Roghnaigh na gnéithe turgnamhacha is mian leat a thriail

Is sliocht ón suíomh gréasáin EUR-Lex atá sa doiciméad seo

Doiciméad 62020CJ0116

Breithiúnas na Cúirte (An Dara Dlísheomra) 2022 Aibreán 7.
SC Avio Lucos SRL v Agenţia de Plăţi şi Intervenţie pentru Agricultură – Centrul judeţean Dolj agus Agenţia de Plăţi şi Intervenţie pentru Agricultură (APIA) – Aparat Central.
Tarchur chun réamhrialú – Talmhaíocht – An comhbheartas talmhaíochta – Scéimeanna tacaíochta dírí – Comhrialacha – Scéim íocaíochta aonair limistéir – Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 – Airteagal 2(c) – Coincheap ‘gníomhaíocht talmhaíochta’ – Airteagal 35 – Rialachán (CE) Uimh. 1122/2009 – Rialacháin náisiúnta lena gceanglaítear teideal dlíthiúil a tháirgeadh lena mbunaítear an ceart chun na dáileachta talmhaíochta a chuirtear ar fáil don fheirmeoir faoi chonradh lamháltais a úsáid agus lena gcuirtear bailíocht conartha den sórt sin faoi réir cháilíocht póraitheora nó úinéara ainmhithe an déileálaí todhchaí – Lamháltóir féarach tar éis conradh comhoibrithe a thabhairt i gcrích le póraitheoirí ainmhithe – Res judicata.
Cás C-116/20.

Tuarascálacha cúirte - ginearálta

Aitheantóir ECLI: ECLI:EU:C:2022:273

 BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Dara Dlísheomra)

an 7 Aibreán 2022 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú – Talmhaíocht – An comhbheartas talmhaíochta – Scéimeanna tacaíochta dírí – Comhrialacha – Scéim íocaíochta aonair limistéir – Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 – Airteagal 2(c) – Coincheap ‘gníomhaíocht talmhaíochta’ – Airteagal 35 – Rialachán (CE) Uimh. 1122/2009 – Rialacháin náisiúnta lena gceanglaítear teideal dlíthiúil a tháirgeadh lena mbunaítear an ceart chun na dáileachta talmhaíochta a chuirtear ar fáil don fheirmeoir faoi chonradh lamháltais a úsáid agus lena gcuirtear bailíocht conartha den sórt sin faoi réir cháilíocht póraitheora nó úinéara ainmhithe an déileálaí todhchaí – Lamháltóir féarach tar éis conradh comhoibrithe a thabhairt i gcrích le póraitheoirí ainmhithe – Res judicata)

I gCás C-116/20,

IARRAIDH ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ó Curtea de Apel Timişoara (Cúirt Achomhairc Timişoara, an Rómáin), trí bhreith an 6 Feabhra 2020, a fuarthas ag an gCúirt Bhreithiúnais an 28 Feabhra 2020, sna himeachtaí idir

SC Avio Lucos SRL

v

Agenţia de Plăţi şi Intervenţie pentru Agricultură – Centrul judeţean Dolj,

Agenţia de Plăţi şi Intervenţie pentru Agricultură (APIA) – Aparat Central,

tugann AN CHÚIRT (an Dara Dlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: A. Arabadjiev, Uachtarán an Chéad Dlísheomra, ag gníomhú mar Uachtarán an Dara Dlísheomra, I. Ziemele (Rapóirtéir), T. von Danwitz, P. G. Xuereb agus A. Kumin, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: A. Rantos,

Cláraitheoir: A. Calot Escobar,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

SC Avio Lucos SRL, ag M. Gornoviceanu, avocate,

Agenţia de Plăţi şi Intervenţie pentru Agricultură – Centrul judeţean Dolj, ag N. S. Răducan, i gcáil Gníomhaire,

Rialtas na Rómáine, ag E. Gane agus A. Rotăreanu, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na Gearmáine, ag J. Möller agus S. Heimerl, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na Fraince, ag A.-L. Desjonquères, C. Mosser agus W. Zemamta, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na hIodáile, ag G. Palmieri, i gcáil Gníomhaire, le cúnamh ó L. Vignato agus R. Guizzi, avvocati dello Stato,

an Coimisiún Eorpach, ag A. Sauka agus A. Biolan, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 2 Meán Fómhair 2021,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh seo ar réamhrialú, ar an gcéad dul síos, le léiriú ar Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle an 19 Eanáir 2009 lena mbunaítear comhrialacha maidir le scéimeanna tacaíochta dírí d’fheirmeoirí faoin gcomhbheartas talmhaíochta agus lena mbunaítear scéimeanna áirithe tacaíochta d’fheirmeoirí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1290/2005, (CE) Uimh. 247/2006 agus (CE) Uimh. 378/2007, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 (IO 2009 L 30, lch. 16), arna leasú le Rialachán (AE) Uimh. 1310/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 (IO 2013 L 347, lch. 865; ‘Rialachán (CE) Uimh. 73/2009’) agus ar an dara dul síos, le léiriú ar Rialachán (CE) Uimh. 1122/2009 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2009 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le tras‑chomhlíonadh, le modhnú agus leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe, faoi na scéimeanna tacaíochta dírí d’fheirmeoirí dá bhforáiltear [sa] Rialachán sin, mar aon le Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le tras‑chomhlíonadh faoin scéim tacaíochta a fhoráiltear d’earnáil an fhíona (IO 2009 L 316, lch. 65) agus, ar an tríú dul síos, leis an bprionsabal res judicata.

2

Rinneadh an t‑iarratas in imeachtaí idir, ar thaobh amháin, SC Avio Lucos SRL agus, ar an taobh eile, an Agenția de Plăți și Intervenție pentru Agricultură – Centrul județean Dolj (an Ghníomhaireacht um íocaíochtaí agus bearta talmhaíochta – Ionad Dúiche Dolj, an Rómáin) agus an Agenția de Plăți și Intervenție pentru Agricultură (APIA) – Aparat Central (an Ghníomhaireacht um íocaíochtaí agus bearta talmhaíochta – an Cheanncheathrú, an Rómáin) (le chéile, ‘APIA’) maidir leis an iarraidh ar aisíocaíocht na tacaíochta airgeadais arna dheonú ag APIA do Avio Lucos faoin scéim íocaíochta aonair limistéir i leith na bliana 2014.

Comhthéacs dlí

Dlí an Aontais Eorpaigh

Rialachán (CE) Uimh. 1254/1999

3

Foráiltear le mír 2 d’Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 1254/1999 ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le comheagraíocht an mhargaidh i mairteoil agus laofheoil (IO 1999 L 160, lch. 21):

‘chun an dlús stocála ar an ngabháltas a ríomh, cuirfear san áireamh:

(b)

an limistéar foráiste, rud a chiallaíonn limistéar an ghabháltais atá ar fáil ar feadh na bliana féilire chun bó‑ainmhithe agus caoirigh agus/nó gabhair a thógáil. …

…’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

4

Scriosadh Airteagal 12 le Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2003 lena mbunaítear comhrialacha do scéimeanna tacaíochta dírí faoin gcomhbheartas talmhaíochta agus lena mbunaítear scéimeanna áirithe tacaíochta d’fheirmeoirí agus lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 2019/93, (CE) Uimh. 1452/2001, (CE) Uimh. 1453/2001, (CE) Uimh. 1454/2001, (CE) Uimh. 1868/94, (CE) Uimh. 1251/1999, (CE) Uimh. 1254/1999, (CE) Uimh. 1673/2000, (CEE) Uimh. 2358/71 agus (CE) Uimh. 2529/2001 (IO 2003 L 270, lch. 1), sular aisghaireadh Rialachán (CE) Uimh. 1254/1999 é féin le Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2007 lena mbunaítear comheagrú na margaí talmhaíochta agus lena leagtar síos forálacha sonracha do tháirgí áirithe talmhaíochta (Rialachán maidir le CEM Aonair) (IO 2007 L 299, lch. 1).

Rialachán Uimh. 1782/2003

5

Foráiltear le míreanna 2 agus 3 d’Airteagal 44 de Rialachán Uimh. 1782/2003, dar teideal ‘Úsáid teidlíochtaí íocaíochta’:

‘2.   Ciallóidh “heicteár incháilithe” aon limistéar talmhaíochta den ghabháltas atá in úsáid mar thalamh arúil agus mar fhéarach buan seachas limistéir ina bhfuil barra buana, foraoisí nó a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí neamhthalmhaíochta.

3.   Dearbhóidh an feirmeoir na dáileachtaí a fhreagróidh do na heicteáir incháilithe a ghabhfaidh le gach teidlíocht íocaíochta. Ach amháin i gcás force majeure nó imthosca eisceachtúla, beidh na dáileachtaí sin ar fáil don fheirmeoir …’

6

Aisghairtear Rialachán Uimh. 1782/2003 le Rialachán Uimh. 73/2009.

Rialachán Uimh. 73/2009

7

Sonraíodh in aithrisí 4, 7, 23 agus 25 de Rialachán Uimh. 73/2009:

‘(4)

Ina theannta sin, ionas nach dtréigfear talamh talmhaíochta agus chun a áirithiú go gcothabháiltear i ndea‑bhail talmhaíochta agus comhshaoil é, bunaíodh le Rialachán [Uimh. 1782/2003] creat Comhphobail faoina nglacfaidh na Ballstáit caighdeáin lena gcuirtear san áireamh saintréithe sonracha na limistéar lena mbaineann, lena n‑áirítear dálaí ithreach agus aeráide agus córais fheirmeoireachta, úsáid talún, uainíocht na mbarr, cleachtais fheirmeoireachta agus struchtúir fheirme atá ann cheana. Ba cheart an creat sin a choimeád. …

(7)

Le Rialachán [Uimh. 1782/2003], aithnítear an tionchar dearfach atá ag féarach buan ar an gcomhshaol. Ba cheart na bearta sa Rialachán sin atá dírithe ar chothabháil féarach buan atá ann cheana a spreagadh chun a áirithiú nach ndéanfar olltiontú go talamh arúil.

(23)

Leis an taithí ar chur i bhfeidhm scéim na híocaíochta aonair, taispeántar gur deonaíodh tacaíocht ioncaim dhíchúpláilte i roinnt cásanna do thairbhithe nach raibh a ngníomhaíochtaí talmhaíochta ach ina gcuid neamhshuntasach dá ngníomhaíochtaí eacnamaíocha foriomlána nó nach raibh a chuspóir gnó dírithe nó nach raibh a chuspóir gnó dírithe nó nach raibh sé ach beagán dírithe ar ghníomhaíocht talmhaíochta a chur i gcrích. Chun cosc a chur ar thacaíocht ioncaim talmhaíochta a bheith leithdháilte ar thairbhithe den sórt sin agus chun a áirithiú go n‑úsáidfear tacaíocht an Chomhphobail ina hiomláine chun caighdeán maireachtála cothrom a áirithiú do lucht na talmhaíochta, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht do na Ballstáit, i gcás ina bhfuil leithdháileadh den sórt sin ann, staonadh ó íocaíochtaí díreacha a dheonú do dhaoine dlítheanacha agus nádúrtha den sórt sin faoin Rialachán seo.

(25)

Foráiltear leis na scéimeanna tacaíochta faoin [gcomhbheartas talmhaíochta (CBT)] do thacaíocht ioncaim dhírigh, go háirithe d’fhonn caighdeán cóir maireachtála a áirithiú do lucht na talmhaíochta. Tá dlúthbhaint ag an gcuspóir sin le cothabháil na gceantar tuaithe. D’fhonn aon mhí‑leithdháileadh de chistí Comhphobail a sheachaint, níor cheart aon íocaíochtaí tacaíochta a dhéanamh le feirmeoirí a chruthaigh go saorga na coinníollacha is gá chun íocaíochtaí den sórt sin a fháil.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

8

Foráiltear an méid seo a leanas in Airteagal 2 den Rialachán sin, dar teideal ‘Sainmhínithe’:

‘Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(b)

ciallaíonn “gabháltas” na haonaid táirgthe ar fad arna mbainistiú ag feirmeoir atá suite laistigh de chríoch an Bhallstáit chéanna;

(c)

ciallaíonn “gníomhaíocht talmhaíochta” táirgí talmhaíocha a tháirgeadh, a thógáil nó a shaothrú lena n‑áirítear buainteoireacht, bleán, pórú ainmhithe agus coinneáil ainmhithe chun críoch fheirmeoireachta, nó an talamh a chothabháil de réir dea‑riocht talmhaíochta agus chomhshaoil de mar a bhunaítear in Airteagal 6;

(h)

ciallaíonn “limistéar talmhaíochta” aon limistéar atá in úsáid mar thalamh arúil nó mar fhéarach buan nó le haghaidh barr buan.’

