EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Dramhaíl ó thionscail eastóscacha a bhainistiú

Dramhaíl ó thionscail eastóscacha a bhainistiú

Chuir an tAontas Eorpach (AE) bearta i bhfeidhm chun na héifeachtaí díobhálacha don chomhshaol agus don tsláinte a chosc nó a laghdú, a bhaineann le dramhaíl ó thionscail eastóscacha a bhainistiú.

GNÍOMH

Treoir 2006/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le dramhaíl ó thionscail eastóscacha a bhainistiú agus lena leasaítear Treoir 2004/35/CE - Ráiteas ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún

ACHOIMRE

Chuir an tAontas Eorpach (AE) bearta i bhfeidhm chun na héifeachtaí díobhálacha don chomhshaol agus don tsláinte a chosc nó a laghdú, a bhaineann le dramhaíl ó thionscail eastóscacha a bhainistiú.

CÉARD A DHÉANANN AN TREOIR SEO?

Cuirtear bearta i bhfeidhm faoin Treoir 2006/21/CE chun an dramhaíl a bhainistiú go sábháilte, dramhaíl a bhaineann le heastóscadh, le cóireáil agus le stóráil acmhainní mianracha, agus le hoibriú na gcairéal.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ní mór d’oibreoir saoráide cead a fháil chun saoráid dramhaíola don tionscal eastóscach a reáchtáil. Leagtar rialacha síos sa treoir, maidir le ceadanna a thabhairt d’oibreoirí, le haghaidh na n-údarás a ainmnítear ag tíortha AE.

Ní mór do na húdaráis bearta a dhéanamh nuair a thógtar saoráid nua nó nuair a athraítear na gnéithe seo a leanas maidir le saoráid reatha:

  • suíomh;
  • cobhsaíocht fhisiciúil;
  • cosc ar thruailliú ithreach, aeir agus uisce;
  • monatóireacht agus iniúchadh;
  • an tsaoráid a dhúnadh, athshlánú na talún agus an tréimhse i ndiaidh don tsaoráid a dhúnadh.

Saoráidí dramhaíola de chatagóir A*

Ní mór d’oibreoirí saoráidí de chatagóir A (lena mbaineann rioscaí áirithe sláinte agus comhshaoil) na rudaí seo a leanas a dhréachtú:

  • polasaí maidir le cosc ar thionóiscí agus córas bainistíochta dramhaíola;
  • plean inmheánach éigeandála ina shonraítear na bearta atá le glacadh ar an láithreán i gcás tionóisce.

Tugtar sainmhíniú breise ar na critéir aicmithe le haghaidh saoráidí de chatagóir A i gCinneadh 2009/337/CE.

Ní mór do na húdaráis náisiúnta pleananna seachtracha éigeandála a dhréachtú ina sonraítear na bearta atá le glacadh lasmuigh den láithreán i gcás tionóisce.

Ní mór do na hoibreoirí ráthaíocht airgeadais a thabhairt chun a chinntiú go bhfuil ceanglais na treorach cumhdaithe sula gcuirfear tús le hoibríochtaí. Chomh maith leis sin, ní mór dóibh a chinntiú go bhfuil dóthain cistiúcháin ar fáil chun an láithreán a athchóiriú i ndiaidh don tsaoráid a dhúnadh.

Sainmhínítear i gCinneadh 2009/335/CE na treoirlínte teicniúla maidir le ráthaíochtaí airgeadais a chur ar bun.

Bainistíocht dramhaíola

Ní mór d’oibreoirí plean bainistíochta dramhaíolaa dhréachtú a dhéanann giniúint dramhaíola a chosc nó a laghdú, agus a spreagann aisghabháil dramhaíola agus diúscairt shábháilte dramhaíola. Ní mór do na húdaráis athbhreithniú a dhéanamh ar an bplean sin gach 5 bliana.

Ní mór do na rudaí seo a leanas a bheith curtha san áireamh sa phlean:

  • cur síos ar an dramhaíl agus ar thréithriú na dramhaíola (.i. gnéithe ceimiceacha, fisiceacha agus geolaíocha na dramhaíola). Tugtar tuilleadh sonraí i gCinneadh 2009/360/CE faoi na ceanglais theicniúla le haghaidh thréithriú na dramhaíola, atá leagtha síos in Iarscríbhinn II den treoir. Ina theannta sin, comhlánaítear sainmhíniú ar an dramhaíl thámhach i gCinneadh 2009/359/CE;
  • cur síos ar na substaintí a úsáidtear chun acmhainní mianracha a phróiseáil agus cur síos ar na modhanna a úsáidtear chun an dramhaíl a iompar agus a phróiseáil;
  • nósanna imeachta rialaithe agus monatóireachta;
  • bearta maidir leis an tsaoráid a dhúnadh agus le faireachán a dhéanamh uirthi ina dhiaidh sin;
  • bearta coisctheacha don truailliú uisce agus don truailliú ithreach.

