This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52012XG1219(04)
Council conclusions of 26 November 2012 on the European strategy for a Better Internet for Children
Conclúidí ón gComhairle an 26 Samhain 2012 maidir leis an Straitéis Eorpach i ndáil le hIdirlíon Níos Fearr do Leanaí
Conclúidí ón gComhairle an 26 Samhain 2012 maidir leis an Straitéis Eorpach i ndáil le hIdirlíon Níos Fearr do Leanaí
IO C 393, 19.12.2012, p. 11–14
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
19.12.2012 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C NaN/11 |
Conclúidí ón gComhairle an 26 Samhain 2012 maidir leis an Straitéis Eorpach i ndáil le hIdirlíon Níos Fearr do Leanaí
2012/C 393/04
MAIDIR LE COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
IS DÍOL SÁSAIMH DI AN MÉID SEO A LEANAS:
glacadh “Straitéis Eorpach i ndáil le hIdirlíon Níos Fearr do Leanaí” (1) ag an gCoimisiún an 2 Bealtaine 2012 agus TACAÍONN SÍ leis an bhfócas atá sa straitéis ar cheithre cholún gníomhaíochta: (1) ábhar ar líne d'ardcháilíocht a spreagadh do pháistí, (2) feasacht agus cumasú a mhéadú, (3) timpeallacht shábháilte ar líne a chruthú do pháistí agus (4) ábhar ar líne a bhaineann le mí-úsáid ghnéasach leanaí a chomhrac;
MEABHRAÍONN SÍ AN MÉID A LEANAS:
— |
Clár Oibre an AE maidir le Cearta an Linbh (2) a bhfuil sé leagtha amach mar chuspóir ann ardleibhéal cosanta do leanaí sa saol digiteach a bhaint amach, agus a gceart rochtain a bheith acu ar an Idirlíon á chaomhnú ann ar mhaithe lena bhforbairt shóisialta agus chultúrtha; |
— |
tábhacht na gClár um Idirlíon Níos Sábháilte lena bhfuil comhordú déanta agus tacaíocht léirithe ag an AE ó 1999 i leith maidir le hiarrachtaí chun an tIdirlíon a dhéanamh níos sábháilte do leanaí, chomh maith leis an ról ríthábhachtach atá ag Ionaid d'Idirlíon Níos Sábháilte; |
— |
an Clár Oibre Digiteach don Eoraip (3) a ndírítear sna gníomhaíochtaí atá ann, inter alia, ar litearthacht sna meáin (4) a fheabhsú, go háirithe inniúlacht i scileanna digiteacha (5) agus r-chuimsiú, chomh maith le nuálaíocht theicneolaíocht agus cruthú post a spreagadh, lena gcuirtear leis an ríomh-mhargadh aonair; |
CUIREANN SÍ I dTREIS AN MÉID A LEANAS:
1. |
go bhfuil na conclúidí ón gComhairle ó 2011 fós ábhartha, na conclúidí maidir le leanaí a chosaint sa saol digiteach (6) inar iarradh ar na Ballstáit, ar an gCoimisiún agus ar an tionscal gníomhaíochtaí a dhéanamh chun timpeallacht shábháilte ar líne a chruthú do pháistí agus bearta riachtanacha a ghlacadh chun ábhar neamhdhleathach a chomhrac, amhail íomhánna de mhí-úsáid ghnéasach leanaí; |
2. |
gur glacadh Treoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac, a chuirtear in ionad an Chinnidh Réime ón gComhairle 2004/68/CGB (7), agus go gcaithfidh na Ballstáit an Treoir sin a chur chun feidhme; |
3. |
de bharr go gcumhdaítear go fairsing le Conclúidí 2011 ón gComhairle agus le Treoir 2011/93/AE gníomhaíochtaí faoin tríú agus gceathrú colún den Straitéis Eorpach i ndáil le hIdirlíon Níos Fearr do Leanaí, díreofar sna conclúidí seo go príomha ar na saincheisteanna a ardaíodh faoin gcéad cholún agus faoin dara colún den Straitéis Eorpach; |
4. |
go bhfuil na conclúidí seo agus na conclúidí ó 2011 comhlántach agus gur freagairt fhoriomlán ón gComhairle ar an Straitéis Eorpach a mhol an Coimisiún atá iontu; |
