Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Maoiniú don nuáil agus don fhiontraíocht (an Ciste Eorpach Infheistíochta)

Maoiniú don nuáil agus don fhiontraíocht (an Ciste Eorpach Infheistíochta)

 

ACHOIMRE

Cuireann an Ciste Eorpach Infheistíochta (CEI) maoiniú riosca ar fáil chun tacú le fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna). Is iad a scairshealbhóirí an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI), an tAontas Eorpach (AE), a mbíonn an Coimisiún Eorpach ag feidhmiú ar a shon, agus institiúidí airgeadais poiblí agus príobháideacha, ó 15 thír AE agus an Tuirc faoi láthair.

CAD A DHÉANTAR SNA REACHTANNA SEO?

Leagtar amach leo:

  • tascanna agus gníomhaíochtaí CEI;
  • an creat d’údarás feidhmithe agus cinnteoireachta na mbord rialaithe;
  • caipiteal údaraithe CEI;
  • an creat maidir le comhaltaí agus scaireanna CEI.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Féadfaidh CEI a ghníomhaíochtaí a dhéanamh i gcríoch na dtíortha AE, i dtíortha is iarrthóirí agus tíortha a d’fhéadfadh a bheith ina n-iarrthóirí ar bhallraíocht AE , agus i dtíortha Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE). Féadfaidh an Cruinniú Ginearálta a chinneadh gur féidir le CEI gníomhaíochtaí a bhaineann le sainordú ar leith a dhéanamh taobh amuigh den scóip thíreolaíoch thuasluaite.
  • Tá pearsantacht dhlítheanach agus neamhspleáchas airgeadais ag CEI.
  • Tacaíonn sé le cuspóirí AE i dtaca le fiontraíocht, fás, nuáil, taighde agus fostaíocht trí:
    • ráthaíochtaí chomh maith le hionstraimí inchomparáide eile d’iasachtaí agus d’oibleagáidí airgeadais eile i cibé foirm is incheadaithe go dlíthiúil;
    • sealúchais i ngnóthais a fháil, a choinneáil, a bhainistiú agus a dhíol faoi réir na gcoinníollacha a gcinntear orthu ag an gCruinniú Ginearálta;
    • gníomhaíochtaí eile a bhaineann lena thascanna, lena n-áirítear oibríochtaí iasachtaíochta.
  • Is é caipiteal údaraithe CEI EUR 4.5 billiún roinnte i 4 500 scair, a bhfuil luach ainmniúil EUR 1 milliún ar gach ceann díobh, ar oscailt do shuibscríobh ag a chomhaltaí. Féadfar é seo a mhéadú trí chinneadh de chuid an Chruinnithe Ginearálta.
  • Níl comhaltaí CEI faoi dhliteanas a gcuid oibleagáidí ach suas chomh fada le méid a scaire den chaipiteal atá suibscríofa agus nach bhfuil íoctha isteach.

Boird rialaithe

Déanann an Cruinniú Ginearálta, an Bord Stiúrthóirí agus an Príomhfheidhmeannach CEI a bhainistiú agus a riar.

  • 1.

    Cuimsítear scairshealbhóirí CEI sa Chruinniú Ginearálta. De ghnáth déanann sé cinneadh trí thromlach na vótaí a chaitear agus bíonn cruinniú aige uair sa bhliain ar a laghad. Féadfar moltaí a chur isteach freisin le cinneadh trí nós imeachta scríofa. I measc na gcumhachtaí atá ag an gCruinniú Ginearálta tá:

    • cinneadh ar mhéadú ar chaipiteal údaraithe CEI;
    • aon athrú ar na reachtanna agus ar a rialacha nós imeachta a fhaomhadh;
    • cinneadh maidir le comhaltaí a ligean isteach;
    • an tuarascáil bhliantúil agus na cuntais a cheadú;
    • cinneadh maidir le glanioncam CEI a leithghabháil agus a leithdháileadh;
    • comhaltaí agus comhaltaí malartacha an Bhoird Stiúrthóirí agus an Bhoird Iniúchta a cheapadh.
  • 2.

    Ar an mBord Stiúrthóirí tá comhaltaí ceaptha ag an gCruinniú Ginearálta agus ainmnithe ag scairshealbhóirí CEI do thréimhse 2 bhliain. De ghnáth bíonn cruinnithe ag an mBord 10 n-uaire in aghaidh na bliana agus féadfar moltaí a chur isteach freisin le cinneadh trí nós imeachta scríofa. Feidhmíonn a chomhaltaí chun freastal chun tairbhe CEI agus tá siad cuntasach don Chruinniú Ginearálta. Déanann sé:

    • cinneadh maidir le hoibríochtaí CEI uile (i gcásanna teoranta áirithe, tá an chumhacht seo tarmligthe don Phríomhfheidhmeannach);
    • treoirlínte agus treoirphrionsabail a ghlacadh le haghaidh oibríochtaí agus bainistíocht;
    • an Príomhfheidhmeannach agus an Leas-Phríomhfheidhmeannach a cheapadh, agus is féidir leis iad a bhriseadh as a bpoist;
    • moltaí a chumadh le cur faoi bhráid an Chruinnithe Ghinearálta;
    • na coinníollacha ginearálta a leagan síos chun scaireanna CEI a shealbhú.

