This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52016AG0016(02)
Statement of the Council's reasons: Position (EU) No 16/2016 of the Council at first reading with a view to the adoption of a Regulation of the European Parliament and of the Council on protective measures against pests of plants, amending Regulations (EU) No 228/2013, (EU) No 652/2014 and (EU) No 1143/2014 of the European Parliament and of the Council and repealing Council Directives 69/464/EEC, 74/647/EEC, 93/85/EEC, 98/57/EC, 2000/29/EC, 2006/91/EC and 2007/33/EC
Ráiteas ar chúiseanna na Comhairle: Seasamh (AE) Uimh. 16/2016 ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle
Ráiteas ar chúiseanna na Comhairle: Seasamh (AE) Uimh. 16/2016 ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle
IO C 376, 13.10.2016, p. 109–111
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
13.10.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
109 |
Ráiteas ar chúiseanna na Comhairle: Seasamh (AE) Uimh. 16/2016 ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle
(2016/C 376/02)
I. RÉAMHRÁ
1. |
Ar an 6 Bealtaine 2013, chuir an Coimisiún an togra thuasluaite faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, bunaithe ar Airteagal 43 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (1). |
2. |
Ar an 10 Nollaig 2013, d'eisigh an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta a thuairim agus, ar an 13 Eanáir 2014, chuir Coiste na Réigiún in iúl don Chomhairle nach n-eiseodh sé tuairim. |
3. |
Ghlac Parlaimint na hEorpa a seasamh ar an gcéad léamh ar an 15 Aibreán 2014 (2). Rinne an Pharlaimint nuathofa an seasamh sin a dhearbhú ina dhiaidh sin agus ceapadh Anthea McINTYRE, ECR (an Ríocht Aontaithe), mar Rapóirtéir. |
4. |
Go nuige seo, tá tuairimí tugtha uathu ag dhá pharlaimint náisiúnta maidir le prionsabal na coimhdeachta agus le prionsabal na comhréireachta (3) a chur i bhfeidhm. |
5. |
I ndiaidh na hoibre ullmhúcháin a rinne an Mheitheal um Shláinte Plandaí (Cosaint agus Cigireacht), Meitheal na bPríomhoifigeach Sláinte Plandaí (COPS) agus Meitheal na nAtaiséanna Talmhaíochta/na Saineolaithe Fíteashláintíochta, thug Coiste na mBuanionadaithe sainordú (4) don Uachtaránacht, ag an gcruinniú a bhí aige ar an 30 Meitheamh 2015, dul i mbun caibidlíochta le Parlaimint na hEorpa. |
6. |
Tar éis roinnt cruinnithe teicniúla agus cruinnithe tríthaobhacha neamhfhoirmiúla le linn Uachtaránacht Lucsamburg, thángthas ar chomhaontú sealadach maidir le comhréiteach foriomlán i gcruinniú tríthaobhach ar an 16 Nollaig 2015 (5), d'fhonn teacht ar chomhaontú luath ar an dara léamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle. Ar an 18 Nollaig 2015, d'fhormhuinigh Coiste na mBuanionadaithe an comhréiteach sin. Ina dhiaidh sin, rinne seirbhísí an Choimisiúin, Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle athbhreithniú comhpháirteach ar an téacs chun a áirithiú go léirítear ann an comhréiteach ar thángthas air. |
7. |
Ar an 3 Bealtaine 2016, chuir Cathaoirleach an Choiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe de chuid Pharlaimint na hEorpa litir chuig Uachtarán Choiste na mBuanionadaithe á rá gurbh amhlaidh, dá nglacfadh an Chomhairle a seasamh ar an gcéad léamh i gcomhréir leis an téacs comhréitigh thuasluaite, go molfadh sé don seisiún iomlánach go nglacfaí le seasamh na Comhairle gan aon leasú, faoi réir fíorúchán dlí/teanga, ar an dara léamh sa Pharlaimint. |
8. |
Ar an 26 Bealtaine 2016, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil maidir leis an téacs comhréitigh (6). |
II. CUSPÓIR
Is é cuspóir ginearálta an Rialacháin aghaidh a thabhairt ar rioscaí méadaithe san earnáil sláinte plandaí, a eascraíonn ó lotnaidí agus ó ghalair nua (a thagann ó dhomhandú na trádála agus ón athrú aeráide). Déanfar nuachóiriú leis an Rialachán freisin ar ionstraimí sláinte plandaí a bhaineann le trádáil — laistigh de AE (inrianaitheacht fheabhsaithe sa mhargadh inmheánach) agus ó thríú tíortha araon, ag díriú ar chur chuige rioscabhunaithe. Is iad faireachas níos fearr agus díothú tráthúil ráigeanna lotnaidí nua na huirlisí lenar cheart a áirithiú go bhfuil leibhéal iomchuí sláinte plandaí ann.
