EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022XC0318(02)

Teachtaireacht ón gCoimisiún Treoirlínte maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE, EURATOM) 2020/2092 maidir le córas ginearálta coinníollacha chun buiséad an Aontais a chosaint 2022/C 123/02

C/2022/1382

IO C 123, 18.3.2022, p. 12–37 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

18.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 123/12


TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN

Treoirlínte maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE, EURATOM) 2020/2092 maidir le córas ginearálta coinníollacha chun buiséad an Aontais a chosaint

(2022/C 123/02)

1.   Réamhrá

1.

Tá an tAontas Eorpach bunaithe ar an smacht reachta (1). Tá urraim don smacht reachta ar cheann de na luachanna ar a mbunaítear an tAontas, luachanna is coiteann do na Ballstáit, mar a leagtar amach in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus sna brollaigh in CAE agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

2.

Is é buiséad an Aontais ceann de na príomh-ionstraimí a úsáidtear chun prionsabal na dlúthpháirtíochta (Airteagal 2 CAE) a léiriú, ar ceann de bhunphrionsabail dhlí an Aontais é, bunaithe ar an iontaoibh fhrithpháirteach atá ann idir na Ballstáit úsáid fhreagrach a bhaint as acmhainní choiteanna ó bhuiséad an Aontais. Mar sin féin, tá an iontaoibh fhrithpháirteach sin bunaithe ar ghealltanas gach Ballstáit na hoibleagáidí atá air faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh agus urraim a thabhairt go leanúnach do na luachanna sin atá in Airteagal 2 CAE, luachanna lena n-áirítear luach an smachta reachta. Comhlíontacht Ballstáit leis na luachanna atá in Airteagal 2 CAE, is coinníoll í maidir le teachtadh na gceart uile a eascraíonn ó chur i bhfeidhm na gConarthaí ar an mBallstát sin (2).

3.

Is é is aidhm don Rialachán maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint (3) (an “Rialachán maidir le Coinníollacht”) buiséad an Aontais a chosaint ar sháruithe ar phrionsabail an smeachta reachta ar bhealach chomh díreach sin agus gur leor é, le difear a dhéanamh nó a bhfuil baol mór ann go ndéanfadh siad difear – do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais. Is ionstraim bhuan é an Rialachán maidir le Coinníollacht a bhfuil feidhm aici thar theorainneacha creata airgeadais ilbhliantúil ar leith (4).

4.

Is é is cuspóir do na treoirlínte seo míniú a thabhairt ar chúig ghné den Rialachán maidir le Coinníollacht: (i) na coinníollacha maidir le bearta a ghlacadh; (ii) an gaol idir an Rialacháin maidir le Coinníollacht agus ionstraimí eile; (iii) comhréireacht na mbeart atá le moladh don Chomhairle; (iv) an nós imeachta agus an próiseas measúnaithe; agus (v) cosaint ceart faighteoirí nó tairbhithe deiridh.

5.

Níl na treoirlínte seo ceangailteach ó thaobh dlí agus ní chruthaítear ná ní athraítear aon cheart ná oibleagáid leo i gcomparáid leo sin a leagtar síos in CAE agus sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), sa Rialachán Airgeadais (5), sa Rialachán maidir le Coinníollacht, sa Rialachán OLAF (6), sa Rialachán OIPE (7) nó i ngníomhartha ábhartha eile de chuid an Aontais, de réir mar a léirmhíníonn an Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Ghinearálta (“Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh” (8)) iad.

2.   Coinníollacha maidir le bearta a ghlacadh

6.

Is é is cuspóir don Rialachán maidir le Coinníollacht buiséad an Aontais a chosaint i gcás sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta i mBallstát. Sa Rialachán maidir le Coinníollacht, leagtar amach sraith coinníollacha nach mór a chomhlíonadh chun tús a chur leis an nós imeachta a leagtar síos leis.

7.

I gcomhréir le hAirteagal 4(1) den Rialachán maidir le Coinníollacht, “déanfar bearta iomchuí i gcás ina suitear i gcomhréir le hAirteagal 6 go ndéanann sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta i mBallstát difear – ar bhealach chomh díreach sin agus gur leor é le difear a dhéanamh, nó go bhfuil baol mór ann go ndéanfadh siad difear – do phrionsabail bhainistíochta fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais”. De bhun Airteagal 4(2), bainfidh sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta le ceann amháin nó níos mó de na staideanna dá dtagraítear san Airteagal sin. I gcás inarb amhlaidh an cás, tagann na sáruithe sin faoi raon feidhme an Rialacháin maidir le Coinníollacht.

8.

Cuirfidh an Coimisiún tús leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 6 den Rialachán maidir le Coinníollacht i gcás ina gcinneann sé go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4. Chinn an Chúirt Bhreithiúnais nach gcomhlíontar na coinníollacha sin ach i gcásanna ina bhfaigheann an Coimisiún go bhfuil forais réasúnacha ann lena mheas (i) gur sáraíodh i mBallstát ceann amháin ar a laghad de na prionsabail smachta reachta dá dtagraítear in Airteagal 2(a) den Rialachán maidir le Coinníollacht, (ii) go mbaineann an sárú sin le ceann amháin ar a laghad de na staideanna is inchurtha i leith údarás Ballstáit nó sampla amháin ar a laghad d’iompar na n-údarás sin dá dtagraítear in Airteagal 4(2) den Rialachán sin, a mhéid atá na staideanna nó an t-iompar sin ábhartha do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais, (iii) go ndéanann an sárú sin difear ar bhealach chomh díreach sin agus gur leor é le difear a dhéanamh, nó go bhfuil baol mór ann go ndéanfadh sé difear don bhainistíocht fhónta airgeadais sin nó do na leasanna airgeadais sin, agus nasc fíor (9) nó réadach ann idir na sáruithe sin agus an éifeacht sin nó an baol mór go bhféadfadh an éifeacht sin a bheith ann (10). I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha in Airteagal 4, cuirfidh an Coimisiún tús leis an nós imeachta ach amháin má mheasann sé go gcuirfeadh nósanna imeachta eile a leagtar amach i reachtaíocht an Aontais ar a chumas dó buiséad an Aontais a chosaint ar bhealach níos éifeachtaí. Áirithítear leis an nós imeachta sin cosaint chearta nós imeachta an Bhallstáit lena mbaineann.

9.

Agus measúnú á dhéanamh ar chásanna faoin Rialachán maidir le Coinníollacht, cuirfidh an Coimisiún cur chuige cuimsitheach gníomhach i bhfeidhm atá bunaithe ar riosca agus atá dírithe, beidh sé d’aidhm aige a chur i bhfeidhm éifeachtach a áirithiú agus ar an gcaoi sin, buiséad an Aontais agus leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.

2.1.   Sáruithe ábhartha ar phrionsabail an smachta reachta

10.

Shoiléirigh an Chúirt Bhreithiúnais go luaitear in Airteagal 2(a) den Rialachán maidir le Coinníollacht “… go dtuigfear coincheap an smeachta reachta, mar a shainmhínítear chun an Rialachán sin a chur i bhfeidhm, ag féachaint do luachanna agus prionsabail eile an Aontais a chumhdaítear le hAirteagal 2 CAE”. Fágtar go bhféadfadh sé go mbeadh gá le hurraim do na luachanna agus do na prionsabail sin – a mhéid is cuid den sainmhíniú féin ar luach an smachta reachta atá in Airteagal 2 CAE iad nó, mar is léir ón dara habairt san airteagal sin, a mhéid atá dlúthbhaint acu le sochaí a thugann urraim don smacht reachta – i gcomhthéacs sásra coinníollachta chothrománigh amhail an sásra a bhunaítear leis an rialachán a chonspóidtear. (11)

11.

Maidir le hAirteagal 2(a) den Rialachán maidir le Coinníollacht, níl ann ach go leagtar amach, chun críocha an Rialacháin sin amháin, roinnt prionsabal a chumhdaítear leis agus na prionsabail is ábhartha i bhfianaise a chuspóra, is é sin cosaint bhuiséad an Aontais a áirithiú (12). Níl sé i gceist leis an bhforáil sin sainmhíniú uileghabhálach a thabhairt ar choincheap an smachta reachta.

12.

Maidir le cearta bunúsacha, shoiléirigh an Chúirt go ndéantar an tagairt dóibh “mar léiriú ar cheanglais phrionsabal na cosanta breithiúnaí éifeachtaí amháin”. I gcodarsnacht leis sin, is cuid den sainmhíniú ar an smacht reachta prionsabal an neamh-idirdhealaithe ann féin: “is léir nach féidir a mheas go n-áirithíonn Ballstát urraim don smacht reachta, de réir bhrí an luacha choitinn sin, más saintréith de shochaí an Bhallstáit sin an t-idirdhealú” (13).

13.

In Aithris 15 den Rialachán maidir le Coinníollacht, tagraítear do “sháruithe aonair” agus “sáruithe forleathana nó a tharlaíonn mar gheall ar chleachtais nó neamhghníomhartha a dhéanann údaráis phoiblí, nó mar gheall ar bhearta ginearálta arna nglacadh ag údaráis den sórt sin.” Cumhdaítear idir sháruithe aonair agus sáruithe sistéamacha leis an Rialachán maidir le Coinníollacht, sáruithe a chumhdaítear a mhéid atá siad ábhartha maidir le bainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó cosaint leasanna airgeadais an Aontais.’ Dá bhrí sin, féadfaidh an Coimisiún measúnú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí agus ar easpa gníomhaíochta na n-údarás poiblí.

14.

Le hAirteagal 3 den Rialachán maidir le Coinníollacht, tá sé beartaithe cur i bhfeidhm an Rialacháin maidir le Coinníollacht a éascú trí liosta staideanna a sholáthar a d’fhéadfadh a bheith ina léirithe táscacha ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta (14). Toisc nach bhfuil sa liosta sin ach liosta táscach, d’fhéadfadh gníomhaíochtaí, cleachtais nó neamhghníomhartha eile de chuid údarás poiblí nó cásanna dlíthiúla eile a chumhdaítear le hAirteagal 4(1) den Rialachán a bheith ábhartha faoin Rialachán maidir le Coinníollacht.

15.

Chinn an Chúirt “go bhfuil gaol soiléir ann idir, ar thaobh amháin, urraim a thabhairt do luach an smachta reachta agus, ar an taobh eile, buiséad an Aontais a chur chun feidhme go héifeachtúil, i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais, agus leasanna airgeadais an Aontais a chosaint” (15). Luaigh an Chúirt freisin “go bhféadfadh bainistíocht fhónta airgeadais agus na leasanna airgeadais sin a bheith go mór i mbaol mar gheall ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta a dhéantar i mBallstát, ós rud é go bhféadfadh sé tarlú mar gheall ar na sáruithe sin, inter alia, nach mbeadh aon ráthaíocht ann go sásaíonn caiteachas a chumhdaítear le buiséad an Aontais na coinníollacha maoinithe uile a leagtar síos le dlí an Aontais […]” (16).

16.

Maidir leis an gcomhlíontacht leis na coinníollacha maoinithe sin agus na cuspóirí arna saothrú ag an Aontas nuair a mhaoiníonn sé caiteachas, chinn an Chúirt nach féidir an comhlíontacht sin “a ráthú go hiomlán d’uireasa athbhreithniú breithiúnach éifeachtach arna cheapadh chun comhlíontacht le dlí an Aontais a áirithiú; an t-athbhreithniú sin, ar leibhéal na mBallstát agus an Aontais araon, athbhreithniú arna dhéanamh ag cúirteanna agus binsí neamhspleácha, is é croí an smachta reachta” (17). Tá an méid sin gan dochar don cheanglas maidir le nasc díreach go leor a bheith ann le buiséad an Aontais.

17.

Sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta, bainfidh siad le ceann amháin nó níos mó de na staideanna nó d’iompair údarás inniúil ábhartha nó staideanna nó iompar is inchurtha i leith na n-údarás sin, a mhéid atá siad ábhartha do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais agus do chosaint leasanna airgeadais an Aontais (18).

18.

Chinn an Chúirt gur féidir an ábharthacht sin a thoimhdiú maidir le gníomhaíochtaí na n-údarás dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 4(2) den Rialachán maidir le Coinníollacht, eadhon na húdaráis a chuireann buiséad an Aontais chun feidhme agus a dhéanann an rialú airgeadais, an faireachán agus na hiniúchtaí (19).

19.

Maidir le seirbhísí imscrúdaithe agus ionchúisimh phoiblí, cuimsítear feidhmiú cuí na seirbhísí sin, faoi phointe (c) den fhoráil sin, a mhéid a bhaineann sé le sáruithe ar dhlí an Aontais, sáruithe a bhaineann le buiséad an Aontais a chur chun feidhme nó leasanna airgeadais an Aontais a chosaint. Tá an rud céanna i gceist leis an gcosc agus leis an smachtbhannú, arna ndéanamh ag cúirteanna náisiúnta nó ag údaráis riaracháin, i dtaobh na sáruithe ar dhlí an Aontais a luaitear i bpointe (e). Maidir leis an athbhreithniú breithiúnach dá dtagraítear i bpointe (d), ní chuimsítear é ach a mhéid a bhaineann le hiompar na n-údarás dá dtagraítear i bpointí (a) go (c). An gnóthú cistí a íocadh go mícheart, dá bhforáiltear i bpointe (f), ní chumhdaítear leis ach cistí ó bhuiséad an Aontais, rud is amhlaidh freisin i gcás comhar le OLAF agus OIPE, a luaitear i bpointe (g). Ar deireadh, i bpointe (h), tagraítear go sainráite do staideanna nó d’iompar eile ag údaráis is ábhartha do bhainistíocht fhónta airgeadais ar bhuiséad an Aontais, nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais (20).

20.

Is é is iarmhairt don tuiscint sin, maidir le húdaráis náisiúnta a dhéanann gníomhaíochtaí ar ghníomhaíochtaí ginearálta iad agus nach bhfuil teoranta do chur chun feidhme nó do chosaint bhuiséad an Aontais, ní thiocfaidh a n-iompar nó a staideanna ar sárú ar phrionsabail an smachta reachta iad faoi raon feidhme an Rialacháin ach a mhéid is ábhartha do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais.

21.

Tugann an Coimisiún dá aire, i measc na staideanna sonracha sin nó an iompair shonraigh sin ag údarás poiblí, is forais chun gníomhaíochta faoin Rialachán maidir le Coinníollacht é comhar neamhéifeachtach nó míthráthúil le OIPE agus OLAF (21). Maidir le OIPE (22), cuimsítear le raon feidhme an chomhair sin an oibleagáid atá ar údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát atá rannpháirteach in OIPE cúnamh agus tacaíocht ghníomhach a thabhairt do na himscrúduithe agus do na hionchúisimh choiriúla de chuid OIPE (23). Maidir le OLAF, cuimsítear le raon feidhme an chomhair sin an ceart a bheith ag OLAF (24) seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh, leis an gcúnamh is gá chun iad a dhéanamh go héifeachtach, agus rochtain a bheith aige ar an bhfaisnéis, ar na sonraí agus ar na doiciméid ábhartha chun cinneadh a dhéanamh cé acu is ceart imscrúdú a oscailt nó nár cheart nó chun imscrúduithe a dhéanamh go héifeachtach gan moill mhíchuí. Cuimsítear leis sin freisin na hoibleagáidí gaolmhara le haghaidh an Bhallstáit lena mbaineann, lena n-áirítear (25) na hoibleagáidí seo a leanas: (i) OLAF a chur ar an eolas (26), (ii) an cúnamh is gá a thabhairt d’OLAF chun a chúraimí a dhéanamh go héifeachtach agus imscrúdú den sórt sin á dhéanamh aige (27), (iii) bearta cosanta iomchuí a dhéanamh, go háirithe bearta chun fianaise ábhartha a chosaint (28), (iv) gníomhaíocht chuí a dhéanamh ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag OLAF, sula ndéanann OLAF cinneadh maidir le himscrúdú a oscailt nó gan é a oscailt (29), agus (v) obair leantach iomchuí tráthúil ar thuarascálacha agus ar mholtaí OLAF a áirithiú nuair a chríochnaíonn sé a imscrúduithe agus an ghníomhaíocht a dhéantar a thuairisciú do OLAF (30).

