EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022M10789

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10789 – GOLDMAN SACHS / SOJITZ / JV) Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) 2022/C 238/09

PUB/2022/601

IO C 238, 21.6.2022, p. 14–15 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

21.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 238/14


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10789 – GOLDMAN SACHS / SOJITZ / JV)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 238/09)

1.   

An 6 Meitheamh 2022 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

The Goldman Sachs Group, Inc. (“Goldman Sachs”, na Stáit Aontaithe),

Sojitz Corporation (“Sojitz”, an tSeapáin),

Cuideachta nuachruthaithe ar comhfhiontar í (“JV”, an tSeapáin).

Gheobhaidh Sojitz agus Goldman Sachs rialú comhpháirteach ar JV de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna i gcuideachta nuachruthaithe ar comhfhiontar í.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Goldman Sachs: gnólacht domhanda um bhaincéireacht infheistíochta, um urrúis agus um bhainistíocht infheistíochtaí a sholáthraíonn réimse seirbhísí baincéireachta, urrús agus infheistíochta ar fud an domhain,

Sojitz: ilchuideachta dhomhanda atá gníomhach i réimse gnóthaí éagsúla, go príomha i réimse na trádála earraí agus seirbhísí,

JV: gníomhach i seirbhísí bainistíochta sócmhainní eastáit réadaigh agus i seirbhísí bainistíochta maoine sa tSeapáin, lena n-áirítear comhairle infheistíochta, anailís ar fheidhmíocht punainne, bainistíocht punainne agus seirbhísí cúloifige amhail doiciméid chánach agus ráitis airgeadais a ullmhú.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10789 – GOLDMAN SACHS / SOJITZ / JV

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


Top