Déantar Cathaoirleach an Bhoird a thoghadh ó na comhaltaí le vóta tromlaigh. Glactar cinntí le tromlach, ar an gcoinníoll nach bhfuil níos lú ná leath dá chomhaltaí i láthair.

  • 3.

    Tá an Príomhfheidhmeannach, a d’fhéadfadh a bheith ceaptha do thréimhse 5 bliana, cuntasach don Bhord. Ag gníomhú go neamhspleách, tá sé/sí freagrach as an mbainistíocht laethúil agus ní mór dó/di:

    • gníomhú faoi réir threoirlínte an Bhoird;
    • an tuarascáil bhliantúil agus tuarascálacha eile a chur faoi bhráid an Bhoird;
    • maoirsiú a dhéanamh ar tharraingt suas na gcuntas bliantúla.

An chaoi a n-oibríonn CEI

Tá an Ciste Eorpach Infheistíochta (CEI) ina chuid de Ghrúpa na mBanc Eorpach Infheistíochta. Is é an misean lárnach atá aige tacú le micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) na hEorpa trína maoiniú rochtana a éascú. Dearann agus forbraíonn CEI caipiteal fiontair agus fáis, ráthaíochtaí agus ionstraimí micreamhaoiniúcháin a dhíríonn go speisialta ar an gcuid seo den mhargadh. Sa ról seo, cuireann CEI cuspóirí AE chun cinn ag tacú le nuáil, taighde agus forbairt, fiontraíocht, fás agus fostaíocht.

Déanann iniúchóir neamhspleách seachtrach cuntais CEI a iniúchadh. Ar Bhord Iniúchta CEI tá triúr comhaltaí, ainmnithe faoi seach ag BEI, an Coimisiún Eorpach agus na hinstitiúidí airgeadais atá ina scairshealbhóirí, agus comhalta malartach amháin, a ainmníonn na 3 ghrúpa scairshealbhóirí ar bhonn uainíochta. Ceapann an Cruinniú Ginearálta na comhaltaí agus tá siad cuntasach dó. Dearbhaíonn an Bord Iniúchta, mar chomhlacht maoirseachta, gach bliain, ar feadh a eolais agus a bhreithiúnais, gur cuireadh oibríochtaí CEI i gcrích faoi réir na reachtanna agus rialacha nós imeachta, agus go dtugtar léargas fíor agus cothrom sna ráitis airgeadais ar staid airgeadais CEI maidir lena shócmhainní agus lena dhliteanais, agus ar thorthaí a oibríochtaí don bhliain airgeadais faoi bhreithniú.

Ní féidir ceangaltais CEI ar an iomlán dul os cionn 3 oiread suim an chaipitil shuibscríofa d’oibríochtaí ráthaíochta. Faoi Airteagal 26 de na reachtanna, féadfaidh an Cruinniú Ginearálta an teorainn seo a ardú go dtí 8 n-oiread an chaipitil suibscríofa. Maidir le rannpháirtíochtaí, is é an Cruinniú Ginearálta a chinneann an tsuim.

Déantar aighnis idir CEI agus a thairbhithe a réiteach ag na cúirteanna náisiúnta inniúla nó trí eadráin. Tá aighnis maidir leis na bearta a ghlacann comhlachtaí CEI faoi réir dhlínse Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Baineann an Prótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh (Prótacal Uimh. 7) le CEI, comhaltaí dá chomhlachtaí agus a fhoireann.

Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha

I gcomhpháirtíocht leis an gCoimisiún Eorpach, tá ról tábhachtach ag CEI agus BEI sa Phlean Infheistíochta don Eoraip le bunú an Chiste Eorpaigh le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS). Féachann CEIS, a seoladh sa bhliain 2015, le maoiniú príobháideach a ghríosadh d’infheistíochtaí straitéiseacha nach féidir a mhaoiniú ag an margadh ina aonair. Tá CEI freagrach as gníomhartha maoinithe a chur i bhfeidhm i bhfabhar FBManna agus cuideachtaí lárchaipitlithe (i.e. cuideachtaí le 250 go 3 000 fostaí) faoi Fhuinneog FBM de chuid CEIS.

CÚLRA

Bunaíodh CEI sa bhliain 1994 agus tá a cheanncheathrú i Lucsamburg.

GNÍOMH

Reachtanna an Chiste Eorpaigh Infheistíochta ceadaithe an 14 Meitheamh 1994 agus leasaithe an 19 Meitheamh 2000, an 30 Samhain 2007, an 8 Márta 2012 agus an 27 Bealtaine 2014 ag an gCruinniú Ginearálta (IO C 95, 21.3.2015, lgh. 22–31)

Nuashonraithe 19.10.2015

Top