Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Gníomhaíochtaí AE chun dópáil sa spórt a chomhrac

Gníomhaíochtaí AE chun dópáil sa spórt a chomhrac

 

ACHOIMRE AR:

Teachtaireacht (COM(99) 643 final — plean tacaíochta chun dópáil sa spórt a chomhrac

CAD IS AIDHM LEIS AN TEACHTAIREACHT?

Leagtar amach inti an ghníomhaíocht atá beartaithe agus a rinneadh chun dópáil sa spórt a chomhrac, lena n-áirítear úsáid a bhaint as ionstraimí an Aontais Eorpaigh (AE) (taighde, oideachas agus oiliúint, an óige, an comhar póilíneachta agus breithiúnach, sláinte phoiblí) agus comhordú na mbeart reachtach reatha.

PRÍOMHPHOINTÍ

Leagadh amach cur chuige trí shraith sa teachtaireacht chun dópáil sa spórt a chomhrac:

  • tuairimí saineolaithe a thabhairt le chéile maidir leis na gnéithe eiticiúla, dlíthiúla agus eolaíocha a bhaineann le dópáil;
  • rannchuidiú a thabhairt leis an gComhdháil Dhomhanda Fhrithdhópála 1999 a ullmhú agus leis an nGníomhaireacht Dhomhanda Fhrithdhópála (WADA) a chruthú;
  • ionstraimí AE a shlógadh chun na gníomhaíochtaí atá ar siúl cheana i dtíortha AE a chomhlánú agus gné AE a thabhairt dóibh, ag cur san áireamh an méadú atá ag teacht ar shoghluaisteacht lucht spóirt na hEorpa agus cumhachtaí AE i ndáil le dópáil.

An Grúpa Eorpach um Eitic

Thiomnaigh an Coimisiún Eorpach é féin do ghnéithe de thuairim an Ghrúpa Eorpaigh um Eitic san Eolaíocht agus sna Nuatheicneolaíochtaí (EGE) a chur san áireamh ina ghníomhaíochtaí agus ina bhreithnithe amach anseo. Leag an Grúpa seo na prionsabail eiticiúla ar cheart bearta AE a bhunú orthu:

  • cearta gach duine, an lucht spóirt agus daoine eile chun sábháilteachta agus sláinte;
  • prionsabal na sláine agus na trédhearcachta nach mór comhsheasmhacht na gcomórtas a chinntiú agus íomhá an spóirt go ginearálta a choimeád ar mhaithe leis;
  • ní mór aird faoi leith a thabhairt do na daoine is leochailí agus, go háirithe páistí, a mbíonn baint mhór acu leis an spórt ardleibhéil.

Ar bhonn na bprionsabal sin, mhol an Grúpa Eorpach um Eitic líon beart lena n-áirítear:

  • córas monatóireachta sláinte atá éifeachtach a bhunú do lúthchleasaithe, go háirithe sainseirbhís leighis, shíceolaíoch agus faisnéise;
  • treoir a ghlacadh maidir le lúthchleasaithe óga a chosaint, go háirithe iad siúd ar mian leo bheith ina lúthchleasaithe gairmiúla;
  • taighde maidir le sláinte lúthchleasaithe a spreagadh;
  • méadú ar an gcomhar póilíneachta agus breithiúnach;
  • coinníollacha a chuimsiú a bhaineann le dópáil agus a chosc i gconarthaí lúthchleasaithe.

Gníomhaireachtaí frithdhópála

  • Tá cosc ar dhópáil agus smachtbhannaí um dhópáil faoi fhreagracht eagraíochtaí spóirt agus thíortha AE.
  • Tacaíonn an Coimisiún leis an gcomhrac i gcoinne na dópála agus le ról WADA, eagraíochtaí frithdhópála, saotharlanna creidiúnaithe, an Chomhairle Eorpach agus UNESCO.
  • Chuir Sainghrúpa AE um fhrithdhópáil na chéad athbhreithnithe AE faoi bhráid Chód Domhanda Frithdhópála WADA in 2012.
  • D’oibrigh an Coimisiún le tíortha AE lena chinntiú go raibh na rialacha agus na nósanna imeachta uile atá nasctha le Cód úr Domhanda Frithdhópála 2015 ag cloí le dlí AE agus fís AE maidir le córas frithdhópála do lúthchleasaithe.

Ionstraimí AE

Tá dhá chineál gníomhaíochta ag baint le húsáid a bhaint as ionstraimí AE:

  • comhar níos fearr ar bhearta rialála;
  • slógadh chláir AE lenar féidir tacú le bearta dearfacha frithdhópála ar leibhéal na hEorpa.

Dírítear sna gníomhaíochtaí sin ar an méid seo a leanas:

  • iarrachtaí a dhianú chun substaintí dópála a shainaithint, modhanna braite, iarmhairtí sláinte na dópála agus dópáil mar fheiniméan socheacnamaíoch;
  • cláir oideachais, gairmoiliúna agus óige a shlógadh sna cláir um sheirbhís faisnéise agus oiliúna, ardú feasachta agus coisc;
  • úsáid iomlán a bhaint as cláir um chomhar póilíneachta agus breithiúnach;
  • faisnéis ar dhrugaí a neartú;
  • bearta maidir le beartas sláinte poiblí a fhorbairt.
  • I dteachtaireacht in 2011 ón gCoimisiún, spreagadh tíortha AE chun:
    • pleananna gníomhaíochtaí náisiúnta um fhrithdhópáil a raibh sé mar aidhm leo comhordú a chinntiú i measc na bpáirtithe ábhartha a ghlacadh agus a chomhroinnt;
    • leanúint leis an treocht reatha ar fud thíortha AE rialacha an dlí choiriúil i gcoinne trádáil i substaintí dópála ag gréasáin eagraithe a thabhairt isteach, nó na rialacha a bhí ann cheana a atreisiú.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún — Plean gníomhaíochta an Chomhphobail chun dópáil sa spórt a chomhrac (COM(99) 643 final, 1.12.1999)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — An Ghné Eorpach sa Spórt a Fhorbairt (COM(2011) 12 final, 18.1.2011)

Cinneadh 2013/304/AE ón gComhairle an 10 Meitheamh 2013 lena dtugtar údarú don Choimisiún Eorpach páirt a ghlacadh, thar ceann AE, sa chaibidlíocht maidir le Coinbhinsiún idirnáisiúnta de chuid na Comhairle Eorpaí chun mí-ionramháil torthaí spóirt a chomhrac cé is moite de chúrsaí a bhaineann le comhar i gcúrsaí coiriúla agus comhar póilíneachta (IO L 170, 22.6.2013, lgh. 62-65)

Rún ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile laistigh den Chomhairle, an 21 Bealtaine 2014 maidir le Plean Oibre an Aontais Eorpaigh don Spórt (2014-2017) (IO C 183, 14.6.2014, lgh. 12-17).

Rún ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile laistigh den Chomhairle, maidir le hionadaíocht Bhallstáit AE i mBord Forais WADA agus comhordú seasamh AE agus seasamh a Bhallstát roimh chruinnithe WADA (IO C 372 an 20.12.2011, lgh. 7-9)

Nuashonraithe 09.01.2017

Top