EUR-Lex Juurdepääs Euroopa Liidu õigusaktidele

Tagasi EUR-Lexi avalehele

See dokument on väljavõte EUR-Lexi veebisaidilt.

Dokument C2014/060A/01

Rialacha ginearálta maidir le comórtais oscailte

IO C 60A, 1.3.2014, lk 1—25 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

1.3.2014   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE COMÓRTAIS OSCAILTE

(2014/C 60 A/01)

Is cuid dhílis den fhógra comórtais na rialacha ginearálta seo, agus i dteannta an fhógra, is iad creatlach ceangailteach an nós imeachta comórtais iad.

CLÁR ÁBHAR

1.

RÉAMHRÁ

1.1.

CAD IS COMÓRTAS OSCAILTE ANN?

1.2.

CAD Í AN PHRÓIFÍL GHINEARÁLTA ATÁ AG TEASTÁIL?

1.3.

INCHÁILITHEACHT

2.

CÉIMEANNA AN CHOMÓRTAIS

2.1.

IARRATAS A CHUR ISTEACH

2.1.1.

Seiceáil go gcomhlíonann tú na coinníollacha incháilitheachta

2.1.2.

Cruthaigh cuntas EPSO

2.1.3.

Trialacha idirghníomhacha samplacha a dhéanamh

2.1.4.

Iarratas ar líne a chur isteach

2.1.5.

Aon socruithe speisialta a theastaíonn sna trialacha a lua

2.1.6.

Dearbhú agus bailíochtú

2.1.7.

An comhad iomlán iarratais a chur isteach

2.2.

TRIALACHA ILROGHANNA AR RÍOMHAIRE

2.3.

INCHÁILITHEACHT A FHÍORÚ (CEAD ISTEACH)

2.4.

ROGHNÚ AR BHONN CÁILÍOCHTAÍ — AN SCAGTHÓIR BUANNA

2.5.

AN tIONAD MEASÚNAITHE

2.6.

IARRTHÓIRÍ A nÉIREOIDH LEO/PAINÉAL

3.

FAISNÉIS GHINEARÁLTA

3.1.

CUMARSÁID

3.1.1.

EPSO: cumarsáid le hiarrthóirí

3.1.2.

Iarrthóirí: cumarsáid le EPSO

3.1.3.

Iarrthóirí: cumarsáid le boird roghnúcháin

3.2.

COSAINT SONRAÍ

3.3.

ROCHTAIN AR FHAISNÉIS

3.3.1.

Cearta rochtana sonracha na n-iarrthóirí

3.3.2.

Rochtain ar dhoiciméid faoi Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 — Trédhearcacht

3.4.

GEARÁIN

3.4.1.

Cad é atá le déanamh i gcás faidhbe?

3.4.2.

Neodrú

3.4.3.

An nós imeachta athbhreithnithe inmheánach

3.4.4.

Modhanna eile aighnis

3.5.

DÍCHÁILIÚ ÓN gCOMÓRTAS

IARSCRÍBHINN 1 —

SAMPLAÍ DE CHÁILÍOCHTAÍ

IARSCRÍBHINN 2 —

TREORACHA GINEARÁLTA Ó CHOLÁISTE NA gCEANN RIARACHÁIN MAIDIR LE hÚSÁID TEANGACHA I gCOMÓRTAIS EPSO

1.   RÉAMHRÁ

1.1.   CAD IS COMÓRTAS OSCAILTE ANN?

Roghnaíonn na hinstitiúidí Eorpacha a gcuid oifigeach trí chomórtais oscailte a mbíonn sraith scrúduithe iomaíocha ag gabháil leo. Is féidir le gach saoránach den Aontas Eorpach (1) a chomhlíonann na riachtanais a iarrtar páirt a ghlacadh sna comórtais. Sa phróiseas sin tugtar deis chothrom do na hiarrthóirí uile a gcuid inniúlachtaí a léiriú agus déantar deimhin de go roghnófar daoine ar bhonn a mbuanna agus go n-urramófar prionsabal na córa comhionainne san am céanna.

Cuirtear ainmneacha na n-iarrthóirí ar éirigh leo sa chomórtas ar phainéal as a n-earcaíonn na hinstitiúidí na daoine sin, de réir a riachtanas. Dá bhrí sin, ní hé aidhm an chomórtais post folamh ar leith a líonadh ach painéal earcaíochta a chur le chéile.

Chun na hiarrthóirí is fearr a roghnú, ar bhonn na gcoinníollacha atá leagtha amach san fhógra comórtais, ainmnítear bord roghnúcháin (2). Cuireann an bord roghnúcháin na hiarrthóirí i gcomparáid le chéile maidir lena fheabhas a chruthaigh siad chun a oiriúnaí atá siad do na dualgais atá sonraithe san fhógra a mheas. Dá bhrí sin, ní amháin go gcaithfidh siad inniúlachtaí agus cumas na n-iarrthóirí a mheas ach caithfidh siad bheith in ann na daoine is fearr inniúlacht a aithint ar bhonn a mbuanna freisin.

Cuirtear comórtais ar siúl de réir timthriallta bliantúla i gcás próifílí post ginearálta, nó i gcás sainphróifílí, nuair a iarrtar iad chun riar ar riachtanais speisialta na n-institiúidí.

1.2.   CAD Í AN PHRÓIFÍL GHINEARÁLTA ATÁ AG TEASTÁIL?

Tá iarrthóirí éirimiúla tionscantacha, a bhfuil ardcháilíochtaí acu sa réimse i gceist ag teastáil ó na hinstitiúidí, iarrthóirí a bhfuil na hinniúlachtaí ginearálta seo thíos go háirithe acu:

Anailísiú agus réiteach fadhbanna

An cumas príomhphointí ceisteanna casta a aimsiú agus réitigh atá cruthaitheach, soiléir agus praiticiúil a cheapadh

Cumarsáid

An cumas cumarsáid chruinn shoiléir a dhéanamh, ó bhéal agus i scríbhinn

Cáilíocht agus torthaí

An cumas freagrachtaí a ghlacadh agus a bheith tionscantach ar mhaithe le hobair d'ardchaighdeán a dhéanamh, laistigh de nósanna imeachta atá leagtha síos

Foghlaim agus forbairt

An cumas scileanna pearsanta agus eolas ar an eagraíocht agus ar an láthair oibre a fhorbairt agus a fheabhsú

Tosaíochtaí a chur in ord tábhachta agus eagrúchán

An cumas cúraimí a chur in ord tábhachtachta, oibriú go solúbtha, agus an t-ualach oibre a eagrú go héifeachtúil

Buanseasmhacht

An cumas a bheith éifeachtach, fiú amháin faoi ualach mór oibre, deacrachtaí eagraíochtúla a shárú ar bhealach dearfach agus a bheith i gcónaí in oiriúint don láthair oibre

Obair bhuíne

An cumas a bheith ag comhoibriú le garchomhghleacaithe agus bheith tuisceanach do na difríochtaí idir daoine

Cumas ceannaireachta (riarthóirí amháin)

An cumas daoine a bhainistiú, a fhorbairt agus a spreagadh sa chaoi is go mbainfidh siad a gcuid spriocanna amach.

1.3.   INCHÁILITHEACHT

Chun bheith incháilithe páirt a ghlacadh i gcomórtas, ní mór d'iarrthóirí critéir áirithe a chomhlíonadh, critéir a leagtar síos san fhógra comórtais.

Ní mór d'iarrthóirí a dhearbhú go gcomhlíonann siad na coinníollacha uile incháilitheachta, idir ghinearálta agus sonracha, atá sainithe san fhógra comórtais, agus ní mór dóibh na doiciméid tacaíochta is gá a chur ar fáil i gcomhad iomlán iarratais nuair a iarrtar sin (ag céim an ionaid mheasúnaithe amháin, de ghnáth, mura bhfuil sé sonraithe san fhógra comórtais nach amhlaidh atá; féach Roinn 2.1.7 thíos).

Coinníollacha ginearálta

Baineann na coinníollacha incháilitheachta ginearálta (3) seo a leanas leis na comórtais uile. Ní mór duit:

(a)

bheith i do shaoránach de Bhallstát den Aontas Eorpach (4);

(b)

do chearta go léir mar shaoránach a theachtadh;

(c)

aon oibleagáid dlí atá ort i dtaca le seirbhís mhíleata a bheith comhlíonta agat;

(d)

na riachtanais charachtair a chomhlíonadh a theastaíonn chun na dualgais i gceist a dhéanamh.

Chun a chruthú go bhfuil an tsaoránacht a theastaíonn agat, ba cheart duit cóip de do phas, de do chárta aitheantais nó d'aon doiciméad oifigiúil eile ina bhfuil do shaoránacht sonraithe a chur ar fáil, agus ní mór an doiciméad sin a bheith bailí ar an dáta deiridh is féidir iarratas ar líne a chur isteach.

Is gnách nach dteastaíonn aon doiciméid tacaíochta chun a chruthú go bhfuil do chearta go léir mar shaoránach ar teachtadh agat, nó go bhfuil aon oibleagáid dlí atá ort i dtaca le seirbhís mhíleata comhlíonta agat. Is ionann d'iarratas a shíniú agus a dhearbhú ar d'fhocal agus ar d'fhírinne go gcomhlíonann tú na coinníollacha sin.

Coinníollacha sonracha

Is féidir go mbeidh na coinníollacha sonracha maidir leis na cáilíochtaí agus an taithí oibre a iarrtar éagsúil ó chomórtas go chéile de réir na próifíle i gceist; sonraítear na coinníollacha sin san fhógra comórtais. Fútsa atá sé an fhaisnéis agus na doiciméid uile a thabhairt don bhord roghnúcháin a theastaíonn uaidh chun go bhféadfaidh sé a sheiceáil an gcomhlíonann tú na coinníollacha sin.

(a)

Dioplómaí  (5) agus/nó teastais a dheimhníonn gur chríochnaigh tú do chúrsa staidéir agus gur éirigh sé leat. Cuirfidh an bord roghnúcháin san áireamh na difir idir chórais oideachais. Tá samplaí de na híoscháilíochtaí a theastaíonn i gcás gach catagóire ar leith ar fáil san iarscríbhinn a ghabhann leis na rialacha ginearálta seo agus ar shuíomh gréasáin EPSO, ach is féidir go mbeidh ceanglais níos déine leagtha síos san fhógra comórtais. Tabhair do d'aire: má rinne tú cúrsa staidéir lasmuigh den AE, ba cheart do dhioplóma a bheith aitheanta ag comhlacht stáit i gceann de Bhallstáit an AE (e.g. Roinn Oideachais).

I gcás dioplómaí tríú leibhéal, cuir faisnéis atá chomh mionsonraithe agus is féidir é le d'iarratas ar líne, go háirithe faisnéis ar na hábhair a ndearna tú staidéar orthu agus fad na dtréimhsí staidéir sin, ionas go mbeidh an bord roghnúcháin in ann a ábhartha atá do dhioplóma do na dualgais i gceist a mheas. Má fuair tú oiliúint theicniúil nó ghairme, nó má rinne tú cúrsa oiliúna breise nó cúrsa speisialtóireachta, ní mór duit a thabhairt le fios cé acu cúrsa lánaimseartha, cúrsa páirtaimseartha nó cúrsa oíche a bhí ann, chomh maith leis na hábhair a rinne tú agus fad an chúrsa.

(b)

Taithí oibre (má iarrtar sin). Ní chuirfear do thaithí oibre san áireamh ach amháin má bhaineann sí leis na cineálacha dualgais a bhfuil cur síos orthu i bhfógra an chomórtais. Mar riail ghinearálta, ba cheart:

fíorobair éifeachtach a bheith i gceist sa taithí oibre,

pá a bheith ag dul léi,

caidreamh íochtaránachta nó soláthar seirbhíse a bheith i gceist léi.

