EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021AE5118

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le hIonstraimí airgeadais nuálacha i gcomhthéacs fhorbairt na bhfiontar a bhfuil tionchar sóisialta acu (tuairim thaiscéalaíoch)

EESC 2021/05118

IO C 194, 12.5.2022, p. 39–43 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

12.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 194/39


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le hIonstraimí airgeadais nuálacha i gcomhthéacs fhorbairt na bhfiontar a bhfuil tionchar sóisialta acu

(tuairim thaiscéalaíoch)

(2022/C 194/07)

Rapóirtéir:

Giuseppe GUERINI

Comhrapóirtéir:

Marie-Pierre LE BRETON

Comhairliúchán

Uachtaránacht na Fraince ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, 21.9.2021

Bunús Dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Dáta a glactha sa rannóg

13.12.2021

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

19.1.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

566

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

231/1/3

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Is díol sásaimh do CESE cinneadh Uachtaránacht na Fraince ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus tiomantas sonrach na hAireachta Geilleagair agus Airgeadais agus Rialtas na Fraince tacú le cur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Sóisialta.

1.2.

Creideann CESE gur den tábhacht ionstraimí airgeadais nuálacha a fhorbairt a d’fhéadfadh tionchar sóisialta dearfach a bheith acu, ar an gcéad dul síos, trí ghníomhaíochtaí eagraíochtaí an gheilleagair shóisialta, ach freisin trí rannpháirtíocht na gcuideachtaí uile a bhfuil sé mar aidhm acu tionchar dearfach a bheith acu ar an tsochaí. Dá bhrí sin, is mór ag CESE forálacha an Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Sóisialta a thíolaic an Coimisiún Eorpach an 9 Nollaig 2021 agus tá sé ag tabhairt a thacaíochta dóibh, go háirithe an togra lena spreagtar bunú margaí le haghaidh infheistíochta i bhfiontair shóisialta san Eoraip trí thacú le cruthú ionstraimí nua.

1.3.

Creideann CESE go bhfuil an t-aitheantas don gheilleagar sóisialta agus áitiúil mar cheann de na 14 éiceachóras de straitéis tionsclaíochta na hEorpa i gcomhréir le cur chun cinn infheistíochtaí atá dírithe ar thionchar a bheith acu ar an tsochaí agus is díol sásaimh dó an méid sin.

1.4.

Measann CESE go bhfuil sé tábhachtach cineálacha infheistíochtaí a thabhairt isteach arb é is aidhm dóibh tionchar a imirt ar an tsochaí, poist ardcháilíochta a chruthú agus infheisteoirí príobháideacha agus caipiteal nua a mhealladh agus tacaíocht a thabhairt do na hinfheistíochtaí sin, ach tá sé á mholadh aige go ndíreofaí na hinfheistíochtaí sin ar bhealach a chruthóidh éifeachtaí breise agus iolraitheora agus nach gcuirfí in ionad an chaiteachais phoiblí shóisialta ar sheirbhísí riachtanacha riamh iad.

1.5.

Tá CESE i bhfabhar (i) uirlisí agus táscairí réamhtheachtacha le haghaidh measúnuithe tionchair sóisialta a chomhfhorbairt ar bhonn tionscadal ar thionscadal, ag áirithiú ar an gcaoi sin go n-urramófar sainiúlachtaí na n-eagraíochtaí sa gheilleagar sóisialta agus (ii) sainmhíniú Eorpach ar thionchar sóisialta a leagan síos.

1.6.

Molann CESE go ndearfaí infheistíochtaí atá dírithe ar thionchar imirt ar an tsochaí sa dóigh gur féidir cothromaíocht a bhaint amach idir an tionchar ar an tsochaí (athruithe dearfacha arna nginiúint le hinfheistíochtaí), an leibhéal toraidh (i.e. torthaí atá freagrach agus inbhuanaithe don infheisteoir) agus leibhéal an riosca d’fhiontair shóisialta. Le hinfheistíochtaí den chineál sin, ba cheart an fhiontraíocht shóisialta a neartú trí insreabhadh nua caipitil infheistithe agus trí chaighdeáin níos fearr trédhearcachta agus freagrachta sóisialta, lena bhfeabhsófar an cumas fiontair a bhfuil tionchar acu ar an tsochaí agus fiontair an geilleagar sóisialta a áireamh i gcóras eacnamaíoch na hEorpa.

