EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023XG0627(02)

Fógra le haghaidh na ndaoine a bhfuil feidhm ag na bearta maidir leo, ar bearta iad dá bhforáiltear i gCinneadh 2011/235/CBES ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2023/1299 ón gComhairle agus i Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1298 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin 2023/C 224/03

ST/10628/2023/INIT

IO C 224, 27.6.2023, p. 6–6 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

27.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 224/6


Fógra le haghaidh na ndaoine a bhfuil feidhm ag na bearta maidir leo, ar bearta iad dá bhforáiltear i gCinneadh 2011/235/CBES ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2023/1299 ón gComhairle agus i Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1298 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin

(2023/C 224/03)

Dírítear an fhaisnéis seo a leanas ar na daoine atá san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/235/CBES ón gComhairle (1), arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2023/1299 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 ón gComhairle (3), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1298 ón gComhairle (4) a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin.

Tá Comhairle an Aontais Eorpaigh tar éis a chinneadh gur cheart na daoine sin a áireamh ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2011/235/CBES ón gComhairle agus i Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 ón gComhairle.

Cuirtear in iúl do na daoine lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha mar a léirítear ar na suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 ón gComhairle, chun údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais bhunúsacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh (cf. Airteagal 4 den Rialachán).

Féadfaidh na daoine lena mbaineann iarraidh ar athbhreithniú an chinnidh iad a áireamh ar an liosta thuasluaite, mar aon le doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid na Comhairle roimh an 1 Eanáir 2024, ag an seoladh seo a leanas:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1

Rue de la Loi /Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

rphost: sanctions@consilium.europa.eu

Cuirtear in iúl do na daoine lena mbaineann freisin gur féidir an cinneadh ón gComhairle a chonspóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 275, mír 2, agus in Airteagal 263, míreanna 4 agus 6, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 100, 14.4.2011, lgh. 51.

(2)  IO L 160 I, 26.6.2023, lgh. 5.

(3)  IO L 100, 14.4.2011, lgh. 1.

(4)  IO L 160 I, 26.6.2023, lgh. 1.


Top