This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Internal market in gas
An margadh inmheánach sa ghás
An margadh inmheánach sa ghás
Treoir 2009/73/CE maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha
Rialacha maidir le heagrú na hearnála
Dírítear na rialacha sin ar mhargadh atá iomaíoch, slán agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de sa ghás nádúrtha a chruthú.
Féadfaidh tíortha AE oibleagáidí seirbhíse poiblí a fhorchur ar chuideachtaí gáis, faoina gcumhdaítear an méid seo a leanas:
Ní mór do thíortha AE an méid seo a leanas a áirithiú:
Tá tíortha AE freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar shlándáil an tsoláthair agus go sonrach:
Féadfar comhar réigiúnach nó idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm chun slándáil an tsoláthair a áirithiú.
Ní mór do thíortha AE comhtháthú na margaí náisiúnta a áirithiú ar leibhéal réigiúnach amháin nó níos mó, mar chéad chéim i dtreo comhtháthú margaidh inmheánaigh a bheidh léirscaoilte go hiomlán. Ní mór na córais leithlisithe ar “oileáin gháis” iad a chomhtháthú chomh maith. Sa chomhthéacs sin, ní mór do na húdaráis náisiúnta rialála comhoibriú leis an nGníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh.
Tarchur, stóráil agus GNL
Díchuachadh* agus trédhearcacht na gcuntas
Ón 3 Márta 2012, bhí ar thíortha AE córais tarchurtha agus oibreoirí córais tarchurtha a dhíchuachadh. Ciallaíonn sé sin nach féidir le cuideachtaí atá gníomhach i dtáirgeadh nó i soláthair gáis nó leictreachais cearta ar bith a fheidhmiú thar oibreoir córais tarchurtha, nó vice versa.
Tá ceart rochtana ag tíortha AE agus ag na húdaráis inniúla ar chuntais na gcuideachtaí gáis nádúrtha ach ní mór dóibh rúndacht faisnéise áirithe a chaomhnú. Ní mó do chuideachtaí gáis nádúrtha cuntais ar leith a choinneáil dá ngníomhaíochtaí ar fad i dtaca le soláthar gáis, amhail tarchur agus dáileadh.
Ainmniú na n–oibreoirí córais tarchurtha
Ní mór cuideachta a dheimhniú ar dtús sula ndéanfar é a ainmniú go hoifigiúil ina hoibreoir córais tarchurtha. Foilsítear liosta d’oibreoirí córais tarchurtha arna n–ainmniú ag tíortha AE in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ansin.
Lena chois sin agus, nuair is infheidhme, ní mór do thíortha AE oibreoir córais stórála nó GNL amháin nó níos mó a ainmniú.
Sainchúraimí na n–oibreoirí córais tarchurtha
Tá oibreoirí córais freagrach as an méid seo a leanas:
Ní mór d’oibreoirí córais tarchurtha cumas trasteorann dóthanach a fhorbairt chun an bonneagar tarchurtha Eorpach a chomhtháthú. Gach bliain, ní mór dóibh plean forbartha líonra 10 mbliana a chur faoi bhráid an údaráis rialála ina léirítear an príomhbhonneagar a chaithfear a thógáil nó a chothabháil mar aon leis na hinfheistíochtaí atá le comhlíonadh sna 10 mbliana atá le teacht.
Dáileadh agus soláthar
Ní mór do thíortha AE oibreoirí córais dáileacháin a ainmniú, nó a cheangal ar chuideachtaí ar leo na córais dáileacháin nó atá freagrach astu é sin a dhéanamh.
Tá oibreoirí córais dáileacháin freagrach go príomha as an méid seo a leanas:
Ní foláir nó go mbeidh an t–oibreoir córais dáileacháin neamhspleách i gcomhthéacs gníomhaíochtaí eile nach mbaineann le dáileadh.
Rochtain ar an gcóras a eagrú
Tá tíortha AE nó na húdaráis rialála inniúla freagrach as córas um rochtain tríú páirtí neamh-idirdhealaitheach ar chórais tarchurtha agus dáileacháin a eagrú bunaithe ar tharaifí foilsithe. Ní mór dóibh a áirithiú go mbeidh rochtain ag custaiméirí incháilithe ar líonraí píblínte réamhtheachtacha. Lena chois sin, ní mór dóibh na coinníollacha maidir le rochtain ar shaoráidí stórála agus ar mhéid an gháis sa phíblíne (stóráil gháis trí chomhbhrú i gcórais tarchurtha agus dáileacháin gáis) a shainiú.
Rialacha breise don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha
Le Treoir (AE) 2019/692 féachtar le dul i ngleic le baic ar chur chomhlánú an mhargaidh inmheánaigh sa ghás nádúrtha a bhíonn mar thoradh ar neamhchur i bhfeidhm rialacha margaidh AE maidir le línte tarchurtha gáis chuig tíortha neamh-AE agus uathu. Tá sé beartaithe leis na leasuithe arna dtabhairt isteach leis an treoir seo a áirithiú go bhfuil na rialacha is infheidhme maidir le línte tarchurtha gáis lena gceanglaítear dhá thír AE nó níos mó infheidhme chomh maith, laistigh de AE, maidir le línte tarchurtha gáis chuig tíortha neamh-AE agus uathu.
Tá feidhm léi ón 3 Meán Fómhair 2009 agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 3 Márta 2011.
Aisghairtear leis an treoir seo Treoir 2003/55/CE ón 3 Márta 2011.
In dhá theachtaireacht ón gCoimisiún in 2007 maidir le hionchais an mhargaidh inmheánaigh sa ghás agus sa leictreachas agus maidir leis an bhfiosrúchán ar earnálacha an gháis agus an leictreachais leagadh béim ar neamhleorgacht na rialacha agus na mbeart a bhí i bhfeidhm i ndáil leis an margadh inmheánach agus léiríodh iontu go raibh gá le rialacha nua a ghlacadh.
Le haghaidh breis faisnéise, féach:
Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha agus lena n–aisghairtear Treoir 2003/55/CE (IO L 211, 14.8.2009, lgh. 94-136)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir Uimh. 2009/73/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Rialachán (CE) Uimh. 713/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Gníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (IO L 211, 14.8.2009, lgh. 1-14)
Féach an leagan comhdhlúite.
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa — Na hionchais don mhargadh inmheánach sa ghás agus sa leictreachas (COM(2006) 841 leagan deiridh, 10.1.2007)
Teachtaireacht ón gCoimisiún — Fiosrúchán de bhun Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ar earnálacha an gháis agus an leictreachais san Eoraip (Tuarascáil Deiridh) (COM(2006) 851 leagan deiridh, 10.1.2007)
Nuashonraithe 17.05.2019