Cuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite banc agus institiúidí airgeadais eile
ACHOIMRE AR:
Treoir 86/635/CEE maidir le cuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite banc agus institiúidí airgeadais eile
CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?
Féachtar léi le formáid agus ábhair na gcuntas bliantúil a chomhchuibhiú, lena n-áirítear cuntais chomhdhlúite*, na n-institiúidí airgeadais uile laistigh den Aontas Eorpach (AE).
PRÍOMHPHOINTÍ
-
Tá feidhm ag an treoir maidir le formhór na n-institiúidí creidmheasa (e.g. bainc) agus institiúidí airgeadais eile, le cúpla eisceacht amhail iad seo a leanas:
-
An Ghréig: ETEBA (an Banc Náisiúnta Infheistíochta d’Fhorbairt Tionscail);
-
Éire: cumainn tionscail agus choigiltis*;
-
An Ríocht Aontaithe (1): cara-chumainn* agus cumainn tionscail agus choigiltis.
-
Leagan amach caighdeánach an chláir chomhardaithe: léirítear sócmhainní agus dliteanais in ord íslitheach leachtachta.
-
Tá rialacha speisialta ann maidir le míreanna áirithe ar an gclár comhardaithe amhail airgead tirim ar láimh, billí státchiste, iasachtaí agus réamhíocaíochtaí le hinstitiúidí creidmheasa, méideanna atá dlite d’institiúidí creidmheasa, etc.
-
Tá 2 leagan amach chaighdeánacha ann do chuntas brabúis agus caillteanais: leagan amach ceartingearach agus leagan amach cothrománach.
-
Tá rialacha speisialta ann le haghaidh míreanna áirithe sa chuntas brabúis agus caillteanais amhail ús infhála, ioncam ó urrúis, glanbhrabús nó glanchaillteanas ar oibríochtaí airgeadais, etc.
-
Tá rialacha luachála ann maidir le sócmhainní, sócmhainní seasta airgeadais, urrúis arna sealbhú ag institiúidí creidmheasa, urrúis inaistrithe, iasachtaí agus réamhíocaíochtaí, urrúis toraidh athraithigh*, agus sócmhainní agus dliteanais atá ainmnithe in airgeadra eachtrach.
-
Tá liosta mionsonraithe ann d’ábhair riachtanacha na nótaí ar na cuntais.
-
Tá rialacha ar leith ann i dtaca le cuntais chomhdhlúite a dhréachtú.
-
Tá foilsiú cuntas bliantúil leagtha síos leis an dlí náisiúnta. Sa chás nach bhfoilsítear an tuarascáil bhliantúil, ní mór cóipeanna a chur ar fáil ag praghas nach mó é ná a gcostas riaracháin.
-
Tá lamháltais speisialta ann do bhainc taisce phoiblí. Mar shampla, sa chás go gcoimeádtar iniúchóireacht reachtúil do chomhlacht maoirseachta reatha, ní theastaíonn iniúchadh ar leith.
-
Tá sé mar aidhm le Treoir 2006/43/CE feabhas a chur ar inchreidteacht faisnéise airgeadais agus méadú a dhéanamh ar chosaint AE i gcoinne scannal airgeadais. Tá rialacha inti, i measc nithe eile, ar an gceanglas maidir le dearbhú cáilíochta seachtrach (e.g. ní mór don dearbhú cáilíochta seo a bheith neamhspleách ó na hiniúchóirí reachtúla agus ó ghnóthais iniúchóireachta athbhreithnithe agus faoi réir formhaoirseacht phoiblí), úsáid na gcaighdeán idirnáisiúnta, dualgais na n-iniúchóirí reachtúla agus na prionsabail maidir le neamhspleáchas iniúchóirí.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?
Tá sí í bhfeidhm ón 23 Nollaig 1986. Bhí sí le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 31 Nollaig 1990.
* PRÍOMHTHÉARMAÍ
Cuntais chomhdhlúite: sa chás ina bhfuil cuntais grúpa cuideachtaí ina gcuimsítear an mháthairchuideachta agus a fochuideachtaí comhcheangailte.
Cumainn tionscail agus choigiltis: in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe (
1), cineál cumainn fhrithpháirtigh, ar eintiteas dlíthiúil é agus atá faoi úinéireacht a bhall, a reáchtáiltear mar chomharchumann nó chun sochair an phobail.
Cara-chumainn: sa Ríocht Aontaithe (
1), cineál cumainn fhrithpháirtigh a sholáthraíonn sochair dá bhaill amhail árachas saoil agus a sholáthraíonn fóirithint nó liúntas cothaithe le linn breoiteachta, dífhostaíochta agus scoir.
Urrúis toraidh athraithigh: urrúis lena bhfaigheann a n-úinéirí ioncam a d’fhéadfadh athrú le himeacht ama.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Treoir 86/635/CEE ón gComhairle an 8 Nollaig 1986 maidir le cuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite banc agus institiúidí airgeadais eile (IO L 372, 31.12.1986, lgh. 1–17)
Rinneadh leasuithe leantacha ar Threoir 86/635/CEE a chorprú sa bhuntéacs. Is chun críche faisnéise atá an leagan comhdhlúite seo amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Treoir 2006/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 lena leasaítear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle maidir le cineálacha áirithe cuideachtaí, Treoir 83/349/CEE ón gComhairle maidir le cuntais chomhdhlúite, Treoir 86/635/CEE ón gComhairle maidir le cuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite banc agus institiúidí airgeadais eile agus Treoir 91/674/CEE ón gComhairle maidir le cuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite gnóthas árachais (IO L 224, 16.8.2006, lgh. 1–7)
Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite, lena leasaítear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (IO L 157, 9.6.2006, lgh. 87–107)
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 19.09.2016