Aon chodanna de do thaithí oibre a bhaineann leis na catagóirí thíos, cuirfear san áireamh iad mar seo a leanas:

obair dheonach: ní chuirfear san áireamh ach obair a raibh pá léi. Ní mór an obair dheonach a bheith inchurtha le gnáthobair ó thaobh uaireanta an chloig oibre sa tseachtain agus faid de,

intéirneachtaí: measfar intéirneachtaí a bheith ina dtaithí oibre má bhí pá ag dul leo,

seirbhís mhíleata éigeantach: cuirfear san áireamh tréimhse seirbhíse míleata éigeantaí nach faide ná fad reachtach na seirbhíse míleata éigeantaí sa Bhallstát ar náisiúnach de é an t-iarrthóir. Is féidir go ndearnadh an tseirbhís mhíleata éigeantach sula bhfuarthas an dioplóma a theastaíonn chun dul isteach sa chomórtas nó ina diaidh,

saoire mháithreachais/atharthachta/altramais: cuirfear saoire mháithreachais/atharthachta/altramais san áireamh más cuid den chonradh oibre í. Má bhí cúis na saoire (breith nó altramú) ann le linn duit obair a iarraidh, ní mheasfar an tsaoire a bheith ina taithí oibre,

dochtúireacht: measfar gach dochtúireacht, is cuma cé acu a bhí pá ag dul léi nó nach raibh, a bheith ina taithí oibre go dtí uasfhad trí bliana, ar choinníoll gur baineadh amach an chéim dochtúireachta sa deireadh,

obair pháirtaimseartha: ríomhfar obair pháirtaimseartha ar bhonn pro rata de réir an méid uaireanta an chloig a caitheadh ag obair. Má bhíonn sé mhí d'obair leathama déanta agat, mar shampla, measfar gur mhair an taithí oibre sin trí mhí.

Déan deimhin de go sonróidh tú na cineálacha dualgas a rinne tú a mhéid is féidir é ionas go bhféadfaidh an bord roghnúcháin ábharthacht na taithí do dhualgais an phoist a bhfuil tú ag cur isteach air. Ní mór na doiciméid tacaíochta seo a leanas a bheith ag gabháil le gach tréimhse oibre:

teistiméireachtaí ó iarfhostóirí agus ón bhfostóir reatha a dheimhníonn go bhfuil an taithí oibre agat a theastaíonn chun a bheith páirteach sa chomórtas; ní mór cineál agus leibhéal na ndualgas a rinne tú, agus dáta tosaigh agus dáta deiridh na ndualgas a bheith luaite sna teistiméireachtaí sin,

mura féidir leat teistiméireachtaí a chur leis an iarratas, is féidir fótachóipeanna de do chonarthaí fostaíochta agus de do chéad duillín pá agus de do dhuillín pá deiridh a chur ar fáil, ach cur síos mionsonraithe ar na dualgais a rinne tú a bheith leo,

maidir le taithí oibre gan phá (féinfhostaíocht nó fostaíocht sna gairmeacha liobrálacha, etc.), féadfar glacadh mar fhianaise le sonraisc nó le foirmeacha ordaithe ina bhfuil na dualgais a rinne tú sonraithe, nó le haon doiciméad tacaíochta oifigiúil eile atá ábhartha,

i gcás na gcomórtas le haghaidh ateangairí comhdhála, ina bhfuil taithí oibre riachtanach, ní chuirfear san áireamh ach na doiciméid a chruthaíonn go mbaineann an taithí go sonrach leis an ateangaireacht chomhdhála agus a shonraíonn go soiléir líon na laethanta oibre agus na teangacha a ndearnadh ateangaireacht astu.

Eolas ar theangacha

De réir an chomórtais, iarrfar ort d'eolas ar theangacha oifigiúla an AE a chruthú (6). Is é is gnáthaí go gcaithfidh eolas fíormhaith ar cheann amháin de theangacha oifigiúla an AE agus eolas sásúil ar cheann eile a bheith agat, ach is féidir go n-iarrfar níos mó ná sin san fhógra comórtais (is amhlaidh a bhíonn, go háirithe, i gcás próifílí teangeolaithe). Mura bhfuil a mhalairt ráite san fhógra comórtais is idir an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis amháin a bheidh rogha i gcás an dara teanga (7).

Agus comórtais oscailte á n-eagrú ag EPSO, bíonn feidhm ag na “Treoirlínte Ginearálta ar úsáid teangacha i gcomórtais EPSO” (8) arna nglacadh ag Coláiste na gCeann Riaracháin an 15 Bealtaine 2013.

Cleachtas seanbhunaithe is ea é an Bhéarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis a úsáid le haghaidh cumarsáide inmheánaí in institiúidí an AE agus, lena chois sin, is iad sin na teangacha is minice a mbíonn gá leo nuair a bhítear ag déanamh cumarsáide leis an saol lasmuigh nó ag láimhseáil cásanna.

Roghnaíodh dara teangacha na gcomórtas de réir leas na seirbhíse, leas a éilíonn go mbeidh na hearcaigh nua in ann dul i mbun oibre láithreach agus go mbeidh sé ar a gcumas cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le linn a n-oibre laethúla. Ina éagmais sin, bheadh baol ann go gcuirfí bac mór le hobair na n-institiúidí.

Chun a chinntiú go gcaithfear go comhionann le gach duine, beidh ar gach iarrthóir — na hiarrthóirí a bhfuil a gcéad teanga oifigiúil ar na trí cinn sin san áireamh — trialacha áirithe a dhéanamh sa dara teanga acu arna roghnú as na trí cinn sin. Trí na hinniúlachtaí sonracha a mheas ar an dóigh sin, is féidir le hinstitiúidí an Aontais a meas a thabhairt ar ábaltacht na n-iarrthóirí dul i mbun oibre láithreach i dtimpeallacht atá cosúil leis an timpeallacht ina n-iarrfar orthu bheith ag obair. Tá na bearta seo gan dochar d'fhoghlaim tríú teanga ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 45(2) de na Rialacháin Foirne.

Is gnách nach dteastaíonn aon doiciméid tacaíochta chun d'eolas ar theangacha a chruthú, ach amháin i gcás comórtas áirithe le haghaidh teangeolaithe. I gcás na gcomórtas sin beidh sé ráite san fhógra comórtais nach mór duit fianaise a thabhairt ar an eolas ar theangacha a iarrtar i bhfoirm dioplóma nó nóta ina bhfuil cur síos ar an dóigh a bhfuair tú eolas ar na teangacha sin.

2.   CÉIMEANNA AN CHOMÓRTAIS

2.1.   IARRATAS A CHUR ISTEACH

1.

Seiceáil go gcomhlíonann tú coinníollacha incháilitheachta an chomórtais.

2.

Cruthaigh cuntas EPSO, mura bhfuil sin déanta agat cheana.

3.

Déan na trialacha idirghníomhacha samplacha atá ar fáil.

4.

Líon an fhoirm iarratais ar líne.

5.

Luaigh aon socruithe speisialta a theastóidh uait chun trialacha a dhéanamh

6.

Déan an t-iarratas ar líne a dhearbhú agus a bhailíochtú roimh an spriocdháta atá leagtha síos.

7.

Cuir comhad iomlán iarratais isteach.

2.1.1.   Seiceáil go gcomhlíonann tú na coinníollacha clárúcháin agus iontrála

Roimh chlárú duit, seiceáil an méid seo a leanas:

(1)

go gcomhlíonann tú na coinníollacha incháilitheachta, idir ghinearálta agus sonracha; ciallaíonn sin go gcaithfidh tú an fógra comórtais agus na rialacha ginearálta sin a léamh go grinn agus glacadh leis na coinníollacha atá leagtha amach iontu;

(2)

gur roghnaigh tú an réimse ceart agus an phróifíl cheart; i gcás roinnt comórtas a fhoilsítear san am céanna, ní féidir cuir isteach ach ar réimse amháin nó ar phróifíl amháin, rud a bheidh sonraithe go soiléir san fhógra comórtais.

2.1.2.   Cuntas EPSO a chruthú

Is éard atá i gcuntas EPSO comhéadan ar líne idir EPSO agus tusa. Is ansin a gheobhaidh tú teachtaireachtaí ó EPSO agus a bheidh tú in ann d'iarratais a leanúint. Is ansin a stórálfar do shonraí pearsanta freisin, agus is ansin is féidir leat nuashonrú na sonraí sin a iarraidh (9).

Mura bhfuil cuntas agat cheana, is féidir leat ceann a chruthú ach na treoracha ar shuíomh gréasán EPSO a leanúint (10). Ní féidir sin a dhéanamh gan seoladh bailí feidhmiúil ríomhphoist a bheith agat.

Ní féidir ach aon chuntas EPSO amháin a chruthú, agus féadfar é a úsáid do gach iarratais a dhéanfaidh tú ina dhiaidh sin. Féadfar tú a dhícháiliú ag aon chéim den nós imeachta má fhionnann EPSO gur chruthaigh tú níos mó ná aon chuntas amháin (féach freisin Roinn 3.5 thíos).

2.1.3.   Trialacha idirghníomhacha samplacha a dhéanamh

De réir an chomórtais i gceist, is féidir go n-iarrfar ort roinnt trialacha samplacha idirghníomhacha a dhéanamh. Tabharfaidh na trialacha sin léargas duit ar an leibhéal is gá chun trialacha iontrála an chomórtais a dhéanamh.

2.1.4.   Iarratas ar líne a chur isteach

Ní mór duit iarratas a chur isteach trí shuíomh gréasáin EPSO, de réir na dtreoracha sa treoirleabhar clárúcháin ar líne (11).

Tabhair do d'aire gur féidir go dtógfaidh an nós imeachta clárúcháin tamall fada ort mar gheall ar an méid eolais is gá a iontráil. Fútsa atá sé féachaint chuige go mbeidh an t-iarratas líonta isteach agus bailíochtaithe roimh an spriocam atá leagtha síos san fhógra comórtais.

De réir an chomórtais i gceist, iarrtar ort faisnéis ábhartha a chur isteach maidir le:

do dhioplómaí/chailíochtaí,

do thaithí oibre (má iarrtar sin),

cé na fáthanna a bhfuil tú ag cur iarratais isteach,

d'eolas ar theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

I gcás sainchomórtas, is féidir go mbeidh ort sraith ceisteanna sonracha a fhreagairt freisin faoi do thaithí agus do cháilíochtaí i réimse an chomórtais (féach Roinn 2.4 “Roghnú ar bhonn cáilíochtaí — an scagthóir buanna” (DE: Talentfilter, EN: talent screener, FR: évaluateur de talent)).

Ní mór gach cuid den fhoirm iarratais ar líne, an “scagthóir buanna” san áireamh, a líonadh isteach i mBéarla, i bhFraincis nó i nGearmáinis, mura bhfuil a mhalairt sonraithe san fhógra comórtais.

2.1.5.   Aon socruithe speisialta a theastaíonn sna trialacha a lua

Má tá tú faoi mhíchumas nó má tá bail ort a d'fhéadfadh a fhágáil go mbeadh socruithe speisialta de dhíth ort chun na trialacha a dhéanamh, cuir isteach an t-eolas ábhartha san fhoirm iarratais ar líne.

Beidh ort deimhniú leighis nó deimhniú a d'eisigh comhalta aitheanta a dheimhníonn an míchumas sin a bheith ort a chur isteach a luaithe is féidir i ndiaidh duit d'iarratas ar líne a bhailíochtú, ar cheann de na bealaí seo a leanas:

trí ríomhphost chuig: EPSO-accessibility@ec.europa.eu,

trí fhacs chuig: +32 22998081,

tríd an bpost chuig: l'Office européen de sélection du personnel (EPSO), C-25, 1049 Bruxelles/Brussel, BELGIQUE/BELGIË.

Bíodh “EPSO accessibility” luaite go soiléir ar an gcomhfhreagras sin maille le d'ainm, uimhir an chomórtais agus d'uimhir iarratais.

Scrúdófar na doiciméid tacaíochta de réir an cháis agus i gcás a bhfuil údar maith ann, ar bhonn na fianaise a cuireadh isteach agus ar bhonn an phrionsabail caitheamh go comhionann le gach iarrthóir, is féidir go dtairgfidh EPSO socruithe ar leith a dhéanamh, a mhéid a mheasfar a bheith réasúnta.

Má thagann míchumas nó bail ort i ndiaidh an spriocama d'iarratais ar líne, ní mór duit EPSO a chur ar an eolas faoi na socruithe a mheasann tú a bheith riachtanach a luaithe is féidir é agus na doiciméid tacaíochta ábhartha a chur trí ríomhphost, trí fhacs nó tríd an bpost chuig EPSO (féach na sonraí thuasluaite).

2.1.6.   Dearbhú agus bailíochtú

I ndiaidh duit d'iarratas ar líne a líonadh isteach, ní mór duit é a sheoladh trí chliceáil ar an gcnaipe “bailíochtaigh an t-iarratas” le go bhféadfaidh EPSO é a chur san áireamh agus a phróiseáil.

Tabhair do d'aire nach bhféadann EPSO iarratais a ghlacadh ó iarrthóirí nach mbailíochtaíonn a n-iarratas roimh an spriocam.

