EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0609(01)

Cinneadh ón gComhairle an 2 Meitheamh 2022 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Bhord Bainistíochta an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia a dhéanann ionadaíocht do leasanna na sochaí sibhialta agus an bhiashlabhra 2022/C 225/02

ST/9123/2022/INIT

IO C 225, 9.6.2022, p. 2–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

9.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 225/2


CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

an 2 Meitheamh 2022

lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Bhord Bainistíochta an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia a dhéanann ionadaíocht do leasanna na sochaí sibhialta agus an bhiashlabhra

(2022/C 225/02)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta maidir le dlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta maidir le cúrsaí sábháilteachta bia (1), agus go háirithe Airteagal 25(1a), pointe (c), de,

Ag féachaint do liosta na n-iarrthóirí a chuir an Coimisiún Eorpach faoi bhráid na Comhairle, i litir dar dáta an 20 Eanáir 2022,

Ag féachaint do na tuairimí a léirigh Parlaimint na hEorpa i litir dar dáta an 18 Bealtaine 2022,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá sé ríthábhachtach neamhspleáchas, ardcháilíocht eolaíoch, trédhearcacht agus éifeachtúlacht an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (EFSA) a áirithiú. Ina theannta sin, tá sé fíor-riachtanach comhar EFSA leis na Ballstáit a áirithiú.

(2)

Le Rialachán (AE) 2019/1381 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 a mhéid a bhaineann, inter alia, le comhdhéanamh Bhord Bainistíochta EFSA.

(3)

De bhun Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2019/1381, rachaidh téarma oifige chomhaltaí Bhord Bainistíochta EFSA atá i seilbh oifige an 30 Meitheamh 2022 in éag an dáta sin. Na comhaltaí agus na comhaltaí malartacha de Bhord Bainistíochta EFSA a bhfuil a dtéarma oifige le tosú an 1 Iúil 2022, tá siad le ceapadh i gcomhréir leis an nós imeachta nua chun comhaltaí a ainmniú agus a cheapadh a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2019/1381.

(4)

Trí bhíthin Chinneadh uaithi an 7 Aibreán 2022 (3), tá ionadaithe ó na Ballstáit ceaptha ag an gComhairle cheana féin ina gcomhaltaí agus ina gcomhaltaí malartacha de Bhord Bainistíochta EFSA.

(5)

Ceanglaítear leis an nós imeachta nua chun comhaltaí a ainmniú agus a cheapadh a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2019/1381, go n-áirítear freisin ar Bhord Bainistíochta EFSA ceathrar comhaltaí agus ceathrar comhaltaí malartacha a mbeidh ceart vótála acu mar ionadaithe do leasanna na sochaí sibhialta agus an bhiashlabhra, eadhon comhalta amháin agus comhalta malartach amháin ó eagraíochtaí tomhaltóirí, comhalta amháin agus comhalta malartach amháin ó eagraíochtaí comhshaoil neamh-rialtasacha, comhalta amháin agus comhalta malartach amháin ó eagraíochtaí feirmeoirí, agus comhalta amháin agus comhalta malartach amháin ó eagraíochtaí tionsclaíochta.

(6)

Tá an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa ar bhonn liosta arna tharraingt suas ag an gCoimisiún, leis na comhaltaí agus na comhaltaí malartacha a dhéanann ionadaíocht do leasanna na sochaí sibhialta agus an bhiashlabhra a cheapadh. Téarma oifige 4 bliana atá acu agus ní fhéadfar é a athnuachan ach aon uair amháin.

(7)

Roghnaíodh na hiarrthóirí atá ar an liosta arna thíolacadh ag an gCoimisiún tar éis glao ar léiriú spéise ar bhonn na taithí agus an tsaineolais ábhartha atá acu i réimse dhlí agus bheartas an bhiashlabhra, lena n-áirítear measúnú riosca, chomh maith le saineolas ábhartha i réimsí ábhar bainistíochta, riaracháin, airgeadais agus dlí.

(8)

Scrúdaíodh an liosta a thíolaic an Coimisiún, d’fhonn ceathrar comhaltaí agus ceathrar comhaltaí malartacha de Bhord Bainistíochta EFSA a dhéanann ionadaíocht do leasanna na sochaí sibhialta agus an bhiashlabhra a cheapadh, ar bhonn na doiciméadachta a sholáthair an Coimisiún agus i bhfianaise na dtuairimí a chuir Parlaimint na hEorpa in iúl. Le ceapadh na gcomhaltaí agus na gcomhaltaí malartacha sin, trí bhíthin an Chinnidh seo, daingnítear a thuilleadh an caighdeán is airde inniúlachta agus an raon is leithne taithí agus saineolas ábhartha atá ar fáil i réimse dhlí agus bheartas an bhiashlabhra, lena n-áirítear measúnú riosca, agus áiritheofar san am céanna go mbeidh saineolas ábhartha ann laistigh de Bhord Bainistíochta EFSA in ábhair bhainistíochta, riaracháin, airgeadais agus dhlíthiúla,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar na daoine seo a leanas ina gcomhaltaí agus ina gcomhaltaí malartacha de Bhord Bainistíochta an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia don tréimhse ón 1 Iúil 2022 go dtí an 30 Meitheamh 2026:

Catagóir

Comhaltaí

Comhaltaí Malartacha

Eagraíochtaí tomhaltóirí

Floriana CIMMARUSTI

Eleni IOANNOU-KAKOURI

Eagraíochtaí comhshaoil neamh-rialtasacha

Xavier GABARRELL DURANY

Apolline ROGER

Eagraíochtaí feirmeoirí

Annette TOFT

Maira DZELZKALĒJA-BURMISTRE

Eagraíochtaí tionsclaíochta

Rebeca FERNANDEZ

Dimitrios LADIKOS

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh in Lucsamburg, 2 Meitheamh 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. DE MONTCHALIN


(1)  IO L 31, 1.2.2002, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2019/1381 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le trédhearcacht agus inbhuanaitheacht mheasúnú an Aontais ar rioscaí sa bhiashlabhra lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 178/2002, (CE) Uimh. 1829/2003, (CE) Uimh. 1831/2003, (CE) Uimh. 2065/2003, (CE) Uimh. 1935/2004, (CE) Uimh. 1331/2008, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) 2015/2283 agus Treoir 2001/18/CE (IO L 231, 6.9.2019, lch. 1).

(3)  Cinneadh ón gComhairle an 7 Aibreán 2022 lena gceaptar ionadaithe ó na Ballstáit ina gcomhaltaí agus ina gcomhaltaí malartacha de Bhord Bainistíochta an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (IO C 159, 12.4.2022, lch. 6).


Top