Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Coinníollacha oibre trédhearcacha agus intuartha in AE

Coinníollacha oibre trédhearcacha agus intuartha in AE

 

ACHOIMRE AR:

Treoir (AE) 2019/1152 maidir le coinníollacha oibre trédhearcacha agus intuartha san Aontas Eorpach

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Tá sé mar aidhm léi feabhas a chur ar choinníollacha oibre trí fhostaíocht níos trédhearcaí agus níos intuartha a chur chun cinn agus oiriúnacht an mhargaidh saothair á háirithiú. Tugtar isteach léi íoschearta agus nuashonruithe maidir leis na rialacha maidir leis an bhfaisnéis atá le cur ar fáil d’oibrithe i dáil lena gcoinníollacha oibre.

Cuireann an treoir le gné shóisialta na hEorpa a neartú mar chuid de chur i bhfeidhm Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá an treoir eisithe i gcomhthéacs Airteagal 31 de Chairt um Chearta Bunúsacha AE ina sonraítear go bhfuil an ceart ag gach oibrí chun coinníollacha oibre lena dtugtar meas do shláinte, do shábháilteacht agus do dhínit an oibrí, lena gcuirtear teorainn ar uaslíon na n–uaireanta oibre, go tréimhsí sosa laethúla agus seachtainiúla agus go tréimhse bhliantúil saoire íoctha. Is beart leantach láidir í chomh maith maidir le Prionsabail 5 agus 7 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta.

Cad atá cumhdaithe inti?

Tá feidhm ag an treoir maidir leo siúd a oibríonn níos mó ná 3 huaire in aghaidh na seachtaine thar thréimhse 4 seachtaine (i.e. níos mó ná 12 uair in aghaidh na míosa) atá faoi cheangal le conradh fostaíochta nó i gcaidreamh fostaíochta arna shainiú leis an dlí náisiúnta, le comhaontuithe comhchoiteanna nó le cleachtas atá i bhfeidhm i ngach tír AE — agus cásdlí Chúirt Bhreithiúnais AE á chur san áireamh. D’fhéadfadh oibrithe ar chonarthaí uaireanta-nialasacha, amhail oibrithe comhlachtaí sreangshiopaí mearbhia, oibrithe in ionaid lóistíochta, líontóirí seilfeanna in ollmhargaí, oibrithe baile nó dearbhánbhunaithe* agus oibrithe geilleagair ardáin, amhail tiománaithe nó cúiréirí ar éileamh, a bheith i gceist le daoine atá cumhdaithe, ar an gcoinníoll go gcomhlíonann siad na critéir thuas lena sainítear oibrí.

Féadfar Státseirbhísigh, na fórsaí armtha nó baill de na seirbhísí éigeandála agus d’fhorfheidhmiú an dlí, ar fhorais oibiachtúla, a eisiamh ó Chaibidil III den treoir (Íosriachtanais a bhaineann le coinníollacha oibre).

Caidreamh fostaíochta

Ní mór d’fhostóirí oibrithe a chur ar an eolas i scríbhinn, agus laistigh de sheachtain amháin ón gcéad lá oibre ar a laghad, faoi na bunghnéithe maidir leis an gcaidreamh fostaíochta, lena n–áirítear:

  • aitheantas na bpáirtithe sa chaidreamh fostaíochta, an láthair oibre agus cineál na gníomhaíochta;
  • an dáta tosaigh agus, más téarma seasta é, an dáta deiridh, chomh maith le fad thréimhse promhaidh ar bith agus coinníollacha ina leith.
  • bunphá, comhpháirt ar bith eile de luach saothair, lena n–áirítear ragobair, agus minicíocht agus modh na híocaíochta;
  • fad an ghnáthlae oibre nó na gnáthsheachtaine oibre i gcás go bhfuil rithim na hoibre intuartha;
  • i gcás nach bhfuil patrún na hoibre intuartha, ní mór d’fhostóirí oibrithe a chur ar an eolas faoi na huaireanta agus na laethanta tagartha ar a bhféadfaí a iarraidh orthu oibriú, an fógra íosta roimh obair a thosú agus líon na n–uaireanta íoctha atá ráthaithe.

Maidir le faisnéis fhorlíontach faoi mar a léirítear thíos, is é an spriocdháta do na fostóirí chun na hoibrithe a chur ar an eolas 1 mhí ón gcéad lá oibre ar a dhéanaí:

  • fad na saoire íoctha;
  • teidlíocht oiliúna ar bith;
  • comhaontuithe comhchoiteanna ar bith lena rialaítear coinníollacha an oibrí;
  • aitheantas an chomhlachta slándála sóisialta a fhaigheann ranníocaíochtaí sóisialta, i gcás gurb é sin freagracht an fhostóra;
  • tréimhsí fógra i gcás go bhfuil an caidreamh fostaíochta foirceanta nó an modh chun tréimhsí fógra dá leithéid a chinneadh;
  • maidir le hoibrithe gníomhaireachta sealadacha, na sonraí maidir le gnóthais úsáideoirí (i.e. iad siúd a bhaineann leas as seirbhísí oibrithe gníomhaireachta) nuair agus a luaithe is a bheidh eolas ar fáil fúthu.

