This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62020CA0064
Case C-64/20: Judgment of the Court (First Chamber) of 17 March 2021 (request for a preliminary ruling from the Ard-Chúirt — Ireland) — UH v An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Éire, An tArd-Aighne (Reference for a preliminary ruling — Article 288 TFEU — Directive 2001/82/EC — Community code relating to veterinary medicinal products — Articles 58, 59 and 61 — Information to be provided on outer packaging, immediate packaging and the package leaflet for veterinary medicinal products — Obligation to provide information in all the official languages of the Member State in which the product is marketed — National legislation providing that the information may be provided in one or other of the official languages of the Member State — National court hearing an action for a declaration that the Member State had failed correctly to transpose Directive 2001/82/EC and that the competent national authorities must amend the national legislation)
Cás C-64/20: Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlísheomra) an 17 Márta 2021 (Iarraidh ar réamhrialú ón Ard-Chúirt – Éire) – UH v An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Éire, An tArd-Aighne (Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 288 CFAE – Treoir 2001/82/CE – an cód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte tréidliachta – Airteagail 58, 59 agus 61 – Faisnéis atá le cur ar an bhforphacáistíocht, ar an neasphacáistíocht agus ar bhileoga pacáiste táirgí íocshláinte tréidliachta – Oibleagáid maidir le faisnéis a dhréachtú i dteangacha oifigiúla uile an Bhallstáit ina gcuirtear ar an margadh an táirge – Reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear do dhréachtú faisnéis i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Bhallstáit – Cúirt náisiúnta ag éisteacht caingean lena n-iarrtar cinneadh nár thrasuigh an Ballstát Treoir 2001/82/CE i gceart agus nach mór do na húdaráis inniúla an dlí náisiúnta a leasú)

IO C 180, 10.5.2021, p. 2–2
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
10.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
2 |
Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlísheomra) an 17 Márta 2021 (Iarraidh ar réamhrialú ón Ard-Chúirt – Éire) – UH v An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Éire, An tArd-Aighne
(Cás C-64/20) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 288 CFAE - Treoir 2001/82/CE - an cód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte tréidliachta - Airteagail 58, 59 agus 61 - Faisnéis atá le cur ar an bhforphacáistíocht, ar an neasphacáistíocht agus ar bhileoga pacáiste táirgí íocshláinte tréidliachta - Oibleagáid maidir le faisnéis a dhréachtú i dteangacha oifigiúla uile an Bhallstáit ina gcuirtear ar an margadh an táirge - Reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear do dhréachtú faisnéis i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Bhallstáit - Cúirt náisiúnta ag éisteacht caingean lena n-iarrtar cinneadh nár thrasuigh an Ballstát Treoir 2001/82/CE i gceart agus nach mór do na húdaráis inniúla an dlí náisiúnta a leasú)
Teanga an cháis: an Ghaeilge
An chúirt a rinne an tarchur
An Ard-Chúirt
Na páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: UH
Cosantóir: An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Éire, An tArd-Aighne
An chuid oibríochtúil
Ní mór Airteagal 288 CFAE a léirmhíniú amhail go gcuirtear bac leis ar chúirt náisiúnta, i gcás ina gcinneann sí, i gcomhthéacs nós imeachta arna leagan síos chuige sin leis an dlí náisiúnta, gur mhainnigh an Ballstát lena mbaineann sí a oibleagáid a chomhlíonadh i leith Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte tréidliachta, arna leasú le Treoir 2004/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 a thrasuí i gceart, diúltú, ar an bhforas go ndealraíonn sé di go bhfuil an reachtaíocht náisiúnta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82, lena n-aisghairtear an treoir sin agus a mbeidh feidhm aige ón 28 Eanáir 2022, do dhearbhú breithiúnach a ghlacadh ina sonrófar nár thrasuigh an Ballstát sin an treoir sin i gceart agus go bhfuil sé de cheangal air é sin a leigheas.