1.7.

Is mór ag CESE na tionscnaimh a chuir an Coimisiún Eorpach chun feidhme le blianta beaga anuas, go háirithe na tionscnaimh sin a bhaineann le Clár an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta (EaSI) agus is díol sásaimh dó go n-áirítear sa chlár InvestEU leithdháileadh sonrach cistí ar mhaithe leis an mbonneagar sóisialta Eorpach a neartú.

1.8.

D’fhonn na Ballstáit agus an Coimisiún a spreagadh chun ugach nua a thabhairt do na tionscnaimh sin, measann CESE gur den tábhacht é go ndéanfaí anailísí rialta lena áirithiú go ndéanfar mapáil mhionsaothraithe ar na córais éagsúla nuálaíochta atá ann d’fhonn tacú le maoiniú tionchair shóisialta sna Ballstáit, agus é mar aidhm aige sin bonn eolais comhroinnte a fhorbairt agus malartú dea-chleachtas a chur chun cinn.

1.9.

Tá CESE den bharúil gur den ríthábhacht comhlacht a bhunú ar an leibhéal Eorpach chun treoir pholaitiúil a chur ar fáil agus faireachán teicniúil a dhéanamh ar thionscnaimh atá dírithe ar mhaoiniú nuálach don gheilleagar sóisialta agus d’fhiontair a bhfuil sé mar aidhm acu tionchar a imirt ar an tsochaí a chur chun cinn.

2.   Barúlacha ginearálta

2.1.

Le blianta fada anuas, thacaigh CESE leis an ngá atá ann go ndéanfadh na hinstitiúidí Eorpacha agus na Ballstáit a ndícheall ról an gheilleagair shóisialta a neartú sa chomhthéacs Eorpach.

2.2.

I dtuairim ECO/533 (1) a foilsíodh le déanaí, mhol CESE go dtabharfaí lánaird in Aontas na Margaí Caipitil ar na cineálacha éagsúla infheistíochta a bhfuil tionchar acu ar an tsochaí, go háirithe i réimse an gheilleagair shóisialta.

2.3.

Le deich mbliana anuas, tá béim níos mó á leagan ar infheistíochtaí a bhfuil tionchar acu ar an tsochaí mar thoradh ar ardú feasachta agus aitheantas níos mó ar ról eagraíochtaí an gheilleagair shóisialta. A bhuí leis sin, ba cheart go dtiocfadh méadú breise ar an acmhainneacht shuntasach atá ag fiontair an gheilleagair shóisialta cheana i dtaca le nuálaíocht fhreagrach inbhuanaithe agus cruthú post (2).

2.4.

Tá maoiniú cuimsitheach agus freagrach de dhíth san Eoraip, murab ionann is riamh, agus ba cheart don Aontas Eorpach gealltanas a thabhairt go dtabharfaidh sé isteach bearta agus treoracha le haghaidh institiúidí, gnólachtaí, cistí airgeadais, mar aon le hollscoileanna, ionaid taighde, gníomhaithe sa gheilleagar sóisialta agus pobail áitiúla, maidir leis an gcaoi chun acmhainneacht na fiontraíochta sóisialta a mhéadú agus tionchar a imirt ar mhaoiniú mar ghníomhaithe chun geilleagar níos cuimsithí agus níos inbhuanaithe a fhorbairt.

2.5.

Tá líon mór eagraíochtaí geilleagair shóisialta ann a chuireann seirbhísí riachtanacha ar fáil, go háirithe dóibh siúd atá faoi mhíbhuntáiste. Ina measc tá seirbhísí sóisialta, sláinte, cúraim agus oideachais agus, go ginearálta, na seirbhísí go léir a bhfuil gá leo chun saol faoi dhínit a áirithiú do dhaoine leochaileacha, ar an gcéad dul síos trí dhálaí oibre leordhóthanacha a ráthú.