22.

Tá comhlíontacht an Bhallstát lena mbaineann leis na hoibleagáidí sin fíor-riachtanach chun a áirithiú go gcosnaítear leasanna airgeadais an Aontais go héifeachtach. Dá bhrí sin, déanfaidh an Coimisiún faireachán ar an gcomhar éifeachtach tráthúil le OLAF, i bhfianaise na bprionsabal a leagtar síos in Airteagal 3 den Rialachán maidir le Coinníollacht. Tá sé sin an-tábhachtach le haghaidh na mBallstát nach bhfuil rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe maidir le OIPE, mar i gcás na mBallstát sin, tá OLAF inniúil ar líomhaintí calaoise, éillithe nó aon ghníomhaíochta neamhdhleathaí eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú. Thairis sin, mar thoradh ar easpa chórasach san obair leantach ar mholtaí OLAF, d’fhéadfadh iompar a bheith faoi na húdaráis phoiblí a bhféadfadh sárú ar phrionsabail an smachta reachta faoin Rialachán maidir le Coinníollacht a bheith i gceist leis.

23.

Thairis sin, cumhdaítear le hAirteagal 4(2)(h) aon staid nó iompar eile ag údaráis is ábhartha do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais, nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais. Chinn an Chúirt gur gá Airteagal 4(2)(h) a léirmhíniú i gcomhar le hAirteagal 4(1), arb é “croílár an tsásra coinníollachta chothrománaigh a bhunaítear leis an rialachán sin” (31) Chinn an Chúirt freisin maidir le hAirteagal 4(2) den Rialachán maidir le Coinníollacht, “go háirithe pointe (h) de , nach bhfuil sé ar shlí a fhágann go bhfuil na staideanna a chumhdaítear leis an sásra coinníollachta arna bhunú leis an rialachán a chonspóidtear neamh-uileghabhálach ná nach bhfuil sé beacht go leor chun a bheith mar chuid de” (32).

24.

Chun sampla féideartha amháin a thabhairt, d’fhéadfadh staid nó iompar (nó neamhghníomhartha ag) údaráis de réir bhrí Airteagal 4(2)(h) den Rialachán maidir le Coinníollacht, feidhmiú cuí na n-údarás atá i gceannas ar chlárlanna talún agus ar rialuithe gaolmhara ar léasú agus/nó ar úinéireacht (lena n-áirítear gníomhaíochtaí forfheidhmithe dlí, i gcás inarb iomchuí) a chumhdach, a mhéid atá an léasú agus/nó an úinéireacht sin ábhartha d’fhóirdheontais a fháil faoi Chomhbheartas Talmhaíochta an Aontais.

25.

Is fiú a mheabhrú go bhfuil feidhm ag an Rialachán maidir le Coinníollacht i dtaca le cistí uile an Aontais. Ar an tslí sin, shoiléirigh na comhreachtóirí freisin go bhféadfar an Rialachán maidir le Coinníollacht a ghníomhachtú i gcás nach n-áirithítear feidhmiú cuí na n-údarás a chuireann a bPleananna Téarnaimh agus Athléimneachta i bhfeidhm, i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) 2021/241 (“Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta”) (33). Shoiléirigh an Chúirt Bhreithiúnais freisin go bhféadfadh feidhm a bheith ag an Rialachán maidir le Coinníollacht freisin i dtaca le sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta a dhéanann difear do bhailiú acmhainní dílse an Aontais (34).

2.2.   Éifeachtaí ar bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó ar chosaint leasanna airgeadais an Aontais

26.

De réir Airteagal 4(1) den Rialachán maidir le Coinníollacht, le go dtiocfadh iompar nó staid áirithe faoi réim an Rialacháin maidir le Coinníollacht ní mór don Choimisiún sárú ar phrionsabail an smachta reachta a shainaithint agus a mheas an ndéanann an sárú sin (i) difear do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais, nó a mheas an bhfuil baol tromchúiseach ann go ndéanfadh sé difear dóibh, (ii) é sin a dhéanamh ar bhealach sách díreach. Ba cheart an measúnú sin a dhéanamh de réir an cháis.

27.

Ceanglaítear leis an gcéad choinníoll i mír 24 thuas (féach pointe (i): “difear a dhéanamh”) go mbeidh éifeacht ag an sárú a shainaithneofar ar phrionsabail an smachta reachta ar bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó ar leasanna airgeadais an Aontais.

28.

Ar an gcéad dul síos, is éard a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis an éifeacht sin buiséad an Aontais a chur chun feidhme ar bhealach nach gcomhlíonann prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais mar a chumhdaítear in Airteagal 317 CFAE agus sna rialacha arna nglacadh chun buiséad an Aontais a chur chun feidhme. Go háirithe, in Airteagal 2(59) den Rialachán Airgeadais sainmhínítear “bainistíocht fhónta airgeadais” mar “chur chun feidhme an bhuiséid i gcomhréir le prionsabail na barainneachta, na héifeachtúlachta agus na héifeachtachta”. In Airteagail 33 go 36 den Rialachán Airgeadais, leagtar amach ar bhealach níos mionsonraithe brí, raon feidhme agus iarmhairtí na bprionsabal sin.

29.

Ar an dara dul síos, féadfar an éifeacht sin a bhunú freisin i ndáil le sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta a dhéanann dochar do chosaint leasanna airgeadais an Aontais, arna gcumhdach in Airteagal 325 CFAE agus sa reachtaíocht thánaisteach ábhartha. Go háirithe, i gcomhréir le hAirteagal 63(2) den Rialachán Airgeadais, cumhdaítear leis sin gach beart reachtach, rialála agus riaracháin atá ceaptha, inter alia, chun neamhrialtachtaí agus calaois i gcur chun feidhme an bhuiséid a chosc, a bhrath agus a cheartú. I measc “leasanna airgeadais an Aontais” a shainmhínítear in Airteagal 2(1) de Rialachán Uimh. 883/2013 áirítear “ioncam, caiteachas agus sócmhainní a chumhdaítear le buiséad an Aontais Eorpaigh agus iad siúd a chumhdaítear le buiséid na n-institiúidí, na gcomhlachtaí, na n-oifigí agus na ngníomhaireachtaí agus na buiséid a ndéanann siad bainistiú agus faireachán orthu”. Thairis sin, de réir chásdlí na Cúirte Breithiúnais, cuimsíonn coincheap “leasanna airgeadais an Aontais”, de réir bhrí Airteagal 325(1) CFAE, ioncam a chuirtear ar fáil do bhuiséad an Aontais agus caiteachas freisin arna chumhdach ag an mbuiséad sin (35).

30.

Thairis sin, agus méid na héifeachta ar bhuiséad an Aontais nó ar leasanna airgeadais an Aontais á gcinneadh ag an gCoimisiún, cuirfidh sé san áireamh go cuí critéir amhail cineál, fad, tromchúis agus raon feidhme na sáruithe arna sainaithint ar phrionsabail an smachta reachta, ar sáruithe iad a d’fhéadfadh a bheith éagsúil ag brath ar shaintréithe na sáruithe sin (36). Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh an rún atá ag an mBallstát ábhartha deireadh a chur leis an sárú ar phrionsabail an smachta reachta, lena n-áirítear an méid comhair a dhéanfaidh sé leis an gCoimisiún faoin Rialachán maidir le Coinníollacht, ábhartha, i measc nithe eile, chun tionchar, fad agus raon feidhme an tsáraithe ábhartha ar bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó leasanna airgeadais an Aontais a thomhas (37).

31.

A mhéid a bhaineann le cás ina bhfuil “riosca tromchúiseach” a dhéanann difear do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais i gceist le sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta, tá an Chúirt tar éis a chinneadh go mbeadh sé “ar neamhréir le ceanglais maidir le bainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais agus le cosaint leasanna airgeadais an Aontais teorainn a chur le glacadh beart iomchuí i gcásanna ina bhfuil éifeachtaí cruthaithe acu ar an mbainistíocht fhónta airgeadais sin nó ar na leasanna airgeadais sin. D’fhéadfadh an teorannú sin dochar a dhéanamh do chuspóir Rialachán ...” (38). Is “ceanglas buan agus cothrománach de chuid reachtaíocht airgeadais an Aontais” cosc a chur ar na héifeachtaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán (39). Féadfar “riosca tromchúiseach” a shuíomh i gcásanna inar féidir éifeachtaí an tsáraithe ábhartha ar phrionsabail an smachta reachta a thuar go réasúnta, cé nár cruthaíodh iad go fóill, ós rud é go bhfuil dóchúlacht ard ann go dtarlóidh siad (40). Ní mór a léiriú, dá bhrí sin, go bhfuil dóchúlacht ard ann go dtarlóidh an riosca, i ndáil le cásanna nó le foirmeacha iompair na n-údarás dá dtagraítear in Airteagal 4(2) den Rialachán maidir le Coinníollacht. Maidir le gníomhartha áirithe de chuid na n-údarás náisiúnta chun cistí de chuid an Aontais a chur chun feidhme trí sholáthar poiblí, nó chun acmhainní dílse an Aontais a bhailiú, nó chun rialú airgeadais, faireachán agus iniúchadh a dhéanamh ar chistí an Aontais, nó chun imscrúdú a dhéanamh ar líomhaintí maidir le calaois, éilliú nó sáruithe eile ar dhlí an Aontais i gcur chun feidhme cistí nó ioncaim de chuid an Aontais, mar shampla, más rud é nach féidir le cúirteanna lán-neamhspleácha iad a athbhreithniú go héifeachtach, d’fhéadfadh riosca tromchúiseach a bheith i gceist leis sin a mhéid a bhaineann le cistí an Aontais agus leasanna airgeadais an Aontais.

32.

Ar deireadh, ní leor go ndéanfadh sárú ar phrionsabail an smachta reachta difear do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais nó go bhfuil baol tromchúiseach ann go ndéanfadh sé difear dóibh. De réir Airteagal 4(1) den Rialachán maidir le Coinníollacht, ba cheart an sárú ar phrionsabail an smachta reachta é sin a dhéanamh “ar bhealach sách díreach” (an dara coinníoll i mír 24 thuas (féach pointe (ii)).

33.

De bhun an cheanglais sin, ba cheart a shuíomh go bhfuil gaol sách díreach idir sárú phrionsabail an smachta reachta agus a éifeachtaí, nó rioscaí tromchúiseacha ina leith sin, ar bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó ar chosaint leasanna airgeadais an Aontais. Mheas an Chúirt Bhreithiúnais go gceanglaítear leis na téarmaí “ar bhealach sách díreach” go mbeadh an nasc idir sárú phrionsabail an smachta reachta agus an tionchar ar bhuiséad an Aontais nó na rioscaí dó “fíor” nó “cruthanta” (41). Ciallaíonn sé sin nár cheart nós imeachta an Rialacháin a chur i ngníomh maidir le cásanna nach bhfuil sa nasc ach nasc hipitéiseach, ró-neamhchinnte nó ródhoiléir.

3.   An gaol idir an Rialachán maidir le Coinníollacht agus nósanna imeachta eile a leagtar amach i reachtaíocht an Aontais

34.

I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún go bhfuil forais réasúnacha aige lena mheas gur comhlíonadh na coinníollacha chun bearta a ghlacadh faoin Rialachán maidir le Coinníollacht, sula gcuirfidh sé tús leis an nós imeachta measfaidh sé an bhfuil gá le bearta iomchuí, i.e. measfaidh sé an gceadófaí dó buiséad an Aontais a chosaint le nósanna imeachta eile a leagtar amach i reachtaíocht an Aontais chun buiséad an Aontais a chosaint ar bhealach níos éifeachtaí, mar a bhunaítear le hAirteagal 6(1) den Rialachán maidir le Coinníollacht.

35.

Go bunúsach, foráiltear cheana féin i reachtaíocht airgeadais an Aontais agus sna rialacha earnáilsonracha is infheidhme maidir le nósanna imeachta eile chun buiséad an Aontais a chosaint.

36.

Mar shampla, déantar foráil sa Rialachán Airgeadais maidir le córas luathbhraite agus eisiaimh (“EDES”) (42), lena gceadaítear don Choimisiún daoine nó eintitis a bhrath ar rioscaí iad atá ag bagairt ar chosaint leasanna airgeadais an Aontais go luath, agus iad a eisiamh ó chistí a fháil ó bhuiséad an Aontais, má chomhlíontar coinníollacha áirithe.

37.

Thairis sin, féadfaidh an Coimisiún briseadh nó fionraí íocaíochtaí a fhorchur, agus déanfaidh sé ceartuithe airgeadais a fhorchur ar na Ballstáit (43) mura gcomhlíonann siad an dlí is infheidhme agus mura gcosnaíonn siad leasanna airgeadais an Aontais agus buiséad an Aontais á chur chun feidhme acu faoi bhainistíocht chomhroinnte (44).

38.

Faoi Rialachán RRF agus faoi na comhaontuithe maoinithe agus iasachta arna síniú dá bhun, tá sé de cheart ag an gCoimisiún an tacaíocht a laghdú go comhréireach agus aon mhéid atá dlite do bhuiséad an Aontais a ghnóthú i gcásanna calaoise, éillithe agus coinbhleachta leasa a dhéanann difear do leasanna an Aontais agus nár cheartaigh na Ballstáit. Ina theannta sin, áirítear i roinnt pleananna téarnaimh agus athléimneachta bearta a bhaineann go díreach le saincheisteanna an smachta reachta, a bhfuil gá lena gcomhlíonadh sásúil chun íocaíochtaí a scaoileadh faoi RRF.

39.

