EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C2020/444A/02

Aguisín a ghabhann le Fógra comórtais oscailte — EPSO/AD/373/19 — Riarthóirí (AD 5) (IO C 177 A, 23.5.2019) (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C Eagrán Speisialta Gaeilge an 23 Bealtaine 2019)

IO C 444A, 22.12.2020, p. 3–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

22.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

3


Aguisín a ghabhann le Fógra comórtais oscailte — EPSO/AD/373/19 — Riarthóirí (AD 5)

(Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 177 A an 23 Bealtaine 2019)

(Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C Eagrán Speisialta Gaeilge an 23 Bealtaine 2019)

1.

De bharr ráig COVID-19, ón 6 Márta 2020 i leith, bhí ar EPSO a ghníomhaíochtaí i ndáil le comórtais atá ar bun faoi láthair a chosc agus a chur ar fionraí chun a chinntiú go mbeadh gach beart réamhchúramach is iomchuí i gcomhréir leis na treoracha agus na treoirlínte a thug institiúidí an Aontais agus na húdaráis náisiúnta. Go háirithe, rinne sé sin difear maidir le trialacha a eagrú ina mbíonn iarrthóirí i láthair go fisiceach in áitreabh EPSO nó i gceann d’ionaid chreidiúnaithe EPSO. Bhí sé beartaithe ag EPSO i dtús báire na trialacha a atosú ó lár mhí Mheán Fómhair 2020 ar aghaidh. Mar sin féin, i bhfianaise na ndálaí atá ann faoi láthair maidir le COVID-19, agus go bhfuil bearta tugtha isteach ag na húdaráis náisiúnta dá mbarr lena gcuirtear cosc ar chruinnithe ina bhfuil cuid mhór daoine i láthair agus lena gcuirtear srian le taisteal ar chúiseanna sláinte poiblí, ní fios cén uair a bheifear in ann trialacha a eagrú ina mbeidh daoine i láthair go fisiceach in áitreabh EPSO.

2.

Chun na comórtais oscailte a thabhairt i gcrích laistigh de thréimhse réasúnta ama, cinnfidh EPSO an modh tástála is fearr le haghaidh gach comórtais agus cuirfidh sé na hiarrthóirí ar an eolas in am trátha. Dá bhrí sin, na trialacha ar fad i ndáil leis na comórtais a luaitear thuas, is go cianda a dhéanfar anois iad, sin nó i gceann d'ionaid trialacha chreidiúnaithe EPSO.

Ós rud é go ndéanfar na trialacha go cianda ar líne, féadfaidh na hiarrthóirí na trialacha a dhéanamh sa bhaile, san oifig, etc. gan iallach a bheith orthu taisteal chuig ceann d’ionaid trialacha EPSO. Is trí fhíschomhdháil ar líne a dhéanfar na trialacha sin feasta. Cuirfear na sonraí teicniúla uile ar fáil in am trátha, lena n-áirítear treoracha maidir leis an gceangal a thástáil roimh lá na dtrialacha. Ní mór d’iarrthóirí a gcuntas EPSO a sheiceáil dhá uair sa tseachtain ar a laghad.

3.

I gcás ina mbeidh na trialacha ar siúl in ionaid chreidiúnaithe EPSO, beidh deis ag na hiarrthóirí rogha a dhéanamh as measc líon ard ionad trialacha ar fud na hEorpa agus ar fud an domhain. Déanfar gach beart sláinteachais is gá chun na trialacha a dhéanamh sna hionaid trialacha sin.

4.

Foilseofar cuireadh chun na dtrialacha i gcuntas EPSO na n-iarrthóirí.

5.

I gcás an chomórtais seo, bhí sé beartaithe cleachtadh i ngrúpa a dhéanamh san ionad measúnaithe. Ina ionad sin, tabharfar cuireadh do gach iarrthóir freastal ar agallamh lena measfar inniúlachtaí i suíomhanna éagsúla (Situational Competency-Based Interview – SCBI) agus is go cianda a dhéanfar an t-agallamh sin trí fhíschomhdháil ar líne. Mairfidh an t-agallamh SCBI idir 30 agus 40 nóiméad. Athraíodh an modh tástála ó tharla nach féidir an cleachtadh i ngrúpa a dhéanamh go cianda ar bhealach sásúil. Dá mbeadh fadhbanna teicniúla ann, d’fhéadfadh sé go gcuirfí an t-idirghníomhú i mbaol agus go n-imreofaí tionchar diúltach ar na hiarrthóirí rannpháirteacha dá bharr sin.

Leis an agallamh SCBI, fiafrófar d’iarrthóirí conas a phléidís le cás ar leith ar mhaithe le measúnú a dhéanamh ar na hinniúlachtaí ginearálta céanna agus a mheasfaí leis an gcleachtadh i ngrúpa. Cruinniú duine le duine ar líne le hagallóir oilte a bheidh i gceist ina gcuirfidh an t-agallóir faisnéis bhreise ar fáil le linn an agallaimh, de réir scripte, a bheag nó a mhór.

Tuairim agus dhá nó trí seachtaine roimh thús na tréimhse tástála SCBI, tabharfar tasc scríofa agus faisnéis chúlra d’iarrthóirí chun cuidiú leo ullmhúchán a dhéanamh. Sa tasc, iarrfar ar iarrthóirí ionadaíocht a dhéanamh do chomhghleacaí agus an fhreagracht a ghlacadh orthu féin as cúraimí agus cásanna éagsúla a phléifear le linn an agallaimh. Beidh cásanna breise nach bhfuil bunaithe ar an tasc i gceist freisin. Beidh iarrthóirí in ann an tasc scríofa agus an fhaisnéis chúlra a cheadú le linn an agallaimh.

Is ball foirne de chuid an Aontais Eorpaigh a chuirfidh agallamh ar na hiarrthóirí. Déanfaidh beirt bhall den Bhord Roghnúcháin breathnóireacht agus measúnú ar fheidhmíocht gach iarrthóra agus bronnfaidh siad na marcanna i ndáil leis na hinniúlachtaí a chumhdaítear sa triail. Ní bheidh an t-agallóir páirteach sa mheasúnú ar an iarrthóir.


Top