Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhar an Aontais Eorpaigh san oideachas agus san oiliúint (ET 2020)

Comhar an Aontais Eorpaigh san oideachas agus san oiliúint (ET 2020)

ACHOIMRE AR:

Chonclúidí ón gComhairle maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhair Eorpaigh san oideachas agus san oiliúint

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANANN NA CONCLÚIDÍ SEO?

  • Cuirtear creat straitéiseach le haghaidh comhair Eorpaigh san oideachas agus san oiliúint go dtí 2020 ar fáil sna conclúidí seo.
  • Cuireann na conclúidí leis na mórghníomhartha a baineadh amach leis an tionscnamh oideachais agus oiliúna 2010 (ET 2010). Chomh maith leis sin, leagtar amach ceithre chuspóir straitéiseacha iontu, a chabhróidh le gach saoránach barr a chumais a bhaint amach agus rath eacnamaíoch a chur ar bun san Eoraip.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Is iad seo a leanas na ceithre chuspóir straitéiseacha:
    • 1.

      Ní mór foghlaim ar feadh an tsaoil agus soghluaisteacht a chur ar fáil agus ní mór cur le freagrúlacht chórais an oideachais agus na gairmoiliúna maidir le hathrú agus leis an domhan mór.

    • 2.

      Ní mór cur le caighdeán agus le héifeachtúlacht an oideachais agus na hoiliúna trí aird níos mó a dhíriú ar leibhéil bhunscileanna a mhéadú, amhail litearthacht agus uimhearthacht, rud a chuirfeadh le tarraingteacht na matamaitice, na heolaíochta agus na teicneolaíochta agus a dhéanfadh cumais theangeolaíocha a neartú.

    • 3.

      Ní mór cothromas, cuimsiú sóisialta agus saoránacht ghníomhach a chur chun cinn ionas gur féidir le gach saoránach, beag beann ar a chúinsí pearsanta, sóisialta nó eacnamaíocha, leanúint de scileanna a bhaineann le post ar leith a fhorbairt le linn an tsaoil.

    • 4.

      Ba cheart cruthaitheacht agus nuálaíocht a spreagadh, fiontraíocht san áireamh, ag leibhéal uile an oideachais agus na hoiliúna, toisc go gcuireann na rudaí sin go formhór le forbairt inbhuanaithe eacnamaíoch. Ga háirithe, ba cheart cabhrú le daoine aonair eolas maith a fháil ar an réimse digiteach agus tionscnaíocht, fiontraíocht agus tuiscint chultúrtha a fhorbairt.

  • Is éard atá i gceist le comhar Eorpach faoi ET 2020 ná eolas agus taithí a mhalartú maidir le fadhbanna a chuireann isteach ar chórais oideachais agus oiliúna na dtíortha Eorpacha. Áirítear leis sin:
    • piarfhoghlaim;
    • monatóireacht agus tuairisciú tréimhsiúil; agus
    • uirlisí coiteanna tagartha.
  • Leagtar amach tagarmharcanna agus táscairí éagsúla chun an dul chun cinn a dhéantar maidir le cuspóirí difriúla a thomhas.
  • Déanann an Coimisiún Eorpach monatóireacht ar an dul chun cinn i gcoitinne agus, i gcomhar le húdaráis náisiúnta, déanann sé measúnú ar an gcaoi is féidir na táscairí a fheabhsú.
  • Roinntear an tréimhse go dtí 2020 i sraith timthriallta oibre. Aithníodh sraith táscairí nua le haghaidh an chomhair Eorpaigh san oideachas agus san oiliúint don tréimhse 2016-2020. Rinneadh é sin mar thuarascáil chomhpháirteach, arna glacadh ag Comhairle na nAirí Airgeadais agus ag an gCoimisiún i mí na Samhna 2015.

Is iad seo a leanas nasé thosaíochtdon tréimhse 2016-2020:

  • scileanna agus inniúlachtaí ábhartha ardchaighdeáinle haghaidh infhostaitheachta , nuálaíochta, saoránachta gníomhaí agus dea-bhaile (e.g. cruthaitheacht, fonn tionscnaimh agus smaointeoireacht chriticiúil);
  • oideachas cuimsitheach (i.e. lena n-áirítear éagsúlacht mhéadaithe na bhfoghlaimeoirí), comhionannas, neamh-idirdhealú agus cur chun cinn na scileanna saoránaigh (e.g. comhthuiscint agus luachanna daonlathacha);
  • oideachas agus oiliúint oscailte nuálach,e.g. glacadh go hiomlán leis an ré dhigiteach;
  • tacaíocht láidir d’oideoirí (e.g. earcú feabhsaithe, próisis fheabhsaithe roghnaithe agus oiliúna agus forbairt fheabhsaithe ghairmiúil leanúnach);
  • trédhearcacht agus aithint scileanna agus cáilíochtaí chun foghlaim agus soghluaisteacht an lucht saothair a éascú (e.g. trí mheán an chreata thagartha Eorpaigh um dhearbhú cáilíochta);
  • infheistíocht inbhuanaithe (lena n-áirítear scrúdú a dhéanamh ar chumas plean infheistíochta don Eoraip), agus feidhmíocht agus éifeachtúlacht na gcóras oideachais agus oiliúna.

CÚLRA

De réir Airteagail 14 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontas Eorpach, “Tá an ceart ag cách chun an oideachais agus chun gairmoiliúint leanúnach a rochtain.”

Féach creat straitéiseach — oideachas agus oiliúint 2020 ar láithreán gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh chun tuilleadh faisnéise a fháil.

GNÍOMH

Conclúidí ón gComhairle an 12 Bealtaine 2009 maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhair Eorpaigh san oideachas agus san oiliúint (ET 2020) (IO C 119, 28.5.2009, lgh. 2-10)

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Tuarascáil Chomhpháirteach 2012 ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir leis an gCreat Straitéiseach le haghaidh comhair Eorpaigh san oideachas agus san oiliúint (ET 2020) a chur i bhfeidhm — “Oideachas agus Oiliúint in Eoraip atá cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach” (IO C 70, 8.3.2012, lgh. 9-18)

Tuarascáil Chomhpháirteach 2015 ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir leis an gCreat Straitéiseach le haghaidh comhair Eorpaigh san oideachas agus san oiliúint (ET 2020) a chur i bhfeidhm — Tosaíochtaí nua le haghaidh an chomhair Eorpaigh san oideachas agus san oiliúint (IO C 417, 15.12.2015, lgh. 25-35)

Nuashonraithe 29.02.2016

Top