Mar sin féin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh sé indéanta i gcónaí na nósanna imeachta sin a chur i ngníomh i ndáil le cásanna a bhaineann le sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta, amhail na cinn sin a liostaítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 4(2) den Rialachán maidir le Coinníollacht. D’fhéadfadh cásanna a bheith ann freisin ina bhféadfadh na bearta faoin Rialachán maidir le Coinníollacht a bheith níos éifeachtaí maidir le buiséad an Aontais a chosaint ná nósanna imeachta Rialachán (AE) 2021/1060 (“CPR”) nó Rialachán (AE) 1306/2013 agus, amhail ón 1 Eanáir 2023, Rialachán (AE) 2021/2116, toisc nach bhféadfar an Rialachán deireanach sin a sheoladh ach amháin faoi na forais shonracha a liostaítear sna Rialacháin sin (45) agus nach bhféadfaidh baint a bheith aige ach le caiteachas a dhearbhaigh an Ballstát don Choimisiún cheana. Mar shampla, is coinníoll cumasúcháin cothrománach é cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme éifeachtach Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh de réir bhrí Airteagal 15 CPR. Is réamhriachtanas é an coinníoll cumasúcháin sin chun cuspóirí sonracha cláir a chur chun feidhme go héifeachtach agus go héifeachtúil. Faoi CPR, mura gcomhlíonann Ballstát coinníoll cumasúcháin, ní aisíocfaidh an Coimisiún an caiteachas a bhaineann le hoibríochtaí atá nasctha leis na cuspóirí sonracha lena mbaineann, cé is moite den chaiteachas sin a rannchuidíonn le comhlíonadh an choinníll cumasúcháin chomhfhreagraigh. Ní bheidh feidhm ag an mbeart sin ach amháin tar éis don Choimisiún an clár ábhartha nó an leasú ar an gclár sin a fhormheas. I gcásanna ina sáraítear prionsabail an smachta reachta i ndáil le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a dhéanann difear do chur chun feidhme cláir de chuid an Aontais, d’fhéadfadh an Rialachán maidir le Coinníollacht a bheith níos éifeachtaí a mhéid a dhéantar foráil ann freisin maidir leis an bhféidearthacht formheas nó leasú cláir a chur ar fionraí agus, mar thoradh air sin, cosaint bhuiséad an Aontais a neartú a thuilleadh a bhuí lena éifeacht choisctheach.

40.

Agus breithniú á dhéanamh an ndéantar buiséad an Aontais a chosaint ar bhealach níos éifeachtaí leis an nós imeachta arna bhunú leis an Rialachán maidir le Coinníollacht ná mar a dhéantar le nósanna imeachta eile, cuirfidh an Coimisiún san áireamh, agus é ag tógáil ar fhorfheidhmiú na reachtaíochta a bhaineann go sonrach le hearnáil faoi leith agus gan dochar dá chumhachtaí ná dá oibleagáidí a leagtar amach ann, tacar oscailte critéar, a chuirfear i bhfeidhm i bhfianaise imthosca sonracha gach cáis ar leith. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh an Coimisiún an Rialachán maidir le Coinníollacht a chur i bhfeidhm i dteannta nó tar éis bearta a bhaineann go sonrach le hearnáil faoi leith nó bearta airgeadais a d’fhéadfadh a bheith de cheangal air a ghlacadh, i gcás ina gcosnófaí buiséad an Aontais agus leasanna airgeadais an Aontais ar bhealach níos éifeachtaí leis an Rialachán maidir le Coinníollacht, rud a léireodh a bhreisluach. Murach sin, ní bheadh éifeacht úsáideach ag breisluach ná ag éifeachtacht an Rialacháin, mar ionstraim ghinearálta chothrománach atá dírithe ar bhuiséad an Aontais agus leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.

41.

Measann an Coimisiún go bhféadfar na critéir tháscacha seo a leanas a úsáid chun éifeachtacht na cosanta a thugtar leis an Rialachán maidir le Coinníollacht a chinneadh i gcomparáid le hionstraimí eile atá ann cheana chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.

42.

Baineann ceann amháin de na chéad chritéir le raon feidhme na héifeachta ar bhuiséad an Aontais agus/nó leis an méid riosca a d’fhéadfadh a bheith ag baint le sárú ar phrionsabail an smachta reachta maidir le héifeachtúlacht a bhainistíochta fónta airgeadais nó le cosaint leasanna airgeadais an Aontais. Go háirithe, ní fhéadfaidh feidhm a bheith ag nósanna imeachta faoi rialacha airgeadais eile de chuid an Aontais ach amháin maidir le cláir chaiteachais shonracha agus, dá bhrí sin, d’fhéadfadh siad a bheith neamhleor, i gcásanna áirithe, i gcomhair sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta atá “forleathan nó mar gheall ar chleachtais nó easnaimh athfhillteacha ag údaráis phoiblí, nó mar gheall ar bhearta ginearálta arna nglacadh ag údaráis den sórt sin” (46). D’fhéadfadh sé sin tarlú freisin i gcás ina mbaineann riosca tromchúiseach le sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta go ndéanfaí difear do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais, cé go bhféadfadh rialacha airgeadais eile de chuid an Aontais baint a bheith acu ina ionad sin le héifeachtaí a chuaigh i bhfeidhm cheana ar bhuiséad an Aontais. Mar shampla, i gcás ina gcuireann dlíthe náisiúnta teorainn le dliteanas coiriúil i leith calaoise nó éillithe, nó ina ndéanann siad an creat dlíthiúil frith-chalaoise agus frith-éillithe nó cosc coinbhleachtaí leasa níos laige, d’fhéadfadh sé nach ndéanfaí imscrúdú agus ionchúiseamh éifeachtach ar chásanna calaoise, éillithe nó coinbhleachta leasa, agus d’fhéadfadh sé sin a bheith ina chúis le rioscaí tromchúiseacha do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais. Sa líne chéanna réasúnaíochta, féadfaidh rioscaí tromchúiseacha do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais a bheith i gceist le dlíthe ginearálta lena gcuirtear bac ar athbhreithniú breithiúnach éifeachtach ag cúirteanna neamhspleácha ar chinntí údaráis náisiúnta a bhainistíonn cistí de chuid an Aontais ina n-iomláine nó i bpáirt. Sna cásanna sin, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh go bhféadfadh úsáid an Rialacháin maidir le Coinníollacht a bheith níos éifeachtaí ná ionstraimí eile de chuid an Aontais.

43.

Baineann critéar ábhartha eile leis na cineálacha leigheasanna atá ar fáil agus lena n-oiriúnacht maidir le cásanna éagsúla. Déantar foráil leis an Rialachán maidir le Coinníollacht maidir le han-éagsúlacht féidearthachtaí chun aghaidh a thabhairt ar shainiúlachtaí an tsáraithe ábhartha ar phrionsabail an smachta reachta a fhéadfar a chur i bhfeidhm go carnach (47). Dá mba rud é nach mbeadh na leigheasanna atá ar fáil de bhun reachtaíocht eile de chuid an Aontais chomh hiomchuí céanna chun aghaidh a thabhairt ar an sárú ábhartha ar phrionsabail an smachta reachta, d’fhéadfaí a mheas go bhfuil an Rialachán maidir le Coinníollacht níos éifeachtaí. D’fhéadfadh cásanna den sórt sin tarlú i gcás ina ndéantar difear do bhuiséad an Aontais ar bhealach leathan nó ina bhfuil an baol ann go ndéanfaí difear dó ar bhealach leathan, má tharlaíonn, mar shampla, go gcuireann an dlí náisiúnta bac ar athbhreithniú breithiúnach éifeachtach ar chinntí riaracháin chun buiséad an Aontais a chur chun feidhme nó bac ar chásanna ábhartha a tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, nó mar gheall ar easpa neamhspleáchais sna cúirteanna náisiúnta. I gcásanna den sórt sin, le bearta fionraíochta nó toirmisc faoin Rialachán maidir le Coinníollacht a fhorchuirtear go carnach go dtí go gcuirtear deireadh leis an sárú ábhartha ar phrionsabail an smachta reachta, d’fhéadfaí buiséad an Aontais a chosaint ar bhealach níos éifeachtaí toisc go bhféadfaidís cosc a chur ar éifeachtaí díobhálacha ar bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais agus ar leasanna airgeadais an Aontais. D’fhéadfaí a chumhdach leis sin cásanna ina sáraíonn na rioscaí airgeadais foriomlána do bhuiséad an Aontais agus do leasanna airgeadais an Aontais na rioscaí a bhféadfaí aghaidh a thabhairt orthu leis na bearta atá dírithe ar chlár sonrach agus atá ar fáil faoi ionstraim earnála amháin.

4.   Bearta a d’fhéadfadh an Coimisiún a mholadh - Comhréireacht

44.

I gcomhréir le hAirteagal 5(3) den Rialachán maidir le Coinníollacht, a luaithe a shuífidh an Coimisiún go bhfuil na coinníollacha lena spreagtar cur i bhfeidhm an Rialacháin maidir le Coinníollacht á gcomhlíonadh, molfaidh sé don Chomhairle bearta atá comhréireach (48), rud a chiallaíonn nach mór dóibh a bheith oiriúnach agus riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna a fuarthas agus chun buiséad an Aontais agus leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, gan dul thar a bhfuil riachtanach chun a n-aidhm a bhaint amach.

45.

Chinn an Chúirt Bhreithiúnais, de bhun Airteagal 5(3) den Rialachán, gur cheart go mbeadh na bearta comhréireach go docht, i.e “teoranta don mhéid a bhfuil fíorghá leis i bhfianaise an tionchair iarbhír nó fhéideartha ag sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta ar bhainistíocht airgeadais bhuiséad an Aontais nó ar leasanna airgeadais an Aontais” (49).

46.

Sa chomhthéacs sin, cuirfidh an Coimisiún san áireamh go cuí cineál, fad, tromchúis agus raon feidhme na sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta atá i gceist (50). Ós rud é go gcuidítear leis na critéir sin méid an tionchair a chinneadh, tionchar a d’fhéadfadh a bheith éagsúil ag brath ar shaintréithe na sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta a fuarthas, bíonn tionchar ag a mbreithniú ar an measúnú ar chomhréireacht na mbeart (51). Cé nach féidir gach cineál sárú ar phrionsabail an smachta reachta a d’fhéadfadh a bheith ann a shainiú agus a mheas roimh ré, mar aon leis an tionchar beacht a bheidh acu ar bhuiséad an Aontais nó ar leasanna airgeadais an Aontais, ag an gcéim seo agus in éagmais taithí ar chur i bhfeidhm an Rialacháin maidir le Coinníollacht, déanfaidh an Coimisiún scrúdú ar na heilimintí thíos i ndáil le gach ceann de na saintréithe sin.

47.

A mhéid a bhaineann le cineál an tsáraithe, tá gach sárú ar phrionsabail an smachta reachta ábhartha maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin maidir le Coinníollacht a mhéid a dhéanann siad difear do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do leasanna airgeadais an Aontais, nó a bhfuil baol ann go ndéanfaidís amhlaidh. Na cásanna a luaitear in Airteagal 3 den Rialachán maidir le Coinníollacht, tá tábhacht ar leith ag gabháil leo, áfach, mar go luaitear iad go sainráite ann. Ní chiallaíonn sin, áfach, go measfar gur lú an tábhacht a bhaineann le sáruithe eile ar phrionsabail an smachta reachta. Ina mheasúnú, tabharfaidh an Coimisiún aird chuí freisin ar ghnéithe eile den sárú ar phrionsabail an smachta reachta, amhail cibé acu atá nó nach bhfuil dlúthcheangal aige leis an bpróiseas faoina n-úsáideann na Ballstáit lena mbaineann cistí ón Aontas (mar shampla, i gcás fheidhmiú míchuí na n-údarás poiblí a dhéanann cinneadh faoi dhámhachtain deontas nó conarthaí arna maoiniú trí bhuiséad an Aontais), agus sa chás sin d’fhéadfadh an tionchar ar bhuiséad an Aontais nó ar leasanna airgeadais an Aontais a bheith an-suntasach.

48.

A mhéid a bhaineann leis an bhfad, tá an dóchúlacht ann, dá fhad a mhaireann sárú ar phrionsabail an smachta reachta, nó dá mhéad uair a tharlaíonn sé arís agus arís eile, is ea is mó a dhéanfaidh sé dochar do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do leasanna airgeadais an Aontais i gcoitinne, nó is ea is mó a bheidh an baol ann go ndéanfadh sé amhlaidh. Dá réir sin, beidh tionchar ag an gconclúid seo ar mheasúnú an Choimisiúin ar chomhréireacht na mbeart a d’fhéadfadh sé a mholadh.

49.

A mhéid a bhaineann le tromchúis an tsáraithe ar phrionsabail an smachta reachta, nuair a bhaineann sárú amháin nó roinnt sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta le codanna tábhachtacha d’earnáil phoiblí i mBallstát, amhail an bhrainse reachtach agus/nó na breithiúna, a d’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith acu ar bhainistíocht bhuiséad an Aontais ag údaráis náisiúnta, nó i gcás ina bhfuil an sárú nó na sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta sistéamach nó forleathan, measann an Coimisiún gur cheart na tosca sin a chur san áireamh a mhéid a bhaineann le comhréireacht na mbeart. Maidir le raon feidhme an tsáraithe ar phrionsabail an smachta reachta, nuair a dhéanann sárú ar phrionsabail an smachta reachta difear do roinnt clár nó cistí de chuid an Aontais, nó nuair atá baol ann go ndéanfadh sé amhlaidh, measann an Coimisiún gur féidir a bheith ag súil go mbeidh tionchar suntasach aige ar bhuiséad an Aontais nó ar leasanna airgeadais an Aontais. Go ginearálta, is iondúil go léireofar tromchúis an tsáraithe ar phrionsabail an smachta reachta faoin Rialachán maidir le Coinníollacht i dtromchúis an tionchair iarbhír nó fhéideartha atá aige ar bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó ar leasanna airgeadais an Aontais.

50.

Le láithreacht nó neamhláithreacht charnach na n-eilimintí thuasluaite a mheastar i bhfianaise thionchar iarbhír nó féideartha an tsáraithe ábhartha ar phrionsabail an smachta reachta ar bhuiséad an Aontais nó ar chosaint leasanna airgeadais an Aontais, measann an Coimisiún go bhféadfar an measúnú comhréireachta ar na bearta atá le moladh faoin Rialachán seo a threorú. Dá bhrí sin, sárú sistéamach ar phrionsabail an smachta reachta a dhéanann difear do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do leasanna airgeadais an Aontais ar bhealach carnach agus/nó ar feadh tréimhse shuntasach ama, féadfaidh sé a bheith ina údar le bearta a mholadh, ar bearta iad lena mbeidh tionchar suntasach airgeadais don Bhallstát lena mbaineann.

51.

Anuas ar na heilimintí sin, féadfaidh an Coimisiún tosca eile a mheas freisin, go háirithe, rún an Bhallstáit deireadh a chur leis an sárú ar phrionsabail an smachta reachta, méid comhair an Bhallstáit lena mbaineann (52), nó diúltú an Bhallstáit sin oibriú i gcomhar go dílis leis an gCoimisiún i gcomhthéacs na nósanna imeachta de bhun an Rialacháin maidir le Coinníollacht, nó marthanacht nó athdhéanamh féideartha sáruithe comhchosúla ar phrionsabail an smachta reachta, d’ainneoin moltaí nó tograí le haghaidh bearta a rinne an Coimisiún roimhe seo. Maidir le rún agus méid comhair an Bhallstáit, tá siad ábhartha freisin chun fad agus raon feidhme sáraithe ar phrionsabail an smachta reachta a chinneadh (53). Áiritheoidh an Coimisiún measúnú atá oibiachtúil agus neamhchlaonta agus breithniú á dhéanamh aige ar na tosca sin.

52.