9

Foráiltear an méid seo a leanas sa chéad fhomhír de mhír 1 d’Airteagal 6 den Rialachán sin, dar teideal ‘Dea‑bhail talmhaíochta agus comhshaoil’:

‘Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh dea‑riocht talmhaíochta agus comhshaoil ar an talamh talmhaíochta ar fad, go háirithe talamh nach n‑úsáidtear a thuilleadh chun críocha táirgthe. Saineoidh na Ballstáit, ar leibhéal náisiúnta nó réigiúnach, íoscheanglais maidir le dea‑riocht talmhaíochta agus comhshaoil ar bhonn an chreata a bhunaítear in Iarscríbhinn III, ag cur san áireamh dóibh saintréithe na limistéar lena mbaineann, lena náirítear dálaí ithreach agus aeráide, córais fheirmeoireachta atá ann cheana, úsáid talún, uainíocht na mbarr, cleachtais fheirmeoireachta agus struchtúir fheirmeacha. Ní shaineoidh na Ballstáit íoscheanglais nach bhforáiltear dóibh sa chreat sin.’

10

Sonraítear an méid seo a leanas i mír 1 d’Airteagal 19 den rialachán sin, dar teideal ‘Iarratais ar chabhair’:

‘Gach bliain, cuirfidh feirmeoir iarratas isteach ar íocaíochtaí díreacha agus luafar ann, i gcás inarb infheidhme:

(a)

na dáileachtaí talmhaíochta go léir ar an ngabháltas …;

(b)

na teidlíochtaí íocaíochta a dhearbhaítear le haghaidh gníomhachtú;

(c)

aon fhaisnéis eile dá bhforáiltear sa Rialachán seo nó ag an mBallstát lena mbaineann.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

11

Faoi Airteagal 34 de Rialachán Uimh. 73/2009, dar teideal ‘Gníomhachtú de theidlíochtaí íocaíochta in aghaidh an heicteáir incháilithe’:

‘1.   Deonófar tacaíocht faoi scéim na híocaíochta aonair d’fheirmeoirí nuair a ghníomhachtófar teidlíocht íocaíochta in aghaidh an heicteáir incháilithe. Tabharfar le teidlíochtaí íocaíochta gníomhachtaithe an ceart chun íocaíocht bhliantúil na méideanna atá socraithe ann a fháil.

2.   Chun críocha an Teidil seo, ciallaíonn “heicteár incháilithe”:

(a)

aon limistéar talmhaíochta den ghabháltas, agus aon limistéar ina bhfuil garrán gearruainíochta curtha (cód CN ex06029041) a úsáidtear do ghníomhaíocht talmhaíochta …

Ach amháin i gcás force majeure nó in imthosca eisceachtúla, comhlíonfaidh na heicteáir an coinníoll incháilitheachta ar feadh na bliana féilire.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

12

Foráiltear le mír 1 d’Airteagal 35 den Rialachán sin, dar teideal ‘heicteáir incháilithe a dhearbhú’, an méid seo a leanas:

‘Dearbhóidh an feirmeoir na dáileachtaí a fhreagróidh do na heicteáir incháilithe a ghabhfaidh le gach teidlíocht íocaíochta. Ach amháin i gcás force majeure nó in imthosca eisceachtúla, beidh na dáileachtaí sin ar fáil don fheirmeoir ar dháta a shocróidh an Ballstát, ar dáta é nach déanaí ná an dáta a shocrófar sa Bhallstát sin chun leasú a dhéanamh ar an iarratas ar chabhair.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

13

Foráiltear le mír 2 d’Airteagal 124 den Rialachán sin, dar teideal ‘Limistéar faoin scéim íocaíochta aonair limistéir’, an méid seo a leanas:

‘Chun críche íocaíochtaí a dheonú faoin scéim íocaíochta aonair limistéir, beidh gach dáileacht talmhaíochta atá i gcomhréir leis na critéir dá bhforáiltear i mír 1 … incháilithe …

Ach amháin i gcás force majeure nó in imthosca eisceachtúla, beidh na dáileachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar fáil don fheirmeoir ar an dáta a shocróidh an Ballstát, ar dáta é nach déanaí ná an dáta a shocrófar sa Bhallstát sin chun leasú a dhéanamh ar an iarratas ar chabhair.

0.3 ha a bheidh in íosmhéid an limistéir incháilithe in aghaidh an ghabháltais ar féidir íocaíochtaí a iarraidh ina leith. Féadfaidh aon Bhallstát nua a chinneadh, ar bhonn critéar oibiachtúil agus tar éis don Choimisiún é a fhaomhadh, an íosmhéid a shocrú ar leibhéal níos airde nach mó ná heicteár amháin.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

14

In Iarscríbhinn III a ghabhann leis an rialachán sin, dar teideal ‘Dea‑riocht talmhaíochta agus comhshaoil dá dtagraítear in Airteagal 6’, rinneadh tagairt, maidir leis an íosleibhéal cothabhála, inter alia, do na caighdeáin roghnach seo a leanas: ‘Íosrátaí stocála beostoic nó/agus córais iomchuí’.

15

Rinneadh Rialachán Uimh. 73/2009 a aisghairm le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n‑aisghairtear Rialachán ón gComhairle (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán Uimh. 73/2009 (IO 2013 L 347, lch. 608).

Rialachán Uimh. 1122/2009

16

Sonraíodh in aithrisí 8 agus 28 de Rialachán Uimh. 1122/2009:

‘(8)

D’fhonn a áirithiú go gcuirfear scéim na híocaíochta aonair chun feidhme i gceart dá bhforáiltear i dTeideal III de Rialachán [Uimh. 73/2009], ba cheart do na Ballstáit córas aitheantais agus clárúcháin a bhunú nach mór do na teidlíochtaí íocaíochta a bheith inrianaithe dá réir …

(28)

Tá urraim do na teorainneacha ama maidir le hiarratais ar chabhair a thíolacadh, maidir le hiarratais ar chabhair limistéir a leasú agus maidir le haon doiciméid, conarthaí nó dearbhuithe tacaíochta fíor‑riachtanach chun a chumasú do na riaracháin náisiúnta rialuithe éifeachtacha a chlársceidealú agus, ina dhiaidh sin, rialuithe éifeachtacha a dhéanamh ar an gcruinneas de na hiarratais ar chabhair. …’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

17

Foráiltear le mír 1 d’Airteagal 12 den Rialachán sin, dar teideal ‘Ábhair an iarratais aonair’, an méid seo a leanas:

‘Beidh san iarratas aonair gach faisnéis is gá chun incháilitheacht don chabhair a shuíomh, go háirithe:

(d)

sonraí lena gceadaítear na dáileachtaí talmhaíochta ar fad ar an ngabháltas a shainaithint, a n‑achar arna sloinneadh i heicteáir go dhá ionad deachúil, a suíomh agus, i gcás inarb infheidhme, a n‑úsáid …’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

18

Aisghairtear Rialachán Uimh. 1122/2009 le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe, na coinníollacha chun íocaíochtaí a dhiúltú agus a tharraingt siar agus na pionóis riaracháin is infheidhme maidir le híocaíochtaí díreacha, tacaíocht d’fhorbairt tuaithe agus tras‑chomhlíonadh (IO 2014 L 181, lch. 48).

Dlí na Rómáine

Dlí Uimh. 72/2002 maidir le pórú ainmhithe

19

Foráiltear le hAirteagal 4 den legea zootehniei nr. 72/2002 (Dlí Uimh. 72/2002 maidir le pórú ainmhithe (athfhoilsiú), Monitorul Oficial al României, Cuid I, Uimh. 235 an 2 Aibreán 2014), an méid seo a leanas:

‘Chun críocha an Dlí seo, ciallóidh “póraitheoir ainmhithe” daoine nádúrtha nó dlítheanacha a choimeádann mar úinéirí na speicis ainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 2, atá liostaithe sa chlár talmhaíochta.’

20

Foráiltear le hAirteagal 5(1) den dlí sin an méid seo a leanas:

‘Is gníomhaíocht de phóraitheoirí ainmhithe, beag beann ar a stádas dlíthiúil, a bheidh i dtógáil agus úsáid ainmhithe, chun críocha táirgí agus táirgí ainmhithe a fháil.’

OUG Uimh. 125/2006

21

Foráiltear le hAirteagal 7(1)(f) de Ordonanța de urgență a Guvernului nr. 125/2006 pentru aprobarea schemelor de plăți directe și plăți naționale directe complementare, care se acordă în agricultură începând cu anul 2007, și pentru modificarea articolului 2 din Legea nr. 36/1991 privind societățile agricole și alte forme de asociere în agricultură (Ordú Éigeandála ón Rialtas Uimh. 125/2006 lena bhformheastar scéimeanna íocaíochta dírí agus íocaíochtaí díreacha náisiúnta comhlántacha arna ndeonú maidir leis an talmhaíocht amhail ó 2007 agus lena leasaítear Airteagal 2 de Dhlí Uimh. 36/1991 maidir le cuideachtaí talmhaíochta agus cineálacha eile comhlachais i réimse na talmhaíochta), an 21 Nollaig 2006 (Monitorul Oficial al României, Cuid I, Uimh. 1043 an 29 Nollaig 2006), sa leagan sin is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí (‘OUG Uimh. 125/2006’):

‘D’fhonn íocaíochtaí a fháil faoi scéimeanna íocaíochta aonair limistéir, ní mór d’iarratasóirí a bheith cláraithe i gClár na bhFeirmeoirí, atá á bhainistiú ag an Agenția de Plăți și Intervenție pentru Agricultură [(an Ghníomhaireacht um íocaíochtaí agus bearta talmhaíochta, an Rómáin)], a gcuid iarratas ar íocaíocht a chur isteach laistigh de na teorainneacha ama atá leagtha síos agus na coinníollacha ginearálta seo a leanas a shásamh:

(f)

doiciméid a thíolacadh chun úsáid dhleathach na talún ar taisceadh an t‑iarratas ina leith a chruthú;

…’

Rialachán ón Aire Talmhaíochta agus Forbartha Tuaithe Uimh. 246/2008

22

In Airteagal 5(1) de Ordinul ministrului agriculturii si dezvoltării rurale nr. 246/2008 privind stabilirea modului de implementare, a condițiilor specifice și a criteriilor de eligibilitate pentru aplicarea schemelor de plăți directe și plăți naționale directe complementare în sectorul vegetal, pentru acordarea sprijinului aferent măsurilor de agromediu și zone defavorizate (Rialachán ón Aire Talmhaíochta agus Forbartha Tuaithe Uimh. 246/2008 maidir le modh cur chun feidhme a tharraingt suas, coinníollacha sonracha agus critéir incháilitheachta chun na scéimeanna íocaíochta dírí náisiúnta comhlántacha a chur chun feidhme in earnáil na mbarr, chun tacaíocht a dheonú a bhaineann le bearta agra‑chomhshaoil agus limistéir faoi mhíbhuntáiste), an 23 Aibreán 2008 (Monitorul Oficial al României, Cuid I, Uimh. 332 an 25 Aibreán 2008), sa leagan sin is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí, sonraíodh an méid seo a leanas:

‘Is doiciméid iad na doiciméid a sholáthraíonn cruthúnas ar úsáid dhleathach d’fhéarach buan bardasach, i gcomhréir le hAirteagal 7(1)(f) de [OUG Uimh. 125/2006], lena ndeimhnítear ceart úinéireachta, lamháltas nó conarthaí léasaithe arna dtabhairt i gcrích idir na comhairlí bardasach agus póraitheoirí ainmhithe, ina léirítear an talamh a úsáidtear agus an deimhniú arna eisiúint ag an gcomhairle cathrach i gcomhréir leis an bhfaisnéis atá sa chlár talmhaíochta. Leanfar d’éifeacht a bheith ag aon chomhaontú, arna thabhairt i gcrích sula dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm, a bhaineann le húsáid féaraigh bhardasaigh, go dtí an dáta a dtiocfaidh deireadh leis an teidlíocht.’