Nuair a bheidh d'iarratas bailíochtaithe agat, ní fhéadfaidh tú aon athruithe eile a dhéanamh air. Déanfaidh EPSO na sonraí a cuireadh isteach a phróiseáil láithreach chun an comórtas a eagrú.

Ní mór na coinníollacha incháilitheachta, idir ghinearálta agus sonracha, a chomhlíonadh ar an dáta/na dátaí atá sonraithe san fhógra comórtais.

2.1.7.   An comhad iomlán iarratais a chur isteach

Is éard is comhad iarratais iomlán ann, comhad ina bhfuil cóip den fhoirm iarratais agus í sínithe, chomh maith leis na doiciméid tacaíochta ar fad a theastaíonn.

Murab é go bhfuil sé sonraithe san fhógra comórtais go gcaithfear an comhad a chur isteach tráth an chlárúcháin ar líne, ní iarrfar ach ar na hiarrthóirí a gheobhaidh cuireadh chun an ionaid mheasúnaithe a gcomhad iarratais iomlán a thabhairt leo lá an ionaid mheasúnaithe.

Nuair a iarrfaimid ort do chomhad iarratais iomlán a chur ar fáil, beidh sé ráite sa litir uainn cé na cineálacha doiciméad tacaíochta a chaithfidh tú a chur isteach i gceangal leis (e.g. fótachóipeanna neamhdheimhnithe nó bunchóipeanna de na doiciméid a theastaíonn).

Ní thabharfaidh EPSO ar ais aon doiciméid agus, i gcomhréir leis na rialacha maidir le cosaint sonraí, scriosfar na comhaid i ndiaidh dhul in éag na tréimhse choinneála is infheidhme.

Má chuirtear d'ainm ar an bpainéal agus má thairgtear post duit, beidh ort bunchóipeanna na ndoiciméad uile a iarrtar a chur ar fáil lena ndeimhniú sula bhféadfar tú a earcú.

Ní mheasfar gur doiciméid tacaíochta bhailí iad tagairtí do shuíomhanna gréasáin, asphriontaí leathanach gréasáin ná tagairtí d'iarratais nó do dhoiciméid a cuireadh isteach roimhe.

Nuair a iarrtar ort do chomhad iarratais iomlán a chur isteach, ba cheart duit:

(1)

d'iarratas ar líne agus é bailíochtaithe a chlóbhualadh ó do chuntas EPSO;

(2)

é a shíniú sa bhosca atá ann chuige sin;

(3)

na doiciméid tacaíochta uile a iarrtar a uimhriú agus iad a chur leis an gcomhad mar aon le hinnéacs uimhrithe díobh.

2.2.   TRIALACHA ILROGHANNA AR RÍOMHAIRE

I gcás fhormhór na gcomórtas oscailte, eagraíonn EPSO trialacha ilroghanna ar ríomhaire. Is é an bord roghnúcháin a chineann deacracht na dtrialacha sin agus a fhormheasann a bhfuil iontu ar bhonn moltaí ó EPSO. Marcáiltear na trialacha le ríomhaire.

De réir an chomórtais ar chuir tú isteach air, d'fhéadfadh na nithe seo a leanas bheith sna trialacha:

triail réasúnaíochta briathartha: chun a mheas a ábalta atá tú réasúnú go loighciúil agus faisnéis bhriathartha a thuiscint,

triail réasúnaíochta uimhriúla: chun a mheas a ábalta atá tú réasúnú go loighciúil agus faisnéis uimhriúil a thuiscint,

triail réasúnaíochta teibí: chun a mheas a ábalta atá tú réasúnú go loighciúil agus na gaoil idir choincheapa nach bhfuil eilimintí teanga, spásúla nó uimhriúla iontu a thuiscint,

triail bhreithniúnais shuíomhúil: chun an dóigh a n-iompraíonn tú tú féin de ghnáth i gcomhthéacs oibre a mheas,

triail/trialacha scileanna teanga,

triail/trialacha scileanna gairmiúla.

Chun na trialacha ar ríomhaire a dhéanamh, ní mór duit coinne tástála a dhéanamh. Gheobhaidh tú treoracha trí do chuntas EPSO maidir leis an dóigh le coinne a dhéanamh do na trialacha; sna treoracha sin luafar an tréimhse a bhféadfaidh tú an coinne a dhéanamh lena linn agus míneofar an próiseas déanta coinní.

Bunús mór an ama beidh rogha agat idir roinnt dátaí agus roinnt ionad ina bhféadfaidh tú na trialacha a dhéanamh. Tabhair do d'aire go mbeidh teorainn leis an tréimhse ina bhféadfaidh tú na trialacha a chur in áirithe agus a dhéanamh. Mura ndéanfaidh tú, faoi cheann na tréimhse a leagadh síos, coinne chun an tástáil a dhéanamh dícháileofar ón gcomórtas thú ar an ábhar sin amháin.

2.3.   INCHÁILITHEACHT A FHÍORÚ (CEAD ISTEACH)

Seiceálfaidh EPSO d'iarratas féachaint an bhfuil sé inghlactha, i.e. ar cuireadh isteach faoin spriocdháta é agus an bhfuil sé i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos san fhógra comórtais.

Má tá d'iarratas inghlactha, seiceálfar ina dhiaidh sin an fhaisnéis atá san iarratas ar líne maidir le comhlíonadh na gcoinníollacha incháilitheachta ginearálta agus sonracha (12), mar atá sonraithe san fhógra comórtais. Seiceálfar an fhaisnéis sin céim níos faide anonn i dtaca leis na doiciméid tacaíochta a cuireadh isteach (mura rud é go bhfuil foráil san fhógra comórtais maidir le seiceálacha ar dhoiciméid ag céim níos luaithe, féach Roinn 2.1.7).

Ní chuirfear san áireamh ach na hiarratais a chomhlíonann na coinníollacha go léir atá leagtha síos san fhógra comórtais.

2.4.   ROGHNÚ AR BHONN CÁILÍOCHTAÍ — AN SCAGTHÓIR BUANNA

I gcás fhormhór na sainphróifílí, bíonn céim ann ar a dtugtar “roghnú ar bhonn cáilíochtaí”. Le linn na céime sin, is é an bord roghnúcháin a dhéanann measúnú ar iarratais na n-iarrthóirí agus a roghnaíonn na hiarrthóirí is fearr a bhfuil a gcáilíochtaí (go háirithe dioplómaí agus taithí oibre) in oiriúint do dhualgais agus do na critéir roghnúcháin atá leagtha amach san fhógra comórtais.

Más iarrthóir thú i gcomórtas den chineál seo, ní mór duit sraith ceisteanna a fhreagairt sa chuid sin den fhoirm iarratais ar líne ar a dtugtar “scagthóir buanna”. Bíonn na ceisteanna bunaithe ar na critéir roghnúcháin atá luaite san fhógra comórtais agus is é an bord roghnúcháin a dhéanann measúnú ar do chuid freagraí. An t-aon sraith amháin ceisteanna a bhíonn le freagairt ag na hiarrthóirí uile i gcomórtas. Ar an dóigh sin, is san aon chreat struchtúrtha amháin a fhaigheann an bord roghnúcháin freagraí gach iarrthóra, rud a chuidíonn leis an mbord measúnú grinn oibiachtúil a dhéanamh ar bhuanna na n-iarrthóirí agus iad a chur i gcomparáid le chéile.

Is ar bhonn na bhfreagraí ar na ceisteanna sonracha sa chluaisín “scagthóir buanna” den fhoirm iarratais ar líne, agus ar an mbonn sin amháin, a dhéanfar an roghnú sin.

I dtús báire, tugann an bord roghnúcháin ualú (ó 1 go dtí 3) do gach ceist sa scagthóir buanna, de réir na tábhachta atá leis an gcritéar. Ansin, scrúdaíonn an bord freagraí na n-iarrthóirí ar na ceisteanna agus tugann siad marc ó 0 go dtí 4 phointe do gach freagra. Ansin, iolraítear na pointí sin faoi ualú gach ceiste.

Na hiarrthóirí a ghnóthaigh an líon is mó pointí, téann siad ar aghaidh go dtí céim an mheasúnaithe (bíonn líon na n-iarrthóirí a rachaidh ar aghaidh go dtí an chéim sin sonraithe san fhógra comórtais).

2.5.   AN tIONAD MEASÚNAITHE

I ndiaidh na dtrialacha ilroghnacha ar ríomhaire agus/nó an roghnúcháin ar bhonn cáilíochtaí, tabharfar cuireadh chun an ionaid mheasúnaithe do na hiarrthóirí; is gnách go mbíonn an chéim sin ar siúl sa Bhruiséil nó i Lucsamburg ar feadh lá nó dhó nó níos mó.

Is féidir go mbeidh roinnt trialacha ar siúl ar ríomhaire i gcathracha eile ach is cuid de phróisis an ionaid mheasúnaithe iad fós. Sa chás sin, beidh na socruithe praiticiúla (is é sin dáta agus ionad a chur in áirithe) ar aon dul, tríd is tríd, leis an nós imeachta a bhfuil cur síos air i Roinn 2.2 thuas.

San ionad measúnaithe, tástálfar inniúlachtaí ginearálta na n-iarrthóirí (féach Roinn 1.2) agus a n-inniúlachtaí sonracha (maidir leis na dualgais i gceist).

De réir an chomórtais i gceist, is féidir go mbeidh na nithe seo a leanas ina gcuid de na trialacha sin:

cás-staidéar: triail scríofa bunaithe ar chás-staidéar a bhaineann le hábhar ina mbeidh fadhbanna éagsúla le réiteach agat nó freagairt le tabhairt orthu, agus gan agat chuige sin ach an t-eolas atá ar fáil sa scrúdú,

cur i láthair ó bhéal: triail aonair anailíse agus cur i láthair ina mbeidh ort réiteach a mholadh ar fhadhb shamhailteach a bhaineann leis an obair. I ndiaidh duit anailís a dhéanamh ar na doiciméid a thabharfar duit, beidh ort do chuid smaointe a mhíniú do ghrúpa beag daoine,

agalla(i)mh struchtúrtha: gníomhaíocht aonair arb é is aidhm leis faisnéis ábhartha a fháil, ar dhóigh struchtúrtha, ar d'inniúlachtaí ginearálta (agus/nó ar d'inniúlachtaí sonracha, i gcás sainchomórtas), ar bhonn na taithí atá agat,

gníomhaíocht i ngrúpa: i ndiaidh duit roinnt faisnéise a staidéar i d'aonar, cuirfear i ngrúpa thú le roinnt rannpháirtithe eile chun bhur gconclúidí a phlé agus teacht ar chomhchinneadh,

inbhosca ríomhphoist: triail ar ríomhaire ina n-iarrfar ort freagra a thabhairt ar roinnt ceisteanna agus an doiciméadacht a bheidh ar fáil san inbhosca ríomhphoist á húsáid agat,

trialacha praiticiúla teanga,

gníomhaíochtaí eile a bhaineann le hinniúlachtaí sainiúla,

trialacha réasúnaíochta briathartha, uimhriúla, teibí agus breithiúnais shuíomhúil (mura raibh na trialacha sin ar siúl níos luaithe sa chomórtas).

Beidh míniú mionsonraithe ar thrialacha gach comórtais san fhógra comórtais agus i mbróisiúr an “Ionaid Mheasúnaithe” a gheobhaidh iarrthóirí nuair a thabharfar cuireadh dóibh páirt a ghlacadh sa chéim seo den chomórtas.

2.6.   IARRTHÓIRÍ A nÉIREOIDH LEO/PAINÉAL

Tiomsaíonn an bord roghnúcháin “painéal” ina bhfuil ainmneacha na hiarrthóirí sin is fearr a chruthaigh agus a ghnóthaigh na marcanna is airde, mar atá sonraithe san fhógra comórtais. Ansin, cuirtear an liosta chuig na hinstitiúidí sin de chuid an AE a bheidh ag earcú iarrthóirí ar éirigh leo as an bpainéal. Ní hionann bheith ar an bpainéal agus ceart ná ráthaíocht a bheith agat post a fháil.

Foilsítear ainmneacha na n-iarrthóirí atá ar an bpainéal agus dáta éaga an phainéil (13) in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ar shuíomh gréasáin EPSO. I gcásanna áirithe féadfar síneadh a chur le tréimhse bailíochta an phainéil. Is ar shuíomh gréasáin EPSO amháin a fhoilseofar an cinneadh maidir le síneadh le bailíocht painéil.

Na hiarrthóirí uile a rinne trialacha an ionaid mheasúnaithe (14), cuirfear doiciméad chucu ar a dtugtar “an pas inniúlachtaí” ina mbeidh aiseolas, idir chainníochtúil agus cháilíochtúil, faoina a fheabhas a chruthaigh siad san ionad measúnaithe.