Ceanglaítear leis an Rialachán maidir le Coinníollacht go ndíreofar leis na bearta, a mhéid is féidir, ar “ghníomhaíochtaí an Aontais a ndéanann na sáruithe difear dóibh” (54). Cuirfidh an Coimisiún in iúl, ina mholadh, cláir nó cistí sonracha a ndéanann na sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta difear dóibh nó na cinn a bhfuil baol ann go ndéanfaí difear dóibh, agus molfaidh sé, a mhéid is féidir, bearta lena ndíreofar ar na cláir nó ar na cistí sin. I gcásanna nach féidir é sin a dhéanamh, áfach, lena n-áirítear i gcásanna ina bhfuil tionchar ag an sárú ar phrionsabail an smachta reachta ar bhailiú acmhainní dílse an Aontais, ceadaítear leis an Rialachán maidir le Coinníollacht bearta a bhaineann le gníomhaíochtaí an Aontais, seachas na cinn a ndéanann an sárú ar phrionsabail an smachta reachta difear dóibh, a ghlacadh. Chinn an Chúirt Bhreithiúnais go bhféadfadh sé go mbainfeadh sé le cásanna nach féidir (55) díriú ar na gníomhaíochtaí deireanacha sin nó nach féidir díriú orthu a thuilleadh, nó nach féidir díriú orthu ach amháin ar bhealach neamhleor, chun cuspóir an Rialacháin maidir le Coinníollacht a bhaint amach, arb éard atá ann cosaint bhuiséad an Aontais ina iomláine a áirithiú, a mbeidh mar thoradh leis go mbeidh na bearta sin riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach (56). Murach sin, ní bheifear in ann cuspóir an Rialacháin maidir le Coinníollacht a bhaint amach. Thairis sin, i gcásanna ina gcuirtear i bhfeidhm an Rialachán maidir le Coinníollacht ar reachtaíocht eile an Aontais sa bhreis air sin nó ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún san áireamh tionchar foriomlán na mbeart chun urraim do phrionsabal na comhréireachta a áirithiú.

53.

Sa mheasúnú a dhéanfaidh sé ar chomhréireacht na mbeart atá beartaithe, ní mór don Choimisiún, de bhun Airteagal 6(8) den Rialachán maidir le Coinníollacht, na foinsí céanna a úsáideadh chun na sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta a shainaithint a chur san áireamh freisin, mar a luaitear i roinn 5.2 de na treoirlínte seo.

5.   Nós imeachta agus modheolaíocht an phróisis measúnaithe

5.1.   Réamh-mheasúnú an Choimisiúin

54.

Chun sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta faoin Rialachán maidir le Coinníollacht a shainaithint agus a mheas, déanfaidh an Coimisiún measúnú cáilíochtúil críochnúil ar bhonn cás ar chás, agus aird chuí á tabhairt ar na himthosca agus ar na comhthéacsanna sonracha, a luífidh ar phrionsabail agus ar ghnéithe na modheolaíochta a leagtar amach sna míreanna seo a leanas de na Treoirlínte seo.

55.

Déanfaidh an Coimisiún a mheasúnú ar bhealach oibiachtúil, neamhchlaonta agus cóir (57).

56.

Ceanglaítear le hoibiachtúlacht go mbunófar an measúnú ar fhíorais nó ar fhianaise iarbhír atá ag an gCoimisiún. Anuas ar na teagmhálacha éagsúla idir an Coimisiún, comhlachtaí eile agus na Ballstáit, in Airteagal 6(4) den Rialachán maidir le Coinníollacht cuirtear in iúl go soiléir freisin gur féidir leis an gCoimisiún an fhaisnéis fhorlíontach is gá a iarraidh chun a mheasúnú a dhéanamh agus déanfaidh sé amhlaidh nuair a mheasann sé gurb iomchuí sin. Mar shampla, féadfaidh sé faisnéis bhreise a iarraidh, arb é is aidhm di comhlíonadh na gcoinníollacha le haghaidh chur i bhfeidhm an Rialacháin maidir le Coinníollacht a dheimhniú, measúnú a dhéanamh ar mhéid an tionchair ar bhuiséad an Aontais nó ar chosaint leasanna airgeadais an Aontais (nó an riosca ina leith), nó measúnú níos mionsonraithe a dhéanamh ar aon bheart feabhais a chuir an Ballstát i bhfeidhm nó a bhfuil sé beartaithe ag an mBallstát a chur i bhfeidhm. Ós rud é gurb é ceann de phríomhaidhmeanna an Rialacháin maidir le Coinníollacht go n-úsáidtear é mar uirlis choisctheach chun buiséad an Aontais agus leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, féachann an Coimisiún le hidirphlé agus comhar ionraic leis an mBallstát lena mbaineann a áirithiú, agus an nós imeachta a choinneáil ar an luas ceart.

57.

Tugtar le tuiscint le neamhchlaontacht sa mheasúnú ar chásanna faoin Rialachán maidir le Coinníollacht go bhfuil cóir chothrom i measc na mBallstát. Le hAirteagal 4(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ceanglaítear ar an Aontas comhionannas na mBallstát i bhfianaise na gConarthaí a urramú freisin. I gcomhréir le cásdlí comhsheasmhach Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ciallaíonn sin, thar aon ní eile, nach féidir caitheamh le cásanna inchomparáide ar bhealach éagsúil agus nach féidir caitheamh le cásanna difriúla ar an mbealach céanna, ach amháin más féidir bonn cirt a thabhairt (58) go hoibiachtúil leis an gcóir sin ar bhonn na n-imthosca sonracha lena ndéantar gach cás nithiúil a shaintréithriú. Cé nach mór don Choimisiún a mheasúnuithe a dhéanamh agus gnéithe áirithe de chóras dlí an Bhallstáit i gceist agus an discréid atá aige i gcur chur chun feidhme phrionsabail an smachta reachta á gcur san áireamh, ní chiallaíonn sin go bhféadfadh éagsúlacht a bheith ann i dtaca leis na hoibleagáidí, maidir leis an toradh atá le baint amach, a eascróidh astu ó Bhallstát amháin go Ballstát eile. Chinn an Chúirt Bhreithiúnais gur cheart measúnú a dhéanamh ar urraim don smacht reachta ar bhonn critéir aonfhoirmeacha, agus go bhfuil ábhar phrionsabail an smachta reachta soiléir, go mbunaítear leis oibleagáidí ceangailteacha toraidh atá soiléir agus beacht, agus gurb aithnidiúil do na Ballstáit iad (59). Chinn an Chúirt Bhreithiúnais go bhfuil na Ballstáit in ann an t-ábhar fíor-riachtanach agus na ceanglais a eascraíonn as gach ceann de na prionsabail a liostaítear in Airteagal 2(a) den Rialachán a chinneadh ar bhealach a bheadh beacht a dhóthain (60).

58.

A mhéid a bhaineann le cothroime an mheasúnaithe faoin Rialachán maidir le Coinníollacht, measann an Coimisiún go dtugtar le tuiscint leis dearcadh cuimsitheach a ghlacadh ar na himthosca uile atá faoi bhreithniú chun sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta atá ábhartha faoin Rialachán maidir le Coinníollacht a shainaithint.

59.

Seiceálfaidh seirbhísí an Choimisiúin ar an gcéad dul síos cibé acu a thagraíonn nó nach dtagraíonn na foinsí ábhartha do shárú ar phrionsabail an smachta reachta a sainaithníodh cheana, nó, murar sainaithníodh é roimhe seo, cibé acu atá nó nach bhfuil foras réasúnach ann lena mheas go ndearnadh sárú den sórt sin ar phrionsabail an smachta reachta. Chun na críche sin, measann an Coimisiún go bhfuil rialaithe deiridh Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh dochloíte. Seiceálfaidh sé ansin cibé acu a bhaineann nó nach mbaineann an sárú sin ar phrionsabail an smachta reachta le cás nó iompar na n-údarás atá ábhartha maidir le bainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó cosaint leasanna airgeadais an Aontais, mar a fhoráiltear in Airteagal 4(1) agus Airteagal 2 den Rialachán.

60.

Ar an dara dul síos, toisc nach leor sárú ar phrionsabail an smachta reachta a aimsiú chun an Rialachán maidir le Coinníollacht a spreagadh, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar cibé acu a dhéanann nó nach ndéanann an sárú ar phrionsabail an smachta reachta difear do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do leasanna airgeadais an Aontais, nó ar cibé acu atá nó nach bhfuil baol ann go ndéanfadh sé amhlaidh, ina mbreithneofar critéir a ndearnadh anailís orthu i roinn 2.2 de na Treoirlínte. Tabharfaidh an Coimisiún tábhacht ar leith do bhearta ceartaitheacha agus do réitigh eile a rinne sé cheana i gcásanna comhchosúla faoi na nósanna imeachta dá dtagraítear i roinn 3 thuas nó nósanna imeachta eile faoi dhlí an Aontais, ar choinníoll go raibh nasc acu le cásanna atá ina léirithe táscacha ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta de bhun an Rialacháin maidir le Coinníollacht.

61.

Measfaidh seirbhísí an Choimisiúin, ar deireadh, cibé acu atá nó nach bhfuil nasc sách díreach ag an sárú sainaitheanta ar phrionsabail an smachta reachta leis na héifeachtaí ar bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó ar leasanna airgeadais an Aontais. Chun na críche sin, measann an Coimisiún go bhfuil ábharthacht faoi leith ag baint le rialaithe deiridh Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus le bearta ceartaitheacha roimhe seo nó réitigh eile a rinne sé cheana faoi na nósanna imeachta dá dtagraítear i roinn 3 thuas.

5.2.   Foinsí faisnéise

62.

Féachann an Coimisiún le measúnú a dhéanamh ar shaincheisteanna atá ábhartha maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin maidir le Coinníollacht ar bhealach dícheallach agus críochnúil, bunaithe ar réimse leathan fianaise, a mhéid atá sé ábhartha chun coinníollacha le haghaidh chur i bhfeidhm an Rialacháin maidir le Coinníollacht a chomhlíonadh. Measfar réimse agus raon feidhme na fianaise bunaithe ar fhiúntas gach cáis, agus na himthosca ábhartha uile á gcur san áireamh. Áiritheoidh an Coimisiún gur ábhartha í an fhaisnéis a úsáidfidh sé agus go mbeidh foinsí na faisnéise sin iontaofa.

5.2.1.   Foinsí ginearálta faisnéise

63.

Féachfaidh an Coimisiún le roinnt foinsí a úsáid chun sáruithe ábhartha ar phrionsabail an smachta reachta a shainaithint, a chros-seiceáil agus a mheasúnú d’fhonn teacht ar a chonclúidí féin maidir le cibé acu atá nó nach bhfuil coinníollacha an Rialacháin á gcomhlíonadh. Sa Rialachán maidir le Coinníollacht, in aithris 16, luaitear foinsí sonracha amhail “breithiúnais ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, tuarascálacha ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, an Tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún maidir leis an Smacht Reachta agus Scórchlár Ceartais AE, tuarascálacha na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF), tuarascálacha Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) de réir mar is ábhartha, agus conclúidí agus moltaí ó aon eagraíocht agus líonra idirnáisiúnta ábhartha, lena n-áirítear comhlachtaí de chuid Chomhairle na hEorpa amhail Grúpa Stát Chomhairle na hEorpa i gcoinne Éillithe (GRECO) agus Coimisiún na Veinéise, go háirithe seicliosta an smachta reachta dá chuid, agus líonraí Eorpacha na gcúirteanna uachtaracha agus na gcomhairlí um na breithiúnachta.”

64.

Anuas ar na foinsí sin, foinsí nach bhfuil luach fianaiseach atá sonrach nó absalóideach ag gabháil leo, cuirfidh an Coimisiún san áireamh freisin faisnéis ábhartha eile, i gcás inarb iomchuí. Féadfar a áireamh leis sin, mar shampla, tuarascálacha bliantúla an Choimisiúin maidir le “Cosaint leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh – An comhrac in aghaidh na calaoise” (“tuarascálacha maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint”) agus na rúin bhliantúla ghaolmhara ó Pharlaimint na hEorpa, an fhaisnéis ar a bhfuil tuarascálacha ábhartha an Coimisiúin, OLAF agus OIPE bunaithe, faisnéis atá i dtuarascálacha iniúchóireachta sheirbhísí an Choimisiúin, mar aon le faisnéis a fuarthas ó údaráis náisiúnta agus geallsealbhóirí, agus faisnéis eile san fhearann poiblí, amhail breithiúnais ó chúirteanna náisiúnta nó cinntí ó údaráis náisiúnta.

65.

Is féidir leis an gCoimisiún teagmháil dhíreach a dhéanamh le comhlachtaí eile agus institiúidí aitheanta freisin, amhail an tseirbhís náisiúnta comhordúcháin frith-chalaoise. Cé go luaitear in aithris 16 den Rialachán maidir le Coinníollacht go mbeadh an Coimisiún “in ann dul i gcomhairle le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha agus le Coimisiún na Veinéise dá mba ghá chun críocha measúnú cáilíochtúil críochnúil a dhéanamh”, níl an fhéidearthacht maidir le comhairliúcháin den sórt sin teoranta don dá chomhlacht sin agus rachaidh an Coimisiún i dteagmháil le haon institiúid nó le haon aon chomhlacht a mheasann sé a bheith riachtanach d’fhonn sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta a shainaithint agus an measúnú ar chásanna faoin Rialachán maidir le Coinníollacht a fheabhsú.

5.2.2.   Gearáin

66.

Foinse luachmhar faisnéise eile atá i ngearáin réasúnaithe a dhéanann aon tríú páirtí a d’fhéadfadh a bheith ar an eolas faoi fhaisnéis agus fianaise ábhartha maidir le sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta, sáruithe a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais nó tá riosca tromchúiseach ann go ndéanfaidh na sáruithe difear dóibh.

67.

Mar uirlis bhuiséadach, ní thugtar leis an Rialachán maidir le Coinníollacht leigheasanna nó éilimh ar shásamh a d’fhéadfadh gearánach a lorg (61). Gearánaigh atá ag lorg bearta feabhais atá dírithe orthu, lena n-áirítear damáistí, ní féidir leo na bearta sin a fháil ón gCoimisiún ach féadfaidh siad smaoineamh ar ghearán a dhéanamh leis na húdaráis náisiúnta nó ar chaingne a thaisceadh leis na cúirteanna náisiúnta. Soláthraíonn an tAontas Eorpach modh chun gearáin a chur isteach ar leibhéal an Aontais. Go háirithe, i gcás Ballstáit nach gcomhlíonann dlí an Aontais, is féidir le haon saoránach, gnólacht nó páirtí leasmhar eile sárú a thuairisciú don Choimisiún (62).

68.

Tar éis do sheirbhísí an Choimisiúin gearán a fháil a bhaineann leis an Rialachán maidir le Coinníollacht, déanfaidh siad measúnú an bhfuil faisnéis agus fianaise réasúnaithe ann a fhéadfaidh an Coimisiún a úsáid le haghaidh a mheasúnaithe faoin Rialachán maidir le Coinníollacht. I ndáil leis sin, maidir le gearáin lena dtagraítear do sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta gan aon léiriú maidir leis an éifeacht a d’fhéadfadh a bheith acu ar bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó ar chosaint leasanna airgeadais an Aontais nó maidir leis na rioscaí a bhaineann leis na sáruithe dóibh, ní mór a thabhairt faoi deara nach leor na gearáin sin chun a mheas go gcomhlíontar na coinníollacha faoin Rialachán, ach amháin má shuíonn an Coimisiún an éifeacht nó na rioscaí sin ar fhorais bhreise. Ag brath ar imthosca gach cáis, féadfaidh seirbhísí an Choimisiúin iarraidh ar an ngearánach faisnéis bhreise a sholáthar chun bunús a thabhairt leis an ngearán laistigh de theorainn ama shonrach. Mura soláthraítear aon fhaisnéis bhreise laistigh den teorainn ama a leagadh síos, coimeádfaidh an Coimisiún taifead ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach ach seans nach ndéanfaidh sé obair leantach maidir leis an ngearán.

