Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52012XG1219(01)

Conclúidí ón gComhairle an 26 Samhain 2012 maidir leis an litearthacht

IO C 393, 19.12.2012, p. 1–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

19.12.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C NaN/1


Conclúidí ón gComhairle an 26 Samhain 2012 maidir leis an litearthacht

2012/C 393/01

MAIDIR LE COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

AG FÉACHAINT DON MÉID SEO THÍOS:

1.

Na Conclúidí ón gComhairle den 12 Bealtaine 2009 maidir le creat straitéiseach don chomhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint ("ET 2020") (1), inar leagadh amach mar chuspóir go ndéanfaí cion na n-ísealghnóthachtálaithe a laghdú sna bunscileanna (bunlitearthacht, matamaitic agus an eolaíocht) go dtí 15% faoin mbliain 2020.

2.

An Rún ón gComhairle den 20 Nollaig 2011 maidir le clár oibre Eorpach athnuaite don fhoghlaim aosach (2), arb é is aidhm dó go gcuirfí feabhas ar an litearthacht agus an uimhearthacht aosach agus go ndéanfaí soláthar na foghlama a leathnú d'Eorpaigh atá ar ghannchuid oiliúna.

AGUS AG MEABHRÚ DI GO hÁIRITHE:

Na Conclúidí ón gComhairle an 19 Samhain 2010 maidir le leibhéal na mbunscileanna a ardú i gcomhthéacs an chomhair Eorpaigh i ndáil le scoileanna don 21ú haois (3), lenar athdhearbhaíodh tiomantas na mBallstát, i gcomhthéacs a n-iarrachtaí athbhreithnithe, aghaidh a thabhairt ar cheapadh curaclaim agus ar chur chun cinn na litearthachta i gach réimse den churaclam, ar gach leibhéal den chóras oideachais; chun an léitheoireacht a spreagadh, go háirithe i measc buachaillí; chun an tionchar atá ag teicneolaíochtaí nua ar léitheoireacht leanaí a scrúdú chun go bhféadfar leas a bhaint as teicneolaíochtaí mar sin le haghaidh cineálacha nua foghlama; chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt dóibh siúd atá ag streachailt leis an léitheoireacht agus dóibh siúd ar de bhunadh na himirce iad; chun oiliúint na múinteoirí a neartú i ndáil le sealbhú na bunlitearthachta, agus chun éiteas na scoileanna a láidriú.

AGUS AN LITEARTHACHT Á SAINIÚ ACU:

Sa chaoi go n-áirítear inniúlachtaí léitheoireachta agus scríbhneoireachta araon léi chun cineálacha éagsúla faisnéise a thuiscint, a úsáid agus a mheasúnú go grinn, téacsanna agus íomhanna scríofa, clóite agus leictreonacha san áireamh, lena gcumhdaítear litearthacht bhonnlíne, litearthacht fheidhmiúil agus an il-litearthacht (4).

AG FÁILTIÚ ROIMH:

An tuarascáil ó Ghrúpa Saineolaithe Ardleibhéil an AE maidir leis an litearthacht (5), ina leagtar amach an phríomhfhianaise i leith staid na litearthachta san AE agus lena n-iarrtar go ndéanfaí gníomh chun feabhas a chur ar na leibhéil litearthachta ar fud an Aontais.

AGUS I bhFIANAISE AN MÉID SEO A LEANAS:

Comhdháil na hUachtaránachta dar teideal "Litearthacht do chách" a tionóladh san Niocóis an 5-6 Meán-Fómhair 2012, áit ar cuireadh tuarascáil an Ghrúpa Ardleibhéil i láthair den chéad uair,

agus an cruinniú neamhfhoirmiúil aireachta a tionóladh san Niocóis an 4-5 Deireadh-Fómhair 2012, inar phléigh Airí Oideachais an AE ceisteanna litearthachta.

AG TABHAIRT DÁ hAIRE:

1.

Gur inniúlacht fhíorthábhachtach saoil í an litearthacht, lena dtugtar de chumhacht don saoránach aonair acmhainní a fhorbairt don mharana, don chur in iúl ó bhéal, don smaointeoireacht chriticiúil agus don ionbhá, agus lena dtreisítear an fhorbairt phearsanta, an fhéinmhuinín, braistint na féiniúlachta agus rannpháirteachas iomlán an duine sa tsochaí dhigiteach agus eolais.

2.