Ordú Éigeandála Rialtais Uimh 34/2013

23

Foráiltear le hAirteagal 2 de Ordonanța de urgență a Guvernului nr. 34/2013 privind organizarea, administrarea și exploatarea pajiștilor permanente și pentru modificarea și completarea Legii fondului funciar nr. 18/1991 (Ordú Éigeandála ón Rialtas Uimh. 34/2013 maidir le heagrú, riar agus saothrú móinéir bhuana, lena leasaítear agus lena bhforlíontar Dlí Uimh. 18/1991 maidir le húinéireacht talún), an 23 Aibreán 2013 (Monitorul Oficial al României, Cuid I, Uimh. 267 an 13 Bealtaine 2013), sa leagan sin is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí, an méid seo a leanas:

‘Chun críocha an Ordaithe Éigeandála seo:

(b)

ciallaíonn “féarach agus féarthalamh” talamh talmhaíochta atá cláraithe i ngníomhais teidil faoin gcatagóir úsáide sin agus atá beartaithe chun fodar, féar agus plandaí luibheacha eile a tháirgeadh le haghaidh ainmhithe, a bhaintear trí lomadh nó a chuirtear chun úsáide trí iníor;

(c)

ciallaíonn “aonad beostoic (LSU)” aonad caighdeánach tomhais arna bhunú de réir cheanglais bheatha gach speicis ainmhí, lena gceadaítear do thiontú idir na catagóirí éagsúla ainmhithe;

(d)

ciallaíonn “úsáideoir féaraigh agus féarthalún” póraitheoir ainmhithe, ar duine nádúrtha nó dlítheanach é, atá cláraithe i gClár Náisiúnta na nGabháltas agus a thugann faoi ghníomhaíochtaí talmhaíochta a bhaineann go sonrach leis an gcatagóir úsáide as féarach agus féarthalamh, i gcomhréir le haicmiú staidrimh ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha laistigh den Aontas Eorpach maidir le táirgeadh barr agus beostoic, agus a bhfuil ceart dlíthiúil úsáide aige maidir leis an talamh talmhaíochta agus a bhaineann úsáid as an bhféarach trí bhíthin ainmhithe innilte atá faoina úinéireacht nó trí lomadh uair amháin ar a laghad sa bhliain;

(e)

ciallaíonn “Clár Náisiúnta na nGabháltas (NRH)” bailiú sonraí i bhformáid leictreonach lena n‑áirítear an fhaisnéis lena sainaithnítear gach gabháltas sa Rómáin …;

(f)

ciallaíonn “úinéirí móinéir” sealbhóirí ceart úinéireachta nó ceart eile in rem ina leith, nó daoine a bhfuil, faoi dhlíthe sibhialta, stádas úinéirí nó coimeádaithe móinéir ina seilbh trí cheart duine eile’.

Rialachán ón Aire Talmhaíochta, Bia agus Foraoiseachta agus ón Aire Riaracháin Phoiblí Uimh. 226/235/2003

24

In Ordinul ministrului agriculturii, alimentaţiei şi pădurilor şi al ministrului administraţiei publice nr. 226/235/2003 pentru aprobarea Strategiei privind organizarea activității de imbunatatire și exploatare a pajiștilor la nivel național, pe termen mediu și lung (Rialachán ón Aire Talmhaíochta, Bia agus Foraoiseachta agus ón Aire Riaracháin Phoiblí Uimh. 226/235/2003 lena bhformheastar an straitéis maidir le heagrú gníomhaíochtaí chun móinéir a fheabhsú agus a shaothrú ar fud na tíre sa mheántéarma agus san fhadtéarma) an 28 Márta 2003 (Monitorul Oficial al României, Cuid I, Uimh. 423 an 17 Meitheamh 2003), sa leagan sin is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí, áiríodh Iarscríbhinn I, agus sonraíodh an méid seo a leanas i bpointe 1 de Chaibidil VI de:

‘Dualgais na n‑úsáideoirí móinéar

(a)

D’fhonn úsáid a bhaint as na móinéir arna mbainistiú ag comhairlí bardasach, ag cathracha nó ag údaráis áitiúla:

déanfaidh comhlachais bhunaithe de phóraitheoirí ainmhithe agus póraitheoirí ainmhithe ar daoine nádúrtha nó dlítheanacha iad iarratas a chur isteach chuig an gcomhairle áitiúil, …

(b)

Déanfaidh úsáideoirí móinéir a thugann conarthaí lamháltais i gcrích na híoschoinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

beidh siad cláraithe le [NRH];

ráthóidh siad íosdlúis 0.3 LSU/ha don talamh a bhfuil an t‑iarratas á dhéanamh ina leith;

tíolacfaidh siad sceideal inír i gcomhréir le forálacha phointe 8 de Chaibidil IV don tréimhse ina n‑atosófar úsáid an mhóinéir a bhfuil an t‑iarratas á dhéanamh ina leith.”

Cód Nós Imeachta Sibhialta

25

Foráiltear i mír 2 d’Airteagal 431 den Codul de procedură civilă (Cód Nós Imeachta Sibhialta):

‘Féadfaidh na páirtithe cur i gcoinne an fhórsa de res judicata faighte cheana i ndíospóid eile i gcás ina bhfuil baint aige le réiteach na díospóide sin.’

An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear chun réamhrialú

26

Chuir Avio Lucos iarratas isteach chuig APIA ar thacaíocht airgeadais faoin scéim íocaíochta aonair limistéir i leith na bliana 2014, maidir le limistéar de 341.70 ha d’fhéarach. D’fhonn a ceart chun an talamh a úsáid a chruthú, chuir an chuideachta sin conradh lamháltais isteach, arna thabhairt i gcrích an 28 Eanáir 2013 le Consiliul Local al Comunei Podari (Comhairle Bhardasach Bhardas Podari, an Rómáin), maidir le féarach atá suite laistigh den bhardas sin. Faoin gconradh sin, mar lamháltóir, bhí an ceart ag Avio Lucos na sócmhainní arna ndeonú sa lamháltas, a shaothrú go díreach, ar a phriacal féin. Ina theannta sin, ceanglaíodh air an talamh arna ndeonú sa lamháltas a shaothrú trí innilt agus cuireadh cosc air an talamh sin a léasú nó fo‑lamháltas a dheonú ina leith.

27

Ina dhiaidh sin, an 30 Eanáir 2013, chuir Avio Lucos conradh um chomhar rannpháirteach i gcrích le ceathrar duine nádúrtha. Faoin gconradh sin, bhí ar Avio Lucos an féarach bardasach a tógadh ar lamháltas a chur ar fáil do na daoine nádúrtha sin agus go ndéanfadh sé, ar a chostas féin, an obair chothabhála ba ghá gach bliain, agus mar mhalairt air sin, ghabh na daoine nádúrtha sin orthu féin, a gcuid ainmhithe, go háirithe caoirigh, gabhair, ba agus capaill, a chur ar fáil do Avio Lucos, ionas go ndéanfaí innilt na talún a thógtar ar lamháltas ar bhonn leanúnach buan.

28

Tar éis iarratas chuige sin a chur isteach, dheonaigh APIA réamhíocaíocht do Avio Lucos faoi na scéimeanna cúnaimh limistéir don bhliain airgeadais 2014, arbh ionann í agus 529 340.24 lei Rómánach (RON) (thart ar EUR 107000).

29

Mar sin féin, tar éis athscrúdú a dhéanamh ar an iarratas sin, chinn APIA, ar an dáta a tugadh an conradh lamháltais i gcrích, nach raibh Avio Lucos i dteideal féarach a ghlacadh ar lamháltas san fhearann poiblí nó i réimse príobháideach na mbardas, ar an bhforas nach raibh stádas póraitheora ná úinéara ainmhithe aige, rud a bhí ina shárú ar an dlí náisiúnta is infheidhme.

30

I bhfianaise an chinnidh sin, ghlac APIA, ar an gcéad dul síos, cinneadh lena bhforchuirtear, i gcomhréir leis an tríú mír d’Airteagal 58 de Rialachán Uimh. 1122/2009, pionóis ilbhliantúla ar Avio Lucos, arbh ionann í agus RON 555 729.59 (thart ar EUR 112000). Bhí an cinneadh sin ina ábhar do roinnt achomharc riaracháin agus breithiúnach, a díbheadh.

31

Ar an dara dul síos, shuigh APIA go raibh fiacha ag Avio Lucos dlite don Stát arbh ionann iad agus RON 529 340.24 (thart ar EUR 107000) é, arb ionann é agus an méid a bhí íoctha leis cheana faoin scéim íocaíochta aonair limistéir i leith na bliana 2014.

32

Chuir Avio Lucos i gcoinne an chinnidh sin os comhair an Tribunalul Dolj (an Chúirt Réigiúnach, Dolj, an Rómáin), a dhíbh a chaingean. Thionscain Avio Lucos achomharc i gcoinne an bhreithiúnais sin os comhair an Curtea de Apel Craiova (an Chúirt Achomhairc, Craiova, an Rómáin), a chuir an breithiúnas sin ar neamhní agus a tharchuir an cás ar ais chuig an Tribunalul Dolj (an Chúirt Réigiúnach, Dolj). Le breithiúnas an 25 Feabhra 2018, rinne an chúirt sin an chaingean a dhíbhe. Thionscain Avio Lucos achomharc i gcoinne an bhreithiúnais sin agus tá an cás ar feitheamh anois os comhair Curtea de Apel Timişoara (an Chúirt Achomhairc, Timişoara, an Rómáin), an chúirt a rinne an tarchur.

33

Cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl gur ceist nach bhfuil éigeantach, í an cheist cibé an gcuirtear nó nach gcuirtear le dlí an Aontais bac ar reachtaíocht náisiúnta lena gceanglaítear ar dhuine an ceart chun limistéar talún a úsáid nó a shaothrú a chruthú, nó stádas póraitheora nó úinéara ainmhithe a bheith aige chun féarach a ghlacadh ar lamháltas, d’fhonn tacaíocht airgeadais a fháil maidir le scéimeanna íocaíochta limistéir. Ina theannta sin, tagann an cheist chun cinn, cibé an dtagann nó nach dtagann an ghníomhaíocht a rinne Avio Lucos i ndáiríre faoi raon feidhme Airteagal 2 de Rialachán Uimh. 73/2009. Ar deireadh, tá amhras ar an gcúirt a rinne an tarchur, a thugann dá haire go bhfuil dhá chinneadh breithiúnacha críochnaitheacha ann lena gcinntear go bhfuil na hiarratais ar íocaíocht faoin scéim íocaíochta aonair limistéir neamh‑incháilithe i leith na bliana 2014 toisc nár comhlíonadh an dlí náisiúnta maidir leis an gceanglas i leith dleathacht an chirt chun an talamh a shaothrú nó a úsáid, cibé an gcuirtear nó nach gcuirtear cosc le dlí an Aontais ar chur i bhfeidhm phrionsabal res judicata, rud a chuireann bac ar an gcúirt náisiúnta a bhfuil dlínse aici scrúdú a dhéanamh ar chomhréireacht le dlí an Aontais na gceanglas arna bhforchur ag an dlí náisiúnta i ndíospóid nua a bhaineann le dlíthiúlacht an fhiachais ar a mbonn a aisghabhtar na suimeanna a íocadh go míchuí le Avio Lucos.

34

Sna himthosca sin, chinn Curtea de Apel Timișoara (an Chúirt Achomhairc, Timișoara) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais i gcomhair réamhrialú:

‘(1)

Le dlí [AE] is infheidhme maidir le tacaíocht airgeadais a bhaineann leis an mbliain talmhaíochta 2014 – go háirithe [Rialachán Uimh. 73/2009] agus Rialachán Uimh. 1122/2009 – an gcuirtear bac ar an tabhairt isteach, trí reachtaíocht náisiúnta, d’oibleagáid cruthúnas a chur ar fáil maidir leis an gceart chun limistéar talún a úsáid d’fhonn tacaíocht airgeadais a fháil maidir leis na scéimeanna limistéir?

(2)

A mhéid nach gcuirtear bac le dlí [AE] thuasluaite ar an reachtaíocht náisiúnta dá dtagraítear i gCeist 1, an gcuirtear cosc le dlí [AE] (lena n‑áirítear prionsabal na comhréireachta) – sa chás ar leith ina bhfuil údar maith ag an tairbhí leis an gceart chun an limistéar talmhaíochta a shaothrú trí chonradh lamháltais a thíolacadh le haghaidh féaraigh (faoina bhfuair an t‑iarratasóir an ceart chun an féarach a shaothrú ar a phriacal féin agus chun a leasa, mar mhalairt ar shuim sheasta) – ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforchuirtear, ionas go mbeadh conradh lamháltais den sórt sin bailí, an coinníoll nach bhféadfaidh lamháltóir na todhchaí ach a bheith ina [póraitheoir] nó úinéir ainmhithe?