2.6.

Ar an ábhar sin, ní mór infheistíochtaí a bhfuil tionchar acu ar an tsochaí a spriocdhíriú sa chaoi is go mbeidh éifeachtaí breise iolraitheacha ann i ndáil le beartais phoiblí agus nach gcuirfí infheistíochtaí a bhfuil tionchar acu ar an tsochaí in ionad cistí poiblí, go háirithe i gcás cuideachtaí a bhíonn ag brath ar bheartais shóisialta atá dírithe ar dhaoine leochaileacha.

2.7.

De dheasca na paindéime, bhí dúshláin shóisialta le sárú againn go léir, dúshláin lena gcuirtear cosc orainn spriocanna uaillmhianacha an aistrithe inbhuanaithe a bhaint amach (bochtaineacht agus neamh-chomhionannas, deacrachtaí maidir le lánpháirtiú imirceach, bearnaí i gcuimsiú daoine faoi mhíchumas agus easpa tithíocht inacmhainne do theaghlaigh leochaileacha agus do dhaoine óga). Is mithid dúinn, dá bhrí sin, tacú le samhail fáis eacnamaíoch agus córas gnó a bhfuil sé d’acmhainn acu cuspóirí sóisialta a chur chun cinn agus ní mór tús áite a thabhairt do chur chun cinn na fostaíochta ardcháilíochta.

3.   Ionstraimí airgeadais nuálacha a shainiú

3.1.

Ó tharla go bhfuil CESE i bhfách le forálacha an Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Sóisialta maidir leis an ngá atá le hionstraimí nuálacha airgeadais a thabhairt isteach atá dírithe ar fhiontair a bhfuil tionchar sóisialta acu agus fiontair an gheilleagair shóisialta a fhorbairt, is é a mheas go bhfuil sé ríthábhachtach béim a leagan air go n-áirítear ar na hionstraimí airgeadais sin raon leathan infheistíochtaí bunaithe ar an toimhde gur féidir caipiteal príobháideach a úsáid chun rannchuidiú le héifeachtaí sóisialta dearfacha a chruthú (ar cheart a bheith mar thosaíocht i gcónaí) agus, san am céanna, sochair eacnamaíocha a ghiniúint.

3.2.

Dá bhrí sin, is díol suntais na hionstraimí sin i ngeall ar rún an infheisteora cuspóirí sóisialta a shaothrú trí shócmhainní coiteanna agus comhluachanna a chruthú, agus torthaí eacnamaíocha cothroma atá dírithe den chuid is mó ar chuspóirí sóisialta a bhaint amach á n-áirithiú san am céanna.

3.3.

Is féidir le gnólachtaí, eagraíochtaí agus cistí a bheith ina ngeallsealbhóirí gníomhacha a chuireann na hionstraimí nuálacha sin chun cinn agus a chruthaíonn iad ar mhaithe le tionchar intomhaiste a imirt ar an tsochaí atá i gcomhréir le torthaí eacnamaíocha.

3.4.

Ní mór na nithe seo a leanas a bheith ina saintréithe d’infheistíochtaí a bhfuil tionchar acu ar an tsochaí:

go mbeadh rún soiléir ann chun éifeachtaí dearfacha a imirt ar an tsochaí;

go dtabharfaí tacaíocht d’fhiontair atá sainithe go soiléir mar fhiontair an gheilleagair shóisialta, bunaithe ar shainmhínithe agus ar chritéir oibiachtúla a comhaontaíodh go coiteann;

go socrófaí ionchais atá nasctha le torthaí eacnamaíocha cothroma, inbhuanaithe agus trédhearcacha, fiú i gcás ina bhféadfaidís a bheith faoi bhun mheántorthaí an mhargaidh;

go mbeifí toilteanach cuid de na sócmhainní a athinfheistiú chun tacú le hinfheistíochtaí eile atá dírithe ar chuspóirí sóisialta;

go mbeadh tionchar intomhaiste ann, rud atá fíor-riachtanach chun trédhearcacht agus eolas leordhóthanach ar spriocanna agus ar chuspóirí na n-infheistíochtaí a áirithiú;

i gcás ina ndírítear infheistíochtaí ar fhiontair an gheilleagair shóisialta, go dtabharfaí tús áite do chomhsheasmhacht le prionsabail agus luachanna reachtúla.

