Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Bagairtí tromchúiseacha trasteorann don tsláinte

Bagairtí tromchúiseacha trasteorann don tsláinte

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 2022/2371 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann don tsláinte

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Ceapadh an rialachán chun sainordú níos láidre a chruthú le haghaidh comhordú agus comhar chun freagairt níos éifeachtaí a thabhairt ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte, amhail paindéim COVID-19, ar leibhéal an Aontais Eorpaigh (AE) agus ar leibhéal Bhallstáit AE araon. Tá sé mar aidhm léi:

  • cosc, ullmhacht agus pleanáil freagartha a neartú;
  • faireachas agus faireachán eipidéimeolaíoch a threisiú;
  • feabhas a chur ar thuairisciú sonraí; agus
  • idirghabháil AE a neartú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

Tá feidhm ag an rialachán maidir le bearta sláinte poiblí i ndáil leis na catagóirí seo a leanas de bhagairtí tromchúiseacha trasteorann don tsláinte:

  • bagairtí de bhunús bitheolaíoch, lena n-áirítear galair theagmhálacha, ionfhabhtuithe gaolmhara, frithsheasmhacht fhrithmhiocróbach agus biththocsainí nó oibreáin dhíobhálacha bhitheolaíocha eile;
  • bagairtí de bhunús ceimiceach;
  • bagairtí de bhunús comhshaoil, lena n-áirítear na cinn atá mar thoradh ar an aeráid;
  • bagairtí de bhunús anaithnid;
  • imeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ina n-éigeandálaí sláinte poiblí arb ábhar imní idirnáisiúnta iad faoi rialacháin idirnáisiúnta sláinte na hEagraíochta Domhanda Sláinte.

Tá feidhm aige chomh maith maidir le faireachas eipidéimeolaíoch ar ghalair theagmhálacha.

An Coiste Slándála Sláinte

Bunaítear leis an rialachán Coiste Slándála Sláinte neartaithe chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte, ina bhfuil ionadaithe ó na Ballstáit ar dhá leibhéal oibre:

  • grúpa oibre ardleibhéil sinsearach chun bagairtí sláinte trasteorann a phlé; agus
  • grúpaí oibre teicniúla chun ceisteanna sonracha a phlé de réir mar is gá.

Féadfaidh ionadaithe gníomhaireachtaí AE agus comhlachtaí ábhartha páirt a ghlacadh mar bhreathnóirí.

Oibríonn an Coiste Slándála Sláinte ar na nithe seo a leanas:

  • comhordú agus idirchaidreamh a dhéanamh leis an gCoimisiún Eorpach maidir lena phleanáil coisc, ullmhachta agus freagartha;
  • cumarsáid agus freagairtí riosca agus géarchéime na mBallstát a chomhordú;
  • tuairimí agus treoir a ghlacadh, lena n-áirítear maidir le bearta freagartha sonracha bunaithe ar thuairimí saineolaithe ó ghníomhaireachtaí teicniúla AE; agus
  • tosaíochtaí agus cuspóirí bliantúla a shocrú i gclár oibre.

Pleanáil coisc, ullmhachta agus freagartha

Tá plean agus moltaí coisctheacha, ullmhachta agus freagartha de chuid an Aontais le forbairt, lena n-áirítear forálacha mionsonraithe maidir le faisnéis a chomhroinnt idir an tAontas agus na Ballstáit. Comhlánóidh plean an Aontais na pleananna náisiúnta coisctheacha, ullmhachta agus freagartha. Déanfar tástálacha struis, cleachtaí agus athbhreithnithe air ina dhiaidh sin, agus déanfaidh an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) measúnú rialta ar na pleananna náisiúnta. Tuairisceoidh an Coimisiún torthaí na measúnuithe sin do Pharlaimint na hEorpa agus do Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

Leagtar amach le gníomh cur chun feidhme, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1808, an teimpléad chun faisnéis a sholáthar maidir le pleanáil coisc, ullmhachta agus freagartha i ndáil le bagairtí tromchúiseacha trasteorann don tsláinte.