(3)

An bhfuil gníomhaíocht tairbhí faoi scéim limistéir – tar éis conradh lamháltais le haghaidh féarach a thabhairt i gcrích d’fhonn an ceart a fháil chun an limistéar sin a shaothrú agus cearta chun cúnaimh a fháil sa bhliain talmhaíochta 2014 – a thugann conradh comhair i gcrích ina dhiaidh sin le [póraitheoirí ainmhithe] trína gceadaíonn sé úsáid, saor in aisce, as an talamh a dheonaítear chun críocha ainmhithe innilte, agus go gcoimeádann an tairbhí an ceart chun an talamh a úsáid ach geallann sé nach gcuirfidh sé bac ar innilt agus chun an féarach a ghlanadh, ag teacht faoi réim an tsainmhínithe ar ghníomhaíocht talmhaíochta a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán Uimh. 73/2009?

(4)

Le dlí [AE] am gcuirtear bac ar léiriú ar fhoráil dhlíthiúil náisiúnta, amhail Airteagal 431(2) den Chód Nós Imeachta Sibhialta – maidir le stádas res judicata cinneadh breithiúnach deiridh – ina luaitear go bhfuil cinneadh breithiúnach críochnaitheach lena gcinntear go bhfuil iarratas ar íocaíocht neamh‑incháilithe ar an bhforas nár comhlíonadh an dlí náisiúnta maidir leis an gceanglas a bhaineann le dleathacht an chirt chun an talamh a shaothrú/a úsáid ar cuireadh isteach ar scéim limistéir ina leith sa bhliain talmhaíochta 2014 (i ndíospóid inar iarradh go ndéanfaí an cinneadh lena bhforchuirtear pionóis ilbhliantúla a neamhniú), agus lena gcuirtear cosc ar anailís a dhéanamh ar chomhréireacht an cheanglais náisiúnta sin le dlí [AE] is infheidhme sa dlí don bhliain talmhaíochta 2014 i ndíospóid nua ina scrúdaítear dleathacht an bhirt lena n‑aisghabhtar na suimeanna a íocadh go míchuí leis an iarratasóir, i leith na bliana talmhaíochta céanna 2014, agus ina bhfuil an beart bunaithe ar na fíorais chéanna agus ar an reachtaíocht náisiúnta chéanna a ndearnadh anailís orthu sa chinneadh breithiúnach críochnaitheach níos luaithe?’

Breithniú ar na ceisteanna a tharchuirtear

Inghlacthacht

35

Ina bharúlacha i scríbhinn, áitíonn Rialtas na Rómáine nach bhfuil an t‑iarratas ar réamhrialú inghlactha ina iomláine, ós rud é go bhfuil faisnéis faoina réir ag an gcúirt a rinne an tarchur, lena gcuirtear ar a cumas an díospóid atá os a comhair a réiteach. Go háirithe, de réir an rialtais sin, ba cheart go ndéanfadh an chúirt a rinne an tarchur anailís, mar ábhar tosaíochta, ar na rialacha a bhaineann leis an bprionsabal res judicata pro veritate habetur, dá dtagraítear in Airteagal 431(2) den Chód Nós Imeachta Sibhialta, agus an chaingean arna tionscnamh ag Avio Lucos a dhíbhe. Ina leith sin, cuireann an rialtas sin in iúl freisin, a mhéid is a bhfuil an fhoráil sin infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí, go bhfuil na chéad trí cheist in éagmais aon chuspóir.

36

Áitíonn Avio Lucos, óna thaobh féin, nach mbaineann an chéad cheist agus an dara ceist le réiteach na díospóide sna príomhimeachtaí, ós rud é nach mbaineann siad le hincháilitheacht an iarratasóra don íocaíocht aonair limistéir, ach leis an gceist maidir le bailíocht an conradh lamháltais atá i gceist sna príomhimeachtaí.

37

Ba cheart a thabhairt faoi deara, de réir cásdlí socair, gur faoin gcúirt náisiúnta amháin ar tugadh díospóid os a comhair atá sé, agus nach mór di freagracht a ghlacadh as an gcinneadh breithiúnach ina dhiaidh sin, an gá atá le réamhrialú a chinneadh i bhfianaise imthosca sonracha an cháis ionas go mbeidh sí in ann breithiúnas a thabhairt agus ábharthacht na gceisteanna a chuireann sí faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais. Dá bhrí sin, i gcás ina mbaineann na ceisteanna a cuireadh isteach le léirmhíniú dhlí an AE, tá an Chúirt Bhreithiúnais, i bprionsabal, faoi cheangal rialú a thabhairt (breithiúnas an 15 Iúil 2021, The Department for Communities in Northern Ireland, C‑709/20, EU:C:2021:602, mír 55 agus an cásdlí dá dtagraítear).

38

Dá bhrí sin, tá toimhde ábharthachta ann maidir le ceisteanna a bhaineann le dlí an Aontais. Ní féidir leis an gCúirt Bhreithiúnais diúltú rialú a thabhairt ar cheist arna tarchur ag cúirt náisiúnta le haghaidh réamhrialú ach amháin más léir nach bhfuil baint ar bith ag an léiriú arna iarraidh le dlí an Aontais le fíricí iarbhír nó le cuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí, más fadhb de chineál hipitéiseach í nó mura bhfuil an fhaisnéis fhíorasach agus dhlíthiúil is gá ag an gCúirt Bhreithiúnais chun freagra úsáideach a thabhairt ar na ceisteanna a cuireadh uirthi (breithiúnas an 15 Iúil 2021, The Department for Communities in Northern Ireland, C‑709/20, EU:C:2021:602, mír 55 agus an cásdlí dá dtagraítear).

39

Sa chás seo, ar an gcéad dul síos, leis an tuiscint gur cheart go ndíbhfeadh an chúirt a rinne an tarchur an chaingean atá ar feitheamh os a comhair mar thoradh ar Airteagal 431(2) den Chód Nós Imeachta Sibhialta, ní shuitear nach bhfuil baint shoiléir idir an léiriú ar rialacha dhlí AE a bhfuil a léiriú á lorg ag an gcúirt sin agus an díospóid sna príomhimeachtaí. Sa nós imeachta a leagtar síos le hAirteagal 267 CFAE, feidhmeanna soiléire ar leith ag an gCúirt Breithiúnais agus ag an gCúirt a rinne an tarchur agus gur faoin gCúirt sin amháin atá sé reachtaíocht náisiúnta a léiriú (breithiúnas an 15 Eanáir 2013, Križan agus páirtithe eile, C‑416/10, EU:C:2013:8, mír 58 agus an cásdlí dá dtagraítear).

40

Ar an dara dul síos, maidir le neamhábharthacht líomhnaithe na chéad cheiste agus an dara ceist, ní mór a mheabhrú go gceadaítear i gcónaí le hAirteagal 267 CFAE do chúirt náisiúnta, má mheasann sí gur inmhianaithe é, ceisteanna maidir le léiriú ar an dlí AE a tharchur chuig an gCúirt (breithiúnas an 15 Eanáir 2013, Križan agus páirtithe eile, C‑416/10, EU:C:2013:8, mír 56 agus an cásdlí dá dtagraítear). Mar is léir ó mhír 33 den bhreithiúnas seo, measann an chúirt sin go bhfuil gá le freagra ar an gceist cibé an gcuirtear nó nach gcuirtear le dlí an Aontais bac ar reachtaíocht náisiúnta lena gceanglaítear ar dhuine an ceart chun limistéar talún a úsáid nó a shaothrú a chruthú, nó stádas póraitheora nó úinéara ainmhithe a bheith aige chun a bheith i dteideal féarach a fháil ar lamháltas, agus, i gcás inarb iomchuí, chun tacaíocht airgeadais a fháil faoi scéim íocaíochta limistéir chun an díospóid atá os a chomhair a réiteach.

41

Mar sin, tá na ceisteanna a tharchuireann an chúirt a rinne an tarchur inghlactha.

An chéad cheist

42

De réir na chéad cheiste, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Rialacháin Uimh. 73/2009 agus 1122/2009 a léiriú sa chaoi go gcuirtear bac leo ar reachtaíocht náisiúnta a chuireann faoi réir oibleagáide chun cabhair a fháil faoin scéim íocaíochta aonair limistéir go gceanglófar ar an iarratasóir a chruthú go bhfuil ‘ceart úsáide’ aige sa limistéar talmhaíochta a chumhdaítear leis an iarratas sin.

43

Ní mór a mheabhrú, faoi Airteagal 34(1) de Rialachán Uimh. 73/2009, go bhfuil tacaíocht faoi scéim na híocaíochta aonair le deonú ar fheirmeoirí uair agus a dhéantar teidlíocht íocaíochta in aghaidh an heicteáir incháilithe a ghníomhachtú.

44

I gcomhréir le hAirteagal 35(1) den Rialachán sin, ceanglaítear ar an bhfeirmeoir na dáileachtaí a fhreagraíonn do na heicteáir incháilithe a ghabhann le haon teidlíocht íocaíochta a dhearbhú agus, ach amháin i gcás force majeure nó i gcúinsí eisceachtúla, ní mór na dáileachtaí sin a bheith ‘ar fáil don fheirmeoir’ ar dháta arna shocrú ag an mBallstát lena mbaineann. Ar an gcaoi chéanna, faoi Airteagal 124(2) den Rialachán sin, chun críche íocaíochtaí a dheonú faoin scéim íocaíochta aonair limistéir, is dáileachtaí incháilithe iad na dáileachtaí talmhaíochta go léir a chomhfhreagraíonn do na critéir dá bhforáiltear i mír 1 den airteagal sin, atá, ach amháin i gcás force majeure nó imthosca eisceachtúla, a bheith ‘ar fáil don fheirmeoir’ ar an dáta a shocróidh an Ballstát sin.

45

Ós rud é nach sonraítear i Rialachán Uimh. 73/2009 an bonn nach mór na limistéir lena mbaineann a bheith ‘ar fáil don fheirmeoir’, agus an fhoráil sin á léiriú, i gcomhréir le cásdlí socair na Cúirte, is gá ní hamháin breithniú a dhéanamh ar a foclaíocht, ach freisin ar an gcomhthéacs ina bhfuil sí agus na cuspóirí a shaothraítear leis na rialacha ar cuid de iad (féach, chuige sin, breithiúnais an 24 Meitheamh 2010, Pontini agus páirtithe eile, C-375/08, EU:C:2010:365, mír 58, agus an 29 Iúil 2019, Pelham agus páirtithe eile, C-476/17, EU:C:2019:624, mír 28 agus an cásdlí dá dtagraítear).

46

Sa chéad áit, maidir le foclaíocht Airteagal 35(1) den Rialachán sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, sa ghnáth‑theanga laethúil, go gciallaíonn an fíoras go bhfuil limistéar ar fáil don fheirmeoir, i bprionsabal, go bhfuil an feirmeoir i seasamh chun é a úsáid ar a chaoithiúlacht féin, ionas go mbeidh sé ábalta, go praiticiúil, gníomhaíocht talmhaíochta a dhéanamh air.

47

Maidir leis an gcomhthéacs, sa dara háit, ina bhfuil an fhoráil sin, is léir ó mhír 43 den bhreithiúnas seo go bhfuil tacaíocht faoi scéim na híocaíochta aonair le deonú ar fheirmeoirí uair agus a dhéantar teidlíocht íocaíochta in aghaidh an ‘heicteáir incháilithe’ a ghníomhachtú, coincheap lena sainítear, de réir Airteagal 34(2) de Rialachán Uimh. 73/2009, aon limistéar talmhaíochta den ghabháltas a úsáidtear do ghníomhaíocht talmhaíochta.

48

Sainmhínítear na téarmaí sin iad féin sa rialachán sin. Mar sin, sainmhínítear in Airteagal 2(b), (c) agus (h) den Rialachán sin an coincheap de ‘gabháltas’ mar ‘a haonaid táirgthe ar fad arna mbainistiú ag feirmeoir atá suite laistigh de chríoch an Bhallstáit chéanna’, agus ‘gníomhaíocht talmhaíochta’ mar ‘táirgí talmhaíocha a tháirgeadh, a thógáil nó a shaothrú... nó an talamh a chothabháil de réir dea‑riocht talmhaíochta agus chomhshaoil’ agus, ar deireadh, ‘limistéar talmhaíochta’ mar ‘ aon limistéar atá in úsáid mar thalamh arúil nó mar fhéarach buan nó le haghaidh barr buan’.

