú Frithdhumpála). Is doiciméad é freisin atá cosanta de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(16)  Meicsiceo - Bearta Frithdhumpála Cinntitheacha ar Mhairteoil agus Rís, Tuarascáil ón mBuanchomhlacht, WT/DS295/AB/R, 29 Samhain 2005.

(17)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


IARSCRÍBHINN

Leagan “Íogair”

Leagan “le hiniúchadh ag páirtithe leasmhara”

(cuir tic sa bhosca iomchuí)

IMEACHTAÍ FRITHDHUMPÁLA A BHAINEANN LE HALLMHAIRÍ SNÁTHA ARDRIGHNIS AS POILEISTIR DE THIONSCNAMH DHAON-PHOBLACHT NA SÍNE

FAISNÉIS LE HAGHAIDH ROGHNÚ SHAMPLA NA NALLMHAIREOIRÍ NEAMHGHAOLMHARA

Tá an fhoirm seo ceaptha le cuidiú le hallmhaireoirí neamhghaolmhara agus an iarraidh ar fhaisnéis samplála a rinneadh i bpointe 6.3.3 den Fhógra tionscnaimh á freagairt acu.

Ba cheart an leagan ‘Íogair’agus an leagan “le hiniúchadh ag páirtithe leasmhara” a thabhairt ar ais don Choimisiún de réir mar a leagtar amach san Fhógra tionscnaimh.

1.   CÉANNACHT AGUS SONRAÍ TEAGMHÁLA

Tabhair na sonraí seo a leanas faoi do chuideachta:

Ainm na cuideachta

 

Seoladh

 

Duine teagmhála

 

Seoladh ríomhphoist

 

Uimhir theileafóin

 

2.   LÁIMHDEACHAS AGUS MÉID NA NDÍOLACHÁN

Léirigh in euro (EUR) láimhdeachas iomlán na cuideachta, an luach in euro (EUR) agus an méid i dtonaí le haghaidh allmhairí an táirge faoi imscrúdú de réir mar a shainmhínítear san Fhógra tionscnaimh, agus le haghaidh athdhíolacháin an táirge sin ar mhargadh an Aontais tar éis a allmhairithe ó Dhaon-Phoblacht na Síne, le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

 

Méid i dtonaí

Luach in euro (EUR)

Láimhdeachas iomlán do chuideachta in euro (EUR)

 

 

Allmhairí an táirge faoi imscrúdú de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

 

 

Allmhairí an táirge faoi imscrúdú (de gach tionscnamh)

 

 

Athdhíolacháin an táirge faoi imscrúdú ar mhargadh an Aontais tar éis a allmhairithe ó Dhaon-Phoblacht na Síne

 

 

3.   GNÍOMHAÍOCHTAÍ DO CHUIDEACHTA AGUS CUIDEACHTAÍ GAOLMHARA (1)

Tabhair sonraí maidir le gníomhaíochtaí beachta na cuideachta agus gach cuideachta atá gaolmhar léi (liostaigh iad agus sonraigh an gaol idir iad agus do chuideachta) a bhfuil baint acu le táirgeadh agus/nó díol (onnmhairiúcháin agus/nó intíre) an táirge faoi imscrúdú. D’fhéadfaí a áireamh ar na gníomhaíochtaí sin ceannach an táirge faoi imscrúdú, é a tháirgeadh faoi shocruithe fochonarthachta, nó é a phróiseáil nó a thrádáil, agus gníomhaíochtaí eile nach iad.

Ainm agus suíomh na cuideachta

Gníomhaíochtaí

Gaol

 

 

 

 

 

 

 

 

 

4.   FAISNÉIS EILE

Tabhair aon fhaisnéis ábhartha eile a mheasann an chuideachta a bheith úsáideach chun cuidiú leis an gCoimisiún an sampla a roghnú.

5.   DEIMHNIÚCHÁN

Tríd an bhfaisnéis thuasluaite a chur ar fáil, aontaíonn an chuideachta go bhféadfaí í a áireamh sa sampla. Má roghnaítear an chuideachta le bheith mar chuid den sampla, is é a bheidh i gceist leis sin ceistneoir a líonadh isteach agus glacadh le cuairt ar a háitreabh chun a freagra a fhíorú. Má thugann an chuideachta le fios nach mbeadh sí sásta a bheith sa sampla, measfar nár chomhoibrigh sí leis an imscrúdú. Is ar na fíorais atá ar fáil a bhunaíonn an Coimisiún torthaí a imscrúdaithe i gcás táirgeoirí onnmhairiúcháin neamh-chomhoibríocha, agus d’fhéadfadh sé nach mbeidís chomh fabhrach don chuideachta sin agus a bheidís dá mbeadh sí tar éis comhoibriú.

Síniú an oifigigh údaraithe:

Ainm agus teideal an oifigigh údaraithe:

Dáta:


(1)  I gcomhréir le hAirteagal 127 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais a chur chun feidhme, measfar beirt a bheith gaolmhar: (a) más oifigeach nó stiúrthóir duine acu i ngnólacht an duine eile; (b) más comhpháirtithe gnó iad a bhfuil aitheantas dlíthiúil acu; (c) más fostóir agus fostaí iad; (d) más le tríú páirtí 5 % nó níos mó de na stoic nó de na scaireanna le cearta vótála de chuid na beirte acu, nó má rialaíonn nó má choinníonn tríú páirtí iad, go díreach nó go hindíreach; (e) má stiúrann duine amháin acu an duine eile go díreach nó go hindíreach; (f) má tá an bheirt acu faoi stiúradh díreach nó indíreach ag tríú páirtí; (g) má rialaíonn siad tríú duine go díreach nó go hindíreach le chéile; nó (h) gur baill den teaghlach céanna iad (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558). Ní mheasfar daoine a bheith den teaghlach céanna ach amháin má tá siad in aon ghaol acu seo a leanas le chéile: (i) fear céile agus bean chéile, (ii) tuismitheoir agus leanbh, (iii) deartháir agus deirfiúr (más ionann athair agus máthair dóibh nó más ionann tuismitheoir amháin dóibh), (iv) seanathair nó seanmháthair agus garleanbh, (v) uncail nó aintín agus nia nó neacht, (vi) tuismitheoir céile agus cliamhain nó banchliamhain, (vii) deartháir céile agus deirfiúr chéile. I gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, ciallaíonn “duine” duine nádúrtha, duine dlítheanach agus aon chomhlachas daoine nach duine dlítheanach é ach a n-aithnítear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta go bhfuil an inniúlacht aige gníomhartha dlí a dhéanamh (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).


Top