Ní mór do na húdaráis a chinntiú go bhfuil bearta curtha i bhfeidhm ag na hoibreoirí chun éilliú uisce agus ithreach a chosc, go háirithe trí:

  • ghiniúint láisteáite (.i. aon leacht a shíothlaíonn tríd an dramhaíl, siltean truaillithe san áireamh) a mheas agus a chosc, ionas nach ndéanfar an t-uisce dromchla agus an screamhuisce a éilliú le dramhaíl;
  • uisce éillithe agus láisteáit a bhailiú agus a chóireáil ionas go ndéanfar iad a sceitheadh.

Maidir le húsáid ciainíde in eastóscadh mianraí, cuirtear bearta i bhfeidhm faoin treoir seo a bhfuil mar chuspóir acu tiúchan na ciainíde i linnte fuíll* agus sa dramhuisce a theorannú.

Iniúchtaí agus tuarascálacha

Ní mór do na húdaráis iniúchadh a dhéanamh ar shaoráidí dramhaíola go rialta, i ndiaidh dóibh a dhúnadh freisin. Ní mór d’oibreoirí taifid atá cothrom le dáta a choimeád de na hoibríochtaí uile agus na taifid sin a chur ar fáil lena n-iniúchadh ag na húdaráis. Gach 3 bliana, bíonn ar na tíortha AE tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm na treorach a sheoladh chuig an gCoimisiún Eorpach.

CATHAIN A MBEIDH FEIDHM AG AN TREOIR SEO?

Ón 1 Bealtaine, 2006 ar aghaidh.

EOCHAIRTHÉARMAÍ

* Saoráidí dramhaíola de chatagóir A: aicmítear saoráid dramhaíola mar shaoráid dramhaíola de chatagóir A sna cásanna seo a leanas:

  • d’fhéadfadh go dtarlódh mórthionóisc mar gheall ar theip nó ar fheidhmiú mícheart, m.sh. d’fhéadfadh carn titim anuas nó d’fhéadfadh damba briseadh, bunaithe ar mheasúnú riosca, measúnú riosca ina gcuirtear na tosca seo a leanas san áireamh: méid reatha nó méid thodhchaíoch na saoráide, suíomh na saoráide agus tionchar comhshaoil na saoráide; nó
  • dramhaíl ghuaiseach (os cionn tairsí áirithe) sa saoráid; nó
  • substaintí nó ullmhúcháin sa saoráid atá contúirteach (os cionn tairsí áirithe).

* Linnte fuíll: is éard is fuíll ann ná smionagar agus eisiltigh (cuid díobh ceimiceach, amhail ciainíd) ón bpróiseas mianadóireachta. Is minic a sheoltar na fuíll chuig linnte chun dríodrú a dhéanamh orthu agus chun na solaid éagsúla a dheighilt ón uisce.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 2006/21/CE

1.5.2006

-

IO L 102, 11.4.2006, lgh. 15-34

Gníomh leasaitheach

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (CE) Uimh. 596/2009

7.8.2009

-

IO L 188, 18.7.2009, lgh. 14-92

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Cinneadh 2009/335/CE ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2009 maidir le treoracha teicniúla chun an ráthaíocht airgeadais a chur ar bun i gcomhréir le Treoir 2006/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dramhaíl ó thionscail eastóscacha a bhainistiú (IO L 101, 21.4.2009, lch. 25-25)

Cinneadh 2009/337/CE ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2009 maidir le sainmhíniú ar na critéir le haghaidh aicmiú saoráidí dramhaíola i gcomhréir le hIarscríbhinn III den Treoir 2006/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dramhaíl ó thionscail eastóscacha a bhainistiú (IO L 102, 22.4.2009, lgh. 7-11)

Cinneadh 2009/358/CE ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2009 maidir le comhchuibhiú, le tarchur rialta na faisnéise agus leis an gceistneoir dá dtagraítear in Airteagail 22(1)(a) agus 18 den Treoir 2006/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dramhaíl ó thionscail eastóscacha a bhainistiú (IO L 110, 1.5.2009, lgh. 39-45)

Cinneadh 2009/359/CE ón gCoimisiún an 30 Aibreán 2009 lena gcomhlánaítear sainmhíniú ar an dramhaíl thámh i bhfeidhmiú Airteagail 22(1)(f) den Treoir 2006/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dramhaíl ó thionscail eastóscacha a bhainistiú (IO L 110, 1.5.2009, lgh. 46-47)

Cinneadh 2009/360/CE ón gCoimisiún an 30 Aibreán 2009 lena gcomhlánaítear na ceanglais theicniúla don tréithriú dramhaíola a leagtar síos i dTreoir 2006/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dramhaíl ó thionscail eastóscacha a bhainistiú (IO L 110, 1.5.2009, lgh. 48-51)

Nuashonraithe 09.09.2015

Top