Cuirfear na pasanna inniúlachtaí ar fáil d'institiúidí an AE freisin, agus féadfaidh siad iad a úsáid le linn an phróisis earcaíochta agus chun gairmréimeanna a fhorbairt. Má bhíonn tú ar na hiarrthóirí ar éirigh leo, tabharfaidh EPSO faisnéis úsáideach bhreise duit freisin.

3.   FAISNÉIS GHINEARÁLTA

3.1.   CUMARSÁID

3.1.1.   EPSO: cumarsáid le hiarrthóirí

Is trí do chuntas EPSO, agus tríd an gcuntas sin amháin, a chuirfear chugat do thorthaí agus na cuirí uile agus beidh siad i mBéarla, i bhFraincis nó i nGearmáinis.

Moltar duit breathnú ar do chuntas EPSO go tráthrialta — dhá uair sa tseachtain ar a laghad — chun dul chun cinn an chomórtais a leanúint agus an fhaisnéis a bhaineann leat a sheiceáil.

Mura féidir leat an fhaisnéis sin a sheiceáil, mar gheall ar fhadhb theicniúil a bhaineann le EPSO, iarrtar ort EPSO a chur ar an eolas láithreach tríd an bhfoirm theagmhála ar líne (15).

Is féidir faisnéis ghinearálta faoi chéimeanna na gcomórtas a fháil ar shuíomh gréasáin EPSO (http://blogs.ec.europa.eu/eu-careers.info/).

3.1.2.   Iarrthóirí: cumarsáid le EPSO

Sula rachaidh tú i dteagmháil le EPSO, déan deimhin de gur léigh tú go grinn an fhaisnéis uile san fhógra comórtais, sna rialacha ginearálta seo agus ar shuíomh gréasáin EPSO, na “Ceisteanna Coitianta” san áireamh (16).

Tá sonraí teagmhála ar fáil ar an suíomh gréasáin (17). Sa chomhfhreagras ar fad a bhaineann le hiarratas, ní mór d'iarrthóirí a n-ainm (an t-ainm a úsáideadh san iarratas), uimhir an chomórtais agus a n-uimhir iarratais a lua.

Déanann EPSO gach iarracht prionsabail an chóid dea-chleachtais riaracháin a chur i bhfeidhm (18). Mar sin féin, tá sé de cheart ag EPSO, de réir na bprionsabal céanna, deireadh a chur le haon chomhfhreagras má fhaigheann sé comhfhreagras ó na hiarrthóirí atá míchuí — i.e. liodánach, tarcaisneach agus/nó nach bhfuil baint aige le hábhar.

3.1.3.   Iarrthóirí: cumarsáid le boird roghnúcháin

Chun a chinntiú go mbeidh an bord roghnúcháin neamhspleách, tá diantoirmeasc ar aon duine nach bhfuil ar an mbord roghnúcháin iarracht a dhéanamh dul i dteagmháil le haon bhall den bhord sin. Níl ach eisceacht amháin ann, mar atá, gur féidir le hiarrthóirí scríobh chuig cathaoirleach an bhoird roghnúcháin tríd an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) chun a n-aighneas a dhéanamh nó chun a gcearta a éileamh. Is chuig ESPO, agus chuige amháin, a chaithfear gach comhfhreagras don bhord roghnúcháin a chur. Cuirfidh EPSO an comhfhreagras sin ar aghaidh chuig an mbord. Tá toirmeasc ar iarrthóirí teagmháil dhíreach nó indíreach a dhéanamh ar dhóigh nach bhfuil ag teacht leis na nósanna imeachta thuasluaite, agus féadfar aon duine a sháraíonn an riail sin a dhícháiliú ón gcomórtas.

3.2.   COSAINT SONRAÍ

Cinntíonn EPSO, an comhlacht atá freagrach as comórtais a eagrú, go bpróiseáiltear sonraí pearsanta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19). Tá feidhm aige sin go háirithe maidir lena chinntiú go mbeidh na sonraí sin rúnda agus slán.

Tá tuilleamh eolais ina leith seo le fáil sa roinn de shuíomh gréasáin EPSO a bhaineann le cosaint sonraí (ráiteas príobháideachais) (20).

3.3.   ROCHTAIN AR FHAISNÉIS

3.3.1.   Cearta rochtana sonracha na n-iarrthóirí

Ós iarrthóir atá rannpháirteach i gcomórtas oscailte thú, tá cearta rochtana sonracha agat, de bharr do stádais mar iarrthóir, ar dhoiciméid áirithe agus ar fhaisnéis áirithe a bhaineann leis an gcomórtas agus leatsa go díreach mar dhuine aonair, de réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha atá leagtha amach sa Roinn seo.

Tugtar na cearta rochtana sonracha sin i bhfianaise na hoibleagáide fáthanna a shonrú, ag féachaint go cuí d'fhorálacha Airteagal 6 d'Iarscríbhinn III de na Rialacháin Foirne ina bhfuil sé leagtha síos go mbeidh imeachtaí na mbord roghnúcháin rúnda.

Faoi Airteagal 25(2) de na Rialacháin Foirne, ní mór an foras a shonrú ar ar bunaíodh cinneadh maidir le duine aonair ar leith agus a imríonn drochthionchar air. Is é is cuspóir don oibleagáid fáthanna a shonrú, an fhaisnéis is gá a thabhairt don duine lena mbaineann chun a fhionnadh an bhfuil foras maith leis an gcinneadh i gceist nó nach bhfuil, agus chun gur féidir athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh.

I gcás cinntí a dhéanann bord roghnúcháin le linn comórtais, ní mór an oibleagáid fáthanna a shonrú a thabhairt i gcomhréir le rúndacht imeachtaí an bhoird roghnúcháin faoi Airteagal 6 d'Iarscríbhinn III de na Rialacháin Foirne. Tugadh isteach an rúndacht sin chun neamhspleáchas bord roghnúcháin agus oibiachtúlacht a n-imeachtaí a chaomhnú, trína gcosaint ar gach cur isteach agus brú seachtrach. Dá bhrí sin, de bharr rúndacht imeachtaí an bhoird, ní féidir dearcthaí ball aonar den bhord roghnúcháin a nochtadh ná aon tosca a nochtadh a bhaineann le measúnú aonair nó measúnú comparáideach ar iarrthóirí.

An ceart faisnéis a fháil mar atá sainithe sa Roinn seo, baineann sé go sonrach le hiarrthóirí i gcomórtas oscailte agus ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir é agus an ceart rochtana mar atá sainithe i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21) (an Rialachán Trédhearcachta: féach Roinn 3.3.2 thíos). Tabhair do d'aire, maidir le faisnéis a bhaineann le do rannpháirteachas féin i gcomórtas oscailte, ní fhéadfaidh tú níos mó ceart a bhunadh ar Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ná an méid atá aitheanta, sa chásdlí, a bheith ina chuid den cheart sonrach rochtana atá ag iarrthóirí agus atá luaite thuas.

3.3.1.1.   Nithe a chuirtear in iúl don iarrthóir i gcónaí

I bhfianaise a bhfuil thuas, gheobhaidh gach iarrthóir an fhaisnéis seo a leanas i gcónaí:

Céim an chomórtais

Nithe a chuirfear in iúl

Trialacha ilroghanna ar ríomhaire

Do thorthaí.

Tábla ina dtaispeánfar, i gcás gach ceist den triail, an freagra/na freagraí a roghnaigh tú agus an freagra/na freagraí ceart(a). Ní thaispeánfar foclaíocht na gceisteanna ná na bhfreagraí, ach a n-uimhreacha/litreacha tagartha amháin.

Tabhair do d'aire go gcosctar cur in iúl foclaíocht cheisteanna agus fhreagraí na dtrialacha ilroghnacha ar ríomhaire go sainráite leis seo. Tá sé deimhnithe sa chásdlí, i gcás trialacha i bhfoirm ceisteanna ilroghnacha, gur comhlíonadh na hoibleagáide fáthanna a thabhairt é an fhaisnéis thuasluaite a chur in iúl.

Cead isteach

Do thorthaí (cead isteach tugtha/cead isteach gan a bheith tugtha).

Mura dtugtar cead isteach duit, léireofar freisin na critéir incháilitheachta nár comhlíonadh.

Roghnú ar bhonn cáilíochtaí

(scagthóir buanna)

Do thorthaí.

Gheobhaidh iarrthóirí nár éirigh leo an tábla lena léireofar ualú gach ceiste sa “scagthóir buanna” agus na pointí a thug an bord roghnúcháin do gach freagra.

Réamhthrialacha

Do thorthaí.

Ionad measúnaithe

Do thorthaí.

Do phas inniúlachtaí ina léireofar mharcanna foriomlána a ghnóthaigh tú do gach inniúlacht a ndearna measúnú air, agus nótaí tráchta an bhoird roghnúcháin.

Tabhair do d'aire: iarrthóirí nár chríochnaigh triail amháin nó níos mó, nó a dícháilíodh ón gcomórtas toisc nár chomhlíon siad na rialacha nós imeachta, ní bhfaighidh siad an pas inniúlachtaí.

3.3.1.2.   Faisnéis a iarraidh

Féadfaidh iarrthóirí cóip gan cheartú dá bhfreagraí sna trialacha scríofa/praiticiúla a iarraidh agus, bunús mór an ama, tabharfar an rochtain sin dóibh. Mar sin féin, i gcásanna ina bhfuiltear ag brath ábhar na dtrialacha a athúsáid ina dhiaidh sin agus ina gcuirfeadh nochtadh na gcóipeanna sin isteach ar thrialacha atá le bheith ann agus ar chothroime agus ar oibiachtúlacht comórtas atá le bheith ann, ní chuirfear cóipeanna díobh ar fáil do na hiarrthóirí. Sna cásanna sin, cuirfear thú ar an eolas faoi sin roimh ré san fhógra comórtais agus/nó sa litir ina mbeidh an cuireadh chun na dtrialacha.

Tabhair do d'aire go measúnófar na hiarrataí uile ar fhaisnéis i bhfianaise na hoibleagáide thuasluaite maidir le fáthanna a shonrú agus ag féachaint do rúndacht imeachtaí bord roghnúcháin faoi na Rialacháin Foirne (Iarscríbhinn III, Airteagal 6), agus i gcomhréir leis na rialacha maidir le sonraí pearsanta a chosaint.

Tabhair do d'aire go bhfuil na scripteanna freagraí agus na sonraí marcála, go háirithe, faoi chumhdach rúndacht imeachtaí an bhoird roghnúcháin agus nach nochtfar iad (22).

Tá cuid mhór faisnéise maidir leis na nósanna imeachta roghnúcháin a eagraíonn EPSO ar fáil ar a shuíomh gréasáin. Murar éirigh leat teacht ar an bhfaisnéis atá uait ar an ngréasán, cuir isteach d'iarraidh ar fhaisnéis tríd an bhfoirm theagmhála ar shuíomh gréasáin EPSO agus sonraigh an fhaisnéis is mian leat a fháil comh mion agus is féidir é agus abair an mar iarrthóir sa chomórtas oscailte atá tú ag iarraidh na faisnéise sin.

3.3.2.   Rochtain ar dhoiciméid faoi Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 — Trédhearcacht

Foráiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 go bhfuil ceart ag aon saoránach den Aontas agus ag aon duine nádúrtha nó dlíthiúil atá ina chónaí nó a bhfuil a oifig chláraithe i mBallstát rochtain a fháil ar dhoiciméid ó na hinstitiúidí, faoi réir na bprionsabal, na gcoinníollacha agus na dteorainneacha atá sainithe sa Rialachán. Mar sin féin, de réir an chásdlí, féadfar an ceart rochtain a fháil ar dhoiciméid mar atá sé leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a theorannú nó a dhiúltú i gcás ina bhfuil sainrialacha ann a bhfuil saincheisteanna faoina réir, faoin bprionsabal go ngabhann sainriail treis ar an riail ghinearálta (lex specialis derogat legi generali).

I gcás comórtas oscailte, tá cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 (an riail ghinearálta) coiscthe de bhua Airteagal 6 d'Iarscríbhinn III de na Rialacháin Foirne, ar riail speisialta é (23).

I bhfianaise a bhfuil thuas, is fíor-éadóigh go bhfaighfeá rochtain de bhua an rialacháin sin ar dhoiciméad ar diúltaíodh duit rochtain air agus tú i d'iarrthóir i nós imeachta roghnúcháin.