TUGANN SÍ DÁ hAIRE:
1. |
bunú na “Comhghuaillíochta chun an tIdirlíon a dhéanamh níos sábháilte do ghasúir”, ar thionscnamh ón gCoimisiún, agus a plean oibre chun dul chun cinn agus torthaí a sholáthar i gcúig réimse gníomhaíochta (uirlisí tuairiscithe, socruithe príobháideachais a bheidh aois-oiriúnach, rangú ábhair, rialú tuismitheora agus ábhar a bhaineann le mí-úsáid ar leanaí a bhaint) (8); |
2. |
tograí le haghaidh Rialacháin ón gCoimisiún lena mbunaítear an “Áis Chónasctha don Eoraip” (9) agus le haghaidh Rialacháin maidir le gréasáin thras-Eorpacha sa teileachumarsáid (10) lena bhforáiltear do mhaoiniú a sholáthar do bhonneagar na seirbhísí um Idirlíon Níos Sábháilte, ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta araon; |
3. |
na tograí le haghaidh Rialacháin ón gCoimisiún lena mbunaítear “Fís 2020” (11) lena bhforáiltear do mhaoiniú don taighde, inter alia, i réimse a bhaineann le hidirghníomhú leanaí leis an Idirlíon agus le haghaidh Rialacháin lena mbunaítear “Erasmus do Chách” (12) lena bhforáiltear do mhaoiniú do thionscnaimh maidir le litearthacht sna meán agus do mhaoiniú litearthachta digití san oideachas; |
4. |
an glao ón gCoimisiún go gceapfadh na Ballstáit curadh náisiúnta digiteach a dhíreodh ina chuid oibre ar chur chun cinn na leasanna a bhainfeadh le sochaí dhigiteach chuimsitheach (13); |
5. |
obair na Comhairle Eorpaí faoi bhrat a straitéise um Rialachas Idirlín (2012-2015) maidir le leanaí a chosaint agus a chumasú ar-líne; |
6. |
na héachtaí a rinneadh leis na tionscadail atá ann cheana ar an leibhéal náisiúnta, agus cleachtais na dtionscadal sin, a thacaíonn le spriocanna comhchosúla amhail ábhar ar ardcháilíocht a chruthú ar líne do leanaí, nó mionaoisigh a chosaint trí uirlisí smachta, feasachta agus cumasaithe mar shampla; |
CUIREANN SÍ I bhFIOS:
1. |
cuirtear an-chuid deiseanna ar fáil chun litearthacht sna meáin, go háirithe inniúlachtaí digiteacha, a fhorbairt lena dtacaítear le smaointeoireacht chriticiúil, scileanna anailíseacha, núáil agus cruthaitheacht de bharr nádúr idirghníomhach, uileláithreach an Idirlín. Tá sé tábhachtach litearthacht sna meáin, go háirithe inniúlachtaí digiteacha a fhorbairt, ionas go bhféadfadh leanaí iad féin a chur in oiriúint, ar bhealach sábhailte, do theicneolaíochtaí nua, a bhíonn ag síorfhorbairt, agus chun domhan slán agus cruthaitheach a mhúnlú dóibh féin i gcoitinne; |
2. |
go bhféadfadh éifeacht thromchúiseach (14) a bheith ar an tsochaí san fhadtéarma mura ndéanfar dóthain infheistíochta sna beartais a bhfuil tionchar acu ar leanaí, rud a léiríonn a riachtanaí atá sé aghaidh a thabhairt ar riachtanais agus leochaileacht leanaí ar-líne, agus an t-idirlíon a mhúnlú ina thearmann deise do leanaí uile na hEorpa, beag beann ar an gcúlra eitneach, cultúrtha nó sóisialta a bheadh acu, agus i gcás leanaí atá faoi mhíchumas nó a bhfuil riachtanais speisialta acu, d'fhonn na bearnaí digiteacha atá ann faoi láthair a chúngú; |
3. |