69.

I gcás ina dtugtar bunús leordhóthanach leis an bhfaisnéis a chuirtear isteach agus i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin ábhartha chun críocha mheasúnú an Choimisiúin, féadfaidh seirbhísí an Choimisiúin tuilleadh faisnéise nó fianaise a iarraidh más gá. Má mheastar go bhfuil a leithéid iomchuí, féadfaidh seirbhísí an Choimisiúin bualadh leis an ngearánach nó lena ionadaithe chun na líomhaintí a rinneadh a shoiléiriú agus saincheisteanna sonracha a bhaineann leis an ngearán a phlé. Féadfaidh seirbhísí an Choimisiúin dul i dteagmháil freisin le comhlachtaí nó le hinstitiúidí eile maidir leis an bhfaisnéis a chuir an gearánach isteach chun comhthacú leis an bhfaisnéis nó leis an bhfianaise a sholáthair an gearánach, nó chun an fhaisnéis nó an fhianaise sin a chomhlánú, i gcomhréir le hAirteagal 6(4) den Rialachán maidir le Coinníollacht.

70.

Féachfaidh an Coimisiún le gearánaithe a chur ar an eolas faoin ngníomhaíocht a bheartaíonn sé a dhéanamh ar ghearán laistigh de thréimhse ama tháscach [cf. ocht mí] ón ngearán a fháil. Tá sé sin faoi réir imthosca an cháis ar leith, áfach, agus braitheann sé, go háirithe, ar cé acu a fuair nó nach bhfuair an Coimisiún faisnéis leordhóthanach ón ngearánach. Má chinneann an Coimisiún tús a chur leis an nós imeachta arna bhunú le hAirteagal 6 den Rialachán maidir le Coinníollacht agus bearta iomchuí a mholadh don Chomhairle, cuirfidh sé an gearánach ar an eolas, i bprionsabal, (1) tar éis dó an litir fógra a chur chuig an mBallstát agus (2) tar éis dó a thogra a chur chuig an gComhairle.

71.

Chun tíolacadh gearán faoin Rialachán maidir le Coinníollacht a éascú, tá bosca ríomhphoist tiomnaithe BUDG-CONDITIONALITY-REGIME-COMPLAINTS@ec.europa.eu curtha ar bun ag an gCoimisiún laistigh dá Sheirbhís Lárnach Airgeadais in Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid, trínar féidir le tríú páirtí aird an Choimisiúin a tharraingt ar sháruithe líomhnaithe ar phrionsabail an smachta reachta atá ábhartha don Rialachán maidir le Coinníollacht. In Iarscríbhinn II a ghabhann leis na Treoirlínte tugtar an fhaisnéis a fhéadfar a chur san áireamh agus teagmháil á déanamh leis an gCoimisiún, chomh maith le foirm mholta a fhéadfar a úsáid chun gearáin den sórt sin a chur isteach. Mura gcomhaontófar a mhalairt, coimeádfar céannacht an ghearánaigh go hiomlán faoi rún agus áiritheoidh an Coimisiún go gcomhlíonfar na rialacha a leagtar amach i dTreoir (AE) 2019/1937 (63).

5.2.3.   Réamhtheagmhálacha leis an mBallstát lena mbaineann

72.

Féadfaidh an Coimisiún teagmháil a dhéanamh leis an mBallstát lena mbaineann sula seolfaidh sé an fógra i scríbhinn de bhun Airteagal 6(1) den Rialachán maidir le Coinníollacht, más gá sin chun an réamh-mheasúnú a dhéanamh. Dá bhrí sin, más rud é, tar éis gearáin a fháil nó ar bhonn aon fhaisnéise eile a bhailítear, nach bhfuil an Coimisiún fós in ann a chinneadh an bhfuil forais réasúnacha aige lena mheas go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4 den Rialachán á gcomhlíonadh, ba cheart go mbeadh sé in ann teagmháil a dhéanamh leis an mBallstát lena mbaineann chun an fhaisnéis nó na mínithe a d’fhéadfadh a bheith de dhíth air a bhailiú laistigh de theorainn ama theoranta agus shonrach. Laistigh den teorainn ama chéanna, féadfaidh an Ballstát an deis a thapú chun an cás a leigheas.

73.

I gcásanna den sórt sin, féachfaidh an Coimisiún le hidirphlé oscailte a bheith aige leis an mBallstát lena mbaineann, d’fhonn comhar feabhsaithe a chumasú agus, b’fhéidir, d’fhonn aghaidh a thabhairt ar ábhair imní go luath. Léirítear leis an gcur chuige sin freisin prionsabal an chomhair dhílis, mar a chumhdaítear in Airteagal 4(3) CAE, agus go bhfuil an cosc ar cheann de phríomhaidhmeanna an Rialacháin maidir le Coinníollacht. I gcás ina n-iarrfaidh an Coimisiún soiléirithe tosaigh i scríbhinn ó Bhallstát, leagfaidh sé síos spriocdhátaí lena léireofar leithead agus castacht na soiléirithe a iarradh.

74.

Mura bhfreagróidh an Ballstát lena mbaineann nó mura gcomhoibreoidh sé laistigh den tréimhse a leagfaidh an Coimisiún síos, cuirfidh an Coimisiún a réamh-mheasúnú i gcrích ar bhonn na faisnéise atá ar fáil dó, gan mhoill.

75.

Cuirfidh an Coimisiún na prionsabail chéanna oibiachtúlachta, neamhchlaontachta agus cothroime i bhfeidhm le haghaidh na mBallstát uile le linn réamhtheagmhálacha leis na Ballstáit, i gcásanna ina meastar go bhfuil gá le réamhtheagmhálacha den sórt sin, mar a dhéanfaidh sé le linn an nós imeachta agus a mheasúnaithe.

5.3.   Nós imeachta foirmiúil de bhun Airteagal 6 den Rialachán maidir le Coinníollacht

76.

I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún go bhfuil forais réasúnacha aige lena mheas gur comhlíonadh na coinníollacha i dtaca le bearta a ghlacadh faoin Rialachán maidir le Coinníollacht agus nach gceadófaí leis na nósanna imeachta eile a leagtar amach i reachtaíocht an Aontais buiséad an Aontais a chosaint ar bhealach níos éifeachtaí, seolfaidh sé fógra i scríbhinn chuig an mBallstát lena mbaineann, ina leagfar amach na heilimintí fíorasacha agus na forais shonracha ar ar bhunaigh sé a thorthaí, agus cuirfidh sé tús leis an nós imeachta de bhun Airteagal 6 den Rialachán maidir le Coinníollacht (an “nós imeachta”).

77.

Ba cheart don Bhallstát lena mbaineann an fhaisnéis is gá a sholáthar agus féadfaidh sé bearta feabhais a mholadh nó a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar thorthaí an Choimisiúin a leagtar amach san fhógra i scríbhinn nó san iarraidh ar bharúlacha i gcomhréir le hAirteagal 6(7) den Rialachán maidir le Coinníollacht, laistigh de theorainn ama a shonróidh an Coimisiún, teorainn ama nach giorra d’aon mhí amháin agus nach mó ná trí mhí ó dháta an fhógra nó na hiarrata ar bharúlacha (64). Tar éis na malartuithe dá bhforáiltear in Airteagal 6, míreanna 1 go 7, den Rialachán maidir le Coinníollacht, má chinneann an Coimisiún go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin maidir le Coinníollacht agus má mheasann sé nach leor na bearta feabhais a tairgeadh, molfaidh sé don Chomhairle bearta a ghlacadh chun buiséad an Aontais nó leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.

78.

Agus cinneadh á dhéanamh ar cheart bearta a mholadh, déanfaidh an Coimisiún measúnú cuí ar an bhfaisnéis a fhaightear agus ar aon bharúil a thug an Ballstát lena mbaineann le linn an nós imeachta (65), chomh maith le leordhóthanacht aon bheart feabhais a mholtar le linn an nós imeachta. Chun a mheasúnú a dhéanamh ar na bearta a d’fhéadfaí a mholadh, beidh an Coimisiún ag brath freisin ar an bhfaisnéis a bhaileofar i gcomhthéacs réamhtheagmhálacha féideartha leis an mBallstát lena mbaineann, lena n-áirítear sula gcuirfear tús leis an nós imeachta, i gcás inarb ábhartha, chomh maith le haon fhaisnéis ábhartha ó fhoinsí atá ar fáil, lena n-áirítear cinntí, conclúidí agus moltaí institiúidí agus comhlachtaí an Aontais, eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha eile agus institiúidí aitheanta eile.

79.

Chomh maith le cearta nós imeachta an Bhallstáit lena mbaineann a ráthú, seolfar an nós imeachta i gcomhréir le prionsabail na hoibiachtúlachta, an neamh-idirdhealaithe agus na córa comhionainne i leith an Bhallstáit lena mbaineann, agus seolfar é de réir cur chuige neamhpháirtíneach fianaisebhunaithe (66). I gcomhréir le haithris 23 den Rialachán maidir le Coinníollacht, tá an Coimisiún tiomanta don úsáid is iomchuí a bhaint as a chearta faoi Airteagal 237 CFAE agus Rialacha Nós Imeachta na Comhairle (67) d’fhonn a áirithiú go ndéanfaidh an Chomhairle cinneadh tráthúil maidir leis an togra le haghaidh beart (68).

5.4.   Nós imeachta um bearta a bhaint

80.

Tar éis don Chomhairle na bearta a ghlacadh, déanfaidh an Coimisiún faireachán rialta ar an staid sa Bhallstát lena mbaineann. De réir Airteagal 7(2) den Rialachán maidir le Coinníollacht, arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann, nó ar a thionscnamh féin agus ar a dhéanaí bliain amháin tar éis don Chomhairle bearta a ghlacadh, déanfaidh an Coimisiún athmheasúnú ar an staid sa Bhallstát lena mbaineann agus aird aige ar an bhfianaise a thíolaic an Ballstát agus, ina theannta sin, ar leordhóthanacht aon bheart feabhais arna nglacadh ag an mBallstát lena mbaineann.

81.

Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann, tráth ar bith, bearta nua feabhais a ghlacadh agus fógra i scríbhinn a chur faoi bhráid an Choimisiúin ina gcuimseofar fianaise lena thaispeáint nach bhfuil na coinníollacha maidir leis na bearta a ghlacadh á gcomhlíonadh níos mó.

82.

Agus measúnú á dhéanamh ar an bhfógra i scríbhinn a chuir an Ballstát lena mbaineann isteach nó ar aon fhaisnéis eile a bhailigh an Coimisiún tar éis don Chomhairle na bearta a ghlacadh, leanfaidh an Coimisiún ar aghaidh i gcomhréir leis an modheolaíocht agus le prionsabail na hoibiachtúlachta, na neamhchlaontachta agus na cothroime a shonraítear i roinn 5.1 de na Treoirlínte seo. Chun an measúnú a dhéanamh, beidh an Coimisiún ag brath ar gach foinse faisnéise a luaitear i roinn 5.2 de na Treoirlínte seo (69), a bailíodh tar éis don Chomhairle na bearta a ghlacadh.

83.

Más rud é, tar éis measúnú a dhéanamh ar an bhfógra i scríbhinn a chuir an Ballstát isteach nó ar aon fhaisnéis a bhailigh an Coimisiún tar éis don Chomhairle na bearta a ghlacadh, nach féidir leis an gCoimisiún a chinneadh go réasúnta go bhfuil an staid ba shiocair le glacadh na mbeart leigheasta, féadfaidh sé faisnéis bhreise a iarraidh ar an mBallstát lena mbaineann nó ar aon tríú páirtí a fhéadfaidh faisnéis ábhartha a bheith acu, sula dtabharfaidh sé a mheasúnú i gcrích, i gcomhréir le hAirteagail 7(2), an mhír dheireanach, agus 6(4) den Rialachán maidir le Coinníollacht.

84.

Ba cheart don Bhallstát lena mbaineann an fhaisnéis is gá a sholáthar agus féadfaidh sé na bearta feabhais a moladh i dtús báire a mholadh nó a oiriúnú chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní an Choimisiúin, laistigh de theorainn ama a shonróidh an Coimisiún, teorainn ama nach giorra d’aon mhí amháin agus nach mó ná trí mhí ó dhá an fhógra nó na hiarrata ar bharúlacha (70). Tar éis na malartuithe sin agus tar éis mheasúnú deiridh an Choimisiúin, má mheasann an Coimisiún gur leigheasadh an staid ba shiocair le glacadh na mbeart, cuirfidh sé faoi bhráid na Comhairle togra le haghaidh cinneadh cur chun feidhme lena mbainfear na bearta a glacadh, i gcomhréir le hAirteagal 7(2) den Rialachán maidir le Coinníollacht. I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún go bhfuil an staid ba shiocair le glacadh na mbeart leigheasta i bpáirt, cuirfidh sé faoi bhráid na Comhairle togra maidir le cinneadh cur chun feidhme lena ndéanfar na bearta a ghlacfar a oiriúnú.

85.

Féadfar bearta a bhaint nó a oiriúnú i gcás nach bhfuil tionchar a thuilleadh ag na sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta ar bhuiséad an Aontais ná ar leasanna airgeadais an Aontais, d’ainneoin go bhfuil na sáruithe sin leanúnach (71). I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún nár leigheasadh an staid ba shiocair le glacadh na mbeart, cuirfidh sé faoi bhráid an Bhallstáit lena mbaineann cinneadh réasúnaithe agus cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas ina leith.

86.

Chomh maith le cearta nós imeachta an Bhallstáit lena mbaineann a ráthú, seolfar an nós imeachta i gcomhréir le prionsabail na hoibiachtúlachta, an neamh-idirdhealaithe agus na córa comhionainne i leith an Bhallstáit lena mbaineann, agus seolfar é de réir cur chuige neamhchlaonta fianaisebhunaithe (72). I gcomhréir le haithris 23 den Rialachán maidir le Coinníollacht, tá an Coimisiún tiomanta don úsáid is iomchuí a bhaint as a chearta faoi Airteagal 237 CFAE agus Rialacha Nós Imeachta na Comhairle (73) d’fhonn a áirithiú go ndéanfaidh an Chomhairle cinneadh tráthúil maidir leis an togra le haghaidh na bearta a bhaint nó a oiriúnú (74).

6.   Cosaint cearta dlisteanacha fhaighteoirí deiridh agus thairbhithe deiridh chistiú an Aontais faoin Rialachán maidir le Coinníollacht

87.

Beidh tionchar airgeadais nó eacnamaíoch ag na bearta a ghlacfar faoin Rialachán maidir le Coinníollacht. Mar sin féin, ba cheart an tionchar sin a theorannú don Bhallstát lena mbaineann nó i gcásanna sonracha d’eintitis náisiúnta áirithe a bhainistíonn na cistí. Mura bhforáiltear a mhalairt sa chinneadh lena nglactar na bearta ar bhonn foras cuí-réasúnaithe i gcomhréir le rialacha an Aontais is infheidhme, níor cheart forchur na mbeart sin difear a dhéanamh do na hoibleagáidí atá ar eintitis rialtais nó ar Bhallstáit íocaíochtaí a dhéanamh leis na faighteoirí nó tairbhithe deiridh atá i dteideal íocaíochtaí den sórt sin faoin gclár comhfhreagrach nó faoin gCiste comhfhreagrach de chuid an Aontais.