Le leibhéil ísle litearthachta, cuirtear srian ar an bhfás eacnamaíoch agus íslítear inbhuanaitheacht an fháis sin. D'fhéadfadh tairbhí eacnamaíocha suntasacha a bheith i gceist do na mBallstát dá mbainfí amach sprioc an AE i leith líon an aoisghrúpa 15 bliana déag a bhfuil ísealchaighdeán léitheoireachta acu a laghdú faoi bhonn 15%.

3.

Níl aon bhogadh ag teacht faoi leibhéil na litearthachta i mbunáite thíortha na hEorpa agus ní lú ná 1.1 milliún líon na n-ógánach 15 d'aois (i.e. ceann as gach cúigear) a bhfuil caighdeán neamhdhóthanach litearthachta acu (6).

4.

Is í an litearthacht an doras trína mbogtar ar aghaidh chun gach saghas foghlama eile. Má thugtar aghaidh ar na híseal-leibhéil litearthachta, is bealach éifeachtach é sin chun dul i ngleic le bunchúiseanna luathfhágáil na scoile, na dífhostaíochta agus an rannpháirteachais theoranta san fhoghlaim ar feadh an tsaoil i measc iad siúd atá ar bheagán oiliúna.

5.

Le méadú leanúnach an digitiú, éilítear caighdeáin níos airde litearthachta, lena n-áirítear an cumas téacsanna a mheas go grinn, bheith in ann déileáil le hilfhoirmeacha téacsanna, bheith in ann íomhánna a dhíchódú, agus bheith in ann blúiríní díchosúla faisnéise a chur i gcomparáid agus a chomhtháthú lena chéile. Chomh maith leis sin, le líonraí na meán sóisialta, is tábhachtaí agus is lárnaí ná riamh inniúlachtaí scríbhneoireachta.

6.

Tá bearna shuntasach i ngach tír Eorpach ó thaobh torthaí na foghlama de idir na daltaí atá faoi bhuntáiste agus faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch. I neart tíortha de chuid an AE, tá daltaí sa cheathairíl is ísle stádais shóisialta níos mó ná dhá bhliain nó fiú trí bliana chun cúil ar mhicléinn ón gceathairíl is airde, agus i roinnt tíortha tá claonadh ann na micléinn faoi mhíbhuntáiste a fheiceáil mar dhream atá neamhliteartha i dtéarmaí feidhmiúla faoin am a mbíonn 15 d'aois slánaithe acu.

7.

Tá bearna shuntasach, agus í ag leathadh léi i gcónaí, idir fheidhmíocht na mbuachaillí agus na gcailíní sa léitheoireacht, í á tomhas ag 15 bliana d'aois, ar ionann an bhearna sin agus timpeall bliain iomlán amháin, agus fadhbanna leis an spreagadh is mó is cúis léi.

8.

Sa ghairmoideachas agus san oiliúint, ní chuirtear go leor tacaíochta ar fáil i gcásanna áirithe chun feabhas a chur ar bhunscileanna agus chun tábhacht na litearthachta a thuiscint i ndáil le scileanna oibre.

AONTAÍONN SÍ MAR SEO A LEANAS:

1.

Nach saincheist oideachais amháin í an litearthacht, is saincheist phearsanta, eacnamaíoch, chultúrtha agus shóisialta í chomh maith. Dá réir sin, agus ar mhaithe le cur leis an rannpháirteachas, ní mór go mbeadh réimse gníomhaithe sa tsochaí - lena n-áirítear gnólachtaí, an meáin, eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENR), na comhpháirtithe sóisialta, soláthróirí na foghlama neamhfhoirimiúla, institiúidí cultúrtha, chomh maith leis an seirbhísí sóisialta, fostaíochta agus sláinte ar an leibhéal áitiúil - rannpháirteach in aon tionscnaimh a dhéanfar chun feabhas a chur ar an litearthacht.

2.

Chun timpeallacht liteartha a chruthú ar mhaithe leis an léitheoireacht a chur chun cinn agus chun feabhas a chur ar an bhfeidhmíocht litearthachta, caithfear éagsúlacht bhreise ábhar léitheoireachta a chur ar fáil sna scoileanna, i leabharlanna agus i lárionaid meán, agus in áiteanna neamhghnácha freisin, chomh maith leis an mbaile, agus éilítear níos tacaíochta breise do theaghlaigh ó aois an-óg ar aghaidh. Caithfear cur le feasacht na dtuismitheoirí i ndáil leis an gceist seo agus i ndáil leis an ról fíorthábhachtach is féidir leo a imirt chun feabhas a chur ar scileanna litearthachta a bpáistí agus chun tacú leis an spreagadh agus lena mbaint leis an léitheoireacht, sna luathbhlianta fáis agus trí bhlianta uile scolaíochta an pháiste.

