EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022XC0224(01)

Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar shonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún 2022/C 88/04

PUB/2021/981

IO C 88, 24.2.2022, p. 26–31 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

24.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 88/26


Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar shonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

(2022/C 88/04)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).

LEASÚ CAIGHDEÁNACH LENA MODHNAÍTEAR AN DOICIMÉAD AONAIR A CHUR IN IÚL

“Haut-Médoc”

PDO-FR-A0710-AM04

Dáta na teachtaireachta: 26 Samhain 2021

TUAIRISC AR AN LEASÚ A FHORMHEAS AGUS AR NA CÚISEANNA INA LEITH

1.   Cód Geografach Oifigiúil

Nuashonraíodh liosta na mbardas ar bhonn an Chóid Gheografaigh Oifigiúil (code officiel géographique).

Níl aon athrú ar theorainneacha an limistéir.

Leasaíodh pointe 6 agus pointe 9 den doiciméad aonair.

2.   Limistéar críochaithe na dáileachta

Tá an dáta an 3 Meitheamh 2021 curtha le liosta cruinnithe an choiste náisiúnta ábhartha a d’fhormheas limistéir chríochaithe na ndáileachtaí.

Is é is aidhm don leasú seo an dáta a chur isteach a d’fhormheas an t-údarás náisiúnta ábhartha athruithe ar limistéar críochaithe na dáileachta laistigh den limistéar geografach táirgthe. Déantar críochú ar dháileachtaí trí na dáileachtaí atá laistigh den limistéar geografach táirgthe atá oiriúnach chun na fíonta a chumhdaítear leis an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint a tháirgeadh.

Ní dhéanfaidh na leasuithe seo difear don doiciméad aonair.

3.   Iompar idir stórais údaraithe

Scriosadh pointe IX(5)(b) de Chaibidil I, maidir leis an dáta ónar féidir na fíonta a iompar idir stórais údaraithe.

Ní éilítear leis an leasú seo aon athrú ar an doiciméad aonair.

4.   Tagairt don chomhlacht iniúchta

Athraíodh an tagairt don chomhlacht iniúchta chun é a ailíniú leis an bhfoclaíocht a úsáidtear i sonraíochtaí táirgí eile. Ní athraíonn sé seo ach an fhoclaíocht agus níl aon leasuithe ar an doiciméad aonair mar thoradh air.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm(neacha)

Haut-Médoc

2.   Cineál an táisc gheografaigh:

STFC – Sonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint

3.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna

1.

Fíon

4.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta

TUAIRISC SCRÍOFA GHEARR

Tá neart alcóil nádúrtha íosta 11 % de réir toirte ag na fíonta.

Ní mór neart alcóil iomlán nach mó ná 13 % de réir toirte a bheith sna fíonta tar éis an tsaibhrithe.

Tá méid siúcra choipthigh (glúcós + fruchtós) níos lú ná 3 ghram in aghaidh an lítir nó comhionann le 3 ghram in aghaidh an lítir i ngach baisc fíona a dhíoltar ar an mórchóir nó atá pacáistithe.

Maidir le gach baisc fíona a dhíoltar ar an mórchóir nó a dhéantar a phacáistiú roimh an 1 Deireadh Fómhair an bhliain i ndiaidh bhliain na buainte, tá cion aigéadachta luainí acu ar lú é ná 12.25 milleachoibhéis in aghaidh an lítir (0.60 gram in aghaidh an lítir arna shloinneadh mar H2SO4) nó atá cothrom leis sin. Tar éis an dáta sin, níor cheart an cion aigéadachta luainí a bheith níos mó ná 16.33 milleachoibhéis in aghaidh an lítir (0.80 gram in aghaidh an lítir arna shloinneadh mar H2SO4).

Tá cion SO2 ag gach baisc fíona a dhíoltar ar an mórchóir ar lú é ná 140 milleagram in aghaidh an lítir, nó atá cothrom leis sin.

Tá cion aigéid mhalaigh ar lú é ná 0.20 gram in aghaidh an lítir nó atá cothrom leis sin ag gach baisc fíona a dhíoltar ar an mórchóir nó a dhéantar a phacáistiú.

Is fíonta dearga tainneacha socra iad na fíonta atá i gceist, fíonta dearga tainneacha a bhfuil dath dúdhearg orthu agus a bhfuil cáilíochtaí aosaithe den scoth acu. Is iondúil go ndéantar iad trí chumasc, agus is gnách gurb é Cabernet-Sauvignon N an príomhchineál fíonchaor. Tugann an cineál seo dea-bholaithe spíosúla do na fíonta, a chumascann le dea-bholaithe fanaile i bhfíonta arna n-aosú i mbairillí. Déantar fíonta tathagacha, boga as Merlot N le dea-bholaithe torthaí dearga, agus cuireann Cabernet Franc N agus Petit Verdot N le struchtúr agus castacht na bhfíonta (ag cur úire le blianta dea-aibíochta, i gcás Petit Verdot N).

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte)

 

Aigéadacht iomlán íosta

i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)

 

5.   Cleachtais fíonóireachta

5.1.   Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha

1.   Dlús agus fad

Modh fáis

Is ionann agus 6 500 planda in aghaidh an heicteáir íosdlús plandála na bhfíniúnacha. Is ionann agus 1.80 méadar nó níos lú an fad idir na sraitheanna, agus is ionann agus 0.80 méadar ar a laghad an spásáil idir phlandaí sa tsraith chéanna.

2.   Rialacha prúnála

Modh fáis

Tá prúnáil éigeantach. Déantar é ag céim na nduilleog neamhfhillte (céim Lorenz 9) ar a dhéanaí. Déantar na fíniúnacha a phrúnáil de réir na dteicnící seo a leanas:

prúnáil dhá chána, Guyot nó Médoc dúbailte, le cúig bhachlóg ar a mhéad in aghaidh an chána;

Guyot simplí agus Guyot measctha, le seacht mbachlóg ar a mhéad in aghaidh na fíniúna;

gearrphrúnáil, feanphrúnáil go ceithre ghéag nó dhá chordón, agus 12 bachlóg ar a mhéad in aghaidh na fíniúna.

3.   Saibhriú

Cleachtas fíoneolaíoch sonrach

Ceadaítear modhanna laghdaitheacha saibhrithe suas go dtí ráta tiúchana 15 %.

Tar éis an tsaibhrithe, ní fhéadfaidh neart alcóil iomlán na bhfíonta de réir toirte a bheith níos mó ná 13 %.

5.2.   Uastáirgeachtaí

1.

65 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

Buaintear na fíonchaora agus déantar na fíonta, próiseáiltear agus aosaítear iad sna bardais seo a leanas de chuid roinn Gironde, ar bhonn an Chóid Gheografaigh Oifigiúil a bhí i bhfeidhm an 1 Eanáir 2021: Arcins, Arsac, Avensan, Blanquefort, Castelnau-de-Médoc, Cissac-Médoc, Cussac-Fort-Médoc, Labarde, Lamarque, Listrac-Médoc, Ludon-Médoc, Macau, Margaux-Cantenac, Moulis-en-Médoc, Parempuyre, Pauillac, Le Pian-Médoc, Saint-Aubin-de-Médoc, Saint-Estèphe, Saint-Julien-Beychevelle, Saint-Laurent-Médoc, Saint-Médard-en-Jalles, Saint-Sauveur, Saint-Seurin-de-Cadourne, Sainte-Hélène, Soussans, Le Taillan-Médoc agus Vertheuil.

7.   Príomhchineál(acha) fíonchaor

Cabernet Franc N

Cabernet-Sauvignon N

Carmenère N

Cot N – Malbec

Merlot N

Petit Verdot N

8.   Tuairisc ar an nasc (ar na naisc)

Clúdaíonn limistéar geografach an tsonrúcháin tionscnaimh chláraithe “Haut-Médoc” bruach clé Garonne agus Gironde a shíneann amach ó cheirtleán uirbeach Bordeaux. Síneann an limistéar anonn thar beagnach 50 ciliméadar ó Le Taillan-Médoc sa deisceart go Saint-Seurin-de-Cadourne sa tuaisceart, agus timpeall dosaen ciliméadar ón oirthear go dtí an t-iarthar. Mar sin forluíonn an limistéar geografach go páirteach leis an sonrúchán tionscnaimh cláraithe “Médoc” agus baineann sé leis na bardais in aghaidh an tsrutha ó inbhear Gironde, agus sin a thug a ainm. Cuimsíonn an limistéar 28 bardas de chuid roinn Gironde.

Cé go bhfuil an aeráid Atlantach den chuid is mó, tá difríocht idir bruacha abhann “Haut-Médoc” agus na bardais in Médoc atá suite níos faide ó thuaidh sa mhéid is go mbíonn luaineachtaí séasúracha agus báisteach níos measartha ann. Is ann do na dálaí aeráide fabhracha seo mar gheall ar láithreacht an Aigéin Atlantaigh agus Gironde, a mbíonn éifeacht ag a n-uiscí maidir le teochtaí a rialáil.

Cruthaítear “iarmhairt sárbhliana” shuntasach mar thoradh ar an aeráid aigéanach, agus roinnt blianta bíonn tréimhsí báistí ann agus brú íseal san fhómhar, nó, a mhalairt ar fad, séasúir dhéanacha teo agus ghrianmhara. Baineann príomhthréithe an limistéir, áfach, thar aon rud eile leis an ngeolaíocht atá tipiciúil san imchuach dríodair seo, agus le sainstair gheolaíochta a chuid ithreacha, lena thírdhreach agus a thopagrafaíocht, agus le comhdhéanamh ithreach na bhfíonghort faoi láthair.

Tá cáil dhomhanda bainte amach ag fíonta Médoc a bhuíochas do na glúnta de shaothróirí fíona a bhfuil dúshaothrú déanta acu ar shaintréithe speisialta na talún. Le himeacht ama, chuir eolas mionsonraithe na saothróirí fíniúna ar na hithreacha, agus úsáid shaineolach na dteicnící draenála chun a gcáilíocht a fheabhsú tuilleadh, ar a gcumas na modhanna fáis is fearr is féidir a fhorbairt chun fíonta dearga a tháirgeadh a oireann don aosú. Níor athraigh dul chun cinn le déanaí maidir le sláinte plandaí agus meicniúchán fíonghort diongbháilteacht na saothróirí fíniúna modhanna fáis a choimeád, ag ligean dóibh gnáthfhíonta dearga a tháirgeadh lena mbaineann cáilíochtaí maithe coimeádta.

Go stairiúil, rinneadh “Haut-Médoc” as cineálacha éagsúla fíonchaor a roghnaíodh mar gheall ar a n-oiriúnacht chun fíonta a bhfuil cáilíochtaí coimeádta maithe acu a tháirgtear trí chumasc cúramach. Mar sin coimeádann saothróirí fíona Médoc cineálacha sainiúla fíniúna do chineálacha ar leith ithreach: Merlot N le haghaidh ithreacha snaíochaire, Carmenère N le haghaidh ithreacha bochta agus ithreacha gairbhéil tirime, Cabernet Franc N le haghaidh ithreacha cailcreacha nó ithreacha tirime gainmheacha, atá oiriúnach freisin don chineál Cot N, agus Petit Verdot N le haghaidh ithreacha donna láiste. Tagann rath ar Cabernet-Sauvignon N, an príomhchineál sa chumasc, in ithreacha doimhne gairbhéil.

Leis an gcineál seo ní mór bainistíocht roghnaíoch ar an bhfíonghort, i dtéarmaí an fad idir na sraitheanna a theorannú agus faireachán a dhéanamh ar an uasualach in aghaidh na dáileachta agus in aghaidh an phlanda.

Baineann clú agus cáil fhíonta “Haut-Médoc” go bunúsach lena n-aicmithe traidisiúnta éagsúla, eadhon “cru”, “Château” agus fíonta ardchaighdeáin éagsúla. Sa bhliain 1647, nuair a d’eisigh “Jurade de Bordeaux” an chéad aicmiú ar fhíonta Guyenne sa stair, bhí cáil ar na fíonta ó pharóistí Médoc cheana féin. Faoi Louis XV, rinneadh an t-aicmiú seo a scagadh de réir réigiúin, roinnte ar dtús de réir paróiste agus ansin de réir “cru”. Sa 19ú haois, ag Taispeántas Domhanda 1855, rinneadh aicmiú ar “crus” Bordeaux ar bhonn foirmiúil trí Aicmiú fíonta Bordeaux.

Tá clú na bhfíonta “Haut-Médoc” nasctha, i measc nithe eile, leis na cúig “crus aicmithe” a tháirgtear laistigh de limistéar geografach an tsonrúcháin tionscnaimh chláraithe.

Sa 20ú haois, cuimsíodh 444 fíon arna n-aicmiú mar “cru” in aicmiú 1932 de chuid Médoc, agus bhain 153 díobh leis an sonrúchán tionscnaimh cláraithe “Haut-Médoc”.

Is fíonta tainneacha iad fíonta “Haut-Médoc” a bhfuil dath dúdhearg orthu, a dhéantar de ghnáth trí chineálacha éagsúla fíonchaor a chumasc. Is é Cabernet-Sauvignon N, an príomhchineál go hiondúil, agus tugann sin na dea-bholaithe spíosúla don fhíon a théann an-mhaith leis na dea-bholaithe fanaile a tháirgtear trí aosú i mbairillí – modh a úsáidtear níos minice ná mar a úsáidtear don sonrúchán tionscnaimh cláraithe “Médoc”. Déanann an cineál Merlot N fíonta tathagacha, boga le dea-bholaithe torthaí dearga. Feabhsaíonn Cabernet Franc N agus Petit Verdot N struchtúr agus castacht na bhfíonta, ag cur le húire freisin i mblianta dea-aibíochta i gcás Petit Verdot N.

Déantar na fíniúnacha a bhainistiú ionas go dtáirgfear fíonchaora an-aibí agus sláintiúla, agus táirgeacht rialaithe acu. Mar thoradh ar thréimhsí maothaithe fada táirgtear fíonta níos tiubhaithe. Le haghaidh blas níos éadroime, tá sé riachtanach go ndéantar aosú ar feadh sé mhí ar a laghad. Tá cáilíochtaí aosaithe den scoth ag fíonta “Haut-Médoc”.

9.   Dálaí breise riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

Limistéar in aice láimhe

Creat dlíthiúil:

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál dála breise:

Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar na dálaí:

Cuimsítear sa limistéar atá in aice láimhe, arna shainiú ag maolú maidir le déanamh na bhfíonta, críoch na mbardas seo a leanas de chuid roinn Gironde, ar bhonn an Chóid Gheografaigh Oifigiúil a bhí i bhfeidhm an 1 Eanáir 2021: Bégadan, Blaignan-Prignac, Civrac-en-Médoc, Couquèques, Gaillan-en-Médoc, Jau-Dignac-et-Loirac, Lesparre-Médoc, Naujac-sur-Mer, Ordonnac, Queyrac, Saint-Christoly-Médoc, Saint-Germain-d’Esteuil, Saint-Vivien-de-Médoc, Saint-Yzans-de-Médoc, Valeyrac agus Vensac.

Limistéar in aice láimhe

Creat dlíthiúil:

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál dála breise:

Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar na dálaí:

Cuimsítear sa limistéar ina aice láimhe, arna shainiú ag maolú ar phróiseáil agus aosú na bhfíonta, críoch na mbardas seo a leanas de chuid roinn Gironde, ar bhonn an Chóid Gheografaigh Oifigiúil a bhí i bhfeidhm an 1 Eanáir 2021: Abzac, Aillas, Ambarès-et-Lagrave, Ambès, Anglade, Arbanats, Les Artigues-de-Lussac, Artigues-près-Bordeaux, Arveyres, Asques, Aubiac, Auriolles, Auros, Ayguemorte-Les-Graves, Bagas, Baigneaux, Barie, Baron, Barsac, Bassanne, Bassens, Baurech, Bayas, Bayon-sur-Gironde, Bazas, Beautiran, Bégadan, Bègles, Béguey, Bellebat, Bellefond, Belvès-de-Castillon, Bernos-Beaulac, Berson, Berthez, Beychac-et-Caillau, Bieujac, Les Billaux, Birac, Blaignac, Blaignan-Prignac, Blasimon, Blaye, Blésignac, Bommes, Bonnetan, Bonzac, Bordeaux, Bossugan, Bouliac, Bourdelles, Bourg, Le Bouscat, Branne, Brannens, Braud-et-Saint-Louis, La Brède, Brouqueyran, Bruges, Budos, Cabanac-et-Villagrains, Cabara, Cadarsac, Cadaujac, Cadillac, Cadillac-en-Fronsadais, Camarsac, Cambes, Camblanes-et-Meynac, Camiac-et-Saint-Denis, Camiran, Camps-sur-l’Isle, Campugnan, Canéjan, Capian, Caplong, Carbon-Blanc, Cardan, Carignan-de-Bordeaux, Cars, Cartelègue, Casseuil, Castelmoron-d’Albret, Castelviel, Castets et Castillon, Castillon-la-Bataille, Castres-Gironde, Caudrot, Caumont, Cauvignac, Cavignac, Cazats, Cazaugitat, Cénac, Cenon, Cérons, Cessac, Cestas, Cézac, Chamadelle, Civrac-de-Blaye, Civrac-sur-Dordogne, Civrac-en-Médoc, Cleyrac, Coimères, Coirac, Comps, Coubeyrac, Couquèques, Courpiac, Cours-de-Monségur, Cours-les-Bains, Coutras, Coutures, Créon, Croignon, Cubnezais, Cubzac-les-Ponts, Cudos, Cursan, Daignac, Dardenac, Daubèze, Dieulivol, Donnezac, Donzac, Doulezon, Les Eglisottes-et-Chalaures, Escoussans, Espiet, Les Esseintes, Etauliers, Eynesse, Eyrans, Eysines, Faleyras, Fargues, Fargues-Saint-Hilaire, Le Fieu, Flaujagues, Floirac, Floudès, Fontet, Fossés-et-Baleyssac, Fours, Francs, Fronsac, Frontenac, Gabarnac, Gaillan-en-Médoc, Gajac, Galgon, Gans, Gardegan-et-Tourtirac, Gauriac, Gauriaguet, Générac, Génissac, Gensac, Gironde-sur-Dropt, Gornac, Gours, Gradignan, Grayan-et-l’Hôpital, Grézillac, Grignols, Guillac, Guillos, Guîtres, Le Haillan, Haux, Hure, Illats, Isle-Saint-Georges, Izon, Jau-Dignac-et-Loirac, Jugazan, Juillac, Labescau, Ladaux, Lados, Lagorce, Lalande-de-Pomerol, Lamothe-Landerron, La Lande-de-Fronsac, Landerrouat, Landerrouet-sur-Ségur, Landiras, Langoiran, Langon, Lansac, Lapouyade, Laroque, Laruscade, Latresne, Lavazan, Léogeats, Léognan, Lesparre-Médoc, Lestiac-sur-Garonne, Les Lèves-et-Thoumeyragues, Libourne, Lignan-de-Bazas, Lignan-de-Bordeaux, Ligueux, Listrac-de-Durèze, Lormont, Loubens, Loupes, Loupiac, Loupiac-de-la-Réole, Lugaignac, Lugasson, Lugon-et-l’Ile-du-Carnay, Lussac, Madirac, Maransin, Marcenais, Margueron, Marimbault, Marions, Marsas, Martignas-sur-Jalle, Martillac, Martres, Masseilles, Massugas, Mauriac, Mazères, Mazion, Mérignac, Mérignas, Mesterrieux, Mombrier, Mongauzy, Monprimblanc, Monségur, Montagne, Montagoudin, Montignac, Montussan, Morizès, Mouillac, Mouliets-et-Villemartin, Moulon, Mourens, Naujac-sur-Mer, Naujan-et-Postiac, Néac, Nérigean, Neuffons, Le Nizan, Noaillac, Noaillan, Omet, Ordonnac, Paillet, Les Peintures, Pellegrue, Périssac, Pessac, Pessac-sur-Dordogne, Petit-Palais-et-Cornemps, Peujard, Le Pian-sur-Garonne, Pineuilh, Plassac, Pleine-Selve, Podensac, Pomerol, Pompéjac, Pompignac, Pondaurat, Porchères, Porte-de-Benauge, Portets, Le Pout, Préchac, Preignac, Prignac-et-Marcamps, Pugnac, Puisseguin, Pujols, Pujols-sur-Ciron, Le Puy, Puybarban, Puynormand, Queyrac, Quinsac, Rauzan, Reignac, La Réole, Rimons, Riocaud, Rions, La Rivière, Roaillan, Romagne, Roquebrune, La Roquille, Ruch, Sablons, Sadirac, Saillans, Saint-Aignan, Saint-André-de-Cubzac, Saint-André-du-Bois, Saint-André-et-Appelles, Saint-Androny, Saint-Antoine-du-Queyret, Saint-Antoine-sur-l’Isle, Saint-Aubin-de-Blaye, Saint-Aubin-de-Branne, Saint-Avit-de-Soulège, Saint-Avit-Saint-Nazaire, Saint-Brice, Saint-Caprais-de-Bordeaux, Saint-Christoly-de-Blaye, Saint-Christoly-Médoc, Saint-Christophe-de-Double, Saint-Christophe-des-Bardes, Saint-Cibard, Saint-Ciers-d’Abzac, Saint-Ciers-de-Canesse, Saint-Ciers-sur-Gironde, Saint-Côme, Saint-Denis-de-Pile, Saint-Emilion, Saint-Etienne-de-Lisse, Saint-Exupéry, Saint-Félix-de-Foncaude, Saint-Ferme, Saint-Genès-de-Blaye, Saint-Genès-de-Castillon, Saint-Genès-de-Fronsac, Saint-Genès-de-Lombaud, Saint-Genis-du-Bois, Saint-Germain-de-Grave, Saint-Germain-de-la-Rivière, Saint-Germain-d’Esteuil, Saint-Germain-du-Puch, Saint-Gervais, Saint-Girons-d’Aiguevives, Saint-Hilaire-de-la-Noaille, Saint-Hilaire-du-Bois, Saint-Hippolyte, Saint-Jean-de-Blaignac, Saint-Jean-d’Illac, Saint-Laurent-d’Arce, Saint-Laurent-des-Combes, Saint-Laurent-du-Bois, Saint-Laurent-du-Plan, Saint-Léon, Saint-Loubert, Saint-Loubès, Saint-Louis-de-Montferrand, Saint-Macaire, Saint-Magne-de-Castillon, Saint-Maixant, Saint-Mariens, Saint-Martial, Saint-Martin-de-Laye, Saint-Martin-de-Lerm, Saint-Martin-de-Sescas, Saint-Martin-du-Bois, Saint-Martin-du-Puy, Saint-Martin-Lacaussade, Saint-Médard-de-Guizières, Saint-Médard-d’Eyrans, Saint-Michel-de-Fronsac, Saint-Michel-de-Lapujade, Saint-Michel-de-Rieufret, Saint-Morillon, Saint-Palais, Saint-Pardon-de-Conques, Saint-Paul, Saint-Pey-d’Armens, Saint-Pey-de-Castets, Saint-Philippe-d’Aiguille, Saint-Philippe-du-Seignal, Saint-Pierre-d’Aurillac, Saint-Pierre-de-Bat, Saint-Pierre-de-Mons, Saint-Quentin-de-Baron, Saint-Quentin-de-Caplong, Saint-Romain-la-Virvée, Saint-Sauveur-de-Puynormand, Saint-Savin, Saint-Selve, Saint-Seurin-de-Bourg, Saint-Seurin-de-Cursac, Saint-Seurin-sur-l’Isle, Saint-Sève, Saint-Sulpice-de-Faleyrens, Saint-Sulpice-de-Guilleragues, Saint-Sulpice-de-Pommiers, Saint-Sulpice-et-Cameyrac, Saint-Trojan, Saint-Vincent-de-Paul, Saint-Vincent-de-Pertignas, Saint-Vivien-de-Blaye, Saint-Vivien-de-Médoc, Saint-Vivien-de-Monségur, Saint-Yzan-de-Soudiac, Saint-Yzans-de-Médoc, Sainte-Colombe, Sainte-Croix-du-Mont, Sainte-Eulalie, Sainte-Florence, Sainte-Foy-la-Grande, Sainte-Foy-la-Longue, Sainte-Gemme, Sainte-Radegonde, Sainte-Terre, Salaunes, Salleboeuf, Les Salles-de-Castillon, Samonac, Saucats, Saugon, Sauternes, La Sauve, Sauveterre-de-Guyenne, Sauviac, Savignac, Savignac-de-l’Isle, Semens, Sendets, Sigalens, Sillas, Soulac-sur-Mer, Soulignac, Soussac, Tabanac, Taillecavat, Talais, Talence, Targon, Tarnès, Tauriac, Tayac, Teuillac, Tizac-de-Curton, Tizac-de-Lapouyade, Toulenne, Le Tourne, Tresses, Uzeste, Val-de-Livenne, Val de Virvée, Valeyrac, Vayres, Vendays-Montalivet, Vensac, Vérac, Verdelais, Le Verdon-sur-Mer, Vignonet, Villandraut, Villegouge, Villenave-de-Rions, Villenave-d’Ornon, Villeneuve, Virelade, Virsac agus Yvrac.

Aonad geografach níos leithne

Creat dlíthiúil:

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál dála breise:

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar na dálaí:

Féadtar an t-aonad geografach níos leithne “Vin de Bordeaux-Médoc” nó “Grand Vin de Bordeaux-Médoc” a léiriú ar an lipéad.

Ní cheadaítear méid na litreacha a úsáidtear a bheith níos mó, ó thaobh airde ná leithead de, ná dhá thrian de mhéid na litreacha a léiríonn ainm an tsonrúcháin tionscnaimh chláraithe.

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

http://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-3182161c-979d-466e-9a73-e1be118d74b0


(1)  IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.


Top