49

Chuige sin, maidir leis an gceanglas atá leagtha síos in Airteagal 2(b) de Rialachán Uimh. 73/2009, nach mór d’aonad táirgthe a bheith ‘á bhainistiú’ ag feirmeoir, tá sé cinnte ag an gCúirt cheana féin nach dtugtar le tuiscint go bhfuil cumhacht neamhtheoranta ag an bhfeirmeoir ar an limistéar atá i gceist agus é á úsáid chun críocha talmhaíochta. Mar sin féin, ní mór don fheirmeoir méid neamhspleáchais a bheith aige maidir leis an limistéar sin atá leordhóthanach chun a ghníomhaíocht talmhaíochta a chur i gcrích, ar ábhar é sin don chúirt a rinne an tarchur a mheasúnú, agus imthosca uile an cháis á gcur san áireamh (féach, chuige sin, breithiúnais an 14 Deireadh Fómhair 2010, Landkreis Bad Dürkheim, C-61/09, EU:C:2010:606, míreanna 61 agus 62, agus an 2 Iúil 2015, Demmer, C-684/13, EU:C:2015:439, mír 58).

50

Ní mór go mbeadh sé de chumas ar an bhfeirmeoir méid áirithe cumhachta cinnteoireachta a fheidhmiú agus an limistéar lena mbaineann á úsáid aige (breithiúnas an 14 Deireadh Fómhair 2010, Landkreis Bad Dürkheim, C-61/09, EU:C:2010:606, mír 63) chun críocha a ghníomhaíochta talmhaíochta a chur i gcrích sa limistéar sin.

51

Sa tríú háit, maidir leis na cuspóirí a shaothraítear leis na rialacha i dtrácht, sonraítear in aithris 23 de Rialachán Uimh. 73/2009 gurb é cuspóir an Rialacháin sin cosc a chur ar chabhair dhíreach a dheonú do thairbhithe nach bhfuil ina ngníomhaíochtaí talmhaíochta ach cuid neamhshuntasach dá ngníomhaíochtaí eacnamaíocha foriomlána nó nach bhfuil a gcuspóir gnó dírithe ar ghníomhaíocht talmhaíochta a chur i gcrích nó nach bhfuil ach beagán dó dírithe uirthi. Ina theannta sin, is léir ó Airteagal 39(1)(b) den CFAE, a bhfuil a shubstaint leagtha amach in aithris 25 den Rialachán sin, go ndéantar foráil sna scéimeanna tacaíochta faoi CBT do thacaíocht ioncaim dhírigh, atá beartaithe chun caighdeán cóir maireachtála a áirithiú don phobal talmhaíochta, go háirithe trí mhéadú a chur ar thuilleamh aonair na ndaoine atá ag gabháil don talmhaíocht.

52

Dá bhrí sin, ní mór a chinneadh, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 50 dá Thuairim, go bhfuil tacaíocht faoin scéim íocaíochta aonair limistéir beartaithe chun caighdeán cóir maireachtála a áirithiú d’fheirmeoirí a thugann faoi ghníomhaíocht talmhaíochta i ndáiríre agus, dá réir sin, a bhfuil limistéar talmhaíochta ar fáil dóibh i ndáiríre ar a ndéantar an ghníomhaíocht sin.

53

I bhfianaise fhoclaíocht Airteagal 35(1) de Rialachán Uimh. 73/2009 ní mór a chinneadh sa chomhthéacs ina bhfuil an fhoráil sin agus an cuspóir atá á shaothrú leis na rialacha ar cuid di í, chun críocha cinneadh a dhéanamh cibé an bhfuil nó nach bhfuil dáileacht ‘ar fáil don fheirmeoir’, de réir bhrí na forála sin, nach gceanglaítear leis an rialachán ar an bhfeirmeoir sin doiciméad dlíthiúil foirmiúil a thabhairt ar aird chun a ‘cheart úsáide’ a shuíomh maidir leis an limistéar atá i gceist; is leor chun na críche sin úsáid iarbhír an limistéir sin a thaispeáint agus neamhspleáchas leordhóthanach ag an bhfeirmeoir sin chun críocha a ghníomhaíocht talmhaíochta a cur i gcrích sa limistéar sin

54

Léirítear an léiriú sin, ar an gcéad dul síos, i gcásdlí na Cúirte a bhaineann leis an gcoincheap de ‘limistéar talmhaíochta den ghabháltas’, dá dtagraítear in Airteagal 44(2) agus (3) de Rialachán Uimh. 1782/2003.. Chuige sin, chinn an Chúirt, ós rud é nach sonraítear leis na forálacha sin cineál an chaidrimh dhlíthiúil ar a mbonn a úsáideann an feirmeoir an limistéar lena mbaineann, nach féidir tátal a bhaint as na forálacha sin nach mór na dáileachtaí i dtrácht a bheith ar fáil don fheirmeoir de bhun léasa nó idirbhirt eile dá shamhail (breithiúnas an 14 Deireadh Fómhair 2010, Landkreis Bad Dürkheim, C-61/09, EU:C:2010:606, mír 54).

55

Ar an dara dul síos, tacaítear leis an léiriú sin i gcásdlí na Cúirte a bhaineann leis an gcoincheap ‘limistéar an ghabháltais atá ar fáil’ in Airteagal 12(2)(b) de Rialachán Uimh. 1254/1999, le cinneadh na Cúirte nach bhfuil incháilitheacht iarratais ar chabhair de réir na forála sin faoi choinníoll doiciméad dlíthiúil bailí a thabhairt ar aird lena ndearbhaítear ceart an iarratasóra úsáid a bhaint as na limistéir fhoráiste a chumhdaítear leis an iarratas sin. Os a choinne sin, is é úsáid iarbhír an limistéir foráiste ceann de na coinníollacha incháilitheachta chun na préimheanna lena mbaineann a dheonú (féach, chuige sin, breithiúnas an 24 Meitheamh 2010,Pontini agus páirtithe eile, C-375/08, EU:C:2010:365, míreanna 62 agus 70).

56

Mar sin féin, fiú mura bhforchuirtear an oibleagáid ‘ceart úsáide’ limistéar talmhaíochta a chruthú le dlí an Aontais, is gá fós scrúdú a dhéanamh cibé an gcuirtear nó nach gcuirtear le dlí an Aontais bac ar Bhallstáit foráil a dhéanamh d’oibleagáid den sórt sin ina reachtaíocht náisiúnta.

57

Chuige sin, ní mór a mheabhrú gur léir ó Airteagal 19(1) de Rialachán Uimh. 73/2009 go bhfuil iarratas ar íocaíochtaí díreacha le cur isteach ag an bhfeirmeoir gach bliain ina léireofar, i gcás inarb infheidhme, na dáileachtaí talmhaíochta ar fad ar an ngabháltas, na teidlíochtaí íocaíochta atá dearbhaithe le haghaidh gníomhachtaithe agus aon fhaisnéis eile dá bhforáiltear sa Rialachán sin nó ag an mBallstát lena mbaineann.

58

Ina theannta sin, tá Airteagal 12(1)(d) de Rialachán Uimh. 1122/2009, ina leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán Uimh. 73/2009, go háirithe maidir le tras‑chomhlíonadh, modhnú agus an córas comhtháite riaracháin agus rialaithe faoi na scéimeanna tacaíochta dírí d’fheirmeoirí dá bhforáiltear sa Rialachán deiridh, foráiltear go mbeidh san iarratas aonair an fhaisnéis go léir is gá chun incháilitheacht don chabhair a shuíomh, go háirithe na sonraí lena gceadaítear na dáileachtaí talmhaíochta uile ar an ngabháltas a shainaithint, a limistéar, a suíomh agus, i gcás inarb infheidhme, a n‑úsáid.

59

Sonraítear freisin i Rialachán Uimh. 1122/2009, in aithris 8 de, gur cheart do na Ballstáit, d’fhonn a áirithiú go gcuirfear scéim na híocaíochta aonair chun feidhme i gceart dá bhforáiltear i dTeideal III de Rialachán Uimh. 73/2009, ba cheart do na Ballstáit córas aitheantais agus clárúcháin a bhunú nach mór do na teidlíochtaí íocaíochta a bheith inrianaithe dá réir. Mar is léir, go bunúsach, ó aithris 28 de Rialachán Uimh. 1122/2009, le tíolacadh ‘aon doiciméid tacaíochta, conarthaí nó dearbhuithe’ laistigh de na teorainneacha ama ní mór go gcuirfí ar chumas na riarachán náisiúnta rialuithe éifeachtacha ar chruinneas na n‑iarratas ar chabhair a chlársceidealú agus, iad a chur i gcrích ina dhiaidh sin.

60

Maidir le doiciméid tacaíochta den sórt sin, bhí deis ag an gCúirt rialú a thabhairt cheana féin, i bhfianaise reachtaíocht an Aontais maidir le scéimeanna cabhrach agus na rialacha mionsonraithe i ndáil leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe a chur chun feidhme faoi na scéimeanna tacaíochta dírí d’fheirmeoirí roimh ghlacadh an Rialacháin Uimh. 1122/2009, go bhfuil rogha discréide ag na Ballstáit maidir leis na doiciméid tacaíochta agus maidir leis an bhfianaise a bheidh ag teastáil ó iarratasóir i ndáil leis na réimsí a chumhdaítear leis an iarratas.

61

Chinn an Chúirt mar sin, i bhfianaise na lánrogha sin, go bhfuil sé ceadaithe do na Ballstáit rialacha níos mionsonraithe a leagan síos maidir leis an bhfianaise atá le cur isteach mar thaca le hiarratas ar chabhair trí thagairt a dhéanamh, go háirithe, do na gnáthchleachtais ina gcríoch i réimse na talmhaíochta maidir le taitneamh agus úsáid na limistéar foráiste, agus na doiciméid dhlíthiúla a bheidh le tabhairt ar aird maidir leis an úsáid sin (breithiúnas an 24 Meitheamh 2010, Pontini agus páirtithe eile, C-375/08, EU:C:2010:365, mír 82).

62

Chinn an Chúirt freisin go bhfuil roinnt lánrogha ag na Ballstáit agus iad ag roghnú na mbeart náisiúnta a mheasann siad a bheith riachtanach chun neamhrialtachtaí agus calaois a chosc agus pionós a ghearradh ina leith go héifeachtach (breithiúnas an 24 Meitheamh 2010, Pontini agus páirtithe eile, C-375/08, EU:C:2010:365, mír 76).

63

Shonraigh an Chúirt freisin, áfach, go bhfuil feidhmiú a lánrogha ag na Ballstáit maidir leis an bhfianaise atá le tabhairt ar aird mar thaca le hiarratas ar chabhair faoi réir teorainneacha áirithe, go háirithe maidir leis an bhféidearthacht a cheangal ar an iarratasóir doiciméad dlíthiúil bailí a thabhairt ar aird, lena ndearbhaítear a cheart úsáid a bhaint as na limistéir a chumhdaítear leis an iarratas sin. Sa chomhthéacs sin, ní mór don reachtaíocht náisiúnta a thugann éifeacht don rogha sin a bheith comhsheasmhach leis na cuspóirí atá á saothrú ag dlí an Aontais maidir le tacaíocht airgeadais dhíreach d’fheirmeoirí agus le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais, go háirithe prionsabal na comhréireachta, i gcomhréir leis na bearta sin a chuirtear chun feidhme trí fhorálacha nach mór a bheith oiriúnach chun an cuspóir atá á shaothrú a bhaint amach agus gan dul thar a bhfuil riachtanach chun é a bhaint amach (féach, chuige sin, breithiúnais an 24 Meitheamh 2010, Pontini agus páirtithe eile, C-375/08, EU:C:2010:365, míreanna 86 agus 87, agus an 17 Nollaig 2020, Land Berlin (Teidlíochtaí íocaíochta i ndáil le CBT), C-216/19, EU:C:2020:1046, mír 35).

64

Cé gur faoin gcúirt náisiúnta atá sé a fhíorú, i ngach cás ar leith, ar comhlíonadh nó nár comhlíonadh an prionsabal sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 24 Meitheamh 2010, Pontini agus páirtithe eile, C-375/08, EU:C:2010:365, mír 89), i gcomhréir le cásdlí socair na Cúirte, tá dlínse ag an gCúirt treoir iomlán a thabhairt don chúirt náisiúnta maidir le léiriú ar dhlí an Aontais chun a chur ar a cumas saincheist na comhoiriúnachta a chinneadh chun críocha an cháis os a chomhair (breithiúnas an 11 Meitheamh 2020, Subdelegación del Gobierno en Guadalajara, C-448/19, EU:C:2020:467, mír 17 agus an cásdlí dá dtagraítear).