tá sé tábhachtach cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a seoladh faoin Straitéis Eorpach a chomhordú ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach araon, agus idirghníomhú idir na geallsealbhóirí á chur chun cinn, go háirithe idir leanaí, ranna rialtais, institiúidí inniúla, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus an tionsclaíocht; is sampla é den chomhar treisithe ar an leibhéal Eorpach comhordú níos déine a áirithiú maidir leis an obair a dhéantar laistigh den líonra sna Ballstáit d'Ionaid d'Idirlíon Níos Sábháilte, ar líonra é atá maoinithe ag AE; |
4. |
go bhfuil tábhacht le féinrialú mar gheall gur timpeallacht shíorathraitheach atá san Idirlíon a dteastaíonn solúbthacht uaithi chun nach dteorannófar a cumas fáis nó a cumas oiriúnaithe; le go mbeidh sé éifeachtach áfach, is gá faireachán neamhspleách agus measúnú a dhéanamh ar fhéinrialú chomh maith lena cheangal go dlúth le tionscnaimh i ndáil le feasacht agus cumasú; |
MOLTAR GO nDÉANFAR BEART SNA RÉIMSÍ A LEANAS:
RÉIMSE 1: Níos mó ábhair ar líne do leanaí atá ar chaighdeán ard
DE BHARR AN MHÉID SEO A LEANAS:
1. |
go bhfuil tionchar ag an Idirlíon ar leanaí ón iliomad réimsí gaireas agus ag aois i bhfad níos óige, ach ná tagann siad ar go leor ábhair d'ardcháilíocht atá oiriúnach do dhaoine ar comhaois leo; |
2. |
ba cheart a thuiscint leis an nath “ábhar ar-líne d'ardcháilíocht do pháistí” gurb ábhar é a mbainfeadh leanaí leas éigin as - mar shampla, má chuireann sé lena gcuid eolais, scileanna agus inniúlachtaí, agus béim ar leith ar a gcuid cruthaitheachta - maraon le bheith tarraingteach agus áisiúil dóibh, iontaofa agus sábháilte, agus más ábhartha, ábhar lena bhféadfaí fógraíocht nó cumarsáid tráchtála a aithint mar sin (15); |
3. |
de bharr ábhar ar-líne d'ardcháilíocht do leanaí a bheith ar fáil, d'fhéadfaí feabhas teacht ar an dea-úsáid a bhaineann leanaí as an Idirlíon, agus d'fhéadfaí leathadh amach idirlín leathanbhanda agus a úsáid ghníomhach i dteaghlaigh an AE a éascú go mór leis (16) agus bheadh a mhalairt fíor freisin; |
4. |
go bhféadfadh ilroinnt an ríomh-mhargaidh aonair a laghdú, agus sainiúlachtaí teangeolaíocha agus cultúrtha gach Ballstáit á n-urramú, trí mhuinín tomhaltóirí (leanaí, tuismitheoirí agus teagascóirí) a mhéadú as ábhar a úsáid thar réimse tíortha éagsúla agus as gairis éagsúla agus trí fheasacht tomhaltóirí a mhúscailt i ndáil leo; |
5. |
chun ábhar ar líne d'ardcháilíocht a chur chun cinn, a sholáthar agus a scaipeadh, go bhfuil gá le dlúthchomhar dinimiciúil idir táirgeoirí ábhair poiblí agus príobháideacha, saineolaithe ar shabháilteacht an Idirlín do leanaí (mar shampla eagraíochtaí neamhrialtasacha agus ionaid sábháilteachta ar líne), soláthróirí seirbhísí idirlín agus iad siúd a bhfuil ról acu i dteagasc leanaí (mar shampla tuismitheoirí agus múinteoirí), agus na leanaí iad féin; |
IARRANN SÍ AR NA BALLSTÁIT, AR AN gCOIMISIÚN AGUS AR AN TIONSCAL AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH LAISTIGH DÁ nINNIÚLACHTAÍ FAOI SEACH:
1. |
núáil a spreagadh trí leas a bhaint as bogearraí foinse oscailte agus as caighdeáin oscailte chun ábhar ardcháilíochta ar líne a sholáthar atá déanta ag leanaí agus dírithe ar leanaí trí thacú le tionscadail agus tionscnaimh, lena n-áirítear trí ardáin idir-inoibritheacha a fhorbairt, lena gcuirfí rochtain ar ábhar den sórt sin ar fáil; |
2. |