Oibrithe a athlonnaíodh (“a cuireadh ar post”) chuig tír eile AE nó tír neamh-AE

Ní mór d’fhostóirí doiciméid ábhartha a sholáthar roimh imeacht lena n–áirítear an fhaisnéis bhreise seo a leanas ar a laghad:

  • tíortha ina bhfuil an obair le déanamh agus an fad measta a mhairfidh sí;
  • airgeadra na híocaíochta;
  • más infheidhme, sochair airgid thirim nó sochair chomhchineáil a bhaineann leis na tascanna oibre;
  • faisnéis ar cibé acu an ndéantar soláthar i leith aisdúichiú, agus na coinníollacha is infheidhme.

Lena chois sin, ní mór fógra a thabhairt d’oibrithe a cuireadh ar post atá cumhdaithe i dTreoir 96/71/CE (féach an achoimre anseo) maidir leis an méid seo a leanas, i measc nithe eile:

  • an luach saothair is infheidhme faoi dhlí thír óstach AE;
  • más infheidhme, liúntais ar bith a bhaineann go sonrach le cur ar post agus socruithe ar bith maidir le caiteachas ar thaisteal agus ar chóiríocht a aisíoc.

Íoscheanglais maidir leis an gconradh fostaíochta

Leagtar amach leis an treoir líon íoscheart d’oibrithe, lena n–áirítear an ceart chun:

  • nach mbeidh an tréimhse promhaidh níos faide ná 6 mhí, mura bhfuil sé sin ar mhaithe leis an oibrí nó nuair a thugann an ghníomhaíocht bunús leis;
  • oibriú d’fhostóir eile lasmuigh de na huaireanta oibre bunaithe gan cóir neamhfhabhrach, mura bhfuil údar le srianta neamh-chomhoiriúnachta ar fhorais oibiachtúla;
  • le haghaidh oibrithe a gcinneann an fostóir a phatrún oibre dóibh agus nach bhfuil a bpatrún oibre intuartha go hiomlán nó den chuid is mó, an ceart chun diúltú do thascanna oibre lasmuigh d’uaireanta agus de laethanta tagartha a sainíodh roimhe sin gan droch–iarmhairtí a bheith i gceist leis dóibh;
  • i ndiaidh seirbhís 6 mhí leis an bhfostóir céanna, post a iarraidh lena mbaineann coinníollacha oibre níos intuartha agus níos sláine;
  • oiliúint a fháil saor in aisce, i gcás go bhfuil sé de cheangal ar an bhfostóir le reachtaíocht AE nó le reachtaíocht náisiúnta nó comhaontuithe comhchoiteanna oiliúint dá leithéid a chur ar fáil.

Féadfaidh tíortha cead a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta comhaontuithe comhchoiteanna a chur i gcrích lena mbunaítear coinníollacha oibrithe atá difriúil ó na cinn dá dtagraítear thuas, ar an gcoinníoll go dtugtar meas do chosaint fhoriomlán na n–oibrithe.

Conarthaí ar éileamh*

Ní mór do thíortha AE a cheadaíonn úsáid conarthaí ar éileamh nó conarthaí fostaíochta comhchosúla (e.g. conarthaí geilleagair poistíneachta nó uaireanta–nialasacha) bearta a dhéanamh chun cleachtais mhí-úsáideacha a sheachaint, amhail:

  • teorainn a chur le húsáid agus fad na gconarthaí fostaíochta ar éileamh nó conarthaí comhchosúla;
  • toimhde infhrisnéise* a chur i bhfeidhm gurb ann do chaidreamh fostaíochta, le líon ráthaithe uaireanta íoctha bunaithe ar na huaireanta a oibríodh i dtréimhse thagartha roimhe sin.

Gearán, sásamh, cosaintí agus dífhostú

Ní mór do thíortha AE:

  • a áirithiú go bhfuil rochtain ag oibrithe nach bhfuair an fhaisnéis ábhartha in am trátha ar an dá bheart seo a leanas ar a laghad:
    • gearán a chur isteach chuig údarás inniúil agus sásamh a fháil in am agus i dtráth, nó
    • leas a bhaint as toimhdí dlíthiúla fabhracha;
  • a áirithiú go bhfuil rochtain ag oibrithe, lena n–áirítear oibrithe ar tháinig deireadh lena gcaidreamh fostaíochta, ar réiteach díospóidí éifeachtach agus neamhchlaonta agus an éileamh ar shásamh*;
  • bearta a thabhairt isteach chun oibrithe a chosaint ar chaitheamh go dochrach ag an bhfostóir agus ar dhrochiarmhairtí ar bith a thiocfadh chun cinn ó ghearán a lóisteáladh leis an bhfostóir;
  • bearta a dhéanamh chun cosc a chur ar oibrithe a dhífhostú toisc gur fheidhmigh siad a gcearta atá leagtha amach sa treoir.