Lena chois sin, níl feidhm ag an Rialachán ach ar iarrataí ar rochtain ar dhoiciméid atá ann cheana, i.e “ábhar, cibé is meán dó (i scríbhinn ar páipéar nó stóráilte i bhfoirm leictreonach nó mar thaifeadadh fuaime, amhairc, nó closamhairc) a bhaineann le ceist maidir le beartais, gníomhaíochtaí agus cinntí a thagann faoi raon freagrachta na hinstitiúide” (24). Ní féidir iallach a chur ar na hinstitiúidí doiciméid nua a thiomsú ar iarratas.

3.4.   GEARÁIN

Is é EPSO, oifig idirinstitiúideach a bhfuil taithí sheanbhunaithe aici ar chomórtais a eagrú, agus atá tiomnaithe don ghnó sin, a eagraíonn na nósanna imeachta comórtais. Déanaimid ár ndícheall a chinntiú go mbeidh na comórtais cothrom oibiachtúil agus go mbeidh dálaí cuí tástála ann do na hiarrthóirí uile. Mar sin féin, in ainneoin ár ndíchill, féadfaidh fadhbanna teicniúla a bheith ann nó féadfaidh daoine botúin a dhéanamh in amanna.

3.4.1.   Cad é atá le déanamh i gcás faidhbe?

Má bhíonn mórfhadhb theicniúil nó eagrúcháin ann ag aon chéim de chomórtas ar dócha go gcuirfidh sí isteach ar do rannpháirteachas sa chomórtas, cuir EPSO ar an eolas faoi láithreach, chun gur féidir linn an cheist a imscrúdú agus aon bhearta ceartaitheacha is cuí a dhéanamh.

Seo a leanas na bealaí inar féidir sin a dhéanamh:

tharlaíonn fadhb lasmuigh de na hionaid tástála (amhail fadhbanna a bhaineann leis an bpróiseas iarratais nó coinne a chur in áirithe), cuir teachtaireacht chuig EPSO tríd an bhfoirm theagmhála (25) ar ár suíomh gréasáin maille le cur síos gairid ar an bhfadhb i gceist,

tharlaíonn fadhb san ionad trialacha, cuir na feitheoirí ar an eolas agus iarr orthu do ghearán a thaifeadadh i scríbhinn, agus cuir teachtaireacht chuig EPSO tríd an bhfoirm theagmhála maille le cur síos gairid ar an bhfadhb.

Iarrtar ort uimhir an chomórtais agus d'uimhir iarratais isteach a lua i ngach comhfhreagras.

Tabhair do d'aire:

más mian leat gearán a dhéanamh faoi earráid sna trialacha ilroghnacha ar ríomhaire, féach thíos an nós imeachta neodrúcháin a bhfuil cur síos air i Roinn 3.4.2 thíos,

más mian leat cur in aghaidh cinnidh a rinne EPSO nó an bord roghnúcháin, féach thíos an nós imeachta athbhreithnithe inmheánach a bhfuil cur síos air i Roinn 3.4.3.

3.4.2.   Neodrú

Cad is neodrú ann?

Is éard is neodrú ann, beart ceartaitheach, a bhfuil tacú leis sa chásdlí (26), arb é is cuspóir leis deimhin a dhéanamh de go mbeidh na measúnuithe oibiachtúil agus go gcaithfear go comhionann leis na hiarrthóirí uile má bhíonn míréireachtaí i dtrialacha comórtais i bhfoirm ceisteanna earráideacha.

D'ainneoin an rialaithe cáilíochta chríochnúil a dhéantar ar an mbunachar ceisteanna a úsáidtear do na trialacha ilroghnacha ar ríomhaire, na seiceálacha a dhéanann na boird roghnúcháin san áireamh, d'fhéadfadh sé go mbeadh earráidí ábhartha i gceisteanna áirithe.

I gcás ina mbraitear ceann de na hearráidí sin i ndiaidh na dtrialacha, féadfaidh an bord roghnúcháin a chinneadh go gcealófar an cheist earráideach agus go ndéanfar na pointí a bhí ag dul leis an gceist sin ar dtús a dháileadh ar cheisteanna eile na trialach. Ciallaíonn sin nach mbainfidh an t-athríomh ar na marcanna a dhéantar de bharr an neodrúcháin ach leis na hiarrthóirí ar cuireadh an cheist áirithe sin orthu. Ní thiocfaidh aon athrú ar mharcáil na dtrialacha mar atá sé leagtha amach san fhógra comórtais.

Ní miste a lua gur ceapadh an córas neodrúcháin chun a chinntiú nach ngearrfar pionós míchothrom ar aon iarrthóir. Chun deimhin a dhéanamh de sin, déantar triail bhréige chun na torthaí a gnóthaíodh roimh an neodrú agus ina dhiaidh a chur i gcomparáid le chéile. Cur chuige cuimsitheach agus ní cur chuige eisiach a chuireann EPSO agus na boird i bhfeidhm agus socraíonn na boird pasmharc na dtrialacha i ndiaidh an neodrúcháin chun go gcuirfear san áireamh cás na n-iarrthóirí sin, más ann dóibh, a ndéanann an nós imeachta neodrúcháin difear dóibh.

Féach, leis, nach measfar, de réir an chásdlí ábhartha, an t-am breise a chaith iarrthóirí ar na ceisteanna a neodraíodh a fhreagairt, nach measfar é a bheith ina chóir neamh-comhionann idir iarrthóirí (27).

Iarrataí

Má mheasann tú go bhfuil earráid i gceann amháin nó níos mó de na ceisteanna sna trialacha ilroghnacha ar ríomhaire a d'fhéadfadh an cheist/na ceisteanna a dhéanamh dofhuascailte nó a d'fhéadfadh drochthionchar a imirt ar chumas an iarrthóra an freagra ceart a thabhairt, féadfaidh tú a cealú/a gcealú a iarraidh faoin nós imeachta neodrúcháin.

Ní mór na hiarrataí ar neodrú a chur isteach faoi cheann deich lá ó dháta do thrialacha ar ríomhaire,

san ionad scrúdúcháin féin i ndiaidh do thrialacha,

nó ar líne, trí bhíthin na foirme teagmhála (28) ar shuíomh gréasáin EPSO.

Iarrtar ort uimhir an chomórtais agus d'uimhir iarratais a lua i ngach comhfhreagras maille leis an bhfrása “nósanna imeachta gearáin”.

San iarraidh uait, ní mór an fhaisnéis a thabhairt is gá chun an cheist/na ceisteanna a shíleann tú a bheith earráideach (e.g. cur síos ar ábhar na ceiste) a aithint, chomh maith le míniú a thabhairt, a mhéid is féidir é, ar chineál na hearráide a deirtear a bheith ann.

Ní thabharfar aird ar iarrataí ar neodrú a gheofar i ndiaidh an spriocama, iarrataí nach leor an t-eolas iontu chun an cheist/na ceisteanna a bhfuil díospóid fúithi/fúthu a aithint, ná iarrataí nach bhfuil cineál na hearráide a deirtear a bheith ann mínithe iontu.

3.4.3.   An nós imeachta athbhreithnithe inmheánach

Féadfaidh tú athbhreithniú a iarraidh ar aon chinneadh a dhéanann an bord roghnúcháin nó ó EPSO a bhfuil tionchar díreach láithreach aige ar do stádas dlíthiúil sa chomórtas (is é sin le rá, cinneadh lena socraítear do thorthaí agus/nó lena gcinntear cé acu is féidir leat dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas nó atá tú dícháilithe uaidh).

Féadfar iarrataí ar athbhreithniú a bhunú ar cheann amháin nó níos mó de na cúiseanna seo a leanas:

míréireacht ábhartha i bpróiseas an chomórtais (29),

an bord roghnúcháin nó EPSO gan na rialacha maidir leis an nós imeachta comórtais a chomhlíonadh atá leagtha síos sna Rialacháin Foirne, san fhógra comórtais, sna rialacha ginearálta seo agus sa chásdlí.

Tabhair do d'aire nach bhféadfaidh tú agóid a dhéanamh in aghaidh bhailíocht mheasúnú an bhoird roghnúcháin ar a fheabhas a chruthaigh tú i dtriail. Is léiriú é an measúnú sin ar bhreith phearsanta ar fhiúntas agus is cuid den discréid leathan atá ag an mbord roghnúcháin.

Is iomaí iarrthóir ar phoist in institiúidí an AE, agus is beag iarrthóir a n-éireoidh leis. Mar gheall ar bhuntréithe an chomórtais, ar an measúnú comparáideach a bhaineann leis agus ar an teorainn atá ar líon na n-áiteanna ar an bpainéal, is cinnte nach n-éireoidh le formhór na n-iarrthóirí in aon chomórtas, fiú amháin más daoine inniúla iad tríd is tríd. Gnáthghné den chomórtas is ea é sin agus ní comhartha é go bhfuil rud éigin cearr.

Nós imeachta

Cuir d'iarraidh isteach faoi cheann 10 lá féilire ón dáta a uaslódáladh i do chuntas EPSO an cinneadh ar mian leat cur ina aghaidh, agus é sin a dhéanamh ar cheann de na bealaí seo:

tríd an leathanach teagmhála (30) ar shuíomh gréasáin EPSO,

nó tríd an bpost chuig: l'Office européen de sélection du personnel (EPSO), C-25, 1049 Bruxelles/Brussel, BELGIQUE/BELGIË.

Iarrtar ort uimhir an chomórtais agus d'uimhir iarratais agus an frása “Request for review” a lua i ngach comhfhreagras.

Ní mór duit an cinneadh ar mian leat cur ina aghaidh a shonrú go soiléir, agus an foras ar a bhfuil d'iarraidh bunaithe a shonrú.

Is í foireann dlí EPSO a bhainistíonn an nós imeachta athbhreithnithe inmheánach.

I ndiaidh dúinn d'iarraidh a fháil, cuirfimid chugat admháil go bhfuarthas í faoi cheann 15 lá oibre.

Ansin, scrúdófar d'iarraidh agus cuirfear í faoi bhráid an comhlacht a ghlac an cinneadh a bhfuiltear ag cur ina aghaidh (an bord roghnúcháin nó EPSO) (31). Ansin, déanfaidh an bord roghnúcháin nó EPSO cinneadh maidir le d'iarraidh. Nuair a bheidh an cinneadh déanta, ullmhóidh an fhoireann dhlí freagra réasúnaithe ar d'argóintí.

Scrúdóimid d'iarraidh go mion cothrom oibiachtúil. Is féidir go mairfidh an próiseas sin roinnt seachtainí. Cuirfimid cinneadh réasúnaithe chugat a luaithe is féidir é, trí do chuntas EPSO.

Má bhíonn freagra dearfach ar d'iarraidh ar athbhreithniú, cuirfear isteach sa chomórtas arís thú ag an gcéim ag ar dícháilíodh thú, is cuma cé chomh fada atá an comórtas dulta ar aghaidh idir an dá linn, chun go gcosnófar do chearta.

3.4.4.   Modhanna eile aighnis

3.4.4.1.   Gearáin riaracháin

Ós iarrthóir i gcomórtas thú, tá sé de cheart agat gearán riaracháin a chur faoi bhráid an údaráis cheapacháin (i.e. Stiúrthóir EPSO) faoi Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne.

Ní mór an gearán a bheith dírithe ar ghníomh a bhfuil drochthionchar aige ort (is é sin le rá, cinneadh a rinneadh — nó cinneadh nach ndearnadh i gcás ina bhfuil oibleagáid ann cinneadh a dhéanamh de réir na Rialachán Foirne — a dhéanann dochar duit). Ní féidir a mheas gur gníomh a bhfuil drochthionchar aige ort atá ann ach amháin má tá tionchar díreach láithreach á imirt aige ar do stádas dlíthiúil mar iarrthóir.

Tabhair do d'aire nach bhféadfaidh Stiúrthóir EPSO cinntí an bhoird roghnúcháin a chur ar neamhní ná a athrú ar bhonn gearáin riaracháin. Dá bhrí sin, ní fiú gearán a chur isteach faoi chinneadh ón mbord roghnúcháin  (32) .

Ní mór gearáin riaracháin a chur isteach faoi cheann trí mhí ó fhógairt an chinnidh ar mian leat cur ina aghaidh (nó, i gcás cinneadh nach ndearnadh, ón lá ba cheart cinneadh a dhéanamh),

tríd an leathanach teagmhála (33) ar shuíomh gréasáin EPSO,

nó tríd an bpost chuig: l'Office européen de sélection du personnel (EPSO), C-25, 1049 Bruxelles/Brussel, BELGIQUE/BELGIË.

