Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0086

    Cás C-86/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio (an Iodáil), an 9 Feabhra 2022 – Papier Mettler Italia S.r.l. v Ministero della Transizione Ecologica (ar a dtugtaí Ministero dell’Ambiente e della Tutela del Territorio e del Mare roimhe seo), Ministero dello Sviluppo Economico

    IO C 165, 19.4.2022, p. 32–33 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
    IO C 165, 19.4.2022, p. 27–28 (GA)

    19.4.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 165/27


    Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio (an Iodáil), an 9 Feabhra 2022 – Papier Mettler Italia S.r.l. v Ministero della Transizione Ecologica (ar a dtugtaí Ministero dell’Ambiente e della Tutela del Territorio e del Mare roimhe seo), Ministero dello Sviluppo Economico

    (Cás C-86/22)

    (2022/C 165/41)

    Teanga an cháis: an Iodáilis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: Papier Mettler Italia S.r.l.

    Cosantóirí: Ministero della Transizione Ecologica (ar a dtugtaí Ministero dell’Ambiente e della Tutela del Territorio e del Mare roimhe seo), Ministero dello Sviluppo Economico

    Na ceisteanna a tharchuirtear:

    1)

    An gcuirtear cosc le hAirteagal 114(5) agus (6) de CFAE mar aon le hAirteagal 16(1) de Threoir 94/62/CE, (1) chomh maith le hAirteagal 8 de Threoir 98/34 /CE, (2) ar chur i bhfeidhm forála den dlí náisiúnta amhail an ceann dá bhforáiltear ag an bhforaithne idir-aireachta atá faoi chonspóid, lena dtoirmisctear margaíocht málaí siopadóireachta plaisteacha aon úsáide as ábhair neamh-bhithmhillte, ach lena gcomhlíontar na ceanglais eile a leagtar síos i dTreoir 94/62/CE, i gcás nár thug an Ballstát fógra i leith na forála náisiúnta sin, ina bhfuil rialacha teicniúla níos déine ná mar atá i reachtaíocht an Aontais, don Choimisiún Eorpach roimh ré, ach tar éis an ghlactha amháin agus roimh fhoilsiú an bhirt?

    2)

    An gá Airteagail 1, 2, 9(1), agus 18 de Threoir 94/62/CE, arna forlíonadh le hAirteagail 1, 2 agus 3 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir, a léirmhíniú go gcuirtear cosc ar rialacha náisiúnta a ghlacadh lena dtoirmisctear margaíocht a dhéanamh ar mhálaí siopadóireachta plaisteacha aon úsáide as ábhair neamh-bhithmhillte, ach lena gcomhlíontar na ceanglais eile a leagtar síos i dTreoir 94/62/CE, nó an féidir bonn cirt a thabhairt do rialacha breise teicniúla a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta bunaithe i gcás gurb é an cuspóir cosaint an chomhshaoil a áirithiú ar leibhéal níos airde, á gcur san áireamh más gá, na fadhbanna sonracha a bhaineann le bailiú dramhaíola sa Bhallstát agus an gá atá leis an Stát féin chun na hoibleagáidí Comhphobail a bheartaítear sa réimse gaolmhar sin a chur chun feidhme?

    3)

    An gá Airteagail 1, 2, 9(1), agus 18 de Threoir 94/62/AE, arna forlíonadh le hAirteagail 1, 2 agus 3 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir, a léirmhíniú mar fhoráil shoiléir agus bheacht chun cosc a chur le haon bhacainní ar mhargaíocht málaí lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos sa Treoir agus atá mar thoradh dífheidhmiú riachtanach na reachtaíochta náisiúnta a d’fhéadfadh a bheith éagsúil i ngach orgán den Bhallstát lena n-áirítear na húdaráis phoiblí?

    4)

    Ar deireadh, dá nglacfaí reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear cosc ar mhargaíocht málaí siopadóireachta plaisteacha aon úsáide as ábhair neamh-bhithmhillte, ach lena gcomhlíontar na ceanglais eile a leagtar síos i dTreoir 94/62/AE, i gcás nach bhfuil údar maith leis an reachtaíocht náisiúnta sin maidir leis an gcuspóir cosaint an chomhshaoil ar leibhéal níos airde a áirithiú, mar gheall ar na fadhbanna sonracha a bhaineann le bailiú dramhaíola sa Bhallstát agus an gá atá ag an Stát féin chun na hoibleagáidí Comhphobail a bheartaítear sa réimse gaolmhar sin a chur chun feidhme, an mbeadh an glacadh sin ina shárú tromchúiseach follasach ar Airteagal 18 de Threoir 94/62/AE?


    (1)  Treoir 94/62/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 1994 maidir le pacáistiú agus dramhaíl ó phacáistiú (IO 1994 L 365, lch. 10).

    (2)  Threoir 98/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meitheamh 1998 lena leagtar síos nós imeachta maidir le soláthar faisnéise i réimse caighdeán agus rialachán teicniúil (IO 1998 L 204, lch. 37.).


    Top