Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Misean oiliúna AE i Mailí (EUTM Mali)

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated, because the summarised document is no longer in force or does not reflect the current situation.

Misean oiliúna AE i Mailí (EUTM Mali)

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 2013/34/CBES — Misean míleata an Aontais Eorpaigh chun cuidiú le hoiliúint Fhórsaí Armtha Mhailí

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?

Údaraítear leis misean míleata an Aontais Eorpaigh chun cuidiú le Fórsaí Armtha Mhailí (FAM) a oiliúint, chun acmhainn mhíleata Mhailí a athbhunú agus chun a chur ar a cumas oibríochtaí míleata a dhéanamh chun a iomláine chríochach a athbhunú agus an bhagairt a bhaineann le grúpaí sceimhlitheoireachta a laghdú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Rún ó na Náisiún Aontaithe 2071 (2012)

  • Leis an Rún 2012 sin ar an staid i Mailí tugadh cuireadh do chomhpháirtithe idirnáisiúnta, lena n–áirítear an tAontas Eorpach, chun cúnamh, saineolas, oiliúint agus tacaíocht um fhorbairt acmhainne a sholáthar d’arm agus d’fhórsaí slándála Mhailí.
  • Freagraíonn an cinneadh seo don chuireadh sin.

Cuspóirí

Rinneadh sainordú EUTM Mali a athnuachan 4 huaire, den uair is deireanaí i Márta 2020 le Cinneadh (CBES) 2020/434 inar athdhíríodh ar chuspóirí straitéiseacha an mhisin freisin mar:

  • cuidiú le feabhas a chur ar chumais FAM atá faoi rialú údaráis dhlisteanacha shibhialtacha Mhailí trí na nithe seo a leanas a sholáthar do FAM:
    • comhairle, oiliúint mhíleata, lena n–áirítear oiliúint, oideachas agus meantóireacht réamh–imlonnaithe, trí thionlacan neamhfheidhmiúcháin suas go dtí an leibhéal oirbheartaíochta.

    Ba cheart go gceadófaí leis sin do EUTM Mali obair leantach a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí FAM agus faireachán a dhéanamh ar a bhfeidhmíocht agus ar a n–iompar, lena n–áirítear maidir le cearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta a urramú;

  • tacú le G5 na Saiheile, trí Fhórsa Comhpháirteach G5 na Saiheile agus na fórsaí armtha náisiúnta i dtíortha G5 na Saiheile a chur ag feidhmiú.

Cuimsítear leis an gcinneadh freisin liúntas táscach méadaithe buiséid don mhisean de €133.7 milliún ar feadh tréimhse 4 bliana ón 19 Bealtaine 2020 go dtí an 18 Bealtaine 2024.

Gníomhaíochtaí

Tá gníomhaíochtaí EUTM Mali bunaithe ar 4 shnáithe:

  • oiliúint a chur ar aonaid mhíleata Mhailí;
  • comhairle a thabhairt do FAM ar gach leibhéal;
  • cuidiú le feabhsú an chórais oideachais mhíleata, ó scoileanna go leibhéal aireachta;
  • comhairle agus oiliúint a chur ar fáil do cheanncheathrú Fhórsa Comhpháirteach G5 na Saiheile.

Rialú polaitiúil agus straitéiseach

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?

Tá feidhm leis ón 17 Eanáir 2013. Tá bailíocht an chinnidh sínte go dtí an 18 Bealtaine 2024 le Cinneadh (CBES) 2020/434.

CÚLRA

Mar chuid de bheartas eachtrach an Aontais Eorpaigh agus go sonrach a chomhbheartas slándála agus cosanta, ghlac an tAontas Eorpach straitéis slándála agus forbartha don tSaiheil (lena gclúdaítear an Mháratáin, Mailí agus an Nígir, agus codanna de Bhuircíne Fasó agus Sead).

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Cinneadh 2013/34/CBES ón gComhairle an 17 Eanáir 2013 maidir le misean míleata an Aontais Eorpaigh chun cuidiú le hoiliúint Fhórsaí Armtha Mhailí (EUTM Mali) (IO L 14, 18.1.2013, lgh. 19-21)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh 2013/34/CBES a ionchorprú sa bhuntéacs. Is de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Cinneadh (CBES) 2020/434 ón gComhairle an 23 Márta 2020 lena leasaítear Cinneadh 2013/34/CBES maidir le misean míleata Aontais Eorpaigh chun cuidiú le hoiliúint Fhórsaí Armtha Mhailí (EUTM Mali) (IO L 89, 24.3.2020, lgh. 1-3)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Cinneadh (CBES) 2015/528 ón gComhairle an 27 Márta 2015 lena mbunaítear sásra chun maoiniú na gcostas coiteann a bhaineann le hoibríochtaí an Aontais Eorpaigh lena mbaineann impleachtaí míleata nó cosanta (Athena) a riar agus lena n–aisghairtear Cinneadh 2011/871/CBES (IO L 84, 28.3.2015, lgh. 39-63)

Nuashonraithe 17.10.2022

Top