Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022XC0224(10)

    Foilsiú teachtaireachta maidir le formheas ar leasú caighdeánach ar shonraíocht táirge ainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún 2022/C 88/13

    PUB/2021/975

    IO C 88, 24.2.2022, p. 101–105 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    24.2.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 88/101


    Foilsiú teachtaireachta maidir le formheas ar leasú caighdeánach ar shonraíocht táirge ainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

    (2022/C 88/13)

    Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).

    TEACHTAIREACHT MAIDIR LE LEASÚ CAIGHDEÁNACH LENA LEASAÍTEAR AN DOICIMÉAD AONAIR

    “Médoc”

    PDO-FR-A0730-AM04

    Dáta na teachtaireachta: 26 Samhain 2021

    TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS NA CÚISEANNA ATÁ LEIS

    1.   Cód Geografach Oifigiúil

    Cuireadh bardais an limistéir gheografaigh agus an limistéir i ndlúthghaireacht i gcomhréir leis an gCód Geografach Oifigiúil.

    Ní dhearnadh aon athrú ar theorainneacha an limistéir.

    Leasaíodh pointí 6 agus 9 den doiciméad aonair.

    2.   Limistéar dáileachta críochaithe

    Cuireadh an 3 Meitheamh 2021 le liosta dhátaí chruinnithe an choiste náisiúnta ábhartha a d’fhormheas an teorannú críochaithe dáileachta.

    Ba é ba chuspóir don leasú sin an dáta a chur isteach a d’fhormheas an t-údarás náisiúnta ábhartha leasú ar an limistéar críochaithe dáileachta laistigh den limistéar geografach táirgthe. Leis an teorannú dáileachta, sainaithnítear na dáileachtaí atá oiriúnach chun an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint ábhartha a tháirgeadh, ar dáileachtaí iad atá laistigh den limistéar geografach táirgthe.

    Ní dhearna na leasuithe sin difear don doiciméad aonair.

    3.   Cúrsaíocht idir stórthóirí údaraithe

    Scriosadh pointe IX(5)(b) de Chaibidil 1 maidir le dáta theacht i gcúrsaíocht na bhfíonta idir stórthóirí údaraithe.

    Leis an leasú sin, níor ceanglaíodh leasú a dhéanamh ar an doiciméad aonair.

    4.   Bearta idirthréimhseacha

    Ós rud é go raibh na bearta idirthréimhseacha dulta in éag, baineadh ón tsonraíocht iad.

    Leis an leasú sin, níor ceanglaíodh leasú a dhéanamh ar an doiciméad aonair.

    5.   Tagairt don struchtúr cigireachta

    Rinneadh athbhreithniú ar fhoclaíocht na tagartha don struchtúr cigireachta chun an fhoclaíocht a chomhchuibhiú le foclaíocht na sonraíochtaí sonrúcháin eile. Is leasú eagarthóireachta amháin é.

    Leis an leasú sin, ní cheanglaítear leasú a dhéanamh ar an doiciméad aonair.

    6.   Nasc leis an tionscnamh

    Ós rud é gur tugadh liosta na mbardas cothrom le dáta, i gcomhréir leis an gCód Geografach Oifigiúil, thit líon na mbardas ó 51 go 50. Dá bhrí sin, leasaíodh amhlaidh an nasc.

    Leasaíodh pointe 8 den doiciméad aonair.

    DOICIMÉAD AONAIR

    1.   Ainm nó ainmneacha

    Médoc

    2.   Cineál an táisc gheografaigh

    STFC - Sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint

    3.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna

    1.

    Fíon

    4.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta

    TUAIRISC THÉACSÚIL ACHOMAIR

    Is fíonta dearga socra iad a bhfuil sár-acmhainneacht aosaithe iontu. Bíonn siad tainneach le dath gléineach orthu agus déantar go príomha iad as Cabernet Sauvignon N (cineál fíniúna traidisiúnta) a mheasctar le Merlot N, agus le Cabernet Franc N agus Petit Verdot N (ach ní a oiread céanna díobh), agus le Cot N agus Carmenère N (ach ní chomh minic sin). Bíonn dea-bholadh spíosraí orthu mar gheall ar an Cabernet Sauvignon N, agus tugann an Merlot N maothachas, boige agus dea-bholadh torthaí dearga dóibh. Neartaítear an struchtúr agus an chastacht mar gheall ar an meascadh le Cabernet Franc N nó le Petit Verdot N, agus tugann an dara ceann díobh sin úire don fhíon fosta.

    Tar éis shaibhriú na bhfíonta, ní sháróidh an neart alcóil iomlán de réir toirte 13 %.

    Bíonn neart alcóil nádúrtha de réir toirte de 11 % ar a laghad iontu.

    Baineann na tréithe seo a leanas le gach baisc fíona a dhíoltar ar an mórchóir nó i bhfoirm phacáistithe:

    cion siúcraí coiptheacha (glúcós agus fruchtós) arb ionann é agus 3 g/l nó ar lú é ná sin;

    cion aigéid mhalaigh arb ionann é agus 0,2 g/l nó ar lú é ná sin.

    Fíonta a dhíoltar ar an mórchóir nó i bhfoirm phacáistithe roimh an 1 Deireadh Fómhair den bhliain tar éis bhliain a mbuainte, bíonn cion aigéadachta luainí iontu arb ionann é agus 12,25 meq/l nó ar lú é ná sin. Tar éis an dáta sin, bíonn cion aigéadachta luainí sna fíonta arb ionann é agus 16,33 meq/l nó ar lú é ná sin.

    Gach baisc fíona a dhíoltar ar an mórchóir, bíonn cion dé-ocsaíde sulfair inti arb ionann é agus 140 milleagram in aghaidh an lítir nó ar lú é ná sin.

    Saintréithe anailíseacha ginearálta

    Neart alcóil iomlán uasta (% de réir toirte)

    13

    Neart alcóil iarbhír íosta (% de réir toirte)

     

    Aigéadacht iomlán íosta

    ina milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

    Aigéadacht luaineach uasta (ina milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

    16,33

    Iomlán uasta dé-ocsaíde sulfair (ina mhilleagraim in aghaidh an lítir)

     

    5.   Cleachtais fíonóireachta

    5.1.   Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha

    1.

    An saibhriú

    Cleachtas fíoneolaíoch sonrach

    Ceadaítear teicnící laghdúcháin chun fíon a shaibhriú suas le ráta tiúcháin de 15 %. Tar éis shaibhriú na bhfíonta, ní sháróidh an neart alcóil iomlán de réir toirte 13 %.

    2.

    Traenáil na bhfíniúnacha

    Cleachtas saothraithe

    Dlús: Is é 5 000 planda in aghaidh an heicteáir an dlús plandála finiúnacha íosta. Ní sháróidh an t-achar idir na sraitheanna 2 mhéadar agus ní bheidh an t-achar idir plandaí sa tsraith chéanna níos lú ná 0,80 méadar.

    Rialacha prúnála: Is éigeantach é an phrúnáil a dhéanamh. Déantar í ag céim na nduilleog oscailte (Céim 9 de réir Lorenz) ar a dhéanaí. Déantar na fíniúnacha a phrúnáil de réir na dteicnící seo a leanas:

    an phrúnáil 2 chána (Guyot dhúbailte Mhéadocach), le 5 bhachlóg scartha an cána ar a mhéad;

    an phrúnáil Guyot shingil agus Guyot mheasctha, le 7 mbachlóg scartha an cána ar a mhéad;

    an ghearrphrúnáil 2 ghéag nó an fheanphrúnáil 4 ghéag, le 12 bhachlóg scartha an planda ar a mhéad.

    5.2.   Táirgeacht uasta

    1.

    65 heictilítear in aghaidh an heicteáir

    6.   Limistéar geografach críochaithe

    Déantar na fíonchaora a bhuain, an fhíonóireacht agus na fíonta a tháirgeadh agus a aosú ar chríoch na mbardas seo a leanas de chuid roinn Gironde, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil an 1 Eanáir 2021: Arcins, Arsac, Avensan, Bégadan, Blaignan-Prignac, Blanquefort, Castelnau-de-Médoc, Cissac-Médoc, Civrac-en-Médoc, Couquèques, Cussac-Fort-Médoc, Gaillan-en-Médoc, Grayan-et-l’Hôpital, Jau-Dignac-et-Loirac, Labarde, Lamarque, Lesparre-Médoc, Listrac-Médoc, Ludon-Médoc, Macau, Margaux-Cantenac, Moulis-en-Médoc, Naujac-sur-Mer, Ordonnac, Parempuyre, Pauillac, Le Pian-Médoc, Queyrac, Saint-Aubin-de-Médoc, Saint-Christoly-Médoc, Saint-Estèphe, Saint-Germain-d’Esteuil, Saint-Julien-Beychevelle, Saint-Laurent-Médoc, Saint-Médard-en-Jalles, Saint-Sauveur, Saint-Seurin-de-Cadourne, Saint-Vivien-de-Médoc, Saint-Yzans-de-Médoc, Sainte-Hélène, Salaunes, Soulac-sur-Mer, Soussans, Le Taillan-Médoc, Talais, Valeyrac, Vendays-Montalivet, Vensac, Le Verdon-sur-Mer agus Vertheuil.

    7.   Príomhchineál nó príomhchineálacha fíonchaor

     

    Cabernet Franc N

     

    Cabernet Sauvignon N

     

    Carmenère N

     

    Cot N – Malbec

     

    Merlot N

     

    Petit Verdot N

    8.   Tuairisc ar an nasc nó ar na naisc

    Tá limistéar geografach an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint “Médoc” suite i roinn Gironde ar bhruach clé Abhainn Garonne agus ansin ar bhruach clé inbhear Gironde suas le tuaisceart Bordeaux. Tá an chuid fíonóireachta sin de leithinis Médoc ag síneadh beagnach 80 ciliméadar ón tuaisceart go dtí an deisceart agus beagáinín níos mó ná 10 gciliméadar ón oirthear go dtí an t-iarthar, agus áirítear 50 bardas ann.

    Is suaithinseach an taobh cois abhann de réigiún Médoc mar gheall ar luaineacht shéasúrach mheasartha agus méid báistí atá an-mheasartha i measc aeráidí an Atlantaigh. Ós rud é go bhfuil an limistéar geografach i dtuaisceart na leithinse, níl an aeráid ann chomh te leis an taobh theas di. Mar sin féin, is lú an titim báistí ann. Tá na dálaí aeráide sin buntáisteach le haghaidh an fhíonsaothraithe mar gheall ar an éifeacht rialaithe teochta a bhaineann le suíomh an limistéir gheografaigh, mar atá leis an Aigéan Atlantaigh ar an taobh thiar de agus inbhear Gironde ar an taobh thoir de. Nuair a chuirtear an aeráid aigéanach leis na tréimhsí lagbhrú báisteacha a bhíonn ann san fhómhar blianta áirithe, nó a mhalairt ar fad, le fómhair dhéanacha a bhíonn te agus an-ghrianmhar, fágtar éifeacht shuntasach shárbhliana ar na fíonta.

    Bíonn na tírdhreacha fíonóireachta a thagann as sin réasúnta cothrom (idir 3 agus 50 méadar ar airde), taobh leis an bhforaois san iarthar agus le inbhear Gironde san oirthear. Tá mullaigh ghairbhéalacha fíonóireachta ag síneadh ón tuaisceart go dtí an deisceart a theorannaítear le jalles (sruthanna) agus le ceantair níos riascaí nach saothraítear fíniúnacha orthu.

    Le blianta anuas, tá leas á bhaint ag na glúine fíonsaothraithe as saintréithe thailte fíonóireachta réigiún Médoc, a bhfuil cáil dhomhanda air. Tá saineolas ar na hithreacha ag na fíonsaothraithe, agus ar feadh na gcianta tá siad ag iarraidh an leas is fearr is féidir a bhaint as saintréithe na n-ithreacha sin trí úsáid a bhaint as teicnící draenála. Leis sin, d’éirigh leo na cleachtais saothraithe is fearr a fhorbairt chun vins rouges de garde [fíonta dearga atá an-oiriúnach don aosú] a tháirgeadh. Níor bhain dul chun cinn i sláinte na bplandaí ná meicniú na bhfíonghort ó mhian na bhfíonsaothraithe na cleachtais fíonóireachta a chaomhnú chun a bhfíonta dearga faoi leith a tháirgeadh.

    Sa lá atá inniu ann, is iad seo a leanas na cineálacha fíniúna is mó a shaothraítear i réigiún Médoc: Cabernet Sauvignon N, an cineál is fearr le haghaidh ithreacha gairbhéalacha; Merlot N, a mbíonn tóir air de bharr an dea-bholaidh torthaí a bhíonn air; Cabernet Franc N le haghaidh ithreacha arb as aolchloch go príomha a thagann siad; agus Petit Verdot N le haghaidh ithreacha teo tirime. Le héagsúlacht na gcineálacha fíniúna agus na n-ithreacha a bhaineann le sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Médoc”, ní mór na fíonghoirt a bhainistiú go roghnaitheach.

    Leis an modh bainistíochta roghnaitheach sin, féadtar fíonchaora an-aibí agus sláintiúla a fháil a bhfuil a dtáirgeacht rialaithe. Leis sin, féadtar iad a mhaothú chun na fíonta níos tibhe inmhianaithe a fháil. Dá bharr sin, tá aosú 6 mhí ar a laghad fíor-riachtanach chun iad a dhéanamh níos boige.

    Is fíonta tainneacha iad a mbíonn dath gléineach orthu agus a dhéantar go príomha as Cabernet Sauvignon N a mheasctar le Merlot N, agus le Cabernet Franc N agus Petit Verdot N (ach ní a oiread céanna díobh), agus le Cot N agus Carmenère N (ach ní chomh minic sin). Is é Cabernet Sauvignon N an cineál fíniúna traidisiúnta, agus tugann sé dea-bholadh spíosraí d’fhíonta “Médoc”. Measctar é le Merlot N a thugann maothachas, boige agus dea-bholadh torthaí dearga do na fíonta. Is tapúla a thagann na dea-bholaithe inmhianaithe chun cinn nuair is mó an méid Merlot N sa mheascán. Neartaítear an struchtúr agus an chastacht mar gheall ar an meascadh le Cabernet Franc N nó le Petit Verdot N, agus tugann an dara ceann díobh sin úire don fhíon fosta.

    Bíonn sár-acmhainneacht aosaithe sna fíonta.

    Tá cáil ar an gceantar fíonóireachta sin leis na gcéadta. Téann Route des Vins [Slí na bhFíonta] tríd, agus tá sé breac le châteaux fíonóireachta mar atá eastáit ollmhóra a mbaineann éagsúlacht ailtireachta leo, a mbíonn gabháltais an-bheaga teaghlaigh in aice leo, mar a neartaíonn comharchumainn éagsúla fíonóireachta an fhíonóireacht féin mar aon le díolachán agus cur chun cinn na bhfíonta.

    Tá cáil ar fhíonta an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint sin leis na céadta, agus bunaítear í ar choincheap an Château. Le pósadh Aliénor na hAcatáine agus Henry Plantagenet (a bheadh ina Rí Shasana ina dhiaidh sin) in 1152, bhí ról lárnach ag an méadú ar an trádáil le Sasana i bhforbairt cháil fhíonta “Médoc” thar lear.

    In 1647, nuair a d’eisigh an Jurade de Bordeaux an chéad aicmiú riamh ar fhíonta Guyenne, bhí cáil ar fhíonta pharóistí Médoc cheana féin. Faoi Louis XV, rinneadh an t-aicmiú sin a bheachtú de réir réigiúin, trí é a roinnt ar dtús de réir paróiste agus ansin de réir cru. Tháinig na haicmithe éagsúla sin chun buaiche in 1855 le hAicmiú Fhíonta Bordeaux, lenar cuireadh fíonta “Médoc” i measc fhíonta Gironde. Cuireadh leis sin in 1932 nuair a foilsíodh an t-aicmiú Crus Bourgeois du Médoc.

    9.   Coinníollacha fíor-riachtanacha eile (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

    Limistéar i ndlúthghaireacht

    Creat dlíthiúil:

    Reachtaíocht náisiúnta

    Cineál an choinníll eile:

    Maolú maidir leis an táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

    Tuairisc ar an gcoinníoll:

    An limistéar i ndlúthghaireacht, ina bhféadfar, de mhaolú, na fíonta a tháirgeadh agus a aosú, áirítear ann críoch na mbardas seo a leanas de chuid roinn Gironde, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil an 1 Eanáir 2021: Abzac, Aillas, Ambarès-et-Lagrave, Ambès, Anglade, Arbanats, Les Artigues-de-Lussac, Artigues-près-Bordeaux, Arveyres, Asques, Aubiac, Auriolles, Auros, Ayguemorte-les-Graves, Bagas, Baigneaux, Barie, Baron, Barsac, Bassanne, Bassens, Baurech, Bayas, Bayon-sur-Gironde, Bazas, Beautiran, Bègles, Béguey, Bellebat, Bellefond, Belvès-de-Castillon, Bernos-Beaulac, Berson, Berthez, Beychac-et-Caillau, Bieujac, Les Billaux, Birac, Blaignac, Blasimon, Blaye, Blésignac, Bommes, Bonnetan, Bonzac, Bordeaux, Bossugan, Bouliac, Bourdelles, Bourg, Le Bouscat, Branne, Brannens, Braud-et-Saint-Louis, La Brède, Brouqueyran, Bruges, Budos, Cabanac-et-Villagrains, Cabara, Cadarsac, Cadaujac, Cadillac, Cadillac-en-Fronsadais, Camarsac, Cambes, Camblanes-et-Meynac, Camiac-et-Saint-Denis, Camiran, Camps-sur-l’Isle, Campugnan, Canéjan, Capian, Caplong, Carbon-Blanc, Cardan, Carignan-de-Bordeaux, Cars, Cartelègue, Casseuil, Castelmoron-d’Albret, Castelviel, Castets et Castillon, Castillon-la-Bataille, Castres-Gironde, Caudrot, Caumont, Cauvignac, Cavignac, Cazats, Cazaugitat, Cénac, Cenon, Cérons, Cessac, Cestas, Cézac, Chamadelle, Civrac-de-Blaye, Civrac-sur-Dordogne, Cleyrac, Coimères, Coirac, Comps, Coubeyrac, Courpiac, Cours-de-Monségur, Cours-les-Bains, Coutras, Coutures, Créon, Croignon, Cubnezais, Cubzac-les-Ponts, Cudos, Cursan, Daignac, Dardenac, Daubèze, Dieulivol, Donnezac, Donzac, Doulezon, Les Eglisottes-et-Chalaures, Escoussans, Espiet, Les Esseintes, Etauliers, Eynesse, Eyrans, Eysines, Faleyras, Fargues, Fargues-Saint-Hilaire, Le Fieu, Flaujagues, Floirac, Floudès, Fontet, Fossés-et-Baleyssac, Fours, Francs, Fronsac, Frontenac, Gabarnac, Gajac, Galgon, Gans, Gardegan-et-Tourtirac, Gauriac, Gauriaguet, Générac, Génissac, Gensac, Gironde-sur-Dropt, Gornac, Gours, Gradignan, Grézillac, Grignols, Guillac, Guillos, Guîtres, Le Haillan, Haux, Hure, Illats, Isle-Saint-Georges, Izon, Jugazan, Juillac, Labescau, Ladaux, Lados, Lagorce, Lalande-de-Pomerol, Lamothe-Landerron, La Lande-de-Fronsac, Landerrouat, Landerrouet-sur-Ségur, Landiras, Langoiran, Langon, Lansac, Lapouyade, Laroque, Laruscade, Latresne, Lavazan, Léogeats, Léognan, Lestiac-sur-Garonne, Les Lèves-et-Thoumeyragues, Libourne, Lignan-de-Bazas, Lignan-de-Bordeaux, Ligueux, Listrac-de-Durèze, Lormont, Loubens, Loupes, Loupiac, Loupiac-de-la-Réole, Lugaignac, Lugasson, Lugon-et-l’Ile-du-Carnay, Lussac, Madirac, Maransin, Marcenais, Margueron, Marimbault, Marions, Marsas, Martignas-sur-Jalle, Martillac, Martres, Masseilles, Massugas, Mauriac, Mazères, Mazion, Mérignac, Mérignas, Mesterrieux, Mombrier, Mongauzy, Monprimblanc, Monségur, Montagne, Montagoudin, Montignac, Montussan, Morizès, Mouillac, Mouliets-et-Villemartin, Moulon, Mourens, Naujan-et-Postiac, Néac, Nérigean, Neuffons, Le Nizan, Noaillac, Noaillan, Omet, Paillet, Les Peintures, Pellegrue, Périssac, Pessac, Pessac-sur-Dordogne, Petit-Palais-et-Cornemps, Peujard, Le Pian-sur-Garonne, Pineuilh, Plassac, Pleine-Selve, Podensac, Pomerol, Pompéjac, Pompignac, Pondaurat, Porchères, Porte-de-Benauge, Portets, Le Pout, Préchac, Preignac, Prignac-et-Marcamps, Pugnac, Puisseguin, Pujols, Pujols-sur-Ciron, Le Puy, Puybarban, Puynormand, Quinsac, Rauzan, Reignac, La Réole, Rimons, Riocaud, Rions, La Rivière, Roaillan, Romagne, Roquebrune, La Roquille, Ruch, Sablons, Sadirac, Saillans, Saint-Aignan, Saint-André-de-Cubzac, Saint-André-du-Bois, Saint-André-et-Appelles, Saint-Androny, Saint-Antoine-du-Queyret, Saint-Antoine-sur-l’Isle, Saint-Aubin-de-Blaye, Saint-Aubin-de-Branne, Saint-Avit-de-Soulège, Saint-Avit-Saint-Nazaire, Saint-Brice, Saint-Caprais-de-Bordeaux, Saint-Christoly-de-Blaye, Saint-Christophe-de-Double, Saint-Christophe-des-Bardes, Saint-Cibard, Saint-Ciers-d’Abzac, Saint-Ciers-de-Canesse, Saint-Ciers-sur-Gironde, Saint-Côme, Saint-Denis-de-Pile, Saint-Emilion, Saint-Etienne-de-Lisse, Saint-Exupéry, Saint-Félix-de-Foncaude, Saint-Ferme, Saint-Genès-de-Blaye, Saint-Genès-de-Castillon, Saint-Genès-de-Fronsac, Saint-Genès-de-Lombaud, Saint-Genis-du-Bois, Saint-Germain-de-Grave, Saint-Germain-de-la-Rivière, Saint-Germain-du-Puch, Saint-Gervais, Saint-Girons-d’Aiguevives, Saint-Hilaire-de-la-Noaille, Saint-Hilaire-du-Bois, Saint-Hippolyte, Saint-Jean-de-Blaignac, Saint-Jean-d’Illac, Saint-Laurent-d’Arce, Saint-Laurent-des-Combes, Saint-Laurent-du-Bois, Saint-Laurent-du-Plan, Saint-Léon, Saint-Loubert, Saint-Loubès, Saint-Louis-de-Montferrand, Saint-Macaire, Saint-Magne-de-Castillon, Saint-Maixant, Saint-Mariens, Saint-Martial, Saint-Martin-de-Laye, Saint-Martin-de-Lerm, Saint-Martin-de-Sescas, Saint-Martin-du-Bois, Saint-Martin-du-Puy, Saint-Martin-Lacaussade, Saint-Médard-de-Guizières, Saint-Médard-d’Eyrans, Saint-Michel-de-Fronsac, Saint-Michel-de-Lapujade, Saint-Michel-de-Rieufret, Saint-Morillon, Saint-Palais, Saint-Pardon-de-Conques, Saint-Paul, Saint-Pey-d’Armens, Saint-Pey-de-Castets, Saint-Philippe-d’Aiguille, Saint-Philippe-du-Seignal, Saint-Pierre-d’Aurillac, Saint-Pierre-de-Bat, Saint-Pierre-de-Mons, Saint-Quentin-de-Baron, Saint-Quentin-de-Caplong, Saint-Romain-la-Virvée, Saint-Sauveur-de-Puynormand, Saint-Savin, Saint-Selve, Saint-Seurin-de-Bourg, Saint-Seurin-de-Cursac, Saint-Seurin-sur-l’Isle, Saint-Sève, Saint-Sulpice-de-Faleyrens, Saint-Sulpice-de-Guilleragues, Saint-Sulpice-de-Pommiers, Saint-Sulpice-et-Cameyrac, Saint-Trojan, Saint-Vincent-de-Paul, Saint-Vincent-de-Pertignas, Saint-Vivien-de-Blaye, Saint-Vivien-de-Monségur, Saint-Yzan-de-Soudiac, Sainte-Colombe, Sainte-Croix-du-Mont, Sainte-Eulalie, Sainte-Florence, Sainte-Foy-la-Grande, Sainte-Foy-la-Longue, Sainte-Gemme, Sainte-Radegonde, Sainte-Terre, Sallebœuf, Les Salles-de-Castillon, Samonac, Saucats, Saugon, Sauternes, La Sauve, Sauveterre-de-Guyenne, Sauviac, Savignac, Savignac-de-l’Isle, Semens, Sendets, Sigalens, Sillas, Soulignac, Soussac, Tabanac, Taillecavat, Talence, Targon, Tarnès, Tauriac, Tayac, Teuillac, Tizac-de-Curton, Tizac-de-Lapouyade, Toulenne, Le Tourne, Tresses, Uzeste, Val-de-Livenne, Val de Virvée, Vayres, Vérac, Verdelais, Vignonet, Villandraut, Villegouge, Villenave-de-Rions, Villenave-d’Ornon, Villeneuve, Virelade, Virsac agus Yvrac.

    Aonad geografach níos leithne

    Creat dlíthiúil:

    Reachtaíocht náisiúnta

    Cineál an choinníll eile:

    Forálacha breise a bhaineann leis an lipéadú

    Tuairisc ar an gcoinníoll:

    Féadfar an t-aonad geografach níos leithne mar atá “Vin de Bordeaux – Médoc” nó “Grand Vin de Bordeaux – Médoc” a shonrú ar na lipéid. Ní bheidh toisí litreacha an ainm sin níos mó ná dhá thrian de mhéid na litreacha ina scríobhtar ainm an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint, ó thaobh airde ná leithid de.

    NASC CHUIG AN tsonraíocht TÁIRGE

    http://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-40c12dea-0f6d-4f13-accb-ed4795fb5f3a


    (1)  IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.


    Top