Alegeți funcționalitățile experimentale pe care doriți să le testați

Acest document este un extras de pe site-ul EUR-Lex

Document 52022M10657

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10657 - SAMSUNG BIOLOGICS / SAMSUNG BIOEPIS) Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) 2022/C 123/08

PUB/2022/212

IO C 123, 18.3.2022, p. 44-44 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

18.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 123/44


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10657 - SAMSUNG BIOLOGICS / SAMSUNG BIOEPIS)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 123/08)

1.   

An 11 Márta 2022 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Samsung BioLogics Co. Ltd. (“Samsung BioLogics”, an Chóiré Theas), cuideachta atá faoi rialú Samsung Group (an Chóiré Theas), agus

Samsung Bioepis Co. Ltd. (“Bioepis”, an Chóiré Theas), cuideachta atá faoi rialú comhpháirteach Biogen Therapeutics Inc. (na Stáit Aontaithe) agus Samsung BioLogics faoi láthair.

Gheobhaidh Samsung BioLogics rialú aonair ar Bioepis ina iomláine, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is cuideachta é Samsung BioLogics atá gníomhach i bhforbairt agus i monarú táirgí bithchógaisíochta ar fud an domhain.

Is cuideachta é Bioepis atá gníomhach i bhforbairt agus i dtráchtálú leigheas bithchosúil.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2) ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a d’fhéadfadh a bheith acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10657 - SAMSUNG BIOLOGICS / SAMSUNG BIOEPIS

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:

Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

An Coimisiún Eorpach

Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta

Clárlann na gCumasc

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


Sus