ábhar ar líne a rátáil go cainníochtúil agus go cáilíochtúil, trí chórais rátála aoise agus rangaithe ábhair a fhorbairt (lena n-áirítear rangú bunaithe ar shástacht úsáideoirí agus ar athbhreithniú arna dhéanamh ag saineolaithe) ar córais iad atá inchomparáide agus iontaofa, thar thíortha difriúla agus thar ghairis dhifriúla, ag féachaint, ag an am céanna, do dhifríochtaí cultúrtha sna Ballstáit; |
3. |
féachaint ar na bealaí inar féidir dul i ngleic leis an mbacainn teanga tráth a mbeidh ábhar ar líne ar ardcháilíocht á cruthú, amhail trí aistriúcháin uathoibríocha fheabhsaithe, agus ar an mbealach sin cur le cruthú an ríomh-mhargaidh aonair; |
RÉIMSE 2: Feasacht agus cumasú a mhéadú
DE BHARR AN MHÉID SEO A LEANAS:
— |
chun leanaí a chumasú chun an Idirlíon a úsáid ar bhealach sábháilte, tá gá, ar thaobh amháin, le haghaidh a thabairt ar uirlisí teicniúla ar féidir nascleanúint slán a dhéanamh leo, agus ar an taobh eile, chun an t-eolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí iomchuí a thabhairt do leanaí ionas go mbeadh siad in ann déileáil leis an timpeallacht ar líne ar bhealach éifeachtach agus freagrach; |
— |
tá ról tábhachtach ag earnáil an oideachais agus ag tuismitheoirí chun cabhrú le leanaí na deiseanna a bhaineann leis an Idirlíon a thapú ar bhealach cruthaitheach a rachadh chun tairbhe dóibh agus na rioscaí a bhaineann leis an Idirlíon a aithint agus chun dul i ngleic leo. Mar sin féin, glactar leis go bhfuil tacaíocht agus oiliúint ag teastáil ó mhúinteoirí agus ó thuismitheoirí freisin ní hamháin chun coimeád suas leis na hathruithe gasta agus guagacha i saol a gcuid leanaí ar líne, ach chun fanacht os cionn a mbuille i dtaca le teicneolaíochtaí nua atá ag teacht chun cinn; |
IARRANN SÍ AR NA BALLSTÁIT:
1. |
cur chun feidhme na straitéisí a ghéarú le go n-áireofar sna scoileanna múineadh sábháilteachta ar líne agus múineadh inniúlachtaí digiteacha agus úsáid an Idirlín i réimse ábhar scoile a spreagadh agus maidir leis an méid seo tacú le hoiliúint leordhóthanach a chur ar na múinteoirí; |
2. |
sealbhú inniúlachtaí digiteacha i measc tuismitheoirí agus leanaí a threisiú i gcomhthéacs na hoiliúna neamhfhoirmiúla agus foirmiúla, lena n-áirítear in eagraíochtaí don óige trí oibreoirí ógra a bhfuil an oiliúint chuí orthu; |
IARRANN SÍ AR NA BALLSTÁIT AGUS AR AN gCOIMISIÚN AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:
3. |
tacaíocht ghníomhach a thabhairt do rannpháirtíocht leanaí agus feachtais múscailte feasachta, reachtaíocht nó bearta agus gníomhaíochtaí eile á bhforbairt ar bhonn náisiúnta nó ar bhonn Eorpach, a mbeidh tionchar acu ar ghníomhaíochtaí leanaí ar líne, mar shampla trí leanúint de thacaíocht a thabhairt do na Painéil Óige a fheidhmíonn na hIonaid d'Idirlíon Níos Sábháilte; |
4. |
breis forbartha a dhéanamh ar litearthacht sna meáin, go háirithe ar inniúlachtaí digiteacha agus múscailt feasachta a chur chun cinn ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach araon; |
IARRANN SÍ AR NA BALLSTÁIT, AR AN gCOIMISIÚN AGUS AR AN TIONSCAL FÉIN AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH LAISTIGH DÁ nINNIÚLACHTAÍ FAOI SEACH:
5. |