3.5.

Le hinfheistíochtaí a bhfuil tionchar sóisialta acu, ba cheart tacú go háirithe le cuideachtaí atá ag gabháil do nuálaíocht agus d’fhorbairt pobal áitiúil nach mbeadh in ann fás murach sin. Ba cheart a ráthú freisin go mbeadh leibhéal leordhóthanach seirbhísí ann d’áitritheoirí. A bhuí leo, ba cheart a bheith in ann in ann spreagthóirí fáis eacnamaíoch chuimsithigh a chruthú.

3.6.

Is féidir le hinfheistíochtaí do ghnólachtaí agus d’eagraíochtaí a bhfuil sé mar aidhm acu tionchar a imirt ar an tsochaí feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus ar éifeachtacht an chaiteachais phoiblí ar sheirbhísí sóisialta, oideachais, sláinte agus cur chun cinn cultúrtha, agus féadfar tacú le fostaíocht trí rannpháirtíocht níos fearr infheisteoirí chun tacú le héiceachóras fiontraíochta ina dtugtar le chéile an inbhuanaitheacht agus an fhreagracht shóisialta.

4.   Saincheist chasta an tsainmhínithe ar fhiontair an gheilleagair shóisialta

4.1.

Bíodh is go bhfuil béim níos mó á leagan ar anailís a dhéanamh ar fhiontair an gheilleagair shóisialta agus ar na hionstraimí airgeadais nuálacha is fearr is féidir tacú le ról na bhfiontar sin agus ar thuiscint a fháil orthu siúd, is iomaí bacainn atá le sárú fós chun a áirithiú, in éineacht le fiontair an gheilleagair shóisialta, gur féidir éiceachóras airgeadais atá chomh nuálach, freagrach agus inbhuanaithe céanna a fhorbairt lena gcumasófar fíorshamhail eacnamaíoch Eorpach a chur chun feidhme go praiticiúil a bheith chun tairbhe do shaoránaigh agus do ghnólachtaí araon.

4.2.

Tá roinnt mhaith bacainní roimh chuid mhór eagraíochtaí sa gheilleagar sóisialta ó thaobh rochtain iomlán a bheith acu ar ionstraimí airgeadais nuálacha, amhail sealúchais i gcistí cothromais phríobháidigh, in ionstraimí cuasachothromais, chomh maith le hiasachtaí ráthaithe agus fadtéarmacha agus, ar deireadh, maoiniú atá bunaithe ar dhlúthpháirtíocht a chur ar leataobh i gcomhthéacs scéimeanna coigiltis fostaithe d’fhiontair shóisialta. I measc na mbacainní sin, tá ceithre réimse ann inar gá dul i mbun gnímh:

bearnaí faisnéise a dhúnadh agus an tuiscint atá ag soláthraithe creidmheasa ar sholáthraithe creidmheasa a cheartú, chomh maith le sainmhínithe dlíthiúla agus aitheantas ar a nádúr sonrach eacnamaíoch;

feabhas a chur ar scileanna gníomhaithe sna hearnála airgeadais maidir le measúnú a dhéanamh ar fheidhmiú eagraíochtaí an gheilleagair shóisialta ó thaobh airgeadais de;

tacú le hoiliúint eagraíochtaí an gheilleagair shóisialta d’fhonn a gcuid scileanna eacnamaíocha agus airgeadais a fheabhsú;

cur le tuiscint eagraíochtaí an gheilleagair shóisialta sa dóigh go gcumasófar úsáid ionstraimí airgeadais agus, ar an gcaoi sin, an claonadh atá ann i measc na n-eagraíochtaí sin gan na hionstraimí sin a úsáid a sheachaint.

