EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023XC0627(01)

Teachtaireacht ón gCoimisiún arna foilsiú de bhun Airteagal 27(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle i gCás AT. 40735 – Dáileadh ticéad iarnróid ar líne sa Spáinn 2023/C 224/01

IO C 224, 27.6.2023, p. 1–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

27.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 224/1


Teachtaireacht ón gCoimisiún arna foilsiú de bhun Airteagal 27(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle i gCás AT. 40735 – Dáileadh ticéad iarnróid ar líne sa Spáinn

(2023/C 224/01)

1.   Réamhrá

(1)

De réir Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta a leagtar síos in Airteagail 81 agus 82 den Chonradh (1), féadfaidh an Coimisiún a chinneadh – i gcásanna ina mbeidh sé beartaithe aige cinneadh a ghlacadh lena gceanglófar deireadh a chur le sárú agus ina dtabharfaidh na páirtithe lena mbaineann gealltanais go rachaidh siad i ngleic leis na hábhair imní a chuir an Coimisiún in iúl ina réamh-mheasúnú – na gealltanais sin a dhéanamh ceangailteach ar na gnóthais. Féadfar cinneadh den sórt sin a ghlacadh ar feadh tréimhse shonrach ama agus tiocfar ar an gconclúid ann nach bhfuil aon fhoras ann a thuilleadh le haghaidh gníomhaíocht ón gCoimisiún. De réir Airteagal 27(4) den Rialachán céanna, foilseoidh an Coimisiún achoimre bheacht ar an gcás agus ar phríomhábhar na ngealltanas. Féadfaidh páirtithe leasmhara a mbarúlacha a chur isteach laistigh den teorainn ama a shocróidh an Coimisiún.

2.   Achoimre ar an gCás

(2)

An 28 Aibreán 2023, thionscain an Coimisiún imeachtaí de réir bhrí Airteagal 2(1) de Rialachán (CE) Uimh. 773/2004 an 7 Aibreán 2004 in aghaidh Renfe-Operadora, E.P.E. agus Renfe Viajeros, S.M.E., S.A. (gairfear ’Renfe’ do gach ceann díobh i bhfochair a chéile anseo feasta) i dtaca le sárú a líomhnaítear a rinneadh ar Airteagal 102 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘TFEU’). Ar an lá céanna, ghlac an Coimisiún réamh-mheasúnú de réir bhrí Airteagal 9(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003.

(3)

Sa réamh-mheasúnú, leagtar amach ábhair imní an Choimisiún go bhféadfadh sé gur bhain Renfe mí-úsáid as a cheannasacht trí dhiúltú a chuid ábhair agus a chuid sonraí fíor-ama uile a sholáthar d’ardáin ticéadaithe tríú páirtí (2) atá gníomhach sa Spáinn. Tagraíonn ábhar do gach cineál ticéid, lascaine agus feidhmiúlachta (e.g. an fhéidearthacht éilimh custaiméirí ar aisíocaíocht a phróiseáil). Tagraíonn sonraí fíor-ama d’fhaisnéis a bhaineann le seirbhísí iompair iarnróid do phaisinéirí arna n-oibriú ag Renfe, agus d’fhéadfadh sé gur faisnéis réamhthurais a bheadh i gceist(e.g. uimhir ardáin), sin nó faisnéis maidir le turais atá ar siúl (e.g. cur isteach), nó faisnéis iarthurais (faisnéis faoi mhoilleanna a bhfuil gá léi chun éileamh ar chúiteamh a chur isteach).

(4)

De réir an réamh-mheasúnaithe, tá Renfe ceannasach (i) sa mhargadh réamhtheachtach a bhaineann le soláthar seirbhísí iompair iarnróid do phaisinéirí sa Spáinn, áit a n-oibríonn Renfe mar iompróir iarnróid, agus (ii) sa mhargadh iartheachtach a bhaineann le dáileadh ar líne ticéad iarnróid sa Spáinn, áit a n-oibríonn Renfe trína shuíomh gréasáin, trína aipeanna agus trína ardán soghluaisteachta ‘dōcō’. Sa mhargadh iartheachtach sin, tá Renfe in iomaíocht le hardáin ticéadaithe tríú páirtí (i.e. gníomhaireachtaí taistil ar líne nó cuideachtaí bainistíochta taistil).

(5)

Sa réamh-mheasúnú, mheas an Coimisiún go bhféadfadh sé gur bhain Renfe mí-úsáid as a cheannasacht, sa tslí gur sáraíodh Airteagal 102 den Chonradh, toisc gur dhiúltaigh siad an rochtain a iarradh ar an ábhar agus ar na sonraí fíor-ama uile atá ar fáil ar chainéil dáileacháin ar líne Renfe féin, gur dhiúltaigh siad sin a thabhairt d’ardáin ticéadaithe tríú páirtí, rud a d’fhéadfadh bac a chur ar a gcumas a dtáirge féin a chruthú, a bheith nuálach, agus iomaíocht éifeachtach a fheidhmiú ar an margadh iartheachtach a bhaineann le seirbhísí ticéadaithe iarnróid ar líne sa Spáinn.