Ní ionann an treoir agus údar chun leibhéal ginearálta na cosanta a thugtar d’oibrithe in AE cheana a laghdú, agus ní chuirtear cosc ar thíortha AE leis reachtaíocht a ghlacadh atá níos fabhraí d’oibrithe.

Aisghairm

Aisghairtear leis an treoir Treoir 91/533/CEE ón gComhairle maidir le Fostaithe a chur ar an eolas faoina gcoinníollacha oibre ón 1 Lúnasa 2022.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sí i bhfeidhm ón 31 Iúil 2019 agus ní mór dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 1 Lúnasa 2022.

CÚLRA

Féach chomh maith:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Oibrí dearbhánbunaithe: faigheann fostóir dearbhán ó thríú páirtí (údarás rialtais go ginearálta) a úsáidfear, in aonad airgead tirim, mar íocaíocht le hoibrí a chuireann seirbhís ar fáil.
Conradh ar éileamh: cineál conartha idir fostóir agus oibrí, amhail conradh uaireanta-nialasacha, i gcás nach bhfuil sé d’oibleagáid ar an bhfostóir íosuaireanta oibre ar bith a sholáthar, agus d’fhéadfadh sé go mbeadh nó nach mbeadh sé d’oibleagáid ar an oibrí obair ar bith a tháirgfear a ghlacadh.
Toimhde infhrisnéise: toimhde a gcreideann cúirt go bhfuil sí fíor, mura dtagann duine éigin eile chun tosaigh le cur ina héadan agus a mhalairt a chruthú (is toimhde infhrisnéise clúiteach é “go mbíonn tú neamhchiontach go dtí go gcruthaítear ciontach thú”).
Éileamh ar shásamh: an ceart chun sásamh a iarraidh.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir (AE) 2019/1152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le coinníollacha oibre trédhearcacha agus intuartha san Aontas Eorpach (IO L 186, 11.7.2019, lgh. 105-121)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir (AE) 2017/159 ón gComhairle an 19 Nollaig 2016 lena gcuirtear i bhfeidhm an Comhaontú maidir le cur i bhfeidhm an Choinbhinsiúin um Obair san Iascaireacht, 2007 den Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair, a tugadh i gcrích an 21 Bealtaine 2012 idir an Coiste Ginearálta um Chomhar Talmhaíochta san Aontas Eorpach (COGECA), Cónaidhm Oibrithe Iompair na hEorpa agus Cumann na nEagraíochtaí Náisiúnta um Fhiontair Iascaireachta san Aontas Eorpach (Europêche) (IO L 25, 31.1.2017, lgh. 12-35)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a bhunú (COM(2017) 250 críochnaitheach, 26.4.2017)

An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh — Teideal IV — Dlúthpháirtíocht — Airteagal 31 — Coinníollacha oibre córa agus cothroma (IO C 202, 7.6.2016, lch. 399)

Treoir 2014/50/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir leis na híoscheanglais chun soghluaisteacht oibrithe a fheabhsú idir na Ballstáit trí fháil agus caomhnú ceart pinsin fhorlíontaigh a fheabhsú (IO L 128, 30.4.2014, lgh. 1-7)

Treoir 2009/13/CE ón gComhairle an 16 Feabhra 2009 lena gcuirtear chun feidhme an Comhaontú arna thabhairt i gcrích ag Cumainn Longúinéirí an Chomhphobail Eorpaigh agus Cónaidhm Oibrithe Iompair na hEorpa maidir leis an gCoinbhinsiún Oibreachais Mhuirí, 2006, agus lena leasaítear Treoir 1999/63/CE (IO L 124, 20.5.2009, lgh. 30-50)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2009/13/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Treoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir le gnéithe áirithe d’eagrú ama oibre (IO L 299, 18.11.2003, lgh. 9-19)

Treoir 98/49/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 1998 maidir le cosaint a sholáthar do chearta pinsin fhorlíontaigh ar le fostaithe agus le daoine féinfhostaithe iad a bhíonn ag aistriú laistigh den Chomhphobal (IO L 209, 25.7.1998, lgh. 46-49)

Treoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le cur ar post oibrithe faoi chuimsiú sholáthar na seirbhísí (IO L 18, 21.1.1997, lgh. 1-6)

Treoir 91/533/CEE ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 1991 maidir le hoibleagáid an fhostóra a chuid fostaithe a chur ar an eolas faoi na coinníollacha is infheidhme maidir leis an gconradh nó leis an gcaidreamh fostaíochta (IO L 288, 18.10.1991, lgh. 32-35)

Nuashonraithe 25.10.2019

Top