88.

Féadfaidh na bearta baint a bheith acu le cistí de chuid an Aontais nó le cláir de chuid an Aontais faoi gach modh bainistíochta de bhuiséad an Aontais, i.e. chur chun feidhme díreach (agus ranna an Choimisiúin á mbainistiú, nó trí ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin (75)), cur chun feidhme indíreach (ag ceann amháin de na heintitis dá bhforáiltear in Airteagal 62(1)(c) den Rialachán Airgeadais) nó cur chun feidhme comhpháirteach leis na Ballstáit (bainistíocht chomhroinnte (76)).

89.

Ní athraíonn forchur beart na hoibleagáidí atá ar eintitis rialtais nó ar Bhallstáit cheana féin an clár nó an ciste a chur chun feidhme faoi aon mhodh bainistíochta, go háirithe a n-oibleagáidí dlíthiúla íocaíochtaí a dhéanamh le faighteoirí nó tairbhithe deiridh, dá bhforáiltear leis na hionstraimí Aontais is infheidhme agus leis na gníomhartha sonracha dlí lenar cruthaíodh na hoibleagáidí sin, mura bhforáiltear a mhalairt leis an gcinneadh lena bhforchuirtear na bearta.

90.

Is é sin le rá, ní féidir leis na heintitis rialtais ná na Ballstáit na bearta iomchuí arna nglacadh ag an gComhairle a úsáid mar bhonn cirt chun iad féin a scaoileadh óna n-oibleagáidí atá ann cheana i leith na bhfaighteoirí nó na dtairbhithe deiridh, a bhaineann le híocaíochtaí faoi na rialacha ábhartha is infheidhme

91.

Luaitear in Airteagal 5(2) den Rialachán maidir le Coinníollacht nach ndéanfaidh forchur beart iomchuí difear d’oibleagáidí eintitis rialtais nó na mBallstát an clár nó an ciste a chur chun feidhme, agus go háirithe na hoibleagáidí atá orthu i leith na bhfaighteoirí nó na dtairbhithe deiridh, mura bhforáiltear a mhalairt leis an gcinneadh lena nglactar na bearta. Maidir leis an gconclúid i dtaobh a cé acu a fhéadfaidh na bearta iomchuí difear dlisteanach a dhéanamh do chearta na dtairbhithe nó na bhfaighteoirí deiridh, measann an Coimisiún go bhfuil gá le hanailís cás ar chás ina leith sin, agus déanfaidh an Coimisiún measúnú ar aon fhaisnéis ábhartha ina leith sin. Ag an gcéim seo, measann sé, i bprionsabal, nuair a bhí baint ag an tairbhí nó ag an bhfaighteoir deiridh leis an sárú ar phrionsabail an smachta reachta, amhail i gcásanna éillithe, calaoise sistéamaí agus coinbhleachtaí leasa, go bhféadfadh tionchar a bheith ag na bearta atá le glacadh faoin Rialachán maidir le Coinníollacht ar an tairbhí nó ar an bhfaighteoir sin freisin. I gcás ina mbeidh an Coimisiún ar an eolas faoi chásanna den sórt sin, cuirfidh an Coimisiún san áireamh ina thogra chuig an gComhairle (i) a chonclúid maidir le cé acu ba cheart nó nár cheart go ndéanfadh na bearta atá beartaithe difear do thairbhithe nó d’fhaighteoirí deiridh áirithe, (ii) na cúiseanna lena dtugtar bonn cirt don chonclúid sin agus (iii) a thogra sonrach maidir leis na tairbhithe nó na faighteoirí sin.

Uirlisí faisnéise agus tuairisciú

92.

Ba cheart tairbhithe nó faighteoirí deiridh clár nó cistí de chuid an Aontais a chur ar an eolas faoina gcearta faoin Rialachán maidir le Comhréireacht. Chun na críche sin, tá an leathanach gréasáin tiomnaithe https://ec.europa.eu/info/strategy/eu-budget/protection-eu-budget/rule-law-conditionality-regulation_ga curtha ar bun ag an gCoimisiún, leathanach ar ar féidir le saoránaigh, lena n-áirítear tairbhithe nó faighteoirí deiridh, treoir neamhfhoirmiúil a lorg. Féadfaidh siad freisin faisnéis a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoi shaincheisteanna a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin maidir le Coinníollacht tríd an bhfoirm ghearáin atá ar fáil ar an leathanach gréasáin sin a líonadh isteach agus a sheoladh chuig an mbosca ríomhphoist tiomnaithe BUDG-CONDITIONALITY-REGIME-COMPLAINTS@ec.europa.eu. Foilseoidh an Coimisiún ar a leathanach gréasáin faisnéis faoi na bearta a ghlac an Chomhairle maidir ar thogra ón gCoimisiún, ionas go mbeidh tairbhithe agus faighteoirí deiridh ar an eolas faoi na bearta a fhorchuirtear ar gach Ballstát.

93.

Más rud é, tar éis don Chomhairle bearta iomchuí a fhorchur faoin Rialachán maidir le Coinníollacht, go ndiúltaíonn an Ballstát lena mbaineann a íocaíochtaí le tairbhithe nó faighteoirí deiridh clár nó cistí de chuid an Aontais lena mbaineann na bearta a urramú, ba cheart do na tairbhithe nó na faighteoirí deiridh lena mbaineann an t-ábhar a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil náisiúnta ar dtús trí leas a bhaint as gach gníomhaíocht atá ar fáil dóibh faoi na rialacha náisiúnta is infheidhme, lena n-áirítear gearáin chuig údarás ábhartha an Bhallstáit lena mbaineann. I gcás nach bhfuil gníomhaíocht den sórt sin ar fáil nó nach bhfuil sí éifeachtach (77), ba cheart do na tairbhithe é sin a chur in iúl don Choimisiún agus, nuair is féidir, fianaise ábhartha a sholáthar ina leith sin. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar obair leantach leordhóthanach ar ghníomhaíochtaí dlíthiúla, i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil is infheidhme.

94.

D’fhéadfadh tairbhithe nó faighteoirí deiridh an Coimisiún a chur ar an eolas faoi sháruithe a d’fhéadfadh a bheith ann ar Airteagal 5(2) den Rialachán maidir le Coinníollacht, i gcás ina bhfuil baint dhíreach acu leis na sáruithe sin. Ina n-aighneachtaí, ba cheart do thairbhithe nó d’fhaighteoirí deiridh a shonrú go soiléir (i) bunús dlí a gceart íocaíocht a fháil ón mBallstát, (ii) mainneachtain an Bhallstáit an oibleagáid a íoc faoi rialacha an chláir nó an chiste ábhartha de chuid an Aontais, (iii) na gníomhaíochtaí dlí a rinneadh cheana agus an toradh a bhain leo, más ann dó sin, agus an fhianaise agus an doiciméadacht tacaíochta uile is gá a sholáthar chun a léiriú gur seoladh na caingne dlíthiúla ábhartha, chomh maith le mainneachtain an Bhallstáit a oibleagáidí faoi Airteagal 5 den Rialachán a chomhlíonadh (má tá sin ar fáil). Ba cheart an fhaisnéis uile a iarrtar in Iarscríbhinn III a ghabhann leis na Treoirlínte seo a bheith sna haighneachtaí.

95.

Faoi Airteagal 339 CFAE, agus Airteagal 17 de na Rialacháin Foirne, níor cheart d’oifigigh ná d’fhoireann eile an Aontais Eorpaigh faisnéis atá cumhdaithe ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla a nochtadh. Áiritheoidh an Coimisiún freisin go gcomhlíonfar na rialacha a leagtar amach i dTreoir (AE) 2019/1937 (78).

96.

Agus cistí de chuid an Aontais faoi bhainistíocht chomhroinnte á gcur chun feidhme acu, tá sé d’oibleagáid ar na Ballstáit lena mbaineann bearta a ghlactar de bhun an Rialacháin maidir le Coinníollacht tuairisc a thabhairt don Choimisiún maidir leis na bearta nithiúla atá déanta acu chun a n-oibleagáidí a chomhlíonadh maidir le faighteoirí nó tairbhithe deiridh a íoc faoin gciste nó faoin gclár de chuid an Aontais dá ndéantar difear. Ba cheart faisnéis agus fianaise maidir leis an gcomhlíonadh sin (e.g. taifid chuntasaíochta ábhartha agus doiciméid tacaíochta ábhartha) a bheith ar áireamh sa tuairisciú sin agus ba cheart é a dhéanamh gach 3 mhí ó ghlacadh na mbeart (79).

97.

Ar bhonn an tuairiscithe dá bhforáiltear in Airteagal 5(2) den Rialachán maidir le Coinníollacht agus ar bhonn aon chruthúnais eile a chuir an Ballstát lena mbaineann ar fáil nó ar bhonn faisnéise eile a bailíodh, lena n-áirítear tríd an bhfaisnéis a gheofar ó fhaighteoirí nó ó thairbhithe deiridh, fíoróidh an Coimisiún ar comhlíonadh na hoibleagáidí íocaíochta i leith faighteoirí nó tairbhithe deiridh a leagtar síos faoin Rialachán maidir le Coinníollacht agus i leith dlí eile is infheidhme de chuid an Aontais i ndáil le cistiú a chur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte. I gcás inar gá, déanfaidh sé a dhícheall a áirithiú go ndéanfar aon suim atá dlite ó eintitis rialtais nó ó Bhallstáit a íoc go héifeachtach le faighteoirí nó tairbhithe deiridh i gcomhréir leis na rialacha earnáilsonracha ábhartha. D’fhéadfadh cur i bhfeidhm ceartuithe airgeadais a bheith i gceist leis sin, mar shampla, i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme (80). Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh freisin tús a chur le himeachtaí um shárú in aghaidh an Bhallstáit lena mbaineann chun a áirithiú go gcomhlíonfar oibleagáid an Bhallstáit atá cumhdaithe in Airteagal 5(2) den Rialachán. Sula ndéanfaidh sé aon bheart chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na Ballstáit a n-oibleagáid maidir leis na faighteoirí nó tairbhithe deiridh a íoc, áiritheoidh an Coimisiún go n-urramófar cearta nós imeachta an Bhallstáit lena mbaineann.

7.   Athbhreithniú ar na Treoirlínte seo

98.

Féadfaidh an Coimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar na treoirlínte sin in am trátha chun forbairtí ina chleachtas, athruithe ábhartha ar reachtaíocht an Aontais nó cásdlí ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a chur san áireamh, agus deimhneacht dhlíthiúil á háirithiú san am céanna. Agus na Treoirlínte á n-athbhreithniú, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit agus Parlaimint na hEorpa.

(1)  Féach breithiúnas an 23 Aibreán 1986, Les Verts v an Pharlaimint, C-294/83, ECLI:EU:C:1986:166, mír 23. Féach freisin breithiúnas an 20 Aibreán 2021, Repubblika v Il-Prim Ministru, C-896/19, ECLI:EU:C:2021:311, míreanna 61 go 65.

(2)  Féach breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-156/21, ECLI:EU:C:2022:97, míreanna 126 agus 129.

(3)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint (IO L 433I , 22.12.2020, lch. 1).

(4)  Féach breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-157/21, ECLI:EU:C:2022:98, mír 188.

(5)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

(8)  Féach Airteagal 19(1) CAE.

(9)  Féach breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-156/21, ECLI:EU:C:2022:97, mír 165.

(10)  Féach breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-157/21, ECLI:EU:C:2022:98, mír 288.

(11)  Féach breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle , C-157/21, ECLI:EU:C:2022:98, mír 154.

(12)  Féach breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-156/21, EU:C:2022:97, mír 227.

(13)  Féach breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-156/21, ECLI:EU:C:2022:97, mír 229 agus breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-157/21, ECLI:EU:C:2022:98, mír 324.

(14)  Cuimsítear liosta de na sáruithe táscacha ar phrionsabail an smachta reachta in Iarscríbhinn I a ghabhann leis na Treoirlínte.

(15)  Féach breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-156/21 ECLI:EU:C:2022:97, mír 130; agus breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-157/21, EU:C:2022:98, mír 148.

(16)  Féach breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-156/21, EU:C:2022:97, mír 131; agus breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-157/21, EU:C:2022:98, mír 149.

(17)  Féach breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-156/21 ECLI:EU:C:2022:97, mír 132; agus breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-157/21, EU:C:2022:98, mír 150.

(18)  Áirítear liosta táscach de na staideanna sonracha sin freisin in Iarscríbhinn I a ghabhann leis na Treoirlínte.

(19)  Féach breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Ungáir v. an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-156/21, ECLI:EU:C:2022:97, mír 143.

(20)  Féach breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-156/-21, ECLI:EU:C:2022:97, mír 143.

(21)  Féach pointe (g) de mhír 2 d’Airteagal 4 den Rialachán maidir le Coinníollacht.

(22)  Féach na forálacha ábhartha de Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle, a luaitear thuas.

(23)  Tá an méid sin gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát neamh-rannpháirteach comhar a dhéanamh le OIPE, faoi rialacha is infheidhme de chuid an Aontais, nuair a fheidhmíonn sé a inniúlachtaí i mBallstáit rannpháirteacha agus nuair a éilíonn sé an comhar sin.

(24)  I gcomhréir le forálacha Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, a luaitear thuas.

(25)  Déantar foráil maidir leis na hoibleagáidí sin i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013. Ní liosta uileghabhálach é an liosta a thugtar sna Treoirlínte seo.

(26)  Féach Airteagal 8 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013.

(27)  Féach Airteagal 3 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013.

(28)  Féach Airteagal 7(7) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013.

(29)  Féach Airteagal 5(5) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013.

(30)  Airteagal 11(3) agus (5) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013.

(31)  Féach breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-156/21, EU:C:2022:97, mír 294.

(32)  Féach breithiúnais an 16 Feabhra 2022, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-156/21, ECLI:EU:C:2022:97, mír 301; agus an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-157/21, ECLI:EU:C:2022:98, mír 173.

(33)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).

(34)  Féach breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-157/21, EU:C:2022:98, mír 186.

(35)  Féach breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-156/21 ECLI:EU:C:2022:97, mír 265; agus breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-157/21 ECLI:EU:C:2022:98, mír 297.

(36)  Féach breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-156/21 ECLI:EU:C:2022:97, mír 331; agus breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-157/21 ECLI:EU:C:2022:98, mír 361.

(37)  Féach breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-156/21 ECLI:EU:C:2022:97, mír 332.

(38)  Féach breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-156/21 ECLI:EU:C:2022:97, mír 262.

(39)  Féach breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-156/21 ECLI:EU:C:2022:97, mír 266; agus breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-157/21 ECLI:EU:C:2022:98, mír 298.

(40)  Féach breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-156/21 ECLI:EU:C:2022:97, mír 262.

(41)  Féach breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-157/21 ECLI:EU:C:2022:98, mír 288.

(42)  Féach an Rialachán Airgeadais, Airteagal 135.

(43)  Féach an Rialachán Airgeadais, Airteagal 101(8); féach freisin, mar shampla, Airteagail 96, 97 agus 104 de Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste um Aistriú Cóir agus leis an gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leo sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, leis an gCiste Slándála Inmheánaí agus leis an Ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do bhainistiú teorann agus do víosaí (“CPR”) (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159), agus Airteagal 52 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 549).