3.

Is den phráinn é go gcuirfí le héifeachtacht na mbeart a dhéantar sna Ballstáit ar leibhéal an AE chun feabhas a chur ar litearthacht i measc na bpáistí agus i measc na ndaoine fásta, go háirithe i measc iad siúd ar de bhunadh dreama iad atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch. Tá fianaise ann a léiríonn go bhfuil cláir litearthachta teaghlach cost-éifeachtúil agus éifeachtach.

4.

Tá rannpháirtíocht san oideachas agus cúram ardchaighdeáin luath-óige lena soláthraítear forbairt teanga agus spreagadh spraoi-bhunaithe, faoi bhainisitiú foireann cáilithe ríthábhachtach chun na bearnaí socheacnamaíocha a laghdú agus chun bonn daingean a thabhairt do pháistí óga chun go n-éireodh leo ina saoil.

5.

Ba cheart go mbeadh na hinniúlachtaí riachtanacha ag foirne an oideachais agus an chúraim luath-óige agus ag na múinteoir bunscoile chun deacrachtaí teanga agus foghlama a bhrath agus chun dul i ngleic leis na deacrachtaí sin ag luathchéim.

6.

Ní mór inniúlachtaí oideolaíocha múinteoirí bunscoile i ndáil le teagasc na léitheoireachta agus na scríbhneoireachta a neartú, nuair is iomchuí, cuir i gcás san úsáid oideolaíoch a bhaintear as TFC.

7.

Níor tháinig na córais oideachais i dtír i gceart fós ar thionchar na nuatheicneolaíochtaí ó thaobh na litearthachta de. Má dhéantar na hábhair agus na modhanna foghlama a athbhreithniú i bhfianaise méadú leanúnach an digitiú, agus má thacaítear le múinteoirí chun modhanna oideolaíocha nua a úsáid, féadfar spreagadh na bhfoghlaimeoirí a threisiú.

8.

Ba cheart páistí imirceacha nuathagtha a mheasúnú i dteanga(cha) na tíre ina bhfuil cónaí orthu agus tacaíocht níos indibhidiúlaithe a thabhairt dóibh. D'fhéadfaí tacaíocht a chur ar fáil ina dteanga féin freisin, i gcás ina meastar arb iomchuí, agus de réir na n-acmhainní a bheidh ar fáil.

9.

Ba cheart curaclam a bheadh níos comhleanúnaí a bhunú, lena ndéanfaí an litearthacht a phríomhshruthú i ngach gné de churaclam na scoile, agus curaclam a fhorbairt don litearthacht aosach, agus ba cheart tacú leis an méid sin trí chaighdeáin agus uirlisí measúnacháin aois-bhunaithe agus trí dhearbhú éifeachtach cáilíochta.

10.

Ba cheart le faireachán ar leibhéil scileanna an daonra fásta agus le rannpháirtíocht gnólachtaí, na meán, na n-eagraíochtaí neamhrialtasacha, na comhpháirtithe sóisialta, na n-institiúidí cultúrtha, agus na seirbhísí sóisialta, fostaíochta agus sláinte ar an leibhéal áitiúil, go gcuirfear bonn ar fáil do straitéisí lena ndírítear ar an tuiscint ar fhadhbanna litearthachta sa tsochaí ina hiomláine a ardú.

11.

Ní mór oiliúint oideolaíoch shaincheaptha a chur ar mhúinteoirí na litearthachta aosaí chun an soláthar litearthachta aosaí a éagsúlú agus a fheabhsú; ní mór freisin curaclam ina mbeadh scileanna obair-ábhartha agus é á thacú le hábhair iomchuí; gur den fhad agus den dhéine ceart iad na cúrsaí; go dtacófaí trí mheán na dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (TFC) agus go n-úsáidfí iad sna modhanna measúnachta freisin.

IARRANN SÍ AR NA BALLSTÁIT:

1.

Bonn éifeachtach fianaise a áirithiú trí fhaireachán agus trí bhailiú sonraí, agus an leas is fearr á bhaint as na hacmhainní atá ann cheana, amhail suirbhéanna PISA agus PIAAC (An Clár um Measúnú Idirnáisúnta ar Inniúlachtaí an Duine Fásta).

2.

