EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Coinbhinsiún Basel maidir le rialú gluaiseachtaí trasteorann dramhaíolacha guaiseacha agus á ndiúscairt

Coinbhinsiún Basel maidir le rialú gluaiseachtaí trasteorann dramhaíolacha guaiseacha agus á ndiúscairt

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 93/98/CEE — formheas Choinbhinsiún Basel ag an gComhphobal Eorpach

Coinbhinsiún Basel maidir le rialú gluaiseachtaí trasteorann dramhaíolacha guaiseacha agus á ndiúscairt

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH AGUS LEIS AN GCOINBHINSIÚN?

Leis an gcinneadh, formheastar Coinbhinsiún Basel ar son Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (an AE anois).

Is é an coinbhinsiún an comhaontú domhanda comhshaoil is cuimsithí maidir le dramhaíolacha guaiseacha agus dramhaíolacha eile. An aidhm atá aige ná sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint ón drochthionchair a bhíonn ann mar thoradh ar ghiniúint, gluaiseacht trasteorann (ag trasnú teorainneacha) agus bainistiú dramhaíolacha guaiseacha agus dramhaíolacha eile.

Rialaíonn an coinbhinsiún gluaiseachtaí trasteorann na ndramhaíolacha guaiseacha agus na ndramhaíolacha eile agus ceanglaítear ar a pháirtithe a chinntiú go mbainistíonn agus go ndiúscraíonn siad a leithéid de dhramhaíolacha ar bhealach atá slán ó thaobh an chomhshaoil de.

Ina theannta sin, tá na páirtithe tiomanta dóibh seo a leanas:

  • méid na dramhaíola a iompraítear a íoslaghdú;
  • dramhaíolacha a chóireáil agus a dhiúscairt chomh gar agus is féidir lena n–áit giniúna;
  • giniúint na ndramhaíolacha a chosc nó a íoslaghdú ag an bhfoinse.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

Tá ocht iarscríbhinn leis an gcoinbhinsiún:

  • Iarscríbhinn I: Catagóirí na ndramhaíolacha atá le rialú — ó dhramhaíolacha cliniciúla go dramhaíolacha a thagann ó thuaslagóirí orgánacha a tháirgeadh, a fhoirmliú agus a úsáid;
  • Iarscríbhinn II: Catagóirí dramhaíolacha a bhfuil machnamh speisialta de dhíth leo — dramhaíolacha a bhailítear ó theaghlaigh agus fuíll a thagann ó dhramhaíolacha teaghlaigh a loscadh;
  • Iarscríbhinn III: Liosta na dtréithe guaiseacha — mar shampla, an bhfuil siad pléascach, an leachtanna nó solaid inlasta iad, an bhfuil baol uathdhó leo, an bhfuil siad creimneach nó éiceathocsaineach (baolach don chomhshaol);
  • Iarscríbhinn IV: Liosta na n–oibríochtaí diúscartha* feidhmiú;
  • Iarscríbhinn V A: An fhaisnéis atá le cur ar fáil ar fhógra;
  • Iarscríbhinn V B: An fhaisnéis atá le cur ar fáil ar an doiciméad gluaiseachta;
  • Iarscríbhinn VI: Eadráin;
  • Iarscríbhinn VII: (Níl sí i bhfeidhm);
  • Iarscríbhinn VIII: Liosta dramhaíolacha.

Oibleagáidí ginearálta an choinbhinsiúin

Comhaontaíonn páirtithe a leanas:

  • gan dramhaíolacha guaiseacha nó dramhaíolacha eile a easpórtáil (nó a iompórtáil) chuig (nó ó) stát neamhshínitheach;
  • gan dramhaíl a easpórtáil mura bhfuil réamhthoiliú i scríbhinn tugtha ag an stát iompórtála don iompórtáil shonrach;
  • faisnéis a chur in iúl faoi ghluaiseachtaí beartaithe idirnáisiúnta chuig na stáit lena mbaineann le foirm fógra; ligfidh sin dóibh tionchar na dramhaíola guaisí nó na ndramhaíolacha eile ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol a mheas;
  • gan gluaiseachtaí idirnáisiúnta a cheadú do dhramhaíolacha ach amháin mura bhfuil baol ar bith ag baint lena ngluaiseacht agus lena ndiúscairt;
  • na dramhaíolacha a ghluaistear de réir rialacha idirnáisiúnta a phacáistiú, a lipéadú agus a iompair, agus a chinntiú go bhfuil doiciméad gluaiseachta in éineacht leo ón bpointe ar thosaigh an ghluaiseacht go dtí an pointe diúscartha.