3.   Príomhábhar na nGealltanas a Tairgeadh

(6)

Ní admhaíonn Renfe aon sárú ar dhlí na hiomaíochta agus easaontaíonn sé leis na réamh-ábhair imní a tharraing an Coimisiún anuas, ach mar sin féin tá gealltanais tairgthe aige, de bhun Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh 1/2003, chun ábhair imní an Choimisiúin maidir le hiomaíocht a chomhlíonadh.

(7)

Seo a leanas príomhghnéithe na ngealltanas a thairg Renfe:

a)

Geallann Renfe go gcuirfidh sé ar fáil d’ardáin ticéadaithe tríú páirtí an t-ábhar agus na sonraí fíor-ama uile (3) atá ar fáil ar an Dáta Éifeachtach (4) nó a d’fhéadfadh a bheith ar fáil ar aon cheann dá chainéil ar líne, lena n-áirítear a ardán soghluaisteachta dōcō, tar éis an Dáta Éifeachtaigh. D'fhágfadh sé sin go mheadh gealltanais Renfe dinimiciúil agus nach mbeadh siad teoranta d’ábhar ná do shonraí fíor-ama a chuir siad ar fáil cheana trína chainéil ar líne.

b)

Chun na gealltanais a chur chun feidhme, geallann Renfe go gcuirfidh sé ar fáil d’ardáin ticéadaithe tríú páirtí aon ábhar nó sonraí fíor-ama a bheadh ar fáil ar a chainéil ar líne agus/nó ar a ardán soghluaisteachta (amhail dōcō) ar an Dáta Éifeachtach faoin 29 Feabhra 2024, ar a dhéanaí. Mar eisceacht, i gcás an ábhair nó na sonraí fíor-ama ar gá nós imeachta tairisceana a sheoladh ina leith chun rochtain a thabhairt d’ardáin ticéadaithe tríú páirtí, geallann Renfe rochtain ar an ábhar nó ar na sonraí fíor-ama sin a thabhairt faoin 30 Meitheamh 2024, ar a dhéanaí; é sin ráite (i) beidh faisnéis fíor-ama maidir le teagmhais sceidealaithe a mbeidh tionchar acu ar thicéid a díoladh cheana ar fáil faoin 30 Samhain 2024, agus (ii) beidh ticéid le haghaidh Sóthraenacha Turasóireachta agus Traenacha Turasóireachta Fóillíochta ar fáil faoin 31 Nollaig 2024.

c)

Maidir le hábhar agus sonraí fíor-ama de chuid Renfe a d’fhéadfadh a bheith ar fáil d’ardáin ticéadaithe tríú páirtí tar éis an Dáta Éifeachtaigh, ionas go mbeidh ardáin ticéadaithe tríú páirtí in ann a gcórais TF a ullmhú, aon ábhar nó sonraí fíor-ama nua a chuirfear san áireamh, geallann Renfe go bhfógrófar iad d’ardáin ticéadaithe tríú páirtí agus dōcō ag an am céanna 4 mhí roimh ré, agus gur ag an am céanna a fhógróidh sé do gach dream acu na sonraíochtaí teicniúla is gá chun a gcórais a oiriúnú freisin, rud a dhéanfaidh sé 1 mhí roimh ré go dtí an 31 Nollaig 2024 agus 2 mhí roimh ré tar éis an 31 Nollaig 2024. Is é is aidhm don spriocdháta réamhfhógra 1 mhíosa a áirithiú go gcomhlíonfar na gealltanais a ndéantar cur síos orthu in b), gealltanais a bhaineann le rochtain ar ábhar agus sonraí fíor-ama atá ar fáil ar chainéil ar líne Renfe ach nach mbeadh ar fáil fós ar ardáin ticéadaithe tríú páirtí ar an Dáta Éifeachtach. Bheadh feidhm ag an spriocdháta 2 mhí maidir le hábhar agus sonraí fíor-ama a bheadh ann amach anseo (ábhar agus sonraí fíor-ama nach mbeadh ar fáil ar chainéil ar líne Renfe ar an Dáta Éifeachtach).

d)

Geallann Renfe nach n-éileoidh sé ar ardáin ticéadaithe tríú páirtí gurbh ísle ná 140 an t-uaschóimheas míosúil idir an líon amharc agus an líon áirithintí (‘L2B’) (5).. Luach íosta an L2B mheánaigh mhíosúil uasta, dhéanfaí athbhreithniú tréimhsiúil air agus d’fhéadfadh an Coimisiún é a mhodhnú mar fhreagairt ar iarraidh ó Renfe. I gcásanna a bheidh údar cuí leo, má théann ardán ticéadaithe tríú páirtí thar an gcóimheas L2B, féadfaidh Renfe rochtain an ardáin sin ar a chóras a chur ar fionraí.

e)

Geallann Renfe uasráta Earráide (6) 14,23 %. Dhéanfaí athbhreithniú tréimhsiúil ar an uasluach sin agus d’fhéadfadh an Coimisiún é a mhodhnú mar fhreagairt ar iarraidh ó Renfe. I gcás nach gcomhlíonfaí an tUasráta Earráide, geallann Renfe na hiarrachtaí is gá a dhéanamh chun na cúiseanna a bheadh leis sin a anailísiú agus chun na bearta teicniúla is gá a chur chun feidhme chun iad a réiteach a luaithe ab féidir.