Iarrtar ort uimhir an chomórtais agus d'uimhir iarratais agus an frása “complaints procedure” a lua i ngach comhfhreagras.

3.4.4.2.   Achomhairc bhreithiúnacha

Ós iarrthóir i gcomórtas thú, tá sé de cheart agat achomharc breithiúnach a chur faoi bhráid Bhinse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh, faoi Airteagal 270 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus faoi Airteagal 91 de na Rialacháin Foirne.

Tabhair do d'aire nach mbeidh achomhairc in aghaidh cinntí a rinne EPSO seachas cinntí a rinne an bord roghnúcháin inghlactha ag Binse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh mura ndearnadh gearán faoi Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne ar dtús de réir an nós imeachta a bhfuil cur síos air thuas i Roinn 3.4.4.1. Is amhlaidh atá, go háirithe, i gcás cinntí maidir le critéir ghinearálta incháilitheachta, arae is cinntí iad sin a dhéanann EPSO seachas an bord roghnúcháin.

Tá mionsonraí maidir leis an gcaoi le hachomharc a dhéanamh ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhinse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh (34).

3.4.4.3.   Gearán a dhéanamh leis an Ombudsman Eorpach

Amhail saoránaigh uile an Aontais Eorpaigh, is féidir leat gearán a dhéanamh leis an Ombudsman Eorpach (35).

Tabhair do d'aire nach mór, faoi Airteagal 2(4) de na coinníollacha ginearálta maidir le feidhmiú dhualgais an Ombudsman, nósanna imeachta riaracháin cuí na n-institiúidí agus na gcomhlachtaí lena mbaineann a chomhlíonadh sula gcuirfear aon ghearán faoi bhráid an Ombudsman.

Níl aon éifeacht fionraí ag gearáin a dhéantar leis an Ombudsman ar an tréimhse atá leagtha síos in Airteagal 90(2) agus in Airteagal 91 de na Rialacháin Foirne maidir le gearáin nó achomhairc a chur faoi bhráid an Bhinse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh.

3.5.   DÍCHÁILIÚ ÓN gCOMÓRTAS

Dícháileofar thú ón gcomórtas i gceist má fhionnann EPSO ag aon chéim den nós imeachta:

gur chruthaigh tú níos mó ná cuntas EPSO amháin,

gur chuir tú isteach ar phróifílí atá neamh-chomhoiriúnach,

go ndearna tú aon dearbhuithe bréagacha, nó nár cuireadh ar fáil na doiciméid chuí mar thaca leis na dearbhuithe a rinne tú,

nár chuir tú na trialacha ar ríomhaire in áirithe (trialacha ilroghnacha, cás-staidéar, etc.),

go ndearna tú séitéireacht le linn trialacha,

gur thug tú iarraidh dul i dteagmháil le ball den bhord roghnúcháin ar dhóigh neamhúdaraithe.

Ní mór d'aon duine atá ag cur iarratais isteach ar phost sna hinstitiúidí a léiriú go bhfuil siad sár-ionraic iontaofa. Má dhéanann tú calaois nó iarracht ar chalaois, is féidir go ngearrfar pionós ort agus is féidir go ndéanfar dochar do d'incháilitheacht i gcomórtais eile.


(1)  Faoi réir aon mhaoluithe arna dtabhairt de bhun Airteagal 28(a) de na Rialacháin Foirne agus aon bheart sonrach arna ghlacadh d'fhonn náisiúnaigh de thíortha an Aontais a earcú.

(2)  Foilsítear ainmneacha bhaill an bhoird roghnúcháin ar shuíomh gréasáin EPSO (http://blogs.ec.europa.eu/eu-careers.info/).

(3)  Cé nach bhfuil aon teorainn aoise sna fógraí comórtais, tabhair do d'aire an aois scoir atá leagtha síos i Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (“na Rialacháin Foirne” anseo feasta). Tá na Rialacháin sin ar fáil ar shuíomh gréasáin EPSO.

(4)  Faoi réir aon mhaolú arna dhéanamh de bhun Airteagal 28(a) de na Rialacháin Foirne agus aon bheart sonrach arna ghlacadh d'fhonn náisiúnaigh de chuid thíortha an Aontais a earcú. Má tá feidhm ag eisceachtaí nó ag bearta sonracha i gcomórtas áirithe, sonrófar sin san fhógra comórtais.

(5)  Féach Iarscríbhinn 1 (samplaí de cháilíochtaí).

(6)  http://ec.europa.eu/languages/languages-of-europe/eu-languages_en.htm

(7)  I gcomhréir leis an mbreithiúnas a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Mór-Dhlísheomra) i gcás C-566/10 P, Poblacht na hIodáile/an Coimisiún, tá sé de cheanglas ar institiúidí an AE a shonrú cé na fáthanna a bhfuil rogha an dara teanga teoranta acu do líon srianta de theangacha oifigiúla de chuid an AE agus an roghnú seo á dhéanamh.

(8)  Tá téacs na dTreoirlínte Ginearálta in Iarscríbhinn 2.

(9)  I gcomhréir leis na rialacha maidir le cosaint sonraí; https://europa.eu/epso/application/passport/index.cfm?action=pdplegal&sb=1&comp_id=

(10)  http://europa.eu/epso/index_ga.htm

(11)  http://europa.eu/epso/doc/epso_brochure_en.pdf

(12)  Is é EPSO a sheiceálann comhlíonadh na gcoinníollacha ginearálta incháilitheachta, agus is é bord roghnúcháin an chomórtais a sheiceálann comhlíonadh na gcoinníollacha sonracha incháilitheachta.

(13)  Féadfaidh iarrthóirí a n-éireoidh leo a iarraidh go sainráiteach nach bhfoilseofar a n-ainm. Ní mór aon iarraidh chuige sin a bheith faighte ag EPSO tráth nach déanaí ná dhá sheachtain i ndiaidh uaslódáil thorthaí an iarrthóra ina chuntas EPSO.

(14)  Seachas iad siúd nár chríochnaigh triail amháin nó níos mó, nó a dícháilíodh ón gcomórtas mar nár chomhlíon siad na rialacha nós imeachta (féach Roinn 3.5 thíos).

(15)  https://europa.eu/epso/application/base/index.cfm?controller=webform&action=index&usertype=2&lang=en

(16)  Faoin gceannteideal “Teagmháil” ar shuíomh gréasán EPSO (http://europa.eu/epso/index_ga.htm).

(17)  https://europa.eu/epso/application/base/index.cfm?controller=webform&action=index&usertype=2&lang=en

(18)  IO L 267, 20.10.2000, lch. 63.

(19)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus saorghluaiseacht na sonraí sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(20)  https://europa.eu/epso/application/passport/index.cfm?action=pdplegal&sb=1&comp_id=

(21)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(22)  Breithiúnas an 4 Iúil 1996, i gcás C-254/95 P, An Pharlaimint v Innamorati (ECR 1996, lch. I-3423, mír 29).

(23)  Breithiúnas an 14 Iúil 2005, i gcás T-371/03, Le Voci v an Chomhairle (ECR-SC 2005, lch. I-A-209 agus II-957, míreanna 121-124 agus an cásdlí a ndéantar tagairt dó).

(24)  Féach Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001.

(25)  https://europa.eu/epso/application/base/index.cfm?controller=webform&action=index&usertype=2&lang=en

(26)  Breithiúnas an 21 Deireadh Fómhair 2004, i gcás T-49/03, Schumann v an Coimisiún (ECR-SC 2004, lch. I-A-301 agus II-1371, míreanna 53-55);breithiúnas an 15 Aibreán 2010, i gcás F-2/07, Matos Martins/an Coimisiún (mír 191).

(27)  Breithiúnas an 2 Bealtaine 2001, i gcásanna uamtha T-167/99 agus T-174/99, Giulietti and Others v an Coimisiún (ECR-SC 2001, lch. I-A-93 agus II-441, mír 59); breithiúnas an 15 Aibreán 2010, i gcás F-2/07, Matos Martins v an Coimisiún (mír 183).

(28)  https://europa.eu/epso/application/base/index.cfm?controller=webform&action=index&usertype=2&lang=en

(29)  Ní bhaineann seo le hearráidí i gceisteanna sna trialacha iontrála, ceisteanna a scrúdaítear mar chuid den nós imeachta neodrúcháin atá luaite i Roinn 3.4.2.

(30)  https://europa.eu/epso/application/base/index.cfm?controller=webform&action=index&usertype=2&lang=en

(31)  Mar gheall ar roinnt na n-inniúlachtaí atá leagtha síos sna Rialacháin Foirne.

(32)  Breithiúnas an 26 Feabhra 1981, i gcás 34/80, Authié v an Coimisiún (ECR 1981, lch. 665, mír 7); breithiúnas an 30 Samhain 1978, i gcásanna uamtha 4/78, 19/78 agus 28/78, Salerno and other v an Coimisiún (ECR 1978, lch. 2403).

(33)  https://europa.eu/epso/application/base/index.cfm?controller=webform&action=index&usertype=2&lang=en

(34)  http://curia.europa.eu/jcms/jcms/T5_5230/

(35)  http://www.ombudsman.europa.eu/start.faces


IARSCRÍBHINN 1

Samplaí de cháilíochtaí a fhreagraíonn, i bPrionsabal, do na cinn a éilítear sna fógraí comórtais

TÍR

AST-SC 1 go AST-SC 6

AST 1 go AST 7

AST 3 go AST 11

AD 5 go AD 16

Meánscolaíocht (1) (a thugann rochtain ar ardoideachas)

Ardoideachas (cúrsa staidéir ardoideachais nach cúrsa ollscoile é nó cúrsa gearr ollscoile a mhair dhá bhliain ar a laghad)

Leibhéal oideachais ollscoile (trí bliana ar a laghad (2))

Leibhéal oideachais ollscoile (ceithre bliana nó níos mó)

Belgique —

België —

Belgien

Certificat de l'enseignement secondaire supérieur (CESS)/Diploma secundair onderwijs

Diplôme d'aptitude à accéder à l'enseignement supérieur (DAES)/

Getuigschrift van hoger secundair onderwijs

Diplôme d'enseignement professionnel

Getuigschrift van het beroepssecundair onderwijs

Candidature — Kandidaat /

Graduat — Gegradueerde

Bachelor/Professioneel gerichte Bachelor

Bachelor académique (180 crédits)

Academisch gerichte Bachelor (180 ECTS)

Licence/Licentiaat

Master

Diplôme d'études approfondies (DEA)

Diplôme d'études spécialisées (DES)

Diplôme d'études supérieures spécialisées (DESS)

Gediplomeerde in de Voortgezette Studies (GVS)

Gediplomeerde in de Gespecialiseerde Studies (GGS)

Gediplomeerde in de Aanvullende Studies (GAS)

Agrégation/Aggregaat

Ingénieur industriel/Industrieel ingenieur

Doctorat/Doctoraal diploma

България

Диплома за завършено средно образование

Диплома за средно образование

Специалист по ...

 

Диплома за висше образование

Бакалавър

Магистър

Česká republika

Vysvědčení o maturitní zkoušce

Vysvědčení o absolutoriu (Absolutorium) + diplomovaný specialista (DiS.)

Diplom o ukončení

bakalářského studia (Bakalář)

Diplom o ukončení vysokoškolského studia

Magistr

Doktor

Danmark

Bevis for:

Studentereksamen

Højere Forberedelseseksamen (HF)

Højere Handelseksamen (HHX)

Højere Afgangseksamen (HA)

Bac pro: Bevis for Højere Teknisk Eksamen (HTX)

Videregående uddannelser

= Bevis for = Eksamensbevis som (erhversakademiuddannelse AK)

Bachelorgrad (B.A or B. Sc)

Professionsbachelorgrad

Diplomingeniør

Kandidatgrad/Candidatus

Master/Magistergrad (Mag.Art)

Licenciatgrad

Ph.d.-grad

Deutschland

Abitur/Zeugnis der allgemeinen Hochschulreife

Fachabitur/Zeugnis der Fachhochschulreife

 

Fachhochschulabschluss

Bachelor

Hochschulabschluss /

Fachhochschulabschluss /

Master

Magister Artium

Staatsexamen/Diplom

Erstes Juristisches Staatsexamen

Doktorgrad

Eesti

Gümnaasiumi lõputunnistus + riigieksamitunnistus

Lõputunnistus kutsekeskhariduse omandamise kohta

Tunnistus keskhariduse baasil kutsekeskhariduse omandamise kohta

Bakalaureusekraad (min 120 ainepunkti)

Bakalaureusekraad (< 160 ainepunkti)

Rakenduskõrghariduse diplom

Bakalaureusekraad (160 ainepunkti)

Magistrikraad

Arstikraad

Hambaarstikraad

Loomaarstikraad

Filosoofiadoktor

Doktorikraad (120–160 ainepunkti)

Éire/Ireland

Ardteistiméireacht Grád D3 i 5 ábhar

Leaving Certificate Grade D3 in 5 subjects

Gairmchlár na hArdteistiméireachta (GCAT)

Leaving Certificate Vocational Programme (LCVP)

Teastas Náisiúnta

National Certificate

Céim bhaitsiléara

Ordinary bachelor degree

Dioplóma Náisiúnta (ND, Dip.)