III. ANAILÍS AR SHEASAMH NA COMHAIRLE AR AN gCÉAD LÉAMH
1. Faisnéis ghinearálta
Leis an gcomhréiteach ar thángthas air idir an dá chomhreachtóir, coinnítear cuspóirí an togra ón gCoimisiún agus, ag an am céanna, tugtar ar aird roinnt de na leasuithe a thug an Chomhairle isteach agus na leasuithe is tábhachtaí a ghlac Parlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh.
2. Na príomh-shaincheisteanna
Leagtar amach príomhghnéithe an chomhréitigh ar tháinig Parlaimint na hEorpa air amach thíos:
a) Raon feidhme
De réir an togra ón gCoimisiún, ní féidir ach plandaí seadánacha a mheas mar lotnaidí plandaí.
Chomhaontaigh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa gurbh fhéidir, d'fhonn go mbeifear in ann freagairt níos solúbtha a thabhairt ar na rioscaí atá ann cheana agus atá ag teacht chun cinn, plandaí neamh-seadánacha a áireamh i raon feidhme an rialacháin freisin, faoi réir an choinníll go mbeidh tionchar dian eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil acu ar chríoch an Aontais.
b) Lotnaidí tosaíochta
Tugadh isteach leis an togra ón gCoimisiún an coincheap nua lotnaidí “tosaíocht”: tá impleachtaí tromchúiseacha ag na lotnaidí sin ar chríoch an Aontais agus ba cheart acmhainní sonracha an Aontais a chur i leataobh chun iad a chomhrac — lena dtugtar le fios freisin oibleagáidí níos forleithne d'údaráis inniúla, d'oibreoirí gairmiúla agus do dhaoine príobháideacha.
I gcomhréir leis an gcomhréiteach ar thángthas air, déanfar lotnaidí tosaíochta a shainaithint ar bhonn líon na gcritéar mionsonraithe a leagtar amach san iarscríbhinn a ghabhann leis an rialachán, agus ní bheidh a líon teoranta a priori.
c) Córas allmhairiúcháin
Áiríodh sa togra ón gCoimisiún roinnt uirlisí chun cosc a chur ar lotnaidí teacht isteach i gcríoch an Aontais trí phlandaí, trí tháirgí plandaí nó réada eile a thagann ó thríú tíortha.
Tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú faoin ngá atá le córas den sórt sin a threisiú trí roinnt eilimintí nua a thabhairt isteach.
Dá bhrí sin, cuireadh catagóir nua: plandaí “ardriosca”, táirgí plandaí nó réada eile leis sin, .i. plandaí, táirgí plandaí nó réada eile a mbaineann riosca lotnaidí leo ar leibhéal nach féidir glacadh leis, ar bhonn réamh-mheasúnú, do chríoch an Aontais. Dá bhrí sin, beidh toirmeasc ar iad a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais ó thríú tír, go dtí go mbeidh measúnú iomlán riosca tugtha chun críche.
Ina theannta sin, beidh gá le deimhnithe fíteashláintíochta, lena ndeimhneofar comhréireacht le reachtaíocht an Aontais maidir le planda, táirge plandaí nó réad eile atá á allmhairiú ó thríú tír isteach i gcríoch an Aontais, le haghaidh réimse leathan plandaí, táirgí plandaí nó réad eile.
b) Cumhachtaí tarmligthe agus cur chun feidhme
Rinneadh staidéar ar na cumhachtaí a bheartaítear don Choimisiún agus tugadh aird ar leith air; rinneadh roinnt de na hairteagail a athdhréachtú chun cumhachtaí an Choimisiúin a imscríobh ar bhealach níos fearr.
Ina theannta sin, foráiltear leis an gcomhréiteach ar thángthas air an liosta de lotnaidí tosaíochta a ghlacadh trí ghníomh tarmligthe, ós rud é go mbaineann sin le tosaíochtaí beartais níos leithne a shainaithint agus ní hamháin le cur i bhfeidhm na gcritéar eolaíocha maidir le lotnaidí plandaí.
IV. CONCLÚID
Léirítear go hiomlán i seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh an comhaontú ar tháinig an dá chomhreachtóir air, rud a dearbhaíodh sa litir thuasluaite ó Chathaoirleach an Choiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe de chuid Pharlaimint na hEorpa chuig Cathaoirleach Choiste na mBuanionadaithe (Cuid 1) dar dáta an 3 Bealtaine 2016. D'fhormhuinigh an Chomhairle ina dhiaidh sin é ar an 26 Bealtaine 2016 tríd an gcomhaontú polaitiúil a ghlacadh.
(1) 9574/13
(2) 8307/14
(3) 11870/13 agus 12254/13
(4) 10108/15 REV2
(5) 15142/15 + ADD1 agus 15143/15.
(6) 8338/16 + ADD1