This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022CN0146
Case C-146/22: Request for a preliminary ruling from the Wojewódzki Sąd Administracyjny we Wrocławiu (Poland) lodged on 1 March 2022 — YD v Dyrektor Krajowej informacji Skarbowej
Cás C-146/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Wojewódzki Sąd Administracyjny we Wrocławiu (an Pholainn) a taisceadh an 1 Márta 2022 – YD v Dyrektor Krajowej informacji Skarbowej
Cás C-146/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Wojewódzki Sąd Administracyjny we Wrocławiu (an Pholainn) a taisceadh an 1 Márta 2022 – YD v Dyrektor Krajowej informacji Skarbowej
IO C 284, 25.7.2022, p. 15–15
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/15 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Wojewódzki Sąd Administracyjny we Wrocławiu (an Pholainn) a taisceadh an 1 Márta 2022 – YD v Dyrektor Krajowej informacji Skarbowej
(Cás C-146/22)
(2022/C 284/16)
Teanga an cháis: an Pholainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Wojewódzki Sąd Administracyjny we Wrocławiu
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: YD
Cosantóir: Dyrektor Krajowej informacji Skarbowej
Na ceisteanna a tharchuirtear:
1. |
Le hAirteagail 2(1)(a) agus (c), 14(1), 24(1), 98(1), (2) agus (3) de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1; “Treoir CBL”), (1) arna léamh i gcomhar le hAirteagal 6(1) agus (2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 ón gComhairle an 15 Márta 2011 lena leagtar síos bearta cur chun feidhme do Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (athmhúnlú) (IO L 77, 23.3.2011, lch. 1) (2), agus i gcomhar le pointí 1 agus 12a d’Iarscríbhinn III leis an Treoir sin, leis an gceathrú agus an seachtú haithris i mbrollach Threoir CBL, le prionsabal an chomhair dhílis, prionsabal na neodrachta fioscaí, prionsabal na dlíthiúlachta fioscaí, agus prionsabal na deimhneachta dlíthiúla, an gcuirtear bac ar reachtaíocht náisiúnta amhail an reachtaíocht atá i gceist anseo lena bhforáiltear do ráta laghdaithe CBL ar 5 % i leith táirgí bia lena n-áirítear deochanna ina bhfuil bainne, faoi threoir CN 2202, amhail nach féidir a fhágáil as an áireamh, i leith an ráta sin, deochanna ina bhfuil bainne, ar aicmíodh iad mar ghníomhaíochtaí freastalaithe bia agus dí de bhonn aicmiú staidrimh de chuid na Polainne (PKWiU 56) agus amhail nach féidir, i leith a leithéid de tháirgí (soláthar nó seirbhísí na dtáirgí), ráta laghdaithe CBL ar 8 % a chur i bhfeidhm orthu, má mheasann gnáth-thomhaltóirí, agus táirgí nó seirbhísí dá leithéid á gceannach acu, go bhfreastalaítear ar aon ghá amháin leo? |
2. |
An bhfuil cleachtas riaracháin, agus é do thoradh air go gcuirfear dhá ráta laghdaithe éagsúla i bhfeidhm ar tháirgí a bhfuil na saintréithe agus hairíonna oibiachtúla céanna acu, agus go ndéanfar, mar sin, tairgí a fhágáil as áireamh ar fhorais oibiachtúla seachas ar fhorais shuibiachtúla, ag teacht le prionsabal na neodrachta fioscaí agus prionsabal na deimhneachta dlíthiúla? |