National Diploma (ND, Dip.)

Dámhachtain Ardteastas Ardoideachais (120 ECTS)

Higher Certificate (120 ECTS)

Céim onórach bhaitsiléara (3 bliana/180 ECTS) (BA, B.Sc, B.Eng)

Honours bachelor degree (3 years/180 ECTS) (BA, B.Sc, B.Eng)

Céim onórach bhaitsiléara (4 bliana/240 ECTS)

Honours bachelor degree (4 years/240 ECTS) Céim ollscoile

University degree

Céim mháistir (60-120 ECTS)

Master's degree (60-120 ECTS)

Céim dochtúra

Doctorate

Ελλάδα

α)

Απολυτήριο Γενικού Λυκείου

β)

Απολυτήριο Κλασικού Λυκείου

γ)

Απολυτήριο Τεχνικού —Επαγγελματικού Λυκείου

δ)

Απολυτήριο Ενιαίου Πολυκλαδικού Λυκείου

Απολυτήριο Ενιαίου Λυκείου

Απολυτήριο Τεχνολογικού Επαγγελματικού Εκπαιδευτηρίου

Απολυτήριο Γενικού Λυκείου

Απολυτήριο Επαγγελματικού Λυκείου

Δίπλωμα επαγγελματικής κατάρτισης (I.Ε.Κ.)

 

Πτυχίο (ΑΕΙ πανεπιστημίου, πολυτεχνείου, ΤΕΙ υποχρεωτικής τετραετούς φοίτησης) (4 χρόνια/1ος κύκλος)

Μεταπτυχιακό Δίπλωμα Ειδίκευσης (2ος κύκλος)

Διδακτορικό Δίπλωμα (3ος κύκλος)

España

Bachillerato + Curso de Orientación Universitaria (COU)

Bachillerato

BUP

Diploma de Técnico especialista

FP grado superior (Técnico superior)

Diplomado/

Ingeniero técnico

Licenciatura

Máster

Ingeniero

Título de Doctor

France

Baccalauréat

Diplôme d'accès aux études universitaires (DAEU)

Brevet de technicien

Diplôme d'études universitaires générales (DEUG)

Brevet de technicien supérieur (BTS)

Diplôme universitaire de technologie (DUT)

Diplôme d'études universitaires scientifiques et techniques (DEUST)

Licence

Maîtrise

MST (maîtrise des sciences et techniques), MSG (maîtrise des sciences de gestion), DEST (diplôme d'études supérieures techniques), DRT (diplôme de recherche technologique), DESS (diplôme d'études supérieures

spécialisées), DEA (diplôme

d'études approfondies)

Master 1, master 2 professionnel,

Master 2 recherche

Diplôme des grandes écoles

Diplôme d'ingénieur

Doctorat

Italia

Diploma di maturità (vecchio ordinamento)

Perito Ragioniere

Diploma di superamento dell'esame di Stato conclusivo dei corsi di studio di istruzione secondaria superiore

Diploma universitario (DU)

Certificato di Specializzazione Tecnica Superiore/

Attestato di competenza (4 semestri)

Diploma di Laurea — L (breve)

Diploma di Laurea (DL)

Laurea specialistica (LS)

Master di I livello

Dottorato di ricerca (DR)

Κύπρος

Απολυτήριο

Δίπλωμα = Programmes offered by Public/Private Schools of Higher Education (for the later accreditation is compulsory)

Higher Diploma

 

Πανεπιστημιακό Πτυχίο/Bachelor

Master

Doctorat

Latvija

Atestāts par vispārējo vidējo izglītību

Diploms par profesionālo vidējo izglītību

Diploms par pirmā līmeņa profesionālo augstāko izglītību

Bakalaura diploms (min. 120 kredīti)

Bakalaura diploms (160 kredīti)

Profesionālā bakalaura diploms

Maģistra diploms

Profesionālā maģistra diploms

Doktora grāds

Lietuva

Brandos atestatas

Aukštojo mokslo diplomas

Aukštesniojo mokslo diplomas

Profesinio bakalauro diplomas

Aukštojo mokslo diplomas

Aukštojo mokslo diplomas

Bakalauro diplomas

Magistro diplomas

Daktaro diplomas

Meno licenciato diplomas

Luxembourg

Diplôme de fin d'études secondaires et techniques

BTS

Brevet de maîtrise

Brevet de technicien supérieur

Diplôme de premier cycle universitaire (DPCU)

Diplôme universitaire de technologie (DUT)

Bachelor

Diplôme d'ingénieur technicien

Master

Diplôme d'ingénieur industriel

DESS en droit européen

Magyarország

Gimnáziumi érettségi bizonyítvány

Szakközépiskolai Érettségi – Képesítő

Bizonyítvány

Felsőfokú szakképesítést igazoló bizonyítvány (Higher Vocational Program)

Főiskolai Oklevél

Alapfokozat (Bachelor degree 180 credits)

Egyetemi Oklevél

Alapfokozat (Bachelor degree 240 credits)

Mesterfokozat (Master degree)

(Osztatlan mesterképzés)

Doktori fokozat

Malta

Advanced Matriculation or GCE Advanced level in 3 subjects (2 of them grade C or higher)

Matriculation certificate (2 subjects at Advanced level and 4 at Intermediate level including Systems of Knowledge with overall grade A-C) + Passes in the Secondary Education Certificate examination at Grade 5

2 A Levels (passes A-E) + a number of subjects at Ordinary level, or equivalent

MCAST diplomas/certificates

Higher National Diploma

Bachelor's degree

Bachelor's degree

Master of Arts

Doctorate

Nederland

Diploma VWO

Diploma staatsexamen (2 diploma's)

Diploma staatsexamen voorbereidend wetenschappelijk onderwijs

(Diploma staatsexamen VWO)

Diploma staatsexamen hoger algemeen voortgezet onderwijs (Diploma staatsexamen HAVO)

Kandidaatsexamen

Associate degree (AD)

Bachelor (WO)

HBO bachelor degree

Baccalaureus of „Ingenieur”

HBO/WO Master's degree

Doctoraal examen/Doctoraat

Österreich

Matura/Reifeprüfung

Reife- und Diplomprüfung

Berufsreifeprüfung

Kollegdiplom/

Akademiediplom

Fachhochschuldiplom/Bakkalaureus(rea)

Universitätsdiplom /

Fachhochschuldiplom/

Magister (tra)

Diplomprüfung, Diplom-Ingenieur

Magisterprüfungszeugnis Rigorosenzeugnis

Doktortitel

Polska

Świadectwo dojrzałości

Świadectwo ukończenia liceum ogólnokształcącego

Dyplom ukończenia kolegium nauczycielskiego

Świadectwo ukończenia szkoły policealnej

Licencjat/Inżynier

Magister/Magister inżynier

Dyplom doktora

Portugal

Diploma de Ensino Secundário/

Certificado de Habilitações do Ensino Secundário

 

Bacharel

Licenciado

Licenciado

Mestre

Doutorado

Republika Hrvatska

Svjedodžba o državnoj maturi

Svjedodžba o zavrsnom ispitu

stručni pristupnik/pristupnica

Baccalaureus/Baccalaurea (sveučilišni prvostupnik/prvostupnica)

Baccalaureus/Baccalaurea (sveučilišni prvostupnik/prvostupnica)

stručni specijalist

magistar struke

magistar inženjer/magistrica inženjerka (mag. ing).

doktor struke

doktor umjetnosti

România

Diplomă de bacalaureat

Diplomă de absolvire

(Colegiu universitar)

învățământ preuniversitar

Diplomă de licenţă

Diplomă de licenţă

Diplomă de inginer

Diplomă de urbanist

Diplomă de master

Certificat de atestare (studii academice

postuniversitare)

Diplomă de doctor

Slovenija

Maturitetno spričevalo

(spričevalo o poklicni maturi)

(spričevalo o zaključnem izpitu)

Diploma višje strokovne šole

Diploma o pridobljeni visoki strokovni izobrazbi

Univerzitetna diploma/magisterij/specializacija/doktorat

Slovensko

vysvedčenie o maturitnej skúške

absolventský diplom

diplom o ukončení bakalárskeho štúdia (bakalár)

diplom o ukončení vysokoškolského štúdia

bakalár (Bc.)

magister

magister/inžinier

ArtD

Suomi/Finland

Ylioppilastutkinto tai peruskoulu + kolmen vuoden ammatillinen koulutus – Studentexamen eller grundskola + treårig yrkesinriktad utbildning

(Betyg över avlagd yrkesexamen på andra stadiet)

Todistus yhdistelmäopinnoista

(Betyg över kombinationsstudier)

Ammatillinen opistoasteen tutkinto – Yrkesexamen på institutnivå

Kandidaatin tutkinto – Kandidatexamen/

Ammattikorkeakoulututkinto –

Yrkeshögskoleexamen (min. 120 opintoviikkoa – studieveckor)

Maisterin tutkinto – Magisterexamen /

Ammattikorkeakoulututkinto –

Yrkeshögskoleexamen (min. 160 opintoviikkoa – studieveckor)

Tohtorin tutkinto (Doktorsexamen) joko 4 vuotta tai 2 vuotta lisensiaatin tutkinnon jälkeen – antingen 4 år eller 2 år efter licentiatexamen

Lisensiaatti/Licentiat

Sverige

Slutbetyg från gymnasieskolan

(3-årig gymnasial utbildning)

Högskoleexamen (80 poäng)

Högskoleexamen, 2 år, 120 högskolepoäng

Yrkeshögskoleexamen/Kvalificerad yrkeshögskoleexamen, 1–3 år

Kandidatexamen (akademisk examen omfattande minst 120 poäng, varav 60 poäng fördjupade studier i ett ämne + uppsats motsvarande 10 poäng)

Meriter på grundnivå:

Kandidatexamen, 3 år, 180 högskolepoäng (Bachelor)

Magisterexamen (akademisk examen omfattande minst 160 poäng, varav 80 poäng fördjupade studier i ett ämne + uppsats motsvarande 20 poäng eller två uppsatser motsvarande 10 poäng vardera)

Licentiatexamen

Doktorsexamen

Meriter på avancerad nivå:

Magisterexamen, 1 år, 60 högskolepoäng

Masterexamen, 2 år, 120 högskolepoäng

Meriter på forskarnivå:

Licentiatexamen, 2 år, 120 högskolepoäng

Doktorsexamen, 4 år, 240 högskolepoäng

United Kingdom

General Certificate of Education Advanced level — 2 passes or equivalent (grades A to E)

BTEC National Diploma

General National Vocational Qualification (GNVQ), advanced level

Advanced Vocational Certificate of Education, A level (VCE A level)

Higher National Diploma/Certificate (BTEC)/SCOTVEC

Diploma of Higher Education (DipHE)

National Vocational Qualifications (NVQ) and

Scottish Vocational Qualifications (SVQ) level 4

(Honours) Bachelor degree

NB: Master's degree in Scotland

Honours Bachelor degree

Master's degree (MA, MB, MEng, MPhil, MSc)

Doctorate


(1)  Tá coinníoll breise i gceist do ghrúpa feidhme AST, is é sin taithí ghairmiúil iomchuí trí bliana ar a laghad a bheith faighte.

(2)  Tá coinníoll breise i gceist do ghráid 7 go 16, is é sin taithí ghairmiúil iomchuí bliana amháin ar a laghad a bheith faighte.


