This document is an excerpt from the EUR-Lex website
State aid for railway companies
Státchabhair le haghaidh cuideachtaí iarnróid
Státchabhair le haghaidh cuideachtaí iarnróid
Státchabhair le haghaidh cuideachtaí iarnróid
ACHOIMRE AR:
Treoirlínte ón gCoimisiún maidir le Státchabhair le haghaidh gnóthais iarnróid
Airteagal 93 CFAE — comhordú i dtaobh iompair
CAD IS AIDHM LEIS NA TREOIRLÍNTE?
Sna treoirlínte seo ón gCoimisiún Eorpach, déantar soiléiriú ar na rialacha atá leagtha amach i gconarthaí AE maidir le cistiú poiblí ar chuideachtaí iarnróid agus soláthraítear treoir maidir le conas a luíonn státchabhair le haghaidh cuideachtaí iarnróid leis na conarthaí AE.
PRÍOMHPHOINTÍ
Rialacha AE maidir le státchabhair
Raon feidhme
Tá feidhm ag na treoirlínte maidir le cuideachtaí iarnróid mar aon le cuideachtaí iompair paisinéirí i limistéir uirbeacha, i limistéir fho-uirbeacha agus i limistéir réigiúnacha i ndáil le cabhair i dtaobh rothstoc a cheannach agus a athnuachan.
Bearta tacaíochta
Clúdaítear sna treoirlínte roinnt cineálacha éagsúla beart tacaíochta:
Tacaíocht trí mheán cistiú bonneagair
Cabhair i dtaobh rothstoc a cheannach agus a athnuachan
Déantar measúnú ar an gcineál sin tacaíochta de réir chuspóir an leasa choitinn lena gcuidíonn an chabhair. Tá rialacha leagtha síos i leith na n-aicmí cabhrach seo a leanas:
Cealú fiachais ag stáit d’fhonn athstruchtúrú airgeadais a dhéanamh ar ghnóthais iarnróid
I gcúinsí áirithe, féadfar a mheas gurb ionann cealú fiachais agus cabhair a luíonn leis an margadh aonair má tá sé ina chuspóir leis an aistriú i dtreo margadh oscailte iarnróid a éascú, gan saobhadh míchuí a dhéanamh ar an iomaíocht agus ar an trádáil idir tíortha AE.
Cabhair i dtaobh athstruchtúrú gnóthas iarnróid
Déantar comhoiriúnacht na státchabhrach le haghaidh athstruchtúrú a dhéanamh ar ghnóthais atá i gcruachás sa tionscal iarnróid a mheas ar bhonn threoirlínte na bliana 2014 maidir le cabhair i dtaobh athstruchtúrú.
Cabhair i dtaobh comhordú iompair
Tá cineálacha éagsúla idirghabhálacha a d’fhéadfadh údaráis phoiblí a dhéanamh d’fhonn forbairt na hearnála iompair a threorú ar mhaithe leis an leas coiteann:
Leagtar amach go mion sna treoirlínte an modh chun a chinneadh cé na costais atá incháilithe, chomh maith leis na coinníollacha a d’fhágfadh go gcomhlíonfadh an chabhair sin na coinníollacha comhoiriúnachta a luaitear sna conarthaí.
Ráthaíochtaí stáit do chuideachtaí iarnróid
Tá na rialacha a bhaineann le státchabhair i bhfoirm ráthaíochtaí, lena n-áirítear i réimse an iompair iarnróid, leagtha amach san fhógra ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme Airteagal 87 agus Airteagal 88 de Chonradh CE (Airteagal 107 agus Airteagal 108 CFAE anois).
CÚLRA
PRÍOMHDHOICIMÉID
Teachtaireacht ón gCoimisiún — treoirlínte ón gComhphobal maidir le Státchabhair le haghaidh gnóthais iarnróid (IO C 184, 22.7.2008, lgh. 13-31)
An leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a trí — Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais — Teideal VI — Iompar — Airteagal 93 (sean-Airteagal 73 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 86)
Nuashonraithe 10.11.2016