tacaíocht a thabhairt do chomhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha chun múscailt feasachta agus cumasú a ghéarú, agus béim á leagan ar na deiseanna a bhaineann leis an Idirlíon, ar leibhéal an AE agus ar an leibhéal náisiúnta, ag díriú ar thuismitheoirí agus ar leanaí thar gach cúlra eithneach, cultúir agus sóisialta, lena n-áirítear leanaí ar de bhunadh dreama iad atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch agus leanaí le riachtanais speisialta; |
6. |
dul ar aghaidh le fianaise agus tuiscint a sholáthar maidir le hiompair leanaí ar líne agus maidir le héifeacht na seirbhísí agus na dteicneolaíochtaí ar an úsáid a bhaineann leanaí as an Idirlíon; |
7. |
feabhas a chur ar uirlisí smachta do thuismitheoirí ionas go mbeidh siad éifeachtúil ar ghaireas ar bith agus go mbeidh siad idir-inoibritheach agus go mbeidh siad ar fáil san oiread sin teangacha agus is féidir, agus straitéisí a fhorbairt chun tuismitheoirí a chur ar an eolas maidir le huirlisí smachta do thuismitheoirí, ag féachaint do chearta leanaí i dtaca le príobháideachas, faisnéis a fháil agus saoirse chun tuairimí a nochtadh; |
8. |
tuairisciú caighdeánaithe íosta i gcás ábhar díobhálach agus critéir fheidhmíochta a chomhordú le haghaidh na nósanna imeachta tuairiscithe d'fhonn iad a dhéanamh inchomparáide, trédhearcach agus inúsáidte thar thíortha éagsúla agus thar ghairis dhifriúla; |
9. |
an tacaíocht a bhfuil gá léi a sholáthar chun sásraí éifeachtacha tuairiscithe ar ábhar díobhálach agus sásraí d'obair leantach a bhunú agus a úsáid agus chun faireachán a dhéanamh orthu, ar sásraí iad chun comhar laistigh den tionscal agus le gníomhaireachtaí rialtais, le heagraíochtaí neamhrialtasacha agus leis na beolínte a neartú agus chun a áirithiú go mbaintear leas as na sásraí agus as na hardáin agus as na gairis ábhartha chun an comhar idirnáisiúnta is gá a chinntiú; |
10. |
tionscnaimh féin-rialála atá ann cheana a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm maidir le fógraíocht ar líne agus iad a choimeád cothrom le dáta i dtaobh cineálacha nua fógraíochta. |
IARRANN SÍ AR AN TIONSCAL:
11. |
réamhshocruithe príobháideachais a chur chun feidhme agus bealaí éifeachtacha a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun leanaí agus tuismitheoirí a chur ar an eolas maidir lena gcuid socruithe príobháideachais ar líne; |
12. |
tionscnaimh féin-rialála a fhorbairt tuilleadh maidir le fógraíocht ar líne; |
D'fhonn obair leantach éifeachtach a dhéánamh i dtaca leis na conclúidí seo, iarrann COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH:
1. |
ar Chomhghuaillíocht an CEO a tuarascáil deiridh a chur faoi bhráid na Comhairle, a bhfuiltear ag súil léi faoi mhí Eanáir 2013; |
2. |
ar an gCoimisiún, go háirithe maidir leis na próisis tagarmharcála agus meastóireachta a bheidh le déanamh d'fhonn cur chun feidhme na Straitéise a mheas, aiseolas agus faisnéis a sholáthar go minic, i ndáil leis an dul chun cinn a dhéantar leis na gníomhaíochtaí atá sa Straitéis Eorpach i dtaca le hIdirlíon Níos Fearr do Leanaí; |
3. |
ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, gan dochar don chaibidlíocht ar chreat airgeadais ilbhliantúil 2014-2010, leas iomchuí a bhaint as na cláir maoinithe AE atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo chun spriocanna na Straitéise Eorpaí i dtaca le hIdirlíon Níos Fearr do Leanaí sna cheithre cholún, agus spriocanna na gconclúidí seo, a bhaint amach. |
(1) COM(2012) 196 final - 9486/12.
