This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Elimination of double taxation (arbitration)
Cánachas dúbailte a dhíchur (eadráin)
Cánachas dúbailte a dhíchur (eadráin)
Tugtar isteach leis an gcoinbhinsiún idir-rialtasach seo, ar a dtugtar an coinbhinsiún eadrána freisin, nós imeachta chun cánachas dúbailte a dhíchur i gcásanna sonracha. Mar shampla, i gcás go ngearrann níos mó ná tír amháin AE cáin ar bhrainsí cuideachtaí ilnáisiúnta (cuideachtaí comhlachaithe) atá bunaithe i dtíortha éagsúla AE mar thoradh ar choigeartú suas ina bhrabúis i dtír eile AE.
Nuair a thagann cánachas dúbailte chun cinn, féadfaidh an chuideachta lena mbaineann a cás a chur i láthair na n–údarás cánach lena mbaineann; murar féidir leis na húdaráis sin an fhadhb a réiteach go sásúil, féachfaidh siad teacht ar chomhaontú frithpháirteach le húdaráis thír AE ina ngearrtar cáin ar an ngnóthas comhlachaithe.
Murar féidir leis na húdaráis sa 2 thír AE teacht ar chomhaontú, cuirfidh siad an cás i láthair coimisiún comhairleach, agus molfaidh seisean bealach chun an díospóid a réiteach.
Cé go bhféadfadh na húdaráis chánach réiteach a ghlacadh ina dhiaidh sin, trí chomhaontú frithpháirteach, a bheadh difriúil ón gceann a mholfadh an coimisiún comhairleacha, tá sé de cheangal orthu comhairle an choimisiúin a ghlacadh murar féidir leo teacht ar chomhaontú. Tá an coimisiún comhdhéanta de chathaoirleach, 2 ionadaithe ó gach ceann de na húdaráis chánach lena mbaineann, agus líon cothrom de chomhaltaí neamhspleácha.
Síníodh an coinbhinsiún an 23 Iúil 1990 agus tháinig sé i bhfeidhm ón 1 Eanáir 1995 go dtí an 31 Nollaig 1999 (ar feadh tréimhse 5 bliana). An 25 Bealtaine 1999, ghlac an Chomhairle prótacal lenar leasaíodh an coinbhinsiún; á shíniú ar feadh tréimhsí breise 5 bliana ag an am.
Cód iompair
Dhréachtaigh Fóram Comhpháirteach an Aontais Eorpaigh maidir le Praghsáil Aistrithe cód iompair le haghaidh chur chun feidhme éifeachtach an choinbhinsiún agus glacadh é in 2006. Tugann Fóram Comhpháirteach an Aontais Eorpaigh maidir le Praghsáil Aistrithe, a bunaíodh in 2002, cúnamh agus comhairle don Choimisiún Eorpach maidir le ceisteanna faoi phraghsáil aistrithe*. Glacadh cód iompair leasaithe in 2009. Soiléirítear leis an gcód iompair gnéithe lena n–áirítear:
Síneadh an choinbhinsiúin chuig tíortha nua AE
Le himeacht ama, agus de réir mar a tháinig méadú ar líon na dtíortha a bhí ina mbaill den AE, síneadh an coinbhinsiún chucu trí bhíthin na n ionstraimí dlíthiúla seo a leanas:
Treoir (AE) 2017/1852 ón gComhairle
I nDeireadh Fómhair 2017, ghlac an Chomhairle Treoir (AE) 2017/1852 maidir le sásraí um réiteach díospóidí cánach in AE a fhorbraítear ar an gcoinbhinsiún eadrána. Tá raon feidhme na treorach níos leithne ná an coinbhinsiún agus beidh feidhm aici maidir le gach cáiníocóir faoi réir cánacha ar ioncam agus ar chaipiteal atá cumhdaithe faoi chonartha déthaobhacha cánach agus faoin gcoinbhinsiún eadrána. Le himeacht ama, d’fhéadfaí úsáid as an gcoinbhinsiún eadrána a laghdú, agus buntáistí na treorach ina n–éilítear go mbainfear an cánachas dúbailte á gcur san áireamh.
Tá feidhm leis ón 1 Eanáir 1995.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
Coinbhinsiún maidir le cánachas dúbailte a dhíchur maidir le haistrithe brabús idir gnóthais chomhlachaithe a choigeartú (IO L 225, 20.8.1990, lgh. 10-24)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar an gcoinbhinsiún a chorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Treoir (AE) 2017/1852 ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2017 maidir le sásraí réitigh díospóidí maidir le cáin (IO L 265, 14.10.2017, lgh. 1-14)
Cód Iompair Leasaithe le haghaidh chur chun feidhme éifeachtach an choinbhinsiúin maidir le cánachas dúbailte a dhíchur i ndáil le brabúis gnóthas comhlachaithe a choigeartú (IO C 322, 30.12.2009, lgh. 1-10)
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Fóram Comhpháirteach an Aontais Eorpaigh maidir le Praghsáil Aistrithe sa réimse maidir le nósanna imeachta um sheachaint agus réiteach díospóidí agus maidir leis na Treoirlínte le haghaidh Réamh-chomhaontuithe Praghsála laistigh de AE (COM(2007) 71 críochnaitheach, 26.2.2007)
Rún ón gComhairle agus ó ionadaithe rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh laistigh den Chomhairle, an 27 Meitheamh 2006 maidir le cód iompair i ndáil le doiciméadacht phraghsála aistrithe le haghaidh gnóthais chomhlachaithe in AE (DPA AE) (IO C 176, 28.7.2006, lgh. 1-7)
Cód iompair leasaithe le haghaidh chur chun feidhme éifeachtach an choinbhinsiúin maidir le cánachas dúbailte a dhíchur i ndáil le brabúis gnóthas comhlachaithe a choigeartú (IO C 176, 28.7.2006, lgh. 8-12)
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le hobair Fhóram Comhpháirteach an Aontais Eorpaigh maidir le Praghsáil Aistrithe ar dhoiciméadacht phraghsála aistrithe le haghaidh gnóthais chomhlachaithe in AE (COM(2005) 543 críochnaitheach, 7.11.2005)
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le hobair Fhóram Comhpháirteach an Aontais Eorpaigh maidir le Praghsáil Aistrithe sa réimse um chánachas gnó ó Dheireadh Fómhair 2002 go dtí mí na Nollag 2003 agus maidir le togra le haghaidh Cód Iompair le haghaidh chur chun feidhme éifeachtach an Choinbhinsiún Eadrána (90/436/CEE an 23 Iúil 1990) (COM(2004) 297 críochnaitheach, 23.4.2004)
Nuashonraithe 14.12.2017