65

I dtaca leis sin, sa chéad áit, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 57 dá Thuairim, is cosúil gur cuí oibleagáid a thabhairt isteach, amhail an oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 7(1)(f) de OUG Uimh. 125/2006, maidir le doiciméid a thíolacadh lena gcruthaítear úsáid dhleathach na talún a chumhdaítear leis an iarratas ar íocaíocht iomchuí chun a áirithiú go saothrófar go deimhin cuspóirí CBT, dá dtagraítear i míreanna 51 agus 52 den bhreithiúnas seo. Tá sé mar aidhm ag oibleagáid den sórt sin, inter alia, iarratasóir ar thacaíocht faoi scéim na híocaíochta aonair a chosc ó úsáid neamhdhleathach a bhaint as talamh ar le daoine eile é, a bhfuil sé mar aidhm aige reachtaíocht an Aontais a bhaineann leis an scéim sin a shárú (féach, mutatis mutandis, breithiúnas an 24 Meitheamh 2010, Pontini agus páirtithe eile, C-375/08, EU:C:2010:365, mír 88).

66

Sa dara háit, maidir leis an gceist cé acu an dtéann an reachtaíocht náisiúnta sin thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach, ní mór saincheist na comhréireachta a scrúdú trí chuspóirí CBT a chur san áireamh, go háirithe, rud a fhágann gur gá na cuspóirí sin a mheas i gcoinne an chuspóra atá á shaothrú ag an reachtaíocht sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 23 Nollaig 2015, Scotch Whisky Association agus páirtithe eile, C-333/14, EU:C:2015:845, mír 28 agus mír 40).

67

Sa chás seo, ba cheart a thabhairt faoi deara go sonraítear in Airteagal 5(1) de Rialachán an Aire Talmhaíochta agus Forbartha Tuaithe Uimh. 246/2008, sa leagan de is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí, gur ‘doiciméid iad na doiciméid a sholáthraíonn cruthúnas ar úsáid dhleathach d’fhéarach buan bardasach, i gcomhréir le hAirteagal 7(1)(f) de [OUG Uimh. 125/2006], lena ndeimhnítear ceart úinéireachta, lamháltas nó conarthaí léasaithe arna dtabhairt i gcrích idir na comhairlí bardasach agus póraitheoirí ainmhithe, ina léirítear an talamh a úsáidtear agus an deimhniú arna eisiúint ag an gcomhairle cathrach i gcomhréir leis an bhfaisnéis atá sa chlár talmhaíochta’ agus, dá réir sin, dealraíonn sé nach mbaineann sé ach le cruthúnas a chruthú maidir le húsáid dhleathach d’fhéarach buan bardasach, ar ábhar é don chúirt a rinne an tarchur a chinneadh. Maidir le féarach san fhearann poiblí agus i réimse príobháideach na n-údarás riaracháin réigiúnach, sa chás seo, bardais, féadfar a mheas go gcuirfear le chéile, i bprionsabal, doiciméad foirmiúil lena ndeimhnítear an ‘ceart úsáide’ idir na páirtithe, agus mar thoradh air sin nach ndealraíonn sé, i gcás sonrach den sórt sin, gur oibleagáid dhíréireach í an oibleagáid doiciméad den sórt sin a thabhairt ar aird.

68

I bhfianaise na mbreithnithe go léir thuasluaite, is é an freagra ar an gcéad cheist nach mór Rialachán Uimh. 73/2009 agus Uimh. 1122/2009 a léiriú sa chaoi nach gcuirtear bac leis ar reachtaíocht náisiúnta a chuireann de choinníoll le cabhair a fháil faoin scéim íocaíochta aonair limistéir go gceanglófar ar an iarratasóir a chruthú go bhfuil ‘ceart úsáide’ aige sa limistéar talmhaíochta atá ábhartha den iarratas seo, ar choinníoll go n‑urramaítear na cuspóirí arna saothrú ag rialacháin ábhartha an Aontais chomh maith le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais, go háirithe prionsabal na comhréireachta.

An dara ceist

69

Lena dara ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Rialachán Uimh. 73/2009 agus Uimh. 1122/2009 le léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc, sa chás sonrach ina bhfuil údar maith ag tairbhí na tacaíochta faoin scéim íocaíochta aonair limistéir an ceart chun limistéar talmhaíochta a úsáid trí chonradh le haghaidh lamháltais féaraigh atá san fhearann poiblí d’údarás riaracháin réigiúnach a thíolacadh, ar reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear bailíocht conartha den sórt sin faoi réir stádas póraitheora nó úinéara ainmhithe a bheith ag an lamháltóir sa todhchaí.

70

Ba cheart a thabhairt faoi deara ag an tús gur léir ón bhfaisnéis atá san iarraidh ar réamhrialú nach bhfuil an oibleagáid de stádas póraitheora nó úinéara ainmhithe a bheith ag an lamháltóir féaraigh aige ina choinníoll incháilitheachta mar sin, le haghaidh tacaíochta airgeadais faoin scéim íocaíochta aonair limistéir atá i gceist sna príomhimeachtaí. Dealraíonn sé, faoi Airteagal 7(1) de OUG Uimh. 125/2006, nach mór d’iarratasóirí a bheith cláraithe i gClár na bhFeirmeoirí arna mbainistiú ag APIA, nach mór dóibh a n‑iarratas ar íocaíocht a chur isteach laistigh den teorainn ama, agus nach mór dóibh na coinníollacha ginearálta a leagtar síos leis an bhforáil sin a chomhlíonadh, agus ní áirítear oibleagáid den sórt sin leo.

71

Mar sin féin, is léir ó na doiciméid atá os comhair na Cúirte go dtagann an oibleagáid sin ó fhorálacha Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán ón Aire Talmhaíochta, Bia agus Foraoiseachta agus ón Aire Riaracháin Phoiblí Uimh. 226/235/2003, sa leagan atá is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí.

72

Ós rud é nach dtagann an oibleagáid sin ó dhlí an Aontais agus go dtagann sé faoi rogha na mBallstát, is faoin gcúirt a rinne an tarchur, i gcomhréir leis an gcásdlí dá dtagraítear i míreanna 61, 63 agus 64 den bhreithiúnas seo, a chinneadh cé acu an bhfuil ceanglas den sórt sin comhsheasmhach leis na cuspóirí arna saothrú ag reachtaíocht an Aontais lena mbaineann, chomh maith le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais, go háirithe prionsabal na comhréireachta.

73

Chuige sin, shonraigh Rialtas na Rómáine, ina chuid barúlacha i scríbhinn, go bunúsach, gur ghlac reachtas na Rómáine, i bhfianaise staid shonrach na talmhaíochta sa Rómáin, ag tabhairt aghaidhe ar shaincheisteanna amhail tréigean talún, pobal talmhaíochta atá ag dul in aois, líon íseal d’fheirmeoirí óga agus líon ard gabháltas beag, a bhfuil céatadán ard díobh comhdhéanta de ghabháltais leathchothaitheacha, an rogha an cur i gcrích de chonarthaí lamháltais a bhaineann le féarach atá i bhfearann poiblí na n‑údarás riaracháin réigiúnach a bheith faoi choinníoll ar an lamháltóir stádas coimeádaí nó úinéara ainmhithe a bheith aige. Tagann rogha den sórt sin, ar coinníoll é nach mbaineann le hincháilitheacht don scéim íocaíochta limistéir, ach a bhaineann le bailíocht na gconarthaí lamháltais sin, faoi lánrogha an reachtais sin.

74

Tríd an gcoinníoll sin a fhorchur, bhí sé beartaithe ag reachtas na Rómáine mar sin caighdeán cóir maireachtála a áirithiú don phobal talmhaíochta trína éascú don líon is mó úinéirí nó coimeádaithe ainmhithe rochtain dhíreach a bheith acu ar thalamh féaraigh ar féarach é a bhaineann leis na húdaráis riaracháin réigiúnacha, agus trína sheachaint leas as rochtain den sórt sin a thabhairt d’oibreoirí a dhéanann gníomhaíochtaí talmhaíochta trí idirghabhálaí. Shonraigh APIA freisin, ina fhreagra ar cheisteanna a chuir an Chúirt i gcomhar freagartha i scríbhinn, gurb é an t‑aon fhoinse beathaithe dá n‑ainmhithe sa samhradh, don chuid is mó de na póraitheoirí ainmhithe, ná an fásra a fhaightear ar na móinéir, ionas agus mar sin go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh póraitheoirí ainmhithe in ann na móinéir sna limistéir ina gcónaíonn siad agus ina bpóraíonn siad a n‑ainmhithe a ghlacadh ar lamháltas.

75

Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 68 dá Thuairim, tá cuspóir den sórt sin comhsheasmhach leis na cuspóirí atá á saothrú ag dlí ábhartha an Aontais. Mar is léir ó mhír 52 den bhreithiúnas seo, tá tacaíocht faoin scéim íocaíochta aonair limistéir beartaithe chun caighdeán cóir maireachtála a áirithiú d’fheirmeoirí a thugann faoi ghníomhaíocht talmhaíochta i ndáiríre agus, dá réir sin, a bhfuil limistéar talmhaíochta ar fáil dóibh i ndáiríre ar a ndéantar an ghníomhaíocht sin.

76

Ina theannta sin, faoi réir na seiceálacha atá faoin gcúirt a rinne an tarchur a dhéanamh, is dealraitheach, mar is léir ó mhír 74 den bhreithiúnas seo, gur iomchuí an oibleagáid a bheith ina úinéir nó ina póraitheoir ainmhithe chun an cuspóir atá á lorg ag reachtas na Rómáine a bhaint amach maidir lena dhéanamh níos fusa don líon is mó úinéirí nó póraitheoirí sin rochtain dhíreach a bheith acu ar fhéarach ar leis na húdaráis riaracháin réigiúnacha é, i gcomhthéacs ina bhfuil, mar atá tugtha faoi deara sa mhír sin, an fásra a fhaightear ar na móinéir an t‑aon fhoinse beathaithe d’ainmhithe feirme sa samhradh.

77

Ina theannta sin, ós rud é go mbaineann an oibleagáid sin amháin leis an bhféidearthacht atá ag duine féarach a ghlacadh ar lamháltas san fhearann pobail de na húdaráis riaracháin réigiúnacha, ní cosúil go dtéann an reachtaíocht náisiúnta atá i gceist thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach, a bheidh faoin gcúirt a rinne an tarchur a fhionnadh, agus na ceanglais a leagtar síos sa chásdlí dá dtagraítear i mír 66 den bhreithiúnas seo á gcur san áireamh aici.

78

I bhfianaise na mbreithnithe thuasluaite, is é an freagra ar an dara ceist nach mór Rialachán Uimh. 73/2009 agus Uimh. 1122/2009 a léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc, sa chás sonrach ina bhfuil údar maith ag tairbhí na cabhrach faoin scéim íocaíochta aonair limistéir an ceart chun limistéar talmhaíochta a úsáid trí chonradh le haghaidh lamháltais féaraigh atá san fhearann poiblí d’eintiteas riaracháin críochach a thíolacadh do rialachán náisiúnta a chuireann bailíocht conartha den sórt sin faoi réir stádas póraitheora nó úinéara ainmhithe a bheith ag an lamháltóir sa todhchaí.

An tríú ceist

79

Lena tríú ceist a bhaineann léi, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 2(c) de Rialachán Uimh. 73/2009 a léiriú sa chaoi go gcumhdaítear leis an gcoincheap ‘gníomhaíocht talmhaíochta’ gníomhaíocht trína ndéanann duine lamháltas féaraigh agus conradh comhoibrithe le póraitheoirí ainmhithe ina dhiaidh sin, agus lena ndéanann na póraitheoirí sin na hainmhithe a innilt ar an talamh a thugtar sa lamháltas, agus coinníonn an sealbhóir lamháltais an ceart chun an talamh a úsáid, ach go gcomhaontóidh sé gan teorainn a chur leis an ngníomhaíocht féaraigh agus freagracht a ghlacadh as obair chothabhála ar an bhféarach ina dhiaidh sin.

80

Sainmhínítear an coincheap ‘gníomhaíocht talmhaíochta’ in Airteagal 2(c) de Rialachán Uimh. 73/2009, mar ar thaobh amháin táirgí talmhaíochta a tháirgeadh, a thógáil nó a fhás, lena n‑áirítear buaint, bleán, ainmhithe a phórú, agus ainmhithe a choinneáil chun críocha feirmeoireachta, agus, ar an taobh eile, an talamh a chothabháil i ndea‑riocht talmhaíochta agus comhshaoil mar a bhunaítear in Airteagal 6 den Rialachán sin.

81

Dealraíonn sé go bhfuil sé coitianta sa díospóid sna príomhimeachtaí nach dtagann gníomhaíocht Avio Lucos faoin gcéad chás, maidir le táirgí talmhaíochta a tháirgeadh, a thógáil nó a fhás. Mar a shonraigh an tArd‑Abhcóide i mír 73 dá Thuairim, ba iad na hainmhithe a chuir na póraitheoirí ar fáil do Avio Lucos faoi Airteagal 8 den chonradh um chomhar rannpháirtíoch atá i gceist sna príomhimeachtaí á gcoinneáil, á dtógáil agus á n‑úsáid le haghaidh féaraigh ag na póraitheoirí sin an t‑am ar fad.