(44)  Féach an Rialachán Airgeadais, Airteagal 63(2); féach freisin, mar shampla, Airteagal 69(3) agus Airteagal 103 CPR, chomh maith le hAirteagal 58 de Rialachán (AE) 1306/2013 agus amhail ón 1 Eanáir 2023, Airteagal 57 de Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 187).

(45)  Féadfar íocaíochtaí a stopadh sna cásanna seo a leanas: (a) má tá fianaise ann a thugann le fios gurb ann d’easnamh tromchúiseach agus nach ndearnadh bearta ceartaitheacha ina leith; (b) má tá ar an gCoimisiún fíoruithe breise a dhéanamh tar éis dó faisnéis a fháil go bhféadfadh caiteachas a chuimsítear in iarratas ar íocaíocht a bheith nasctha le neamhrialtacht. Féadfar íocaíochtaí a chur ar fionraí, sna cásanna seo a leanas: (a) mura ndearna an Ballstát an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh chun an cás a leigheas, rud ba chúis le briseadh de réir Airteagal 96 CPR; (b) má tá easnamh tromchúiseach ann; (c) má tá an caiteachas in iarratais ar íocaíocht bainteach le neamhrialtacht nár ceartaíodh; (d) más ann do thuairim réasúnaithe ón gCoimisiún i leith nós imeachta maidir le sárú faoi Airteagal 258 CFAE lena gcuirtear dlíthiúlacht agus rialtacht caiteachais i mbaol. Déanfar ceartuithe airgeadais, sna cásanna seo a leanas: (a) más ann d’easnamh tromchúiseach a chuir an tacaíocht ó na Cistí a íocadh cheana féin leis an gclár i mbaol; (b) má tá caiteachas atá i gcuntais ar glacadh leo neamhrialta agus murar bhraith ná murar thuairiscigh an Ballstát é; (c) mura bhfuil a oibleagáidí faoi Airteagal 97 comhlíonta ag an mBallstát roimh don Choimisiún an nós imeachta maidir le ceartú airgeadais a oscailt.

(46)  Féach aithris 15 den Rialachán maidir le Coinníollacht.

(47)  Féach Airteagal 5 den Rialachán maidir le Coinníollacht.

(48)  Féach Airteagal 5(3) den Rialachán maidir le Coinníollacht.

(49)  Féach breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-156/21 ECLI:EU:C:2022:97, mír 112.

(50)  Féach Airteagal 5(3) den Rialachán maidir le Coinníollacht.

(51)  Féach breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-156/21 ECLI:EU:C:2022:97, mír 331; agus breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-157/21 ECLI:EU:C:2022:98, mír 361.

(52)  Féach Aithris 18 den Rialachán maidir le Coinníollacht.

(53)  Féach breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-156/21 ECLI:EU:C:2022:97, mír 332.

(54)  Féach Airteagal 5(3) den Rialachán maidir le Coinníollacht.

(55)  Mar shampla, i gcásanna ina mbunófar éifeacht an tsáraithe ar phrionsabail an smachta reachta ar ioncaim bhuiséad an Aontais.

(56)  Féach breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-156/21 ECLI:EU:C:2022:97, mír 275.

(57)  Féach Aithris 16 den Rialachán maidir le Coinníollacht.

(58)  Féach, i measc cásanna eile, breithiúnas an 20 Meán Fómhair 1988, Ríocht na Spáinne v Comhairle na gComhphobal Eorpach, 203/86, ECLI:EU:C:1988:420, mír 25. Maidir le cás níos déanaí, féach breithiúnas an 8 Deireadh Fómhair 2020, Universitatea “Lucian Blaga” Sibiu agus Eile, C-644/19, ECLI:EU:C:2020:810, mír 44.

(59)  Féach breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-156/21 ECLI:EU:C:2022:97, mír 233 agus 235; agus breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-157/21 ECLI:EU:C:2022:98, mír 265 agus 283.

(60)  Féach breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-156/21 ECLI:EU:C:2022:97, mír 240.

(61)  Tá sé sin gan dochar do chosaint chearta dlisteanacha fhaighteoirí deiridh agus thairbhithe deiridh chistiú an Aontais faoin Rialachán maidir le Coinníollacht, féach roinn 6 thíos.

(62)  Tá liosta na n-acmhainní eile sin, lena n-áirítear an fhoirm ghearáin maidir le sárú ar dhlí an Aontais, le fáil ag https://ec.europa.eu/info/about-european-commission/contact/problems-and-complaints/complaints-about-breaches-eu-law/how-make-complaint-eu-level_en.

(63)  Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).

(64)  Féach Airteagal 6(5) den Rialachán maidir le Coinníollacht.

(65)  Féach Airteagal 6(7) den Rialachán maidir le Coinníollacht.

(66)  Féach Aithris 26 den Rialachán maidir le Coinníollacht.

(67)  Cinneadh 2009/937/AE ón gComhairle an 1 Nollaig 2009 lena nglactar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle (IO L 325, 11.12.2009, lch. 35).

(68)  Féach Airteagal 6(10) den Rialachán maidir le Coinníollacht.

(69)  I gcomhréir le hAirteagail 7(2), an mhír dheireanach, agus 6(3) den Rialachán maidir le Coinníollacht.

(70)  Féach an abairt dheireanach d’Airteagal 7(2) in éineacht le hAirteagal 6(5) den Rialachán maidir le Coinníollacht.

(71)  Féach breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-156/21, ECLI:EU:C:2022:97, mír 178; agus breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-157/21, ECLI:EU:C:2022:98, mír 217.

(72)  Féach Aithris 26 den Rialachán maidir le Coinníollacht.

(73)  Cinneadh 2009/937/AE ón gComhairle an 1 Nollaig 2009 lena nglactar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle (IO L 325, 11.12.2009, lch. 35).

(74)  Féach Airteagal 6(10) den Rialachán maidir le Coinníollacht.

(75)  Féach Airteagal 62(1)(a) den Rialachán Airgeadais.

(76)  Féach Airteagal (63) den Rialachán Airgeadais.

(77)  Mar shampla, i gcásanna ina gcuireann na húdaráis náisiúnta moill mhíréasúnta ar a bhfreagra/ar a gcinneadh maidir le gníomhaíochtaí an tairbhí.

(78)  Tá tuilleadh faisnéise faoin gcaoi a láimhseálann an Coimisiún gearáin le fáil ar: https://ec.europa.eu/info/about-european-commission/contact/problems-and-complaints/complaints-about-breaches-eu-law/how-make-complaint-eu-level_ga

(79)  Féach Airteagal 5(2) d’Aithris 19 Rialachán maidir le Coinníollacht.

(80)  Féach Aithris 19 den Rialachán maidir le Coinníollacht.


IARSCRÍBHINN I

Sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta

Samplaí atá ina léirithe táscacha ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta (Airteagal 3 den Rialachán maidir le Coinníollacht)

(a)

neamhspleáchas na breithiúnachta a chur i mbaol. Ar an ábhar sin, luaitear in aithris 10 den Rialachán maidir le Coinníollacht “[go nglactar] leis go háirithe, má tá an bhreithiúnacht neamhspleách, go bhfuil an comhlacht breithiúnach lena mbaineann in ann a fheidhmeanna breithiúnacha a fheidhmiú faoi na rialacha ábhartha agus sa chleachtas araon, ar bhealach iomlán neamhspleách, gan a bheith faoi réir ag aon srian ordlathais ná a bheith ina thánaiste ag aon chomhlacht eile, agus gan orduithe ná treoracha a ghlacadh ó aon fhoinse ar chor ar bith, go bhfuil cosaint aige dá bharr ar idirghabhálacha seachtracha nó brú seachtrach a d’fhéadfadh bac a chur ar bhreithiúnas neamhspleách a chomhaltaí agus tionchar a imirt ar a gcinntí. Le ráthaíochtaí maidir le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht, tá rialacha de dhíth, go háirithe maidir le comhdhéanamh an chomhlachta agus maidir le ceapachán, fad seirbhíse agus forais lena chomhaltaí a dhiúltú agus a chur as oifig, chun deireadh a chur le haon dabht réasúnach in intinn daoine aonair maidir leis an gcomhlacht sin a bheith beag beann ar thosca seachtracha agus maidir lena neodracht i ndáil leis na leasanna a thugtar os a chomhair.”

De réir chásdlí na Cúirte Breithiúnais “glactar leis go háirithe, le coincheap an neamhspleáchais, go bhfeidhmíonn an comhlacht lena mbaineann a fheidhmeanna breithiúnacha ar bhealach iomlán neamhspleách, gan a bheith faoi réir ag aon srian ordlathais ná a bheith ina thánaiste ag aon chomhlacht eile, agus gan orduithe ná treoracha a ghlacadh ó aon fhoinse ar chor ar bith, agus go bhfuil cosaint aige dá bharr ar idirghabhálacha seachtracha nó brú seachtrach a d’fhéadfadh bac a chur ar bhreithiúnas neamhspleách a chomhaltaí agus tionchar a imirt ar a gcinntí”  (1).

(b)

mainneachtain cinntí treallacha nó neamhdhleathacha ag údaráis phoiblí a chosc, a cheartú nó a smachtbhannú, lena n-áirítear

cinntí údarás forfheidhmithe dlí,

acmhainní airgeadais agus daonna a choinneáil siar a dhéanann difear dá bhfeidhmiú cuí,

mainneachtain a áirithiú nach bhfuil coinbhleachtaí leasa ann.

De réir chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, “d’fhéadfadh sé go mbeadh mar thoradh ar na cásanna sin nach n-urramófar an prionsabal lena gcuirtear toirmeasc ar fheidhmiú treallach na cumhachta feidhmiúcháin nó an prionsabal maidir le cosaint dlí éifeachtach”  (2).

(c)

teorainn a chur le hinfhaighteacht agus éifeachtacht leigheasanna dlí, lena n-áirítear trí

rialacha nós imeachta sriantacha,

easpa cur chun feidhme breithiúnas,

teorainn a chur le himscrúdú, ionchúiseamh nó smachtbhannú éifeachtach ar sháruithe ar an dlí.

I ndáil leis an méid sin thuas, luaitear an méid seo a leanas in aithrisí 8 agus 9 den Rialachán maidir le Coinníollacht:

(8)

Ní féidir le Ballstáit bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú ach amháin má ghníomhaíonn údaráis phoiblí i gcomhréir leis an dlí, má dhéanann seirbhísí imscrúdaitheacha agus seirbhísí ionchúisimh cásanna calaoise, lena n-áirítear calaois chánach, imghabháil cánach, éilliú, agus coinbhleacht leasa nó sáruithe eile ar an dlí a leanúint go héifeachtach, agus más féidir cinntí treallacha nó neamhdhleathacha údarás poiblí, lena n-áirítear údaráis forfheidhmithe dlí, a bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnach éifeachtach ag cúirteanna neamhspleácha agus ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.”

(9)

Ba cheart go ráthófaí neamhspleáchas agus neamhchlaontacht na breithiúnachta i gcónaí, agus ba cheart do sheirbhísí imscrúdaithe agus ionchúisimh a bheith in ann a bhfeidhmeanna a fheidhmiú go cuí. (…) Ba cheart acmhainní agus nósanna imeachta leordhóthanacha airgeadais agus daonna a bhronnadh ar an mbreithiúnacht, agus ar sheirbhísí imscrúdaithe agus ionchúisimh le gníomhú go héifeachtach agus ar shlí ina dtugtar lánurraim don cheart chun triail chóir, lena n-áirítear an urraim ar na cearta chun cosanta. Ba cheart breithiúnais chríochnaitheacha a chur chun feidhme go héifeachtach. Tá na coinníollacha sin de dhíth mar ráthaíocht íosta i gcoinne cinntí neamhdhleathacha treallacha de chuid údaráis phoiblí a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna airgeadais an Aontais.

Samplaí de staideanna sonracha nó iompar sonrach ag údaráis (3) lena mbainfeadh sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta (Airteagal 4(2) den Rialachán maidir le Coinníollacht)

(a)

feidhmiú cuí na n-údarás a chuireann buiséad an Aontais chun feidhme, lena n-áirítear iasachtaí agus ionstraimí eile arna ráthú ag buiséad an Aontais, go háirithe i gcomhthéacs an tsoláthair phoiblí nó nósanna imeachta deontais.

(b)

feidhmiú cuí na n-údarás a dhéanann rialú airgeadais, faireachán agus iniúchtaí, agus feidhmiú cuí córas éifeachtach trédhearcach bainistithe airgeadais agus cuntasachta – maidir leis an bpointe sin, shoiléirigh an Chúirt Bhreithiúnais go dtagraíonn “an téarma ‘córas éifeachtach trédhearcach bainistithe airgeadais agus cuntasachta’ […] don choincheap ‘bainistíocht airgeadais’, a thagann faoin gcoincheap ‘bainistíocht fhónta airgeadais’ atá sna Conarthaí féin, go háirithe in Airteagal 310(5) agus sa chéad mhír d’Airteagal 317 CFAE, agus a shainmhínítear in Airteagal 2(59) den Rialachán Airgeadais mar chur chun feidhme an bhuiséid i gcomhréir le prionsabail na barainneachta, na héifeachtúlachta agus na héifeachtachta. Maidir leis an téarma ‘cuntasacht airgeadais’, léirítear, go háirithe, na hoibleagáidí rialaithe airgeadais, faireacháin agus iniúchta a luaitear in [...] Airteagal 4(2)(b) [den Rialachán maidir le Coinníollacht], agus anuas air sin, leis an téarma ‘córais ... éifeachtacha trédhearcacha’ tugtar le tuiscint bunú tacar ordaithe rialacha lena n-áirithítear ar bhealach éifeachtach trédhearcach an bainistiú airgeadais agus an chuntasacht sin”  (4).

Shoiléirigh an Chúirt Bhreithiúnais freisin, maidir leis an téarma “cuntasacht airgeadais”, go léirítear, go háirithe, na hoibleagáidí rialaithe airgeadais, faireacháin agus iniúchta a luaitear san Airteagal 4(2)(b) sin, agus anuas air sin, leis an téarma “córais ... éifeachtacha trédhearcacha” tugtar le tuiscint bunú tacar ordaithe rialacha lena n-áirithítear ar bhealach éifeachtach trédhearcach an bainistiú airgeadais agus an chuntasacht sin.’  (5)

(c)

feidhmiú cuí seirbhísí imscrúdaithe agus ionchúisimh phoiblí i ndáil leis na nithe seo a leanas a imscrúdú agus a ionchúiseamh:

calaois, lena n-áirítear calaois chánach, go háirithe i gcás ina mbeadh mar thoradh ar chalaois den sórt sin mainneachtain cánacha a bhailiú amhail CBL agus dleachtanna custaim, rud a dhéanfadh difear díreach do na hacmhainní is gá chun gur féidir leis an Aontas a chuspóirí a bhaint amach agus a chuid beartas a dhéanamh,

éilliú nó sáruithe eile ar dhlí an Aontais a bhaineann le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais nó le cosaint leasanna airgeadais an Aontais;

(d)

athbhreithniú breithiúnach éifeachtach ag cúirteanna neamhspleácha ar ghníomhaíochtaí nó neamhghníomhartha na n-údarás dá dtagraítear i bpointe (a), (b) agus i bpointe (c) d’Airteagal 4(2) den Rialachán maidir le Coinníollacht.

