Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020CA0300

    Cás C-300/20: Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 22 Feabhra 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesverwaltungsgericht – an Ghearmáin) – Bund Naturschutz in Bayern e.V. v Landkreis Rosenheim (Tarchur chun réamhrialú – Comhshaol – Treoir 2001/42/CE – Measúnú ar na héifeachtaí a bhíonn ag pleananna agus ag cláir áirithe ar an gcomhshaol – Airteagal 2(a) – Coincheap “pleananna agus ag cláir” – Airteagal 3(2)(a) – Gníomhartha arna dtarraingt suas le haghaidh earnálacha áirithe agus lena sainítear creat faoina bhféadfar cur chun feidhme na dtionscadal atá liostaithe in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II de Threoir 2011/92/AE a údarú amach anseo – Airteagal 3(4) – Gníomhartha lena sainítear creat faoina bhféadfar cur chun feidhme na dtionscadal a údarú amach anseo – Rialachán um chosaint tírdhreacha arna ghlacadh ag údarás áitiúil)

    IO C 165, 19.4.2022, p. 10–10 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
    IO C 165, 19.4.2022, p. 8–8 (GA)

    19.4.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 165/8


    Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 22 Feabhra 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesverwaltungsgericht – an Ghearmáin) – Bund Naturschutz in Bayern e.V. v Landkreis Rosenheim

    (Cás C-300/20) (1)

    (Tarchur chun réamhrialú - Comhshaol - Treoir 2001/42/CE - Measúnú ar na héifeachtaí a bhíonn ag pleananna agus ag cláir áirithe ar an gcomhshaol - Airteagal 2(a) - Coincheap “pleananna agus ag cláir” - Airteagal 3(2)(a) - Gníomhartha arna dtarraingt suas le haghaidh earnálacha áirithe agus lena sainítear creat faoina bhféadfar cur chun feidhme na dtionscadal atá liostaithe in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II de Threoir 2011/92/AE a údarú amach anseo - Airteagal 3(4) - Gníomhartha lena sainítear creat faoina bhféadfar cur chun feidhme na dtionscadal a údarú amach anseo - Rialachán um chosaint tírdhreacha arna ghlacadh ag údarás áitiúil)

    (2022/C 165/10)

    Teanga an cháis: an Ghearmáinis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Bundesverwaltungsgericht

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: Bund Naturschutz in Bayern e.V.

    Cosantóir: Landkreis Rosenheim

    i láthair: Landesanwaltschaft Bayern, Vertreter des Bundesinteresses beim Bundesverwaltungsgericht

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Ní mór Airteagal 3(2)(a) de Threoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2001 maidir le measúnú ar éifeachtaí pleananna agus clár áirithe ar an gcomhshaol a léirmhíniú sa chiall nach dtagann beart náisiúnta a bhfuil sé d’aidhm aige an dúlra agus an tírdhreach a chosaint agus chuige sin, lena leagtar síos toirmisc ghinearálta chomh maith le ceanglais údaraithe gan rialacha atá mionsonraithe go leor a sholáthar maidir le hinneachar, mionsaothrú agus cur chun feidhme na dtionscadal a liostaítear in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II de Threoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol faoi raon feidhme na forála seo.

    2)

    Caithfear Airteagal 3(4) de Threoir 2001/42 a léirmhíniú sa chiall nach dtagann beart náisiúnta a bhfuil sé d’aidhm aige an dúlra agus an tírdhreach a chosaint agus chuige sin, lena leagtar síos toirmisc ghinearálta chomh maith le ceanglais údaraithe gan rialacha atá mionsonraithe go leor a sholáthar maidir le hinneachar, mionsaothrú agus cur chun feidhme na dtionscadal faoi raon feidhme na forála seo.


    (1)  IO C 304 an 14.09.2020


    Top