EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil AE (2021-2027)

Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil AE (2021-2027)

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 2021/240 lena mbunaítear Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Féachtar leis lena áirithiú gur féidir leis an gCoimisiún Eorpach leanúint le saineolas saincheaptha a sholáthar ar an talamh agus tacú le Ballstáit AE le feabhas a chur ar a gcumas institiúideach agus riaracháin chun athchóirithe a fhorbairt agus a chur chun feidhme.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cuspóirí

Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach AE a chur chun cinn trí chuidiú a thabhairt do Bhallstáit le hathchóirithe a chur chun feidhme, féachtar leis an rialachán cúnamh a thabhairt d’údaráis náisiúnta le feabhas a chur ar a gcumas an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • athchóirithe a dhearadh, a fhorbairt agus a chur chun feidhme;
  • pleananna téarnaimh agus athléimneachta a ullmhú, a leasú, a chur chun feidhme agus a athbhreithniú de bhun Rialachán (AE) 2021/241 lena leagtar amach an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (féach an achoimre).

Raon feidhme

Tagraíonn na cuspóirí sonracha do roinnt réimse beartais ina gcuirtear béim ar leith ar na bearta lena gcothaítear an t-aistriú digiteach, an t-aistriú cóir agus an t-aistriú glas. Áirítear orthu sin an méid seo a leanas:

  • bainistíocht airgeadais phoiblí agus sócmhainní, próiseas an bhuiséid, lena n-áirítear buiséadú glas agus inscne, creat macraifhioscach, bainistíocht fiachais agus airgid thirim, caiteachas agus beartas cánach;
  • athchóiriú institiúideach, simpliú rialacha agus nósanna imeachta, athchóiriú ar na córais cheartais, maoirseacht airgeadais a neartú agus an comhrac i gcoinne na calaoise, na héillitheachta agus sciúradh airgid a threisiú;
  • an timpeallacht ghnó, ationsclú agus athlonnú an táirgthe chuig forbairt earnála inbhuanaithe AE, agus tacaíocht i gcomhair taighde, nuálaíochta agus digitithe;
  • oideachas, foghlaim ar feadh an tsaoil agus oiliúint, gairmoideachas agus gairmoiliúint, beartas don óige, beartais um margadh saothair, uas-sciliú agus athoiliúint i scileanna digiteacha ar leith, litearthacht na meán, cuimsiú sóisialta agus an comhrac in aghaidh na bochtaineachta, neamhionannas ioncaim agus cineálacha idirdhealaithe;
  • cúram sláinte inrochtana, inacmhainne agus athléimneach, córais slándála sóisialta, cúram agus leas, agus cúram leanaí;
  • beartais maidir leis an athrú aeráide a mhaolú, aistriú digiteach, aistriú cóir agus aistriú glas, ríomhfhoghlaim, úsáid na hintleachta saorga, iompar agus soghluaisteacht, dul i ngleic le bochtaineacht fuinnimh agus slándáil fuinnimh, cosaint ithreacha agus na bithéagsúlachta a áirithiú, iascach agus forbairt inbhuanaithe limistéar tuaithe, iargúlta agus oileánda;
  • beartais agus rialachán na hearnála airgeadais, lena n-áirítear litearthacht airgeadais, cobhsaíocht airgeadais, rochtain ar mhaoiniú agus iasachtaí don fhíorgheilleagar, go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, do dhaoine féinfhostaithe agus d’fhiontraithe;
  • táirgeadh, soláthar agus faireachán cáilíochta sonraí agus staidrimh;
  • ullmhú do bhallraíocht sa limistéar euro;
  • luathbhrath rioscaí suntasacha don tsláinte phoiblí nó don tslándáil agus freagairt chomhordaithe ina leith, chomh maith le leanúnachas gnó agus seirbhíse d’institiúidí agus earnálacha poiblí agus príobháideacha riachtanacha a áirithiú.

Tacaíocht theicniúil

Chun cuspóirí an rialacháin a bhaint amach, maoineofar roinnt cineálacha beart ón ionstraim, lena n-áirítear an méid seo a leanas ach gan a bheith teoranta dóibh:

  • saineolas a sholáthar a bhaineann le comhairle um beartais, athrú beartais, ceapadh straitéisí agus treochláir athchóirithe, chomh maith le hathchóirithe reachtacha, institiúideacha, struchtúracha agus riaracháin;
  • saineolaithe a sholáthar ar bhonn gearrthéarmach nó fadtéarmach, lena n-áirítear saineolaithe cónaithe, chun cúraimí a dhéanamh i réimsí sonracha chun gníomhaíochtaí oibriúcháin a dhéanamh;
  • fothú acmhainneachta institiúidí, riaracháin nó earnála agus bearta tacaíochta gaolmhara ar gach leibhéal rialachais, agus cur le cumhachtú eagraíochtaí sochaí sibhialta chomh maith;
  • tacaíocht oibriúcháin áitiúil a eagrú i réimsí amhail tearmann, imirce agus rialú teorann;
  • staidéar a dhéanamh, lena n-áirítear staidéar féidearthachta, taighde, anailísí agus suirbhéanna, meastóireachtaí agus measúnachtaí tionchair.

Cuirfidh Ballstáit ar mian leo tacaíocht theicniúil a fháil iarratas ar thacaíocht theicniúil faoi bhráid an Choimisiúin, ina gcuirfear réimsí agus tosaíochtaí beartais in iúl.

Buiséad

  • Is é €864 milliún i bpraghsanna reatha an buiséad don ionstraim le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2021 - 31 Nollaig 2027.
  • Féadfaidh Ballstáit acmhainní breise a aistriú chuig buiséad na hionstraime chun bearta a mhaoiniú atá incháilithe i leith tacaíocht theicniúil a úsáidfí chun tairbhe an Bhallstáit lena mbaineann amháin.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 19 Feabhra 2021.

CÚLRA

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena mbunaítear Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (IO L 57, 18.2.2021, lgh. 1-16)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lgh. 17-75)

Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013, Rialachán (AE) Uimh. 223/2014, Rialachán (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lgh. 1-222)

Nuashonraithe 05.05.2021

Top