Cur chuige a fhorbairt lena gcuirtear feabhas ar litearthacht ina mbeadh rannchuidiú sonrach ó na gníomhaithe, na heagraíochtaí agus na húdaráis ábhartha ar fad, idir oideachasúil agus neamhoideachasúil, mar chuid de straitéisí níos leithne i dtaobh scileanna; agus i gcás inarb ábhartha, comhordú a neart i ndáil leis na tionscnaimh litearthachta idir na húdaráis áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta, na comhpháirtithe sóisialta agus ionadaithe na múinteoirí, na dtuismitheoirí agus na bhfoghlaimeoirí scothaosta.

3.

Bearta leathan-bhunaithe ardaithe feasachta a spreagadh chun ceist na litearthachta a choinneáil i mbéal an phobail agus chun geis na lagscileanna litearthachta a bhriseadh, is cuma cén aois a bheidh i gceist. Go háirithe, d'fhéadfaí cur le feasacht na bhfostóirí i dtaobh na dtairbhí eacnamaíocha agus spreagtha a bhaineann le feabhas a chur ar scileanna litearthachta a gcuid fostaithe, agus d'fhéadfaí iad a spreagadh an ghníomhaíocht chuí a dhéanamh.

4.

Forbairt agus cur chun feidhme chláir litearthachta teaghlach a chur chun cinn, go háirithe i gcás na dteaghlach sin atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch, chun tacú le tuismitheoirí agus le baill eile teaghlaigh feabhas a chur ar a scileanna litearthachta féin agus ar scileanna litearthachta a bpáistí.

5.

Rochtain ghinearálta fhéaráilte a chur chun cinn ar oideachas agus ar chúram ardchaighdeáin na luath-óige mar chuidiú riachtanach chun na bearnaí socheacnamaíocha a dhúnadh.

6.

Ábhair agus modhanna foghlama a choimeád faoi léirbhreithniú i bhfianaise méadú leanúnach an digitiú, chun tacú le spreagadh na bhfoghlaimeoirí, agus úsáid bhreise a bhaint as acmhainní neamhfhoirmiúla foghlama. Forbairt bogearraí do na scoileanna a chur chun cinn, chun cabhrú le múinteoirí agus iad ag ceapadh modhanna nua chun feabhas a chur ar an litearthacht.

7.

Spreagadh a thabhairt d'fhorbairt na dtreoirlínte soiléire i ndáil leis na hinniúlachtaí a theastaíonn ó mhúinteoirí chun léamh agus scríobh a mhúineadh, sna scoileanna agus d'fhoghlaimeoirí fásta araon, agus cur chuige teagaisc indibhidiúlaithe mar fhreagairt ar riachtanais shonracha a chur chun cinn.

8.

Feasacht agus eolas ar bhunphrionsabail theoiriciúla foghlama agus múinte na litearthachta a ardú i measc na múinteoirí, ionas go mbeidh siad in ann deacrachtaí léitheoireachta agus scríbhneoireachta a ndaltaí a bhrath agus in ann déileáil leis na deacrachtaí sin; agus comhairle ó shaineolaithe a chur chun cinn, agus, i gcás inarb iomchuí, tacaíocht ó shainmhúinteoirí.

IARRANN SÍ AR NA BALLSTÁIT AGUS AR AN gCOIMISIÚN:

1.

Tuarascáil a thabhairt ar na gníomhaíochtaí atá déanta acu chun feabhas a chur ar na leibhéil litearthachta a bhaineann le gach aois, agus más féidir, ar an tionchar a bheidh ag an gníomhaíochtaí sin sa chéad Tuarascáil Chomhpháirteach eile ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme an chreata straitéisigh don chomhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint ("ET2020") in 2015.

2.

Gníomhaíochtaí ábhartha uile chlár reatha na Foghlama ar feadh an tSaoil agus an chláir oideachais agus oiliúna de chuid an AE atá ar na bacáin a úsáid, chomh maith le hacmhainní Chiste Sóisialta na hEorpa, chun tacú le modhanna nuálacha i ndáil le feabhas a chur ar an litearthacht ar fud an AE agus chun iad a scaipeadh, agus chun cur le bonn na fianaise don cheapadh beartais amach anseo. Gan dochar don toradh a bheidh ar an idirbheartaíocht maidir leis an gcéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile, tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí níos straitéisí agus níos trasearnála i ndáil leis an litearthacht faoin gclár oideachais agus oiliúna de chuid an AE atá ar na bacáin le go spreagfar an nuáil agus le gur éifeachtaí na birt.

3.

A áirithiú, i gcás inarb iomchuí, go gclúdófar ceisteanna litearthachta ar bhealach leordhóthanach sa phróiseas Eoraip 2020.