82

Maidir leis an dara cás, maidir le talamh a chothabháil i ndea‑riocht talmhaíochta agus comhshaoil, foráiltear le hAirteagal 6(1) de Rialachán Uimh. 73/2009 go n‑áiritheoidh na Ballstáit, ar an gcéad dul síos, go ndéanfar gach limistéar talmhaíochta a chothabháil i ndea‑riocht talmhaíochta agus comhshaoil agus, ar an dara dul síos, go saineoidh na Ballstáit, ar leibhéal náisiúnta nó réigiúnach, íoscheanglais maidir le dea‑riocht talmhaíochta agus comhshaoil ar bhonn an chreata a bhunaítear in Iarscríbhinn III, ag cur san áireamh dóibh ‘saintréithe na limistéar lena mbaineann’, agus sonraítear freisin san airteagal sin nach bhfuil na Ballstáit sin chun íoscheanglais nach bhforáiltear dóibh sa chreat sin a shainmhíniú.

83

Chuige sin, shonraigh Rialtas na Rómáine, ina bharúlacha i scríbhinn, go raibh an caighdeán roghnach um ‘íosrátaí stocála beostoic nó/agus córais iomchuí’ forchurtha ag reachtas na Rómáine, dá dtagraítear go sainráite agus dá n‑údaraítear le forálacha na hIarscríbhinne III sin. Rinne an reachtas sin foráil mar sin, faoin gcóras tras‑chomhlíonta, amhail ó 2012, go ndéanfaí ‘féarach buan a chothabháil trí íosleibhéal féaraigh de 0.3 LSU/ha a áirithiú agus/nó tríd an bhféarach sin a ghearradh uair sa bhliain ar a laghad’.

84

Ina chuid barúlacha i scríbhinn, thug an Coimisiún faoi deara freisin, de réir an fhógra a thug an Rómáin i ndáil le cur chun feidhme na n‑íoschaighdeán maidir le dea‑riocht talmhaíochta agus comhshaoil i leith na bliana iarratais 2014, ‘go bhfuil sé d’oibleagáid ar fheirmeoirí tabhairt faoin méid seo a leanas d’fhonn an caighdeán a bhaineann leis na híosrátaí stocála beostoic agus/nó réimis iomchuí a chur chun feidhme: an féar a ghearradh uair amháin sa bhliain ar a laghad agus/nó íosleibhéal innilte a áirithiú (íosmhéid de 0.3 ainmhí in aghaidh an heicteáir) d’fhonn an talamh a chothabháil (féarach buan) i ndea‑bhail’.

85

Sa chás seo, is léir ón ordú tagartha, faoi Airteagal 7 den chonradh um chomhar rannpháirteach arna thabhairt i gcrích idir Avio Lucos agus na póraitheoirí ainmhithe, ‘go ngeallann’ Avio Lucos, ‘ar bhonn bliantúil agus ar a chostas féin, an féarach a ghlanadh suas, fiailí tocsaineacha a stoitheadh agus an t‑uisce iomarcach a bhaint den talamh, lena gcinnteofar mar sin na riochtaí is fearr d’athchóiriú an fhéaraigh’. Faoi réir na seiceálacha atá faoin gcúirt a rinne an tarchur a dhéanamh, dealraíonn sé go dtagann gníomhaíocht den sórt sin faoi cheann de na gníomhaíochtaí malartacha a luaitear san fhógra dá dtagraítear sa mhír roimhe seo agus, dá réir sin, go dtagann sé faoi chuimsiú an choincheapa ‘gníomhaíocht talmhaíochta’ de réir bhrí Airteagal 2(c) de Rialachán Uimh. 73/2009.

86

Ina theannta sin, tá léiriú den sórt sin comhsheasmhach le cuspóirí an Rialacháin sin, mar atá leagtha amach go háirithe in aithris 4 agus in aithris 7 de, maidir le féarach a chothabháil i ndea‑riocht talmhaíochta agus comhshaoil, ós rud é go bhfuil sé aitheanta go bhfuil éifeacht dhearfach ag féarach buan ar an gcomhshaol.

87

I bhfianaise na mbreithnithe thuasluaite, is é an freagra ar an tríú ceist ná nach mór Airteagal 2(c) de Rialachán Uimh. 73/2009, a léiriú sa chaoi go gcumhdaítear leis an gcoincheap ‘gníomhaíocht talmhaíochta’ gníomhaíocht trína ndéanann duine lamháltas féaraigh agus conradh comhoibrithe le póraitheoirí ainmhithe ina dhiaidh sin, agus lena ndéanann na póraitheoirí sin na hainmhithe a innilt ar an talamh a thugtar sa lamháltas, agus trína gcoinníonn an sealbhóir lamháltais an ceart chun an talamh a úsáid, ach go gcomhaontóidh sé gan teorainn a chur leis an ngníomhaíocht féaraigh agus freagracht a ghlacadh as obair chothabhála ar an bhféarach, ar choinníoll go gcomhlíonann an obair sin na coinníollacha atá leagtha amach sa chaighdeán roghnach dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin.

An ceathrú ceist le haghaidh réamhrialú

88

Lena ceathrú ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá dlí an Aontais a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis, i ndlíchóras Ballstáit, an prionsabal res judicata a chur i bhfeidhm, ar prionsabal é lena gcuirtear cosc, i gcomhthéacs díospóid idir na páirtithe céanna maidir le dlíthiúlacht gnímh chun suimeanna a íocadh leis an iarratasóir ar chabhair faoi scéim íocaíochta aonair limistéir a aisghabháil, scrúdú ag an gcúirt ar chomhréireacht le dlí an Aontais ag ceanglais náisiúnta a bhaineann le dlíthiúlacht an teidil chun an limistéar talmhaíochta b’ábhar don iarratas ar chabhair, ós rud é go bhfuil an gníomh aisghabhála sin bunaithe ar na fíorais chéanna agus ar an rialachán náisiúnta céanna leo siúd a ndearnadh anailís orthu i gcinneadh cúirte roimhe sin atá críochnaitheach.

89

Mar a thugann an chúirt a rinne an tarchur faoi deara, eascraíonn an cheist sin as an bhfíric go raibh APIA ag brath ar fheidhm res judicata ag gabháil le dhá bhreithiúnas chríochnaitheacha inar díbheadh caingne Avio Lucos a bhí ag lorg, ar an gcéad dul síos, an cinneadh lena bhforchuirtear pionóis ilbhliantúla ar an gcuideachta sin i leith na bliana 2014, dá dtagraítear i mír 30 den bhreithiúnas seo, a chur ar neamhní, agus, ar an dara dul síos, tuarascáil ina mbunaítear neamhrialtachtaí i leith na bliana sin a chur ar neamhní. Bhí an dá ghníomh sin bunaithe ar an gcinneadh APIA go gcaithfí Avio Lucos a eisiamh ó íocaíocht faoin scéim cúnaimh limistéir ar an bhforas, ós rud é nach raibh stádas póraitheora ainmhithe aige, gur theip air a chruthú go raibh sé ag baint úsáide go dleathach as féarach bardasach atá i gceist sna príomhimeachtaí.

90

Tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire, ina leith sin, i bhfianaise na litríochta náisiúnta dlí maidir le hAirteagal 431(2) den Chód Nós Imeachta Sibhialta, nach bhféadtar an agóid atá bunaithe ar fheidhm res judicata a ghabhann le cinneadh críochnaitheach a ardú go bailí in imeachtaí breithiúnacha ach amháin más rud é go bhfuil an caidreamh dlíthiúil a bhfuiltear ag brath air sna himeachtaí sin, ní hamháin comhionann leis an gcaidreamh a scrúdaíodh roimhe sin sna himeachtaí ba bhun leis an gcinneadh críochnaitheach sin, ach go bhfuil sé ar áireamh go sainráite nó go hintuigthe sna himeachtaí roimhe sin. Dá bhrí sin, d’fheidhmeodh an fheidhm res judicata freisin i gcásanna ina mbeadh ar an gcúirt de bharr na himeachtaí nua an caidreamh dlíthiúil ar sheas sí leis nó ar diúltaíodh dó sa bhreithiúnas níos luaithe a athdhearbhú nó a bhréagnú, go hiomlán nó go páirteach. Sa chás seo, sna breithiúnais dá dtagraítear sa mhír roimhe seo, socraíodh díospóidí idir na páirtithe céanna, eadhon APIA agus Avio Lucos, agus bhain siad leis na fíorais chéanna, eadhon an t‑iarratas ar íocaíocht aonair limistéir i leith na bliana 2014.

91

Mar réamhphointe, ba cheart a thabhairt faoi deara, mar is léir ón bhfreagra a tugadh ar an gcéad cheist agus ar an dara ceist, ar choinníoll go bhfuil sé comhsheasmhach leis na cuspóirí arna saothrú ag an reachtaíocht AE lena mbaineann, chomh maith le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais, go háirithe prionsabal na comhréireachta, nach gcuirtear cosc le dlí an Aontais ar oibleagáid a thabhairt isteach, faoin dlí náisiúnta, an ‘ceart chun úsáide’ de limistéar talmhaíochta a chruthú chun tacaíocht dhíreach a fháil faoin scéim íocaíochta aonair limistéir, nó, sa chás sonrach ina bhfuil údar maith ag tairbhí na tacaíochta faoin scéim íocaíochta aonair limistéir an ceart chun limistéar talmhaíochta a úsáid trí chonradh le haghaidh lamháltais féaraigh d’údarás riaracháin réigiúnach a thíolacadh, ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforchuirtear bailíocht conartha den sórt sin faoi réir stádas póraitheora nó úinéara ainmhithe a bheith ag an lamháltóir sa todhchaí.

92

Ba cheart aird a tharraingt ar thábhacht an phrionsabail de res judicata, i ndlíchóras an Aontais agus i gcórais dlí náisiúnta araon. D’fhonn cobhsaíocht an dlí agus an chaidrimh dhlíthiúil a áirithiú, chomh maith le riar fónta an cheartais, tá sé tábhachtach nach bhféadtar amhras a chaitheamh a thuilleadh ar chinntí breithiúnacha atá tar éis teacht chun bheith ina gcinntí críochnaitheacha i ndiaidh gach ceart achomhairc a bheith ídithe nó i ndiaidh dul in éag na dteorainneacha ama dá bhforáiltear chuige sin (breithiúnais an 3 Meán Fómhair 2009, Fallimento Olimpiclub, C‑2/08, EU:C:2009:506, mír 22; an 17 Deireadh Fómhair 2018, Klohn, C‑167/17, EU:C:2018:833, mír 63; agus an 2 Aibreán 2020, CRPNPAC agus Vueling Airlines, C‑370/17 agus C‑37/18, EU:C:2020:260, mír 88 agus an cásdlí dá dtagraítear).

93

Dá bhrí sin, ní cheanglaítear le dlí an Aontais ar chúirt náisiúnta rialacha nós imeachta intíre a dhífheidhmiú lena dtugtar an t‑údarás res judicata maidir le breithiúnas, fiú dá bhféadfaí staid intíre nach bhfuil ag luí le dlí an Aontais a leigheas dá ndéanfaí amhlaidh (féach, chuige sin, breithiúnais an 3 Meán Fómhair 2009, Fallimento Olimpiclub, C‑2/08, EU:C:2009:506, mír 23; an 26 Eanáir 2017, Banco Primus, C‑421/14, EU:C:2017:60, mír 47; agus an 2 Aibreán 2020, CRPNPAC agus Vueling Airlines, C‑370/17 agus C‑37/18, EU:C:2020:260, mír 89 agus an cásdlí dá dtagraítear).

94

Mar sin, ní cheanglaítear le dlí an Aontais ach an oiread ar chomhlacht breithiúnach náisiúnta dul siar go huathoibríoch ar bhreithiúnas a bhfuil feidhm res judicata aige d’fhonn léiriú ar fhoráil ábhartha de dhlí an Aontais arna glacadh ag an gCúirt a chur san áireamh (breithiúnas an 2 Aibreán 2020, CRPNPAC agus Vueling Airlines, C‑370/17 agus C‑37/18, EU:C:2020:260, mír 90 agus an cásdlí dá dtagraítear).

