EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022XC0609(02)

FÓGRA FAISNÉISE – COMHAIRLIÚCHÁN POIBLÍ Tásca Geografacha ó Phoblacht na hÚisbéiceastáine le cosaint mar Thásca Geografacha san Aontas Eorpach 2022/C 225/06

PUB/2022/587

IO C 225, 9.6.2022, p. 14–14 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

9.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 225/14


FÓGRA FAISNÉISE – COMHAIRLIÚCHÁN POIBLÍ

Tásca Geografacha ó Phoblacht na hÚisbéiceastáine le cosaint mar Thásca Geografacha san Aontas Eorpach

(2022/C 225/06)

Tá an chaibidlíocht maidir le Comhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair Feabhsaithe idir an tAontas agus Poblacht na hÚisbéiceastáine faoi lán seoil, lena n-áireofar tásca geografacha táirgí talmhaíochta agus bia-ábhar a chosaint. Maidir le cosaint an ainm a leagtar amach thíos san Aontas Eorpach, tá sí á meas mar thásca geografacha.

Iarrann an Coimisiún ar aon Bhallstát nó ar aon tríú tír nó ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige ann, atá ina chónaí i mBallstát nó i dtríú tír nó atá bunaithe i mBallstát nó i dtríú tír agóidí in aghaidh na cosanta sin a chur isteach trí ráiteas cuí-réasúnaithe a thaisceadh.

Ní mór do ráitis agóide an Coimisiún a bhaint amach laistigh de 1 mhí ó dháta an fhoilseacháin seo. Ba cheart ráitis agóide a chur chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas: AGRI-NEIGHBOURS@ec.europa.eu

Ní ghlacfar le ráitis agóide ach amháin má fhaightear laistigh den tréimhse a leagtar amach thuas iad agus má léirítear an méid seo a leanas leo:

(a)

go mbeadh cosaint an ainm atá beartaithe ar neamhréir le hainm cineáil planda nó póir ainmhí agus mar gheall air sin gur dócha go gcuirfeadh sé an tomhaltóir amú maidir le fíorthionscnamh an táirge;

(b)

go mbeadh an t-ainm atá beartaithe comhainmneach go hiomlán nó i bpáirt le hainm a chosnaítear cheana san Aontais faoi Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), nó le ceann de na tásca geografacha ó thíortha nach tíortha de chuid an Aontais iad, ar tásca geografacha iad a chosnaítear san Aontas faoi chomhaontuithe déthaobhacha/iltaobhacha atá ar fáil go poiblí ag an seoladh seo a leanas:

https://www.tmdn.org/giview/

(c)

i bhfianaise an chlú agus na cáile atá ar thrádmharc agus an fad atá sé in úsáid, go mbeadh an baol ann go gcuirfeadh cosaint an ainm atá beartaithe an tomhaltóir amú maidir le fíorchéannacht an táirge;

(d)

go ndéanfadh cosaint an ainm atá beartaithe dochar do bheithsine ainm atá comhionann ina iomláine nó i bpáirt, do bheithsine trádmhairc nó dochar do bheithsine táirgí atá tar éis a bheith ar an margadh go dleathach le 5 bliana ar a laghad roimh dháta foilsithe an fhógra seo;

(e)

nó más féidir leis an bhfreasúra sonraí a thabhairt ónár féidir a chinneadh gur ainm cineálach é an t-ainm atá á mheas lena chosaint.

Déanfar meastóireacht ar na critéir dá dtagraítear thuas i ndáil le críoch an Aontais, nach dtagraíonn, i gcás cearta maoine intleachtúla, ach don chríoch nó do na críocha ina gcosnaítear na cearta sin. Tá cosaint na n-ainmneacha sin san Aontas Eorpach faoi réir thabhairt chun críche rathúil an nós imeachta sin agus an ghnímh dlí a dhéanfar ina dhiaidh sin lena gcuirfear na hainmneacha sin leis an gComhaontú thuasluaite.

Liosta de Thásca Geografacha ó Phoblacht na hÚisbéiceastáine atá le cosaint mar Thásca Geografacha san Aontas Eorpach le haghaidh táirgí talmhaíochta agus bia-earraí  (2)

Ainm

Tuairisc ghairid

“БОГИЗАГОН/BOG‘IZOG‘ON”/“БАГИЗАГАН /BAGIZAGAN”

Fíon


(1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

(2)  Liosta arna sholáthar ag údaráis Phoblacht na hÚisbéiceastáine.


Top