IARRANN SÍ AR AN gCOIMISIÚN:

1.

Tacú leis an gcomhar Eorpach i gceisteanna na litearthachta, go háirithe trí líonra Eorpach d'eagraíochtaí a bhunú atá ag gníomhú sa réimse sin sna Ballstáit, lena gcuirfí chun cinn an comhar trasnáisiúnta agus lena dtacófaí le forbairt na mbeartas náisiúnta litearthachta; agus seachtain a éagrú, i gcomhar leis na Ballstáit leasmhara, faoin teideal Is breá leis an Eoraip bheith ag léamh a mbeadh sé d'aidhm aige feasacht an phobail a ardú i leith ceisteanna litearthachta ar fud an AE.

2.

Tuarascáil a chur i láthair in 2013 faoi chomhar beartais i ndáil le bunscileanna, lena leagfaí amach beartais éifeachtacha chun cion na n-ísealghnóthachtálaithe a laghdú sa litearthacht, sa mhatamaitic agus san eolaíocht síos trí speictream uile na foghlama ar feadh an tsaoil agus béim á leagan ar scileanna léitheoireachta agus scríbhneoireacht agus ar inniúlachtaí araon.

3.

A áirithiú go dtugfar aghaidh, go hiomlán, le tionscnaimh an Choimisiúin i réimse TFC san oideachas agus i ndáil leis an óige, ar dhúshláin agus ar dheiseanna an digitiú agus na nuatheicneolaíochtaí maidir leis an litearthacht.

4.

Cabhrú le sainiú, anailís agus comhroinnt na ndea-chleachtas maidir le tionscnaimh beartais i ndáil le feabhas a chur ar an bhfeidhmíocht sa litearthacht trí gach meán iomchuí atá ar fáil, lena n-áirítear na hionstraimí atá ann faoi mhodh oscailte an chomhordaithe agus an leathanach nua litearthachta ar láithreán Gréasáin Europa.

5.

An tréimhseachán Education and Training Monitor a úsáid chun sonraí inchomparáide agus anailís a fháil i leith an dul chun cinn maidir leis an tagarmharc "ET 2020" do bhunscileanna agus chun cur le bonn na fianaise don cheapadh beartais don litearthacht.

6.

An creat nua comhair leis an ECFE (7) a úsáid i réimse an oideachais chun an faireachán náisiúnta agus an bailiú sonraí a threisiú.


(1)  IO C 119, 28.5.2009, lch. 2.

(2)  IO C 372, 20.12.2011, lch. 1.

(3)  IO C 323, 30.11.2010, lch. 11.

(4)  : An t-eolas ar litreacha, focail agus struchtúir téacs is gá chun léamh agus scríobh ar leibhéal lena bhféadtar muinín agus spreagadh a fháil chun leanúint ar aghaidh.

: Bheith in ann léamh agus scríobh ar leibhéal lena bhféadtar forbairt agus feidhmiú sa tsochaí, sa bhaile, ar scoil agus ag an obair.

: Bheith in ann scileanna léitheoireachta agus scríbhneoireachta a úsáid chun faisnéis scríofa a tháirgeadh, a thuiscint, a léirthuiscint agus a mheas go grinn. Is bonn í don rannpháirteachas digiteach agus le bheith in ann roghanna eolasacha a dhéanamh i ndáil le airgead, sláinte, etc.

(5)  http://ec.europa.eu/education/literacy/what-eu/high-level-group/documents/literacy-final-report_en.pdf

(6)  Chun críche an téacs seo, ciallaíonn leibhéil neamhdhóthanacha litearthachta scileanna léitheoireachta ar leibhéal 1 nó níos ísle sa Chlár Idirnáisúnta um Measúnú Daltaí (PISA) atá cothrom leis an gcumas na scileanna léitheoireachta is bunúsaí a úsáid amhail focail a dhíchódú agus abairtí simplí a scríobh. Níl sé ar chumas na ndaltaí atá ar an leibhéal seo faisnéis a cur i gcomparáid lena chéile, a chur i gcodarsnacht lena chéile, a chatagóiriú, a chomhtháthú nó a mheasúnú, níl sé ar a gcumas déileáil le téacsanna fada, casta, iomaíocha nó aduaine agus níl sé ar a gcumas tátail nó hipitéisí a dhéanamh, nó breathnú go grinn ar théacs.

(7)  Ba cheart a áirithiú go mbeadh sé de cheart ag gach Ballstát bheith rannpháirteach in obair na heagraíochta sin.


Top