f)

Geallann Renfe Iontaobhaí Faireacháin a cheapadh a dhéanfaidh faireachán agus tuairisciú don Choimisiún maidir le cur chun feidhme na ngealltanas ar feadh tréimhse 10 mbliana.

g)

Geallann Renfe gan dul timpeall ar na gealltanais nó gan iarracht a dhéanamh dul timpeall orthu go díreach nó go hindíreach trí aon ghníomh nó neamhghníomh.

h)

Fanfaidh na gealltanais i bhfeidhm ar feadh tréimhse éiginnte a thosóidh ón Dáta Éifeachtach.

(8)

Tá na gealltanais foilsithe ina n-iomláine i mBéarla ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta ag:

 

https://competition-policy.ec.europa.eu/index_ga

4.   Cuireadh chun Tuairimí a thabhairt

(9)

Faoi réir tástáil margaidh, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún cinneadh a ghlacadh faoi Airteagal 9(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 lena ndearbhófar gur ceangailteach na gealltanais a bhfuil achoimre orthu thuas agus atá foilsithe ar an Idirlíon, ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta.

(10)

I gcomhréir le hAirteagal 27(4) de Rialachán Uimh. 1/2003, iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara a mbarúlacha maidir leis na gealltanais atá beartaithe a chur faoina bhráid. Ní mór na barúlacha sin a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 6 seachtaine tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Iarrtar ar thríú páirtithe leasmhara leagan neamhrúnda dá gcuid tuairimí a chur isteach freisin, leagan inar cheart aon fhaisnéis a maíonn siad gur rúin ghnó atá i gceist léi agus faisnéis rúnda eile a scriosadh agus achoimre neamhrúnda nó na focail ‘rúin ghnó’ nó ‘rúnda’ a chur ina háit de réir mar is gá.

(11)

Más féidir, ba cheart freagraí agus tuairimí a bheith réasúnaithe agus ba cheart na fíorais ábhartha a leagan amach iontu. Má aimsíonn tú fadhb a bhaineann le haon chuid de na gealltanais atá beartaithe, iarrann an Coimisiún ort freisin réiteach féideartha a mholadh.

(12)

Is féidir barúlacha a chur chuig an gCoimisiún faoi na huimhreacha tagartha AT.40735 Dáileadh ticéad iarnróid ar líne sa Spáinn trí ríomhphost (COMP-GREFFE-ANTITRUST@ec.europa.eu agus comp-c6-mail@ec.europa.eu), nó tríd an bpost, chuig an seoladh seo a leanas:

An Coimisiún Eorpach

Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta

An Chlárlann Frith-Thrustaí

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 1, 4.1.2003, lch. 1. Le héifeacht ón 1 Nollaig 2009, rinneadh Airteagail 101 agus 102 CFAE d’Airteagal 81 agus 82 de Chonradh CE faoi seach. Tá an dá shraith forálacha comhionann le chéile ó thaobh substainte de. Chun críocha an fhógra seo, tagairtí d’Airteagail 101 agus 102 CFAE, ba cheart a thuiscint gur tagairtí d’Airteagail 81 agus 82 de Chonradh CE nuair is infheidhme.

(2)  Sna gealltanais a tairgeadh, sainmhínítear gurb é is ardán ticéadaithe tríú páirtí ann aon ghnóthas a dháileann ticéid iarnróid ar chustaiméirí aonair nó corparáideacha san Aontas Eorpach trí shiopaí feidhmchlár bogearraí (e.g. Apple App Store nó Google Play Store) nó trí shuíomh gréasáin. Ní mheastar gur ardáin ticéadaithe tríú páirtí iad gnóthais nach gcuireann feidhmiúlachtaí áirithinte agus íocaíochta ar fáil do chustaiméirí (i.e. meiteachuardach a atreoraíonn custaiméirí chuig suíomh gréasáin Renfe) agus dá bhrí sin ní chumhdaítear iad leis na gealltanais a tairgeadh.

(3)  Sainmhínítear ábhar agus sonraí fíor-ama Renfe i Roinn A de na gealltanais.

(4)  Is é an Dáta Éifeachtach an dáta a gheobhadh Renfe fógra foirmiúil faoin gCinneadh maidir leis na Gealltanais.

(5)  Is é an cóimheas L2B an cóimheas idir líon na gcuardach(‘amharc’) a bhaineann le díolachán ticéad a rinneadh ar chóras díolacháin ticéad Renfe, agus fíorlíon na ndíolachán (áirithintí) a rinneadh, le linn tréimhse áirithe ama.

(6)  Is é an Ráta Earráide an cóimheas idir líon na n-iarratas ar áirithintí nár éirigh leo agus líon iomlán na n-iarratas ar áirithintí a rinneadh trí chóras díolacháin ticéad Renfe le linn tréimhse áirithe ama.


Top