Garda Teorann agus Cósta Eorpach
ACHOIMRE AR:
Rialachán (AE) 2019/1896 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
- Bunaítear leis gníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta chun:
- bainistíocht chomhtháite Eorpach a áirithiú ag teorainn AE;
- trasnú teorainneacha a bhainistiú go héifeachtúil; agus
- beartas AE um fhilleadh* a dhéanamh níos éifeachtaí mar phríomh-chomhpháirt de bhainistíocht inbhuanaithe na himirce.
- Féachtar leis aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis an imirce agus ar bhagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo ag na teorainneacha, coireanna tromchúiseacha idirnáisiúnta a chomhrac, agus slándáil inmheánach AE a áirithiú agus cearta bunúsacha á n–urramú agus saorghluaiseacht á cosaint.
PRÍOMHPHOINTÍ
Le buanchór 10,000 garda teorann:
- áiritheofar gur féidir leis an ngníomhaireacht tacú le Ballstáit AE pé uair agus pé áit a mbeidh gá leis;
- tabharfar le chéile baill foirne gníomhaireachta, chomh maith le gardaí teorann agus saineolaithe um fhilleadh arna dtabhairt ar iasacht nó arna n–imscaradh ag Ballstáit AE, a thacóidh leis an líon os cionn 100,000 garda teorann náisiúnta ina gcúraimí.
Lena chois sin, beidh buiséad ag an ngníomhaireacht lena trealamh féin a cheannach, amhail árthaí, eitleáin agus feithiclí.
Cumhachtaí feidhmiúcháin
Ní bheidh an buanchór ábalta cúraimí maidir le rialú teorann agus maidir le filleadh a dhéanamh, amhail seiceálacha aitheantais, iontráil ag teorainneacha seachtracha a údarú, agus faireachas teorann a dhéanamh — ach le comhaontú Bhallstát aíochta an Aontais Eorpaigh amháin.
Tuilleadh tacaíochta ar fhilleadh
- Chomh maith le hoibríochtaí comhpháirteacha um fhilleadh a eagrú agus a mhaoiniú, beidh an ghníomhaireacht ábalta tacú le Ballstáit AE ag gach céim den phróiseas um fhilleadh anois agus beidh Ballstáit AE fós freagrach as cinntí um fhilleadh a dhéanamh.
- D’fhéadfadh, mar shampla, cúnamh a sholáthar d’fhillithe roimh a dteacht, i ndiaidh a dteachta agus le linn a dteachta a bheith i gceist leis an tacaíocht sin, chomh maith le náisiúnaigh neamh-AE a aithint nach bhfuil ceart acu fanacht nó doiciméid taistil a fháil.
Comhar níos láidre le tíortha nach tíortha de chuid AE iad
Beidh an ghníomhaireacht ábalta — faoi réir comhaontú roimh ré ón tír lena mbaineann — oibríochtaí comhpháirteacha a sheoladh agus baill foirne a imscaradh lasmuigh de AE, níos faide ar aghaidh ná na tíortha atá buailte le AE, chun tacaíocht maidir le bainistíocht teorainneacha a chur ar fáil.
Oifigí allamuigh
Beidh an ghníomhaireacht ábalta oifigí allamuigh a chur ar bun i mBallstáit AE agus i dtír nach tír den Aontas Eorpach í (faoi réir comhaontú stádais) chun tacú ar bhonn lóistíochta lena gníomhaíochtaí oibriúcháin agus cur i gcrích réidh na n–oibríochtaí a áirithiú.
An Córas Eorpach um Fhaireachas ar Theorainneacha (Eurosur)
- Chun oibríocht Eurosur a fheabhsú, cuimsítear é leis an rialachán i bhfeidhmiú an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh.
- Méadaítear raon feidhme Eurosur leis an rialachán chun formhór na gcomhpháirteanna i mbainistiú comhtháite ar theorainneacha seachtracha san Eoraip a chlúdach. Ciallaíonn sé sin go mbeifear ábalta cásanna géarchéime ag teorainneacha seachtracha AE agus i dtíortha nach tíortha de chuid AE iad a bhrath, a thuar agus frithghníomhú ina leith ar bhealach níos fearr.
- Le gníomh cur chun feidhme ón gCoimisiún Eorpach, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/581 leagtar amach na rialacha a bhaineann le malartú faisnéise agus comhar chun críche Eurosur, lena n–áirítear feasacht staide, anailís riosca agus chun tacú le pleanáil agus feidhmiú oibríochtaí rialaithe teorann. Leagtar síos inti:
- na rialacha maidir le tuairisciú in Eurosur, lena n–áirítear an cineál faisnéise atá le cur ar fáil agus na teorannacha ama maidir le tuairisciú;
- sonraí na sraitheanna faisnéise* ar na léirithe staide*;
- na nósanna imeachta chun léirithe sonracha staide a bhunú;
- na freagrachtaí a bhaineann le tuairisciú, le bainistiú na léirithe staide agus le córais agus líonraí teicniúla éagsúla a thacaíonn le Eurosur a fheidhmiú agus a chothabháil;
- rialacha slándála sonraí agus cosanta sonraí Eurosur;
- sásraí rialaithe cáilíochta.
Aisghairm
Aisghairtear leis Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 maidir le Eurosur ón 4 Nollaig 2019 agus Rialachán (AE) 2016/1624 ón 31 Nollaig 2020.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
- Tá feidhm leis ón 4 Nollaig 2019.
CÚLRA
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
PRÍOMHTHÉARMAÍ
Filleadh: an próiseas a bhaineann le náisiúnach neamh–AE a bheith ag dul ar ais go toilteanach nó go héigeantach go dtí a thír nó a tír thionscnaimh, go dtí tír idirthurais chomhaontaithe, nó go dtí Ballstát eile a gcinneann an duine lena mbaineann go toilteanach filleadh uirthi agus ina nglacfar leis nó léi.
Sraitheanna faisnéise: tá 3 shraith faisnéise i léirithe staide (féach an chéad iontráil eile):
- sraith imeachtaí (tuairiscí ar imeachtaí ar dócha go mbeidh tionchar acu ar an teorainn seachtrach);
- sraith oibriúcháin (tuairiscí ar acmhainní dílse na mBallstát, tuairiscí ar phleananna oibriúcháin, mar aon le tuairiscí ar fhaisnéis chomhshaoil, lena n–áirítear, go háirithe, faisnéis mheitéareolaíoch agus mhuireolaíochta); agus
- sraith anailíseach, bunaithe ar thuairiscí anailíse riosca. Is é is aidhm le tuairiscí anailíse tuiscint ar imeachtaí ag an teorainn sheachtrach ar féidir leo cuidiú le treochtaí a thuar, cuidiú le pleanáil agus feidhmiú oibríochtaí rialaithe teorann, chomh maith le hanailís straitéiseach riosca.
Léirithe staide: tá faisnéis sna híomhánna sin ar an staid ag teorainneacha na hEorpa agus sa limistéar réamhtheorann.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 agus Rialachán (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lgh. 1-131)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/581 ón gCoimisiún an 9 Aibreán 2021 maidir le léirithe staide an Chórais Eorpaigh um Fhaireachas ar Theorainneacha (EUROSUR) (IO L 124, 12.4.2021, lgh. 3-39)
Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lgh. 1-52)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) 2016/399 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Nuashonraithe 29.05.2021