Go sonrach, in aithris 9 den Rialachán maidir le Coinníollacht luaitear “[gur] cheart acmhainní agus nósanna imeachta leordhóthanacha airgeadais agus daonna a bhronnadh ar an mbreithiúnacht, agus ar sheirbhísí imscrúdaithe agus ionchúisimh le gníomhú go héifeachtach agus ar shlí ina dtugtar lánurraim don cheart chun triail chóir, lena n-áirítear an urraim ar na cearta chun cosanta. Ba cheart breithiúnais chríochnaitheacha a chur chun feidhme go héifeachtach. Tá na coinníollacha sin de dhíth mar ráthaíocht íosta i gcoinne cinntí neamhdhleathacha treallacha de chuid údaráis phoiblí a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna airgeadais an Aontais”-

(e)

cosc ar chalaois, lena n-áirítear calaois chánach, éilliú nó sáruithe eile ar dhlí an Aontais a bhaineann le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais nó le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint a chosc agus a smachtbhannú, agus forchur pionós éifeachtach athchomhairleach ar fhaighteoirí ag cúirteanna náisiúnta nó ag údaráis riaracháin;

(f)

gnóthú cistí a íocadh go mícheart;

(g)

an comhar éifeachtach tráthúil leis an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (“OLAF”) agus, faoi réir rannpháirtíocht an Bhallstáit lena mbaineann, le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) sna himscrúduithe nó ionchúisimh a dhéanann siad de bhun na ngníomhartha ábhartha de chuid an Aontais, i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis;


(1)  Breithiúnas an 27 Feabhra 2018, Associação Sindical dos Juízes Portugueses v Tribunal de Contas C-64/16, ECLI:EU:C:2018:117, mír 44. Féach freisin, i measc nithe eile, breithiúnais an 24 Meitheamh 2019, An Coimisiún v Poblacht na Polainne, C-619/18, ECLI:EU:C:2019:531 agus an 20 Aibreán 2021Repubblika v Il-Prim Ministru, C-896/19, ECLI:EU:C:2021:311.

(2)  Féach breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-156/21, ECLI:EU:C:2022:97, mír 245 agus an cásdlí a luaitear ann.

(3)  Níl sna samplaí sin ach treoir, ós rud é go bhféadfadh staideanna nó iompar eile ag údaráis is ábhartha do bhainistíocht fhónta airgeadais ar bhuiséad an Aontais, nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais teacht faoi raon feidhme an Rialacháin maidir le Coinníollacht freisin (cf. pointe (h) d’Airteagal 4(2)).

(4)  Féach breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-157/21 ECLI:EU:C:2022:98, mír 333.

(5)  Féach breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-157/21 ECLI:EU:C:2022:98, mír 333.


IARSCRÍBHINN II

Na heilimintí ba cheart a áireamh sa ghearán faoi sháruithe líomhnaithe ar phrionsabail an smachta reachta faoin Rialachán maidir le Coinníollacht

Ba cheart don ghearánach na mionsonraí seo a leanas a áireamh agus teagmháil á déanamh aige leis an gCoimisiún faoi sháruithe líomhnaithe ar phrionsabail an smachta reachta faoin Rialachán maidir le Coinníollacht:

Céannacht agus sonraí teagmhála (1);

Faisnéis ar an gcaoi a líomhnaítear go bhfuil sárú déanta ar an smacht reachta (lena n-áirítear na gníomhartha nó na neamhghníomhartha ag údaráis phoiblí a líomhnaítear iad a bheith de shárú ar phrionsabail an smachta reachta) agus fianaise ábhartha;

Faisnéis ar ábharthacht an tsáraithe líomhnaithe i dtaca leis an Rialachán maidir le Coinníollacht (tuairisc ar an gcaoi a ndéanann sé difear do bhuiséad an Aontais nó do leasanna airgeadais an Aontais nó ar an gcaoi a bhfuil baol mór ann go ndéanfadh sé difear ar bhealach atá sách díreach) agus fianaise ábhartha;

Liosta na ndoiciméad tacaíochta is féidir a sheoladh chuig an gCoimisiún – dá n-iarrfaí iad.

Chun cur isteach na faisnéise a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin maidir le Coinníollacht a éascú agus chun a áirithiú go bhfaighidh an Coimisiún faisnéis ábhartha struchtúrtha, d’fhéadfaí úsáid a bhaint as an teimpléad thíos, atá le fáil ar an leathanach gréasáin https://ec.europa.eu/info/strategy/eu-budget/protection-eu-budget/rule-law-conditionality-regulation_en.

AN COIMISIÚN EORPACH

Gearán – Sárú ar phrionsabail an smachta reachta lena ndéantar difear do bhuiséad an Aontais nó do leasanna airgeadais an Aontais

Rialachán 2020/2092 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint (“an Rialachán maidir le Coinníollacht”)

Tá an fhoirm ghearáin seo ceaptha chun fógra a thabhairt don Choimisiún Eorpach faoi sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta i mBallstát, ar sáruithe iad a dhéanann difear ar bhealach chomh díreach sin agus gur leor é le difear a dhéanamh, nó go bhfuil baol mór ann go ndéanfadh siad difear do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais.

Chun fógra a thabhairt don Choimisiún Eorpach faoi aon ghearán eile a bhaineann leis an smacht reachta, úsáid an fhoirm ghearáin atá le fáil ag https://ec.europa.eu/assets/sg/report-a-breach/complaints_en/

Is réimsí éigeantacha iad na réimsí a bhfuil (*) ag gabháil leo. Iarrtar ort a bheith gonta agus, más gá, leanúint ar aghaidh ar leathanach ar leithligh.

1.   Céannacht agus sonraí teagmhála

 

An Gearánach*

D’ionadaí (más infheidhme)

Teideal* An Duine Uasal/An Bhean Uasal

 

 

Ainm*

 

 

Sloinne*

 

 

Eagraíocht:

 

 

Seoladh*

 

 

Baile/Cathair *

 

 

Cód poist*

 

 

Tír*

 

 

Teileafón

 

 

Ríomhphost

 

 

Teanga*

 

 

Cé acu chugat féin nó chuig d’ionadaí ba cheart dúinn an comhfhreagras a sheoladh*:

2.   Cad lena mbaineann an gearán faoin sárú ar phrionsabail an smachta reachta?*

neamhspleáchas na breithiúnachta a chur i mbaol

mainneachtain cinntí treallacha nó neamhdhleathacha ag údaráis phoiblí, lena n-áirítear cinntí údarás forfheidhmithe dlí, a chosc, a cheartú nó a smachtbhannú, agus lena n-áirítear acmhainní airgeadais agus daonna a choinneáil siar a dhéanann difear dá bhfeidhmiú cuí

mainneachtain a áirithiú nach bhfuil coinbhleachtaí leasa ann

teorainn a chur le hinfhaighteacht agus éifeachtacht leigheasanna dlí, lena n-áirítear trí rialacha nós imeachta sriantacha, agus easpa cur chun feidhme breithiúnas

teorainn a chur le himscrúdú, ionchúiseamh nó smachtbhannú éifeachtach ar sháruithe ar an dlí

eile

Sonraigh.

3.   Maidir leis an sárú líomhnaithe ar phrionsabail an smachta reachta a luaitear i bpointe 2 thuas, cad dó a ndéanann sé difear, dar leat?*

(d’fhéadfadh níos mó ná freagra amháin a bheith i gceist)

feidhmiú cuí na n-údarás a chuireann buiséad an Aontais chun feidhme, lena n-áirítear iasachtaí agus ionstraimí eile arna ráthú ag buiséad an Aontais, go háirithe i gcomhthéacs an tsoláthair phoiblí nó nósanna imeachta deontais

feidhmiú cuí na n-údarás a dhéanann rialú airgeadais, faireachán agus iniúchtaí, agus feidhmiú cuí córas éifeachtach trédhearcach bainistithe airgeadais agus cuntasachta

feidhmiú cuí seirbhísí imscrúdaithe agus ionchúisimh phoiblí i ndáil le calaois, lena n-áirítear calaois chánach, éilliú nó sáruithe eile ar dhlí an Aontais a bhaineann le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais nó le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, a imscrúdú agus a ionchúiseamh

athbhreithniú breithiúnach éifeachtach ag cúirteanna neamhspleácha ar ghníomhaíochtaí nó neamhghníomhartha na n-údarás dá dtagraítear thuas

cosc ar chalaois, lena n-áirítear calaois chánach, éilliú nó sáruithe eile ar dhlí an Aontais a bhaineann le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais nó le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint a chosc agus a smachtbhannú, agus forchur pionós éifeachtach athchomhairleach ar fhaighteoirí ag cúirteanna náisiúnta nó ag údaráis riaracháin

gnóthú cistí a íocadh go mícheart

an comhar éifeachtach tráthúil le OLAF sna himscrúduithe nó ionchúisimh a dhéanann siad de bhun na ngníomhartha ábhartha de chuid an Aontais, i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis

[faoi réir rannpháirtíocht an Bhallstáit lena mbaineann,] an comhar éifeachtach tráthúil le OIPE sna himscrúduithe nó ionchúisimh a dhéanann siad de bhun na ngníomhartha ábhartha de chuid an Aontais, i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis

staideanna nó iompar eile ag údaráis is ábhartha do bhainistíocht fhónta airgeadais ar bhuiséad an Aontais, nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais

4   Cé na bearta nó na cleachtais náisiúnta atá ina sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta faoin Rialachán maidir le Coinníollacht, dar leat, agus cén fáth?*

 

5   Déan cur síos ar an bhfadhb agus tabhair fíorais agus cúiseanna leis an ngearán* (uasmhéid 10 000 carachtar):

 

6   Cén chaoi a ndéanann an sárú líomhnaithe ar phrionsabail an smachta reachta difear ar bhealach chomh díreach sin agus gur leor é le difear a dhéanamh, nó an baol mór atá ann go ndéanfadh sé difear do phrionsabail bhainistíochta fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais?

6.1

Cén chaoi a ndéanann an sárú difear nó an baol mór atá ann go ndéanfadh sé difear do bhainistíocht fhónta airgeadais ar bhuiséad an Aontais, nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais?

6.2

An sárú aonair nó sárú córasach atá i gceist? Sonraigh.

6.3

An bhfuil an difear do bhainistíocht fhónta airgeadais ar bhuiséad an Aontais, nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais le feiceáil cheana féin?

Má tá, mínigh:

Mura bhfuil, mínigh cén fáth go mbeadh baol mór ann don bhainistíocht fhónta airgeadais ar bhuiséad an Aontais, nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais:

Sonraigh nasc sách díreach idir an sárú líomhnaithe nó na sáruithe líomhnaithe agus na héifeachtaí nó an baol a bheadh ann don bhainistíocht fhónta airgeadais ar bhuiséad an Aontais, nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais

7.   Gníomhaíocht a rinneadh cheana chun an fhadhb a réiteach*

An ndearna tú aon ghníomhaíocht cheana sa Tír lena mbaineann chun an fhadhb a réiteach?*

MÁ RINNE, cé acu a bhí ann: o Gníomhaíocht riaracháin o Gníomhaíocht dhlíthiúil/bhreithiúnach ?

7.1

Déan cur síos uirthi: (a) an comhlacht/an t-údarás/ an chúirt ar bhain sí leis agus an cineál cinnidh a rinneadh; (b) aon ghníomhaíocht eile a bhfuil tú ar an eolas faoi.

 

7.2

Ar shocraigh an comhlacht/an t-údarás/an chúirt an gearán nó an bhfuil sé ar feitheamh fós? Más ar feitheamh atá sé, cén uair is féidir a bheith ag súil le cinneadh?*

 

MURAB EA sonraigh thíos mar is iomchuí

o

Tá cás eile maidir leis an tsaincheist chéanna ar feitheamh os comhair cúirt náisiúnta nó Cúirt AE

o

Níl aon leigheas le fáil ar an bhfadhb

o

Tá leigheas le fáil, ach tá sé róchostasach nó rófhada lena úsáid

o

Chuaigh an teorainn ama le gníomhaíocht in éag

o

Níl aon seasamh dlí agam (níl teidlíocht dlí agat caingean a chur faoi bhráid na cúirte) sonraigh cén fáth:

 

o

Níl cabhair dlí/dlíodóir agam

o

Níl a fhios agam cé na leighis atá ar fáil ar an bhfadhb

o

Eile – sonraigh

 

8.   Má chuaigh tú i dteagmháil cheana le haon cheann d’institiúidí an Aontais a phléann le fadhbanna den chineál seo, tabhair an tagairt do do chomhad/do chomhfhreagras:

o

Achainí chuig Parlaimint na hEorpa – Tag: ….

o

An Coimisiún Eorpach – Tag: ….

o

An tOmbudsman Eorpach – Tag: ….

o

Eile – tabhair ainm na hinstitiúide nó an chomhlachta a ndeachaigh tú i dteagmháil léi/leis agus an tagairt don ghearán (e.g. SOLVIT, FIN-Net, Lárionaid Eorpacha do Thomhaltóirí)

 

9.   Liostaigh aon doiciméad/fianaise tacaíochta is féidir leat a sheoladh chuig an gCoimisiún – dá n-iarrfaí é/í.

Image 1
Ná cuir aon doiciméad isteach ag an bpointe seo.

 

10.   Sonraí pearsanta*

An bhfuil tú ag údarú an Choimisiúin le do chéannacht a nochtadh sa teagmháil a bheidh aige leis na húdaráis a bhfuil tú ag cur isteach gearán ina gcoinne?

o Yes o Níl

Image 2
Ní dhéanfaidh do fhreagra aon difear don chaoi a láimhseáiltear do ghearán. Mar sin féin, i gcásanna áirithe, is féidir go mbeidh sé níos fusa againn plé leis an ngearán más ceadmhach do chéannacht a nochtadh.


(1)  Is faoi réir a gcomhaontaithe roimh ré a nochtfar don Bhallstát lena mbaineann céannacht na ngearánach agus an fhaisnéis a chur siad isteach, agus ní mór go gcomhlíonfar, inter alia, Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE.


IARSCRÍBHINN III

Na heilimintí ba cheart a bheith mar chuid den fhaisnéis ó thairbhithe/faighteoirí deiridh mhaoiniú an Aontais

Ba cheart na heilimintí seo a leanas, i bprionsabal, a bheith mar chuid den fhaisnéis a chuirfidh tairbhithe nó faighteoirí deiridh faoi bhráid an Choimisiúin maidir le sáruithe féideartha ar Airteagal 5(2) den Rialachán maidir le Coinníollacht:

Céannacht agus sonraí teagmhála (1);

Faisnéis maidir leis an gclár/ciste lena mbaineann;

Faisnéis faoin sárú líomhnaithe ar Airteagal 5(2) den Rialachán maidir le Coinníollacht;

Doiciméid tacaíochta (lena n-áirítear cruthúnas go bhfuil gearán foirmiúil taiscthe ag an bhfaighteoir deiridh nó ag an tairbhí le húdarás ábhartha an Bhallstáit lena mbaineann agus aon fhaisnéis agus aon doiciméad maidir le toradh an ghearáin sin, má tá sé sin ar fáil).


(1)  Is faoi réir a gcomhaontaithe roimh ré a nochtfar don Bhallstát lena mbaineann céannacht na ngearánach agus an fhaisnéis a chur siad isteach, agus ní mór go gcomhlíonfar, inter alia, Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE.


Top