IARSCRÍBHINN 2

Treoirlínte Ginearálta Choláiste na gCeann Riaracháin ar úsáid teangacha i gcomórtais EPSO

Tá sé dearbhaithe mar riail ghinearálta go n-úsáidfear teangacha mar seo a leanas i gcomórtais EPSO:

Beidh buanmhíreanna shuíomh gréasáin EPSO ar fáil i ngach teanga oifigiúil.

foilseofar fógraí comórtais i ngach teanga oifigiúil, lena n-áirítear comórtais do theangeolaithe agus comórtais a bhaineann le méadú an Aontais, chomh maith leis na rialacha ginearálta is infheidhme maidir le comórtais oscailte,

déanfar na trialacha seo a leanas i ngach ceann de na teangacha oifigiúla:

Trialacha iontrála (réasúnaíocht bhriathartha agus uimhriúil).

trialacha teanga do chomórtais d'aistritheoirí,

réamhscrúduithe aistriúcháin do chomórtais do dhlítheangeolaithe,

trialacha idirmheánacha ateangaireachta (ar ríomhaire) do chomórtais d'ateangairí,

trialacha inniúlachta (trialacha aistriúcháin nó ateangaireachta) do chomórtais do theangeolaithe.

Tabhair do d'aire, áfach, cé gur féidir le EPSO trialacha den chineál sin a eagrú i ngach teanga oifigiúil, nach ionann sin is a rá gur gá gach comórtas a reáchtáil sa 24 teanga ar fad. Déantar na trialacha iontrála a eagrú i bhfianaise na dteangacha a roghnaíonn iarratasóirí mar phríomhtheanga, agus braitheann na trialacha teanga ar phéirí teanga na gcomórtas i gceist.

is i ndara teanga na n-iarrthóirí a dhéanfar an t-ionad measúnaithe, teanga a roghnófar as measc an Bhéarla, na Fraincise agus na Gearmáinise.

Ar an dóigh chéanna, déanfar glaonna ar léiriú spéise i nósanna imeachta roghnúcháin d'fhoireann ar conradh arna n-eagrú ag an Oifig a fhoilsiú sna teangacha oifigiúla go léir.

Tá údar leis an gcinneadh teorainn a chur le rogha an dara teanga ar roinnt cúiseanna.

Ar an gcéad dul síos, ar mhaithe leis an tseirbhís, ba cheart earcaigh nua a bheith ábalta dul i mbun oibre láithreach agus a bheith in ann na dualgais a bhaineann leis an bpost atá luaite sa chomórtas a chomhlíonadh go héifeachtach.

Is iad an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis na teangacha is mó a úsáidtear sna hinstitiúidí. Go traidisiúnta, is iad na teangacha sin a úsáidtear i gcruinnithe idir bhaill de na hinstitiúidí. Is iad is mó a úsáidtear freisin sa chumarsáid inmheánach agus sa chumarsáid leis an domhan mór. Léiríonn staitisticí i ndáil le teangacha foinseacha na dtéacsanna a aistrítear i seirbhísí aistriúcháin na n-institiúidí gurb amhlaidh atá.

I bhfianaise riachtanais iarbhír na n-institiúidí maidir le húsáid teanga sa chumarsáid inmheánach agus sheachtrach, ní mór eolas sásúil ar cheann de na trí theanga sin a thástálfar trí chás oibre réalaíoch a ionsamhlú a bheith ar cheann de na critéir roghnúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(1) de na Rialacháin Foirne. Ní leor an t-eolas ar thríú teanga dá bhforáiltear in Airteagal 45(2) de na Rialacháin Foirne in ionad eolais ar cheann de na trí theanga sin tráth na hearcaíochta.

Ar an dara dul síos, tá údar maith le teorainn a chur le líon na dteangacha i gcéadchéimeanna eile na gcomórtas i ngeall ar chineálacha na dtrialacha i gceist. I gcomhréir le hAirteagal 27 de na Rialacháin Foirne, chinn údaráis cheapacháin na n-institiúidí na nósanna imeachta roghnúcháin a mhodhnú trí mhodhanna measúnaithe bunaithe ar inniúlachtaí a thabhairt isteach ó 2010 amach, ionas go bhféadfar a thuar ar bhealach níos cruinne an mbeidh iarrthóirí ábalta a ndualgais a dhéanamh.

Tá chuid mhór taighde eolaíoch déanta a léiríonn gurb iad ionaid mheasúnaithe, ina n-ionsamhlaítear cásanna oibre fíorshaoil, is fearr a mheasann conas a fheidhmeodh iarrthóirí sa phost. Ós rud é gurb é an modh measúnaithe is éifeachtaí é, úsáidtear é ar fud an domhain. I bhfianaise a fhad a mhaireann gairmréimeanna sna hinstitiúidí agus a fhusa atá sé dul ó phost go post sna hinstitiúidí, tá measúnú den chineál sin fíorthábhachtach. Trí úsáid a bhaint as creat inniúlachtaí arna shainiú ag na húdaráis cheapacháin, roghnaítear roinnt gníomhaíochtaí oiriúnacha chun na hinniúlachtaí atá á lorg a mheas. Agus feidhm á baint as an modh sin, lena chinntiú gur féidir iarrthóirí a mheasúnú go cothrom agus gur féidir leo cumarsáid dhíreach a dhéanamh le measúnóirí agus le hiarrthóirí eile atá ag glacadh páirte sna gníomhaíochtaí, ní mór lingua franca a úsáid san ionad measúnaithe nó, i gcásanna áirithe, príomhtheanga an chomórtais a úsáid. Sa chéad chás sin, ní mór an lingua franca a roghnú as measc na dteangacha is dóichí a bheidh ag iarrthóirí.

Ar an mbonn sin, ní mór an dícheall a dhéanamh idirdhealú idir iarrthóirí a sheachaint agus dá réir sin is sa dara teanga a thástálfar gach iarrthóir. Ós rud é, áfach, nach mór an dara teanga sin a bheith ina lingua franca freisin, ní mór teorainn a chur le rogha an dara teanga. Ós rud é gurb é an úsáid thraidisiúnta sin dá dtagraítear thuas an cleachtas inmheánach reatha fós, ní mór an Béarla, an Fhraincis nó an Ghearmáinis a roghnú mar dhara teanga. Ní chuid den ionad measúnaithe é cumas na n-iarrthóirí sa teanga a mheasúnú; is leor eolas sásúil ar cheann de na trí theanga mar dhara teanga chun na trialacha a dhéanamh (tá sé seo ag teacht leis na híoscheanglais atá leagtha síos in Airteagal 28 de na Rialacháin Foirne). Níl an leibhéal eolais sin ar an teanga díréireach ar chor ar bith i bhfianaise riachtanas iarbhír na seirbhíse mar a bhfuil cur síos orthu thuas.

Ní ionann an Béarla, an Fhraincis nó an Ghearmáinis a úsáid mar dhara teanga i gcéimeanna deireanacha na gcomórtas agus idirdhealú a dhéanamh bunaithe ar mháthairtheanga. Ní ionann é agus srian a chur le húsáid na máthairtheanga. Ós rud é go bhfuil ar iarrthóirí dara teanga (Béarla, Fraincis nó Gearmáinis) a roghnú nach ionann é agus a bpríomhtheanga (an mháthairtheanga nó a cothrom de ghnáth), cinntítear gur féidir iad a chur i gcomparáid le chéile go cothrom. Tabhair do d'aire freisin go mbraitheann eolas sásúil ar dhara teanga go bunúsach ar iarrachtaí pearsanta an iarrthóra.

Ar scor ar bith, tá an ceanglas sin comhréireach i bhfianaise riachtanais iarbhír na seirbhíse. Léiriú ar na teangacha atá ar eolas ag muintir na hEorpa atá sa líon teoranta roghanna a cheadaítear mar dhara teanga. Ní amháin gur teangacha de chuid roinnt Ballstát den Aontas Eorpach iad an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis, ach is iad na teangacha iasachta iad is mó a bhfuil eolas orthu. Is iad is mó a fhoghlaimítear mar theangacha iasachta agus tá siad ar na teangacha is úsáidí i dtuairim an phobail. Is cosúil, mar sin, go bhfuil riachtanais iarbhír na seirbhíse comhréireach leis na scileanna teanga a bheifí ag súil a bheith ag iarrthóirí, go háirithe ós rud é nach ndéantar eolas ar an teanga a mheasúnú strictu sensu san ionad measúnaithe (i.e. ní dhéantar botúin ghramadaí, litrithe ná foclóra a mheas). Dá bhrí sin, ní chuireann líon teoranta na roghanna do dhara teanga (Béarla, Fraincis nó Gearmáinis) cosc díréireach ar dhaoine ar mhaith leo cur isteach ar chomórtais. Go deimhin, de réir an eolais atá ar fáil, tá sé ag teacht leis an taithí atá ag daoine agus leis an rud a bhfuil súil acu leis.

Tugann na staitisticí ábhartha le tuiscint go bhfuil sé comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach rogha an dara teanga a theorannú i gcéimeanna áirithe de chomórtais. Mar shampla, ba iad an Béarla, an Fhraincis nó an Ghearmáinis ba mhó a roghnaigh iarrthóirí nuair a bhí rogha acu an dara teanga a roghnú as measc an 11 teanga oifigiúla sna príomhchomórtais ghinearálta EU-25 do riarthóirí agus cuntóirí in 2005. Ní léiríonn na staitisticí do chomórtais a reáchtáladh tar éis 2010 aon chlaonadh i leith náisiúnach as tíortha ina bhfuil an Béarla, an Fhraincis nó an Ghearmáinis ina dteangacha oifigiúla. Agus léiríonn na staitisticí ó na comórtais AD in 2010 gur roghnaigh líon mór iarrthóirí ceann de na trí theanga sin mar dhara theanga ar aon dóigh.

Ar na cúiseanna céanna, is réasúnta a éileamh ar iarrthóirí ceann de na trí theanga sin a roghnú le haghaidh cumarsáid a dhéanamh le EPSO agus le haghaidh an scagthóir buanna a líonadh isteach.

Dá bhrí sin, chun cothromaíocht a bhaint amach idir riachtanais na seirbhíse agus inniúlachtaí na n-iarrthóirí, ba cheart trialacha áirithe a dhéanamh i líon teoranta teangacha de chuid an Aontais Eorpaigh, lena chinntiú go mbeidh eolas leormhaith ag iarrthóirí a n-éireoidh leo ar na teangacha a chuirfidh ar a gcumas a ndualgais a déanamh go héifeachtach agus ionas go bhféadfar feidhm a bhaint as modhanna roghnúcháin atá bunaithe ar fheidhmíocht a mheasúnú. Ós rud é go bhfoilsítear na fógraí comórtais agus na treoracha d'iarrthóirí i 24 teanga an Aontais agus gur féidir le hiarrthóirí teanga ar bith den 24 teanga sin a roghnú mar mháthairtheanga le haghaidh chéad mhórchéim an chomórtais, meastar go bhfuil cothromaíocht chóir ann idir riachtanais na seirbhíse agus prionsabal an ilteangachais agus an neamh-idirdhealaithe ar bhonn teanga.

Ar an ábhar sin, ba cheart cinneadh a dhéanamh de réir an cháis i gcomhréir leis na socruithe teanga arna nglacadh ag Bord Bainistíochta EPSO agus i gcomhréir le riachtanas sonrach na n-institiúidí iarrthóirí a earcú a bheidh in ann dul i mbun oibre láithreach. Mar sin, tá dhá chás ghinearálta is féidir a bheith ann:

Ar an gcéad dul síos, tá próifílí ginearálta nó sonracha ann nuair is é saineolas nó taithí sa réimse nó sa phost i gceist is mó a chuirtear san áireamh agus iarrthóirí á roghnú. Sa chás sin, is é is tábhachtaí go mbeidh an t-iarrthóir ábalta oibriú agus cumarsáid a dhéanamh i gcomhthéacs ilteangach agus ós rud é gur gá eolas ar na teangacha is mó a úsáidtear sna hinstitiúidí chuige sin, tá údar le teorainn a chur leis na teangacha de chuid an Aontais Eorpaigh is féidir a úsáid sa nós imeachta roghnúcháin,

sa dara cás, tá próifílí ann ina bhfuil tábhacht ar leith ag baint le heolas ar theanga áirithe amháin nó ar roinnt teangacha áirithe, mar shampla i gcás teangeolaithe nó próifílí eile ina n-eagraítear na nósanna imeachta de réir teanga. Más amhlaidh atá, le cois na hinniúlachtaí ginearálta a mheasúnú mar a sonraíodh thuas sa chéad chás, ní mór trialacha breise a eagrú chun inniúlachtaí sonracha a mheas sa teanga/sna teangacha i gceist.

Má tá an cur chuige sin i bhfeidhm cheana féin, ba cheart a fhágáil go bhféadfaí an cheist a mheas de réir gach comórtais ar leith ionas go gcuirfí riachtanais shonracha na n-institiúidí i dtaca leis an bpróifíl/na próifílí i gceist san áireamh.


Üles