95

Sa chás seo, níltear ag iarraidh ar an gcúirt a rinne an tarchur dul siar ar chinneadh a bhfuil feidhm res judicata aige. Ar an taobh eile, tugann an chúirt sin faoi deara go bhfuil an díospóid sna príomhimeachtaí bunaithe ar an gcaidreamh dlí céanna leis an gcaidreamh dlí ba bhun leis an dá bhreithiúnas chríochnaitheacha dá dtagraítear i mír 89 thuas, ionas nach bhféadtar, i gcomhréir leis an bprionsabal de res judicata, mar a léirítear sa dlí náisiúnta é, na breithiúnais sin a bhréagnú leis an mbreithiúnas atá le tabhairt sna príomhimeachtaí.

96

Chuige sin, is iomchuí a mheabhrú gur faoi na cúirteanna náisiúnta atá sé forálacha an dlí náisiúnta a léiriú, a mhéid is féidir, ar shlí gur féidir iad a chur i bhfeidhm ar bhealach a rannchuidíonn le cur chun feidhme dlí an Aontais (breithiúnas an 11 Samhain 2015, Klausner Holz Niedersachsen, C‑505/14, EU:C:2015:742, mír 31 agus an cásdlí dá dtagraítear).

97

Ina theannta sin, áirítear leis an gceanglas um an dlí náisiúnta a léiriú i gcomhréir le dlí an Aontais an oibleagáid, ar na cúirteanna náisiúnta, lena n‑áirítear na cúirteanna sin a rialaíonn mar chúirteanna ag an gcéim dheiridh, a gcásdlí bunaithe a athrú nuair is gá má tá an cásdlí sin bunaithe ar léiriú ar an dlí náisiúnta nach bhfuil ag luí le dlí an Aontais. Dá bhrí sin, ní féidir le cúirt náisiúnta a éileamh go bailí nach bhfuil sé dodhéanta di foráil den dlí náisiúnta a léiriú ar bhealach atá comhsheasmhach le dlí an AE toisc go ndearna cúirteanna eile an fhoráil sin a léiriú ar bhealach nach bhfuil ag luí le dlí an Aontais nó toisc go gcuireann na húdaráis náisiúnta ábhartha í i bhfeidhm ar an mbealach sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 4 Márta 2020, Telecom Italia, C‑34/19, EU:C:2020:148, mír 60 agus mír 61 agus an cásdlí dá dtagraítear).

98

Sa chás seo, ní mór a thabhairt faoi deara, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 89 dá Thuairim, ní cosúil go bhfuil an t‑ábhar do na breithiúnais dá dtagraítear i mír 89 den bhreithiúnas seo, ar thaobh amháin, agus an breithiúnas atá le tabhairt sa chás seo mar an gcéanna, ar an taobh eile, toisc, cé go mbaineann siad leis na fíorais chéanna, toisc go mbaineann siad le dlíthiúlacht na gcinntí riaracháin éagsúla.

99

Ar aon chaoi, is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé a aimsiú cé acu an bhfuil, de réir an dlí náisiúnta, gnéithe den chás seo cumhdaithe leis an bhfeidhm res judicata a ghabhann leis na cinntí sin agus, más gá, scrúdú a dhéanamh ar na hiarmhairtí a leagtar síos leis an dlí sin (féach, mutatis mutandis, breithiúnas an 4 Márta 2020, Telecom Italia, C‑34/19, EU:C:2020:148, mír 57).

100

In éagmais reachtaíocht AE sa réimse seo, is ábhar don dlíchóras náisiúnta iad na rialacha lena gcuirtear an prionsabal res judicata chun feidhme, i gcomhréir le prionsabal um neamhspleáchas nós imeachta na mBallstát. Ní fhéadfaidh na rialacha sin a bheith níos diúltaí, áfach, ná na rialacha lena rialaítear cásanna náisiúnta comhchosúla (prionsabal na coibhéise) ná ní fhéadfar iad a chumadh ar bhealach a bhfágann go mbeadh sé dodhéanta nó ródheacair i gcleachtas na cearta arna dtabhairt le dlíchóras an Aontais a fheidhmiú (prionsabal na héifeachtachta) (breithiúnais an 4 Márta 2020, Telecom Italia, C‑34/19, EU:C:2020:148, mír 58, agus an 2 Aibreán 2020, CRPNPAC agus Vueling Airlines, C‑370/17 agus C‑37/18, EU:C:2020:260, mír 91 agus an cásdlí dá dtagraítear).

101

Chuige sin, chinn an Chúirt cheana féin nach mór anailís a dhéanamh ar gach cás ina dtagann an cheist chun cinn i dtaobh cé acu an bhfuil foráil nós imeachta náisiúnta mar chúis le cur i bhfeidhm dhlí an Aontais a bheith dodhéanta nó ródheacair, trí thagairt a dhéanamh do ról na forála sin sa nós imeachta, dá feidhmiú agus dá gnéithe ar leith, ina iomláine, os comhair na gcomhlachtaí náisiúnta éagsúla. Chun na gcríoch sin, ní mór bunphrionsabail an chórais bhreithiúnaigh intíre a chur san áireamh, i gcás inarb iomchuí, amhail na cearta cosanta a chosaint, prionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus stiúradh ceart an nós imeachta (breithiúnas an 2 Aibreán 2020, CRPNPAC agus Vueling Airlines, C‑370/17 agus C‑37/18, EU:C:2020:260, mír 93 agus an cásdlí dá dtagraítear).

102

Maidir leis an gcás sna príomhimeachtaí, is cosúil go gcuirtear cosc le léiriú ar an bprionsabal de res judicata mar atá leagtha amach i mír 90 den bhreithiúnas seo, ní hamháin ar amhras a chaitheamh ar chinneadh breithiúnach a bhfuil feidhm res judicata aige, fiú dá gcuimseofaí sa chinneadh sin sárú ar dhlí an Aontais, ach freisin, go gcuirtear cosc, in imeachtaí breithiúnacha sibhialta a bhaineann leis na fíorais chéanna, ar aon chinneadh a dhéanamh a bhaineann leis an gcaidreamh dlíthiúil céanna leis an gcinneadh ba bhun leis an dá bhreithiúnas chríochnaitheacha.

103

Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 92 dá Thuairim, is é an toradh a bheadh ar an léiriú sin ar an bprionsabal res judicata, dá bhrí sin, i gcás ina bhfuil cinneadh cúirte ar tugadh roimhe sin a tháinig chun bheith críochnaitheach bunaithe ar léiriú atá contrártha do dhlí an Aontais, go ndéanfaí cur i bhfeidhm mícheart de dhlí an Aontais arís i ngach cinneadh arna ghlacadh ag na cúirteanna sibhialta agus na binsí a bhainfeadh leis an gcaidreamh dlíthiúil céanna, agus nach mbeadh aon deis ann léiriú a bheadh de shárú ar dhlí an Aontais a cheartú (féach, mutatis mutandis, breithiúnas an 2 Aibreán 2020, CRPNPAC agus Vueling Airlines, C‑370/17 agus C‑37/18, EU:C:2020:260, mír 95 agus an cásdlí dá dtagraítear).

104

Ní féidir údar réasúnach a thabhairt do na baic sin ar chur i bhfeidhm éifeachtach de rialacha dhlí an Aontais le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus ní mór a mheas mar sin go bhfuil siad contrártha le prionsabal na héifeachtachta (féach, mutatis mutandis, breithiúnas an 2 Aibreán 2020, CRPNPAC agus Vueling Airlines, C‑370/17 agus C‑37/18, EU:C:2020:260, mír 96 agus an cásdlí dá dtagraítear).

105

I bhfianaise na mbreithnithe sin roimhe seo, is é an freagra ar an gceathrú ceist ná nach mór dlí an Aontais a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc, i ndlíchóras Ballstáit, an prionsabal res judicata a chur i bhfeidhm, ar prionsabal é lena gcuirtear cosc, i gcomhthéacs díospóide idir na páirtithe céanna maidir le dlíthiúlacht gnímh chun suimeanna a íocadh leis an iarratasóir ar chabhair faoi scéim íocaíochta aonair limistéir a aisghabháil, ar scrúdú ag an mbreitheamh ar chomhréireacht le dlí an Aontais ag ceanglais náisiúnta a bhaineann le dlíthiúlacht an teidil chun an limistéar talmhaíochta b’ábhar don iarratas ar chabhair, ós rud é go bhfuil an gníomh aisghabhála sin bunaithe ar na fíorais chéanna idir na páirtithe céanna agus ar an rialachán náisiúnta céanna leo siúd a ndearnadh anailís orthu i gcinneadh cúirte ar tugadh roimhe sin a tháinig chun bheith críochnaitheach.

Costais

106

Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Dara Dlísheomra) mar seo a leanas:

 

1.

Ní mór Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle an 19 Eanáir 2009 lena mbunaítear comhrialacha maidir le scéimeanna tacaíochta dírí d’fheirmeoirí faoin gcomhbheartas talmhaíochta agus lena mbunaítear scéimeanna áirithe tacaíochta d’fheirmeoirí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1290/2005, (CE) Uimh. 247/2006 agus (CE) Uimh. 378/2007, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003, arna leasú le Rialachán (AE) Uimh. 1310/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 agus Rialachán (CE) 1122/2009 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2009 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán Uimh. 73/2009 a mhéid a bhaineann le tras‑chomhlíonadh, le modhnú agus leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe, faoi na scéimeanna tacaíochta dírí d’fheirmeoirí dá bhforáiltear sa Rialachán sin, mar aon le Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le tras‑chomhlíonadh faoin scéim tacaíochta a fhoráiltear d’earnáil an fhíona, a léiriú sa chaoi nach gcuirtear bac ar reachtaíocht náisiúnta a chuireann de choinníoll le cabhair a fháil faoin scéim íocaíochta aonair limistéir go gceanglófar ar an iarratasóir a chruthú go bhfuil ‘ceart úsáide’ aige sa limistéar talmhaíochta atá ábhartha den iarratas seo, ar choinníoll go n‑urramaítear na cuspóirí arna saothrú ag rialacháin ábhartha an Aontais chomh maith le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais, go háirithe prionsabal na comhréireachta.

 

2.

Ní mór Rialachán Uimh. 73/2009, arna leasú le Rialachán Uimh. 1310/2013, agus Rialachán Uimh. 1122/2009 a léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc, sa chás sonrach ina bhfuil údar maith ag tairbhí na cabhrach faoin scéim íocaíochta aonair limistéir an ceart chun limistéar talmhaíochta a úsáid trí chonradh le haghaidh lamháltais féaraigh atá san fhearann poiblí d’eintiteas riaracháin críochach a thíolacadh do rialachán náisiúnta a chuireann bailíocht conartha den sórt sin faoi réir stádas póraitheora nó úinéara ainmhithe a bheith ag an lamháltóir sa todhchaí.

 

3.

Ní mór Airteagal 2(c) de Rialachán Uimh. 73/2009, arna leasú le Rialachán Uimh. 1310/2013 a léiriú sa chaoi go gclúdaíonn an coincheap ‘gníomhaíocht talmhaíochta’ gníomhaíocht trína ndéanann duine lamháltas féaraigh agus conradh comhoibrithe le póraitheoirí ainmhithe ina dhiaidh sin, agus lena ndéanann na póraitheoirí sin na hainmhithe a innilt ar an talamh a thugtar sa lamháltas, agus coinníonn an sealbhóir lamháltais an ceart chun an talamh a úsáid, ach go gcomhaontóidh sé gan teorainn a chur leis an ngníomhaíocht féaraigh agus freagracht a ghlacadh as obair chothabhála ar an bhféarach, ar choinníoll go gcomhlíonann an obair sin na coinníollacha atá leagtha amach sa chaighdeán roghnach dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin.

 

4.

Ní mór dlí an Aontais a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc, i ndlíchóras Ballstáit, an prionsabal res judicata a chur i bhfeidhm, ar prionsabal é lena gcuirtear cosc, i gcomhthéacs díospóid idir na páirtithe céanna maidir le dlíthiúlacht gnímh chun suimeanna a íocadh leis an iarratasóir ar chabhair faoi scéim íocaíochta aonair limistéir a aisghabháil, ar scrúdú ag an mbreitheamh ar chomhréireacht le dlí an Aontais ag ceanglais náisiúnta a bhaineann le dlíthiúlacht an teidil chun an limistéar talmhaíochta b’ábhar don iarratas ar chabhair, ós rud é go bhfuil an gníomh aisghabhála sin bunaithe ar na fíorais chéanna idir na páirtithe céanna agus ar an rialachán náisiúnta céanna leo siúd a ndearnadh anailís orthu i gcinneadh cúirte ar tugadh roimhe sin a tháinig chun bheith críochnaitheach.

 

[Sínithe]


( *1 ) Teanga an cháis: an Rómáinis.

Barr