Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Bearta sriantacha AE de bharr an cháis sa Libia

Bearta sriantacha AE de bharr an cháis sa Libia

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh (CBