Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C2020/444A/07

    Aguisín a ghabhann le Fógra comórtais oscailte — EPSO/AST-SC/10/20 – Rúnaithe (SC 1/SC 2) (IO C 211 A, 25.6.2020) (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C Eagrán Speisialta Gaeilge an 25 Meitheamh 2020)

    IO C 444A, 22.12.2020, p. 8–8 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    22.12.2020   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    8


    Aguisín a ghabhann le Fógra comórtais oscailte — EPSO/AST-SC/10/20 – Rúnaithe (SC 1/SC 2)

    (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 211 A an 25 Meitheamh 2020)

    (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C Eagrán Speisialta Gaeilge an 25 Meitheamh 2020)

    1.

    De bharr ráig COVID-19, ón 6 Márta 2020 i leith, bhí ar EPSO a ghníomhaíochtaí i ndáil le comórtais atá ar bun faoi láthair a chosc agus a chur ar fionraí chun a chinntiú go mbeadh gach beart réamhchúramach is iomchuí i gcomhréir leis na treoracha agus na treoirlínte a thug institiúidí an Aontais agus na húdaráis náisiúnta. Go háirithe, rinne sé sin difear maidir le trialacha a eagrú ina mbíonn iarrthóirí i láthair go fisiceach in áitreabh EPSO nó i gceann d’ionaid chreidiúnaithe EPSO. Bhí sé beartaithe ag EPSO i dtús báire na trialacha a atosú ó lár mhí Mheán Fómhair 2020 ar aghaidh. Mar sin féin, i bhfianaise na ndálaí atá ann faoi láthair maidir le COVID-19, agus go bhfuil bearta tugtha isteach ag na húdaráis náisiúnta dá mbarr lena gcuirtear cosc ar chruinnithe ina bhfuil cuid mhór daoine i láthair agus lena gcuirtear srian le taisteal ar chúiseanna sláinte poiblí, ní fios cén uair a bheifear in ann trialacha a eagrú ina mbeidh daoine i láthair go fisiceach in áitreabh EPSO.

    2.

    Chun na comórtais oscailte a thabhairt i gcrích laistigh de thréimhse réasúnta ama, cinnfidh EPSO an modh tástála is fearr le haghaidh gach comórtais agus cuirfidh sé na hiarrthóirí ar an eolas in am trátha. Dá bhrí sin, na trialacha ar fad i ndáil leis an gcomórtas a luaitear thuas, is go cianda a dhéanfar anois iad, sin nó i gceann d’ionaid trialacha chreidiúnaithe EPSO.

    Ós rud é go ndéanfar na trialacha go cianda ar líne, féadfaidh na hiarrthóirí na trialacha a dhéanamh sa bhaile, san oifig, etc. gan iallach a bheith orthu taisteal chuig ceann d’ionaid trialacha EPSO. Is trí fhíschomhdháil ar líne a dhéanfar na trialacha sin feasta. Cuirfear na sonraí teicniúla uile ar fáil in am trátha, lena n-áirítear treoracha maidir leis an gceangal a thástáil roimh lá na dtrialacha. Ní mór d’iarrthóirí a gcuntas EPSO a sheiceáil dhá uair sa tseachtain ar a laghad.

    3.

    I gcás ina mbeidh na trialacha ar siúl in ionaid chreidiúnaithe EPSO, beidh deis ag na hiarrthóirí rogha a dhéanamh as measc líon ard ionad trialacha ar fud na hEorpa agus ar fud an domhain. Déanfar gach beart sláinteachais is gá chun na trialacha a dhéanamh sna hionaid trialacha sin.

    4.

    Foilseofar cuireadh chun na dtrialacha i gcuntas EPSO na n-iarrthóirí.

    5.

    I gcás an chomórtais seo, is go cianda a dhéanfar an triail idirmheánach de cheisteanna ilrogha (MCQ) ar ríomhaire maidir le scileanna Microsoft Office Word, nó is i gceann d’ionaid trialacha chreidiúnaithe EPSO a dhéanfar í.

    6.

    I gcás an chomórtais seo, is go cianda a dhéanfar na trialacha measúnaithe anois, nó is i gceann d’ionaid trialacha chreidiúnaithe EPSO a dhéanfar iad.

    Top