Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Conradh Nice

Conradh Nice

 

ACHOIMRE AR:

Conradh Nice

CAD IS AIDHM LEIS AN GCONRADH?

  • Ullmhaítear AE leis an gconradh dá mhéadú aonair is mó, agus 10 mBallstát nua (an Chipir, an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin, Málta, an Pholainn, an tSlóvaic, an tSlóivéin agus an Ungáir) ag glacadh ballraíocht in AE i mí na Bealtaine 2004 agus dhá Bhallstát eile ag glacadh ballraíocht ann i mí Eanáir 2007.
  • Leasaítear leis an Conradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).
  • Go nithiúil, déantar athchóiriú leis an gconradh ar institiúidí AE ionas gur féidir leo feidhmiú go héifeachtach in AE atá méadaithe go 27 mBallstát — rud a bhí beartaithe a dhéanamh i gConradh Amstardam ach nár éirigh leis.

PRÍOMHPHOINTÍ

Institiúidí AE a dhéanamh níos dleathaí agus níos éifeachtúla maidir le ballraíocht mhéadaithe AE

  • Tá athrú tagtha ar an modh chun comhdhéanamh an Choimisiúin Eorpaigh a shainiú:
    • tá athrú tagtha de réir a chéile ar chomhdhéanamh an Choimisiúin Eorpaigh ó 2 choimisinéirí do na tíortha níos mó (an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Ríocht Aontaithe (1) agus an Spáinn) agus 1 choimisinéir do na tíortha eile, suas le 27 gcoimisinéir ar a mhéad, agus tá an ceart ag gach Ballstát coimisinéir a ainmniú de réir uainíochta ar bhonn fíor-chomhionann;
    • ainmneofar uachtarán an Choimisiúin agus na coimisinéirí ó seo feasta trí thromlach cáilithe sa Chomhairle;
    • faigheann uachtarán an Choimisiúin cumhachtaí méadaithe ar choláiste na gcoimisinéirí, is é sin freagrachtaí a dháileadh nó a atheagrú i measc na gcoimisinéirí agus — le formheas an choláiste trí thromlach simplí — duine de na coimisinéirí a bhriseadh as.
  • Tá an córas vótála i gComhairle an Aontais Eorpaigh athshainithe:
    • déantar an t-ualú vótaí a athchomhardú chun teacht ar bhealach níos fearr le daonraí coibhneasta na mBallstát;
    • neartaíodh na coinníollacha maidir le tromlach cáilithe a fháil, agus 73.9 % (in ionad 71.3 %) de na vótaí ag teastáil anois, chomh maith le tromlach thíortha AE arb ionann iad (má theastaíonn an fíorú sin ó thír AE) agus 62 % ar a laghad de dhaonra AE;
    • tá úsáid na vótála trí thromlach cáilithe leathnaithe chuig réimsí úra anois.
  • comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa athbhreithnithe agus tá a cumhachtaí méadaithe:
    • tá líon na suíochán méadaithe go dtí 732 bhall in AE ina bhfuil 27 mBallstát;
    • tá nós imeachta na comhchinnteoireachta (gnáthnós imeachta reachtach inniu) leathnaithe go beagnach gach réimse ina ndéanann an Chomhairle cinneadh trí thromlach cáilithe;
    • féadfaidh an Pharlaimint ábhar a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais AE go díreach mar a dhéanann Ballstát nó an Coimisiún.
  • athchóiriú radacach déanta ar Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh:
    • suífidh sí i bhfoirmíochtaí éagsúla: i ndlísheomraí ina mbeidh idir 3 agus 5 breithiúna, sa mhór-dhlísheomra (11 bhreiteamh) nó i seisiún iomlánach (1 bhreitheamh in aghaidh na tíre AE);
    • tá inniúlachtaí na Cúirte Céadchéime (an Chúirt Ghinearálta anois) leathnaithe, is é sin chuig roinnt catagóirí tagartha le haghaidh réamhrialaithe*;
    • ag gníomhú d’aon toil di féadfaidh an Chomhairle fochúirteanna a chruthú chun déileáil ag an gcéad chéim le réimsí speisialta dlí, amhail paitinní.
  • rialacha nua maidir le comhar feabhsaithe tagtha isteach chomh maith:
    • níl i gceist leis ach 8 dtír AE ar a laghad (ní tromlach mar a bhí roimhe);
    • i “gcroílár” an Chomhphobail Eorpaigh, ní féidir le tír AE diúltú do sheoladh comhair fheabhsaithe a thuilleadh. Lena chois sin, mar aon le formheas an Choimisiúin (a theastaíonn i gcónaí), teastaíonn aontú (nó inniu, cead) na Parlaiminte anois má bhaineann comhchinnteoireacht leis an réimse comhair;
    • tá an fhéidearthacht go bhfeabhsófar an comhar leathnaithe chuig an gcomhbheartas Eachtrach agus Slándála, chuig eisiamh na cosanta agus anseo le cumhacht crosta thíortha AE;
    • i gcomhar le gnóthaí ceartais agus baile, déantar an comhar feabhsaithe thar a bheith solúbtha: níl cumhacht crosta thíortha AE ann ná ní theastaíonn formheas an Choimisiúin nó na Parlaiminte.

Príomhathruithe eile mar thoradh ar an gconradh

  • Mar aon leis an bhféidearthacht go ngearrfaí smachtbhannaí ar thír AE as sárú ar chearta bunúsacha ag tír AE (a tugadh isteach le Conradh Amstardam) cuirtear sásra coisctheach le hAirteagal 7 de CAE.
  • Rinneadh mionathrú ar an CAE chun forbairtí bheartas slándála agus cosanta na hEorpa a chur san áireamh.
  • Aithnítear ról Eurojust maidir le forbairt an chomhair bhreithiúnaigh i gcúrsaí coiriúla.
  • Tá an Bhruiséil ainmnithe mar an ionad le haghaidh cruinnithe foirmiúla de chuid Chomhairle na hEorpa.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHONARTHA?

Arna shíniú an 26 Feabhra 2001, tháinig an conradh i bhfeidhm an 1 Aibreán 2003. Tosaíodh ag cur cuid dá rialacha chun feidhme níos déanaí, áfach.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Réamhrialú: rialú a dhéanann Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh mar fhreagra ar cheist ó chúirt náisiúnta maidir le léirmhíniú bhailíocht dlí Eorpaigh, rud a chuireann, dá réir sin, le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach dhlí AE.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Conradh Nice lena leasaítear an Conradh ar an Aontas Eorpach, na Conarthaí lena mbunaítear na Comhphobail Eorpacha agus gníomhartha gaolmhara áirithe (IO C 80, 10.3.2001, lch. 1–87)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Conradh ar an Aontas Eorpach — leagan comhdhlúite 1992 (IO C 191, 29.7.1992, lgh. 1-112)

Conradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach — leagan comhdhlúite 2002 (IO C 325, 24.12.2002, lgh. 33-184)

Nuashonraithe 21.03.2018



(1) Tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach agus tá sí ina tríú tír (tír nach tír den Aontas Eorpach í) ó bhí an 1 Feabhra 2020 ann.

Top