Leagtar síos le gníomh tarmligthe, Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1232, nósanna imeachta, caighdeáin agus critéir maidir le measúnú ar staid na mBallstát maidir le cur chun feidhme a bpleananna náisiúnta coisc, ullmhachta agus freagartha agus maidir leis an mbaint atá acu le plean coisc, ullmhachta agus freagartha an Aontais Eorpaigh.

Soláthar comhpháirteach frithbheart leighis

Is féidir le hAndóra, Monacó, San Mairíne, Stát Chathair na Vatacáine agus tíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas Eorpach córas treisithe maidir le soláthar comhpháirteach frithbheart leighis a chur ar fáil freisin do thíortha comhpháirtíochta amhail comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa.

Líonraí AE

Le córas faireachais neartaithe comhtháite ar leibhéal an Aontais, cuirfear feabhas ar chomhroinnt sonraí. Déantar foráil sa rialachán maidir leis an méid seo a leanas:

  • rochtain níos láidre ag ECDC ar shonraí sláinte le haghaidh gnéithe taighde agus eipidéimeolaíochta;
  • tuairisciú ar shonraí ábhartha na gcóras sláinte;
  • faireachas atá nasctha le foinsí faisnéise agus sonraí eile atá ar fáil.

Cruthaítear dhá líonra nua: líonra saotharlann tagartha AE agus líonra AE maidir le húsáid substaintí de bhunús an duine.

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/892 ainmnítear saotharlanna tagartha an Aontais Eorpaigh le haghaidh réimsí sonracha áirithe den tsláinte phoiblí:

  • frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha i mbaictéir;
  • pataiginí víreasacha veicteoir–iompartha, pataiginí víreasacha zónóiseacha creimirí–iompartha atá ag teacht chun cinn;
  • pataiginí baictéaracha zónóiseacha ardriosca atá ag teacht chun cinn;
  • Legionella; agus
  • diftéire agus triuch.

Luathrabhadh agus measúnú riosca don tsláinte phoiblí

Ciallaíonn an córas luathrabhaidh agus freagartha go ndéanann an Coimisiún, ECDC agus na húdaráis inniúla atá freagrach ar an leibhéal náisiúnta buanchumarsáid chun críocha ullmhachta, luathrabhaidh agus freagartha, fógraí foláirimh, measúnú rioscaí don tsláinte phoiblí agus cinneadh na mbeart a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil chun an tsláinte phoiblí a chosaint.

Cuirtear creat nua measúnaithe riosca i bhfeidhm do gach guais a bhaineann ní hamháin le ECDC ach leis an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, leis an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia, leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach, le Gníomhaireacht Drugaí an Aontais Eorpaigh (an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus Andúil i nDrugaí roimhe seo) agus le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar i bhForfheidhmiú an Dlí.

Éigeandáil sláinte poiblí a aithint ar leibhéal an Aontais

Is féidir leis an gCoimisiún éigeandáil sláinte poiblí a fhógairt ar leibhéal an Aontais bunaithe ar thuairimí saineolaithe amhail na tuairimí sin arna n-eisiúint ag coiste comhairleach speisialta. Nuair a fhógrófar cás éigeandála de chuid an Aontais, spreagfar an méid seo a leanas:

  • stoc–charnadh comhpháirteach agus soláthar táirgí nó feistí leighis atá ábhartha i gcás géarchéime; agus
  • foirne cúnaimh ráige a ghníomhachtú, lena n–áirítear Tascfhórsa Sláinte na hEorpa.

Maoiniú

I gcomhréir le cur chuige na hEagraíochta Domhanda Sláinte agus “aon sláinte amháin” agus “cúrsaí sláinte a chuimsiú i ngach cur chuige beartais”, tacaítear leis an gcur chun feidhme trí chistiú ó chláir agus ionstraimí ábhartha de chuid an Aontais.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón .

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2022/2371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE (IO L 314, , lgh. 26–63).

nuashonrú is deireanaí

Top