EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhaontú custam an AE-na hIndia

Comhaontú custam an AE-na hIndia

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 2004/633/CE ón gComhairle lena dtugtar chun críche comhaontú an AE agus na hIndia maidir le comhar custaim agus cúnamh riaracháin frithpháirteach i gcúrsaí custaim.

Comhaontú an AE agus na hIndia maidir le comhar custaim agus cúnamh riaracháin frithpháirteach i gcúrsaí custaim

CAD IS AIDHM LEIS NA GCINNEADH AGUS LEIS AN GCOMHAONTÚ?

  • Baineann an cinneadh le síniú an AE agus na hIndia de chomhaontú a bhfuil sé mar aidhm aige bearta custam a shimpliú agus taithí agus faisnéis i réimse na gcustam a chomhroinnt.
  • Is é is aidhm leis an g comhaontú gluaiseacht dhlisteanach earraí agus comhar éifeachtach a éascú idir na húdaráis riaracháin atá freagrach as reachtaíocht chustaim* a chur i bhfeidhm. Baintear é sin amach trí bhealaí cumarsáide a bhunú idir na húdaráis chustaim chun comhroinnt shlán thapa faisnéise a éascú. D’fhéadfaí an comhar lena bhforáiltear sa chomhaontú a mhéadú agus a fhorlíonadh le comhaontuithe ar earnálacha agus ar chúrsaí ar leith.

PRÍOMHPHOINTÍ

Comhar custaim

Glacann na páirtithe mar chúram orthu comhoibriú i leith custam a fhorbairt trí na nithe a leanas:

  • gluaiseacht dhlisteanach earraí a dhéanamh níos éasca agus faisnéis agus saineolas a bhaineann le teicnící agus nósanna imeachta custam agus córais ríomhairithe a mhalartú;
  • cúnamh teicniúil a chur ar fáil dá chéile;
  • pearsanra agus saineolas a mhalartú;

Cúnamh riaracháin frithpháirteach

  • Tugann na páirtithe faoi chabhrú lena chéile le feidhmiú ceart na reachtaíochta custaim a chinntiú. Leis an gcomhaontú, foráiltear do 2 chineál cúnaimh:
    • cúnamh ar iarratas: cuireann an t-údarás iarrtha* gach faisnéis ábhartha ar fáil don údarás is iarratasóir* le go mbeidh sé in ann a chinntiú go gcuirtear reachtaíocht chustaim i bhfeidhm i gceart agus na hoibríochtaí atá ag sárú na reachtaíochta a bhrath. D’fhéadfaí go mbainfidh an fhaisnéis le cionta ar nós doiciméid mhíchearta nó falsaithe a chur i láthair agus le rialtacht na nósanna imeachta onnmhairí agus allmhairí idir an dá pháirtí. Seans go n-iarrfar cúnamh freisin i gcás go mbíonn foras ann le creidiúint go bhfuil baint ag daoine aonair, áiteanna, earraí nó bealaí iompair le sárú reachtaíochta.
    • cúnamh spontáineach: cabhraíonn na páirtithe lena chéile má cheapann siad gur gá leo ionas go gcuirfí reachtaíocht chustaim i bhfeidhm i gceart. Go háirithe, comhroinneann siad lena chéile, as a stuaim féin, aon fhaisnéis a d’fhéadfadh cabhrú chun damáiste substaintiúil don gheilleagar, do shláinte an phobail nó do leasa ríthábhachtacha dá leithéid a sheachaint.

Gnéithe foirmiúla agus eisceachtaí maidir le cúnamh

  • Ní mór iarratais a dhéanamh i scríbhinn, ach amháin i gcásanna práinneacha nuair is féidir iarratais ó bhéal a dhéanamh, arna ndearbhú i scríbhinn ina dhiaidh sin. Ní foláir nó go mbíonn an méid a leanas in iarratais:
    • sonraí maidir leis an údarás custam is iarratasóir;
    • an beart arna iarraidh;
    • oibiacht agus cuspóir an iarratais;
    • na hionstraimí uile atá ceangailteach lena mbaineann;
    • sonraí na ndaoine atá ina n-ábhar den imscrúdú.
  • Féadfaidh an páirtí iarrtha diúltú do chúnamh a sholáthar dá mbeadh dóchúlacht ann go mbeadh sé ina thoradh ar sholáthar an chúnaimh go ndéanfaí dochar do cheannas, beartas poiblí, slándáil nó do leas ríthábhachtach eile ceann de na páirtithe. Féadfar an oibleagáid chun cúnamh a sholáthar a tharscaoileadh freisin i gcás go sáródh sé rún tionsclaíoch, tráchtála nó gairmiúil. Féadfar an oibleagáid chun cúnamh a sholáthar a chur ar ceal freisin ar an bhforas go gcuireann sé isteach ar imscrúdú, ar ionchúiseamh nó ar imeacht reatha.
  • clásail rúndachta sa chomhaontú maidir leis an bhfaisnéis a sholáthraítear, a chlúdaítear le hoibleagáid na rúndachta gairmiúla. Tugtar ardleibhéal cosanta do shonraí pearsanta.
  • Déantar foráil sa chomhaontú le haghaidh Comhchoiste um Comhoibriú Custam a bhunú trína ndéantar maoirseacht ar fheidhmiú an chomhaontaithe agus a dhéanann imscrúdú ar shaincheisteanna uile a eascraíonn óna chur i bhfeidhm.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?

Tá an cinneadh i bhfeidhm ón 30 Márta 2004. Tháinig an comhaontú i bhfeidhm an 1 Samhain 2004.

AN CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Reachtaíocht chustaim: san AE, áirítear na rialacha uile léi lena rialaítear allmhairiú, onnmhairiú agus iompar earraí agus iad a chur faoi aon nós imeachta custam, lena n-áirítear bearta toirmisc, srianta agus rialaithe.
An t-údarás iarrtha: an t-údarás custam inniúil a fhaigheann iarratas ar chúnamh.
An t-údarás is iarratasóir: an t-údarás custam inniúil a dhéanann an t-iarratas ar chúnamh.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Cinneadh 2004/633/CE ón gComhairle an 30 Márta 2004 maidir le Comhaontú a chur i gcrích idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na hIndia maidir le comhar custaim agus cúnamh riaracháin frithpháirteach i dtaca le cúrsaí custaim (IO L 304, 30.9.2004, lch 24)

Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na hIndia maidir le comhar custaim agus cúnamh riaracháin frithpháirteach i dtaca le cúrsaí custaim (IO L 304, 30.9.2004, lgh 25-31)

Nuashonraithe 07.11.2017

Top