Is féidir le páirtí ar bith riachtanais bhreise a fhorchur atá i gcomhréir leis an gcoinbhinsiún.

Nósanna imeachta fógra

Leis an gcoinbhinsiún, tugtar isteach nósanna imeachta fógra maidir le:

  • gluaiseachtaí idirnáisiúnta idir páirtithe;
  • gluaiseachtaí idirnáisiúnta ó pháirtí trí chríocha stáit neamhshínitheacha.

Loingsithe neamhdhleathacha

I gcás go n–easpórtáiltear dramhaíolacha go neamhdhleathach, ní mór do pháirtithe an choinbhinsiún iad a ath-iompórtáil.

Bainistíocht atá fónta ó thaobh an chomhshaoil

Comhaontaíonn páirtithe go n–oibreoidh siad le chéile ar chleachtais atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de maidir le dramhaíolacha guaiseacha agus dramhaíolacha eile a bhainistiú.

Réiteach díospóidí

Ba chóir do pháirtithe aon easaontais a réiteach trí idirbheartaíocht nó trí aon mhodh síochánta eile a thaithníonn leo. Mura dtagtar ar réiteach, cuirtear an díospóid faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta nó faoi bhráid binse eadrána ina bhfuil trí pháirtí.

Rúnaíocht

Éascaíonn rúnaíocht comhoibriú agus comhroinnt faisnéise idir na páirtithe.

Fothú acmhainní

Cuireann ionaid réigiúnacha nó fhoréigiúnacha ar fud an domhain oiliúint agus fothú acmhainní ar fáil.

Reachtaíocht chur chun feidhme

Ionchorpraíodh an coinbhinsiún i ndlí an AE le Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 agus lena leasuithe ina dhiaidh sin.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH AGUS AN CHOINBHINSIÚIN?

Tá an cinneadh i bhfeidhm ón 1 Feabhra 1993. Tá an coinbhinsiún i bhfeidhm ón 8 Bealtaine 1994.

AN CÚLRA

Is páirtí é an AE, mar aon le tíortha an AE, don choinbhinsiún. Daingníodh an leasú toirmisc ag an AE a chuireann cosc ar easpórtálacha dramhaíolacha chuig tíortha nach comhaltaí de chuid ECFE iad, cé nach bhfuil an leasú sin i bhfeidhm go hidirnáisiúnta fós.

Caibidlíodh an coinbhinsiún faoi choimirce Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe agus glacadh é in 1989.

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Diúscairt: áirítear oibríochtaí a bhfuil diúscairt chríochnaitheach mar thoradh orthu agus oibríochtaí lena bhféadfaí athshlánú acmhainne, athchúrsáil, athúsáid dhíreach nó úsáidí malartacha a bheith mar thoradh orthu.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Cinneadh 93/98/CE ón gComhairle an 1 Feabhra 1993 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail, an Choinbhinsiúin maidir le rialú gluaiseachtaí trasteorann dramhaíolacha guaiseacha agus a ndiúscairt (IO L 39, 16.2.1993, lgh. 1-2)

Coinbhinsiún Basel maidir le rialú gluaiseachtaí trasteorann dramhaíolacha guaiseacha agus a ndiúscairt (IO L 39, 16.2.1993, lgh. 3-22)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le loingsiú dramhaíola (IO L 190, 12.7.2006, lgh. 1-98)

Ionchorpraíodh na leasuithe leantacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 15.03.2018

Top