(2) COM(2011) 60 final - 7226/11.
(3) 9981/10 REV 1 - (COM(2010) 245 final/2).
(4) Is éard litearthacht sna meáin ann “an cumas rochtain a fháil ar na meáin agus an t-ábhar atá sna meáin a thuiscint, a léirmheas, a chruthú agus a chur in iúl” (Conclúidí ón gComhairle an 27 Samhain 2009 maidir le lithearthacht sna meáin sa timpeallacht digiteach - IO C 301, 11.12.2009, lch. 12).
(5) “Le bheidh inniúil i scilleanna digiteacha ní mór tuiscint mhaith agus cur amach maith a bheith agat ar nádúr, ar ról agus ar deiseanna IST sa ghnáthshaol (...) agus ní mór tuiscint a bheith agat ar na deiseanna agus ar na bagairtí a bhaineann leis an Idirlíon agus le cumarsáid trí mheáin leictreonacha (r-phost, uirlisí líonra) (...). Ar na scilleanna atá riachtanach tá an cumas faisnéis a chuardach, a bhailiú agus a phróiseáil agus leas a bhaint aisti ar bhealach criticiúil, córasach (...). Ba cheart go bhféadfadh daoine aonair leas a bhaint as IST chun tacú le smaointeoireacht chriticiúil, leis an gcruthaitheacht agus leis an nuáil (...).” (Moladh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 ar inniúlachtaí lárnacha d'fhoghlaim ar feadh an tsaoil (2006/962/EC), IO L 394, 30.12.2006, lch. 10).
(6) IO C 372, 20.12.2011, lch 15.
(7) IO L 335, 17.12.2011, lch. 1, agus ceartúchán ar an Treoir (IO L 18, 21.1.2012, lch. 7).
(8) Tionscamh atá stiúrtha ag an tionscail féin is ea an Chomhghuaillíocht ar cuideachtaí sna meáin agus in earnáil TFC na hEorpa agus domhanda iad a comhaltaí (http://ec.europa.eu/information_society/activities/sip/docs/ceo_coalition/ceo_coalition_statement.pdf).
(9) 16176/11
(10) 16006/11
(11) 17933/11
(12) 17188/11
(13) Mar eolas: https://ec.europa.eu/digital-agenda/en/digital-champions;
https://ec.europa.eu/digital-agenda/en/about-0
(14) Clár Oibre an AE maidir le Cearta an Linbh.
(15) Bunaithe ar: “Ábhar ar-líne do leanaí agus do dhaoine óga a sholáthar agus a chur ar fáil - Fardal”, http://ec.europa.eu/information_society/activities/sip/docs/competition/final_draft.pdf
(16) Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin an 23 Márta 2012 maidir le cur chun feidhme na bPleananna Náisiúnta Leathanbhanda (SWD (2012) 68 final), lch. 17.