4.3.

Maidir leis an gcéad phointe thuas, tá súil ag CESE go mbeidh deis ann, trí bhíthin an Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Sóisialta, na hinstitiúidí Eorpacha agus na Ballstáit a spreagadh sainmhíniú a leagan síos a bheidh bailí d’institiúidí poiblí agus d’institiúidí airgeadais san Aontas, rud atá riachtanach, murab ionann is riamh, má táthar chun rochtain iomlán ar an margadh caipitil a áirithiú, lena n-áirítear trí bhearta tacaíochta neamhairgeadais lena ndírítear ar scileanna na ngníomhaithe a bhfuil baint acu le hinfheistíochtaí a bhfuil tionchar acu ar an tsochaí a neartú.

4.4.

I ndáil leis sin, creideann CESE gur cheart aird bhreise a thabhairt ar ról an gheilleagair shóisialta maidir le hinfheistíochtaí a bhfuil tionchar acu ar an tsochaí a mhealladh san Eoraip (3) i bPlean Gníomhaíochta maidir le hAontas na Margaí Caipitil do dhaoine agus do ghnólachtaí.

4.5.

A mhéid a bhaineann le feabhas a chur ar an acmhainneacht atá ann measúnú a dhéanamh ar infheistíochtaí sóisialta nuálacha, tá CESE den bharúil go sannann oibreoirí airgeadais ardleibhéal riosca d’eagraíochtaí an gheilleagair shóisialta i bhfad rómhinic díreach toisc go mbaineann siad úsáid as uirlisí meastóireachta a úsáidtear go ginearálta i gcás cineálacha eile fiontar. Cruthaítear leis sin mí-aicmiú a d’fhéadfadh gannmheas a dhéanamh ar ghnéithe níos sonraí den gheilleagar sóisialta amhail caipiteal sóisialta agus daonna, clú, feidhm shóisialta, comhdhearcadh sóisialta, béim ar chuspóirí comhleasa agus ar an gcumas sócmhainní coiteanna a ghiniúint. D’fhéadfaí cur síos a dhéanamh air sin mar thomhas iomarcach acmhainní i ngeall ar easpa ionstraimí oiriúnacha chun an cuspóir deiridh a thomhas.

4.6.

Tugann eagraíochtaí an gheilleagair shóisialta tosaíocht do chur chun feidhme na gcuspóirí sóisialta, oideachais agus comhshaoil. Ní mór an aidhm shóisialta sin a chur ag luí le riachtanais eacnamaíocha agus airgeadais, ós réamhriachtanas í má tá na heagraíochtaí sin chun leanúint de bheith ag feidhmiú. Chun na críche sin, ní mór tacú le hoiliúint agus le forbairt scileanna dóibh siúd a oibríonn i réimsí eacnamaíocha agus airgeadais.

5.   Ionstraimí nuálacha airgeadais agus tacsanomaíochtaí sóisialta

5.1.

Le deich mbliana anuas, tá forbairt shuntasach tagtha ar ionstraimí airgeadais atá tiomnaithe d’fhiontair shóisialta (4). Bíodh sin mar atá, tá deis ann fós tuilleadh forbartha a dhéanamh agus freastal ar dhóigh níos fearr ar riachtanais fiontar sóisialta agus ar a bhfás sa mhargadh inmheánach. Dar le CESE, is den tábhacht an fás sin a chothú i gcomhthráth le cultúr meastóireachta a fhorbairt i ngach ceann de na heagraíochtaí sin, mar aon le huirlisí meastóireachta a cheapadh – go háirithe ag an saol acadúil – a bhaineann go sonrach leis an ngeilleagar sóisialta.

5.2.

Idir an 12 Meitheamh agus an 27 Lúnasa 2021, sheol an Coimisiún Eorpach comhairliúchán maidir le tacsanomaíocht shóisialta agus chomhshaoil. I ndáil leis an méid sin, tá aird á tabhairt ag CESE ar an ngá atá ann gan iomaíocht nó coinbhleacht níos tromchúisí fós a chruthú idir tacsanomaíochtaí comhshaoil agus tacsanomaíochtaí sóisialta.

5.3.

Is é an réiteach is fearr samhail aonair tacsanomaíochta (sóisialta agus comhshaoil) a fhorbairt, díreach mar gheall ar an dlúthnasc idir cuspóirí sóisialta agus comhshaoil. Mar sin féin, má tá sí chun bheith praiticiúil agus solúbtha, níor cheart ualaí troma a chur ar ghnólachtaí i ngeall ar an tsamhail sin.

5.4.

Tá fiontair an gheilleagair shóisialta fréamhaithe go príomha i bpobail áitiúla ina bhfuil gné na rannpháirtíochta níos coitianta. Is saintréithe dá gcuid freisin a gcuid tiomantais shóisialta: cruthú post, tacaíocht agus coinneáil post agus beartais maidir le pá cothrom agus comhionannas san áit oibre. Is é is cúis leis sin freisin gur gnách le fiontair an gheilleagair shóisialta struchtúr rialachais rannpháirtigh a bheith acu atá bunaithe ar chritéir an daonlathais, na hoscailteachta agus na trédhearcachta. Ba cheart na gnéithe sin a chur san áireamh agus a chur chun cinn go sonrach sa tacsanomaíocht shóisialta.

5.5.

Ba cheart tionchar a bheith ag an tacsanomaíocht shóisialta ar mhaoiniú d’fhonn acmhainní poiblí a thacaíonn go minic le beartais maidir le cuimsiú sóisialta a chomhlánú. Bíodh féin mar atá, níor cheart maoiniú sóisialta a chur in ionad ról na n-institiúidí, na ndlíthe agus na mbeartas poiblí agus urraim na gceart sóisialta á gcosaint, éagothromaíochtaí á n-athchothromú agus an t-idirdhealú á chomhrac.

5.6.

Maidir le seirbhísí leasa ghinearálta go sonrach, ní mór iad a mhaoiniú le cistí poiblí agus ní féidir iad a chomhlánú ach amháin le caipiteal príobháideach. Tá ról ríthábhachtach ag cuideachtaí a bhfuil tionchar acu ar an tsochaí agus is é sin an fáth gur cheart a n-infheistíocht a bhunú, a mhéid is féidir, ar chistí airgeadais cobhsaí agus ar chaipiteal foighneach. Ní mór cuimhneamh air go leagtar cuspóirí sóisialta amach thar thréimhse fhada ama.

5.7.

D’fhéadfadh tomhais agus modhanna tomhais a bheith chun tairbhe d’earnálacha atá intomhaiste ar dhóigh níos éasca, ina bhfuil níos mó acmhainní ar fáil nó ina bhfuil fáil ar shonraí agus is iad na réimsí ina bhfuil sé níos casta tomhas oibiachtúil a dhéanamh nó níos deacra sonraí a aimsiú a bheadh thíos leo. Ní mór bearta a ghlacadh chun é sin a sheachaint. Tá gá le comhar idir na hearnálacha poiblí, príobháideacha agus sóisialta chun go mbeidh rath ar an infheistíocht shóisialta. Tá comhoibriú na hearnála sóisialta ríthábhachtach chun tús áite a thabhairt do na nithe is riachtanaí, óir is iad na hoibrithe san earnáil seo a bhíonn ag obair ar an leibhéal áitiúil agus, ar an gcúis sin, atá eolach ar a bhfuil ag teastáil.

6.   Tograí bunaithe ar dhea-chleachtais ar an leibhéal áitiúil

6.1.

Bunaithe ar Thionscnamh Gnó Sóisialta 2011, tá tionscnaimh éagsúla glactha ag an gCoimisiún Eorpach le blianta beaga anuas, go díreach agus tríd an gCiste Eorpach Infheistíochta, chun tacú le nuálaíocht shóisialta agus chun rochtain eagraíochtaí an gheilleagair shóisialta ar mhaoiniú a mhéadú. Tá ábharthacht faoi leith ag baint leis na cláir seo a leanas: EaSI Funded, EaSI Debt, EaSI Guarantee, EaSI Capacity Building et EFSI Equity Social Impact. A mhéid a bhaineann le clársceidealú amach anseo, tá gealladh faoi na tionscnaimh shóisialta atá beartaithe faoi chuimsiú an chláir InvestEU freisin, go háirithe má thugtar isteach nuálaíochtaí sonracha chun infheistíocht shóisialta a chur chun cinn, faoi mar a fógraíodh sa Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Sóisialta.

6.2.

D’fhonn éiceachóras a chuideoidh le hinfheistíocht shóisialta a chur chun cinn, measann CESE go bhfuil sé tábhachtach, agus na Pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta éagsúla á gcur chun feidhme sna Ballstáit, tabhairt faoi roinnt gníomhaíochtaí praiticiúla le maoiniú ón ionstraim théarnaimh Next Generation EU, amhail iad siúd a leagtar amach thíos.

6.3.

Tá taithí ag roinnt mhaith tíortha maidir le sásraí maoiniúcháin pay by result (íocaíocht bunaithe ar thorthaí) a thabhairt isteach agus a bhailíochtú. Tá aird faoi leith tugtha ag an bhFrainc, mar shampla, trí chonarthaí maidir le torthaí sóisialta, ar shamhlacha “outcome funds”a mbíonn infheisteoirí príobháideacha ar mian leo acmhainní a shlógadh do bheartais a comhaontaíodh leis an rialtas (go háirithe i réimse na mbeartas sóisialta) rannpháirteach iontu, agus bíonn íocaíochtaí nasctha le gnóthú na dtorthaí a bhfuiltear ag súil leo. Ní mór cur chun cinn na gcleachtas sin a bheith bunaithe ar mheasúnuithe roimh ré arb é is aidhm dóibh mí-úsáidí a d’fhéadfadh a bheith ann a aithint, amhail aistriú cumais chuig fiontair lasmuigh de raon feidhme an gheilleagair shóisialta, nó aistarraingt fhéideartha na mBallstáit óna gcuid gealltanas.

6.4.

Tá an lárionad saineolais um infheistíocht a bhfuil tionchar aici ar an tsochaí d’fhorbair rialtas na Fionlainne ar cheann de na cleachtais is fearr. Trí bhíthin an lárionaid sin, cuirtear cúnamh teicniúil agus gairmiúil ar fáil chun tacú le scileanna na ndaoine sin a bhfuil sé i gceist acu infheistíochtaí a dhéanamh a bhfuil tionchar acu ar an tsochaí.

6.5.

Deimhnítear leis na tionscnaimh sin a thábhachtaí atá sé tacú le cistí tionchair, cistiú cistí nó ionstraimí airgeadais eile lena maoinítear tionscnaimh fhiontair an gheilleagair shóisialta a chruthú, a fhorbairt agus a chur ar fáil, lena n-áirítear trí chistí amhail InvestEU nó an Ciste um Aistriú Cóir a spriocdhíriú chun cineálacha comhinfheistíochta (cothromais), cómhaoinithe (creidmheas) agus ráthaíochtaí creidmheasa d’oibríochtaí margaidh a chur chun cinn freisin.

6.6.

Ba cheart cur le cumas na n-institiúidí Eorpacha agus na mBallstát na sonraí is gá a bhailiú agus anailís a dhéanamh orthu chun a léiriú gur lú seans, ar an meán, go ndéanfaidh fiontair shóisialta agus bonneagar sóisialta mainneachtain i leith iasachtaí bainc. Ar an dóigh sin, d’fhéadfaí aitheantas do chóimheasa ionsúcháin caipitil a chuireann luach sóisialta an chineáil sin maoinithe san áireamh a chur chun cinn.

6.7.

Tá sé iarrtha ag CESE cheana féin go mbeadh tosca tacaíochta sa Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil (5), go háirithe tosca éiceolaíocha agus sóisialta, chun laghdú a dhéanamh ar an ionsú caipitil a chuireann na bainc ar leataobh chun iasachtaí d’fhiontair an gheilleagair shóisialta a mhaoiniú.

6.8.

Is gá béim a leagan ar an ról atá ag bainc mhalartacha agus bainc eiticiúla i roinnt mhaith tíortha Eorpacha i gcur chun cinn an airgeadais atá dírithe ar chuspóirí sóisialta agus comhshaoil. I gcásanna áirithe, is iadsan is cúis le teacht chun cinn cistí infheistíochta nó cuideachtaí bainistíochta sócmhainní arb é is aidhm dóibh infheistíocht a dhéanamh san earnáil shóisialta agus chomhshaoil.

6.9.

D’fhéadfadh socruithe cánach lena n-éascaítear infheistíocht sa gheilleagar sóisialta a bhfuil tionchar iarbhír acu ar an tsochaí a bheith úsáideach chun eisitheoirí agus suibscríobhaithe araon a dhreasú.

6.10.

Níor mhór freisin caipiteal foighneach a spreagadh agus a ghríosú, amhail titres associatifs (urrúis fiachais arna n-eisiúint ag eagraíocht neamhbhrabúsach) agus titres participatifs (scairdheimhnithe) atá dírithe ar chothromas comhlachas agus comharchumann a neartú. Thairis sin, chun infheistíocht i bhfiontair an gheilleagair shóisialta a spreagadh, bheadh rialacha dreasachta lena n-éascaítear úsáid na n-uirlisí nuálacha sin ina gcuidiú ag bainisteoirí cistí pinsin freisin.

6.11.

I bhfianaise an taithí a fuarthas sa Fhrainc maidir le coigilteas bainc rialáilte a leithdháileadh go dlíthiúil – lena n áirítear cistí atá nasctha le pleananna coigiltis dlúthpháirtíocht-bhunaithe d’fhostaithe – ar fhiontair an gheilleagair shóisialta, ar fhiontair a bhfuil tionchar sóisialta deimhnithe acu agus ar chistí dlúthpháirtíochta, ní mór na rialacháin maidir le cistí airgeadais dlúthpháirtíochta a leasú, ní hamháin chun leibhéal na n-acmhainní a leithdháiltear ar fhiontair shóisialta a bharrfheabhsú, ach freisin chun acmhainneacht infheistíochta bhreise i gcothromas nó i gcuasachothromas a fhorbairt freisin.

6.12.

Áirítear ar na dea-chleachtais arna gcur chun feidhme ag fiontair an gheilleagair shóisialta, go háirithe comharchumainn, iad siúd atá dírithe ar chuideachtaí i bponc a thiontú ina gcomharchumainn oibrithe, rud ar a dtugtar reprise d’entreprise par ses salariés (táthcheangal gnóthas ag a bhfostaithe) (6). Cuirtear i bhfeidhm iad sa Fhrainc, san Iodáil agus sa Spáinn trí scéimeanna maoiniúcháin agus trí chistí frithpháirteacha sonracha a chruthú lena mbaineann rannpháirtíocht chothromais, lena gcómhaoinítear atosú gníomhaíochtaí tráchtála le hoibrithe trí chomharchumainn a chruthú.

An Bhruiséil, 19 Eanáir 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  OJ C 155, 30.4.2021, p. 20.

(2)  OJ C 286, 16.7.2021, p. 13.

(3)  Une union des marchés des capitaux pour les personnes et les entreprises – nouveau plan d’action [Aontas na Margaí Caipitil: Aontas do dhaoine agus do ghnólachtaí – plean gníomhaíochta nua] (COM(2020) 590 final).

(4)  Tá anailís ghinearálta le fáil san fhoilseachán ón gCoimisiún Eorpach dar teideal A recipe book for social finance https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/f1b8099b-fd4c-11e5-b713-01aa75ed71a1/language-en/format-PDF/source-234506515.

(5)  OJ L 176, 27.6.2013, p. 1.

(6)  Business transfers to employees under the form of a cooperative in Europe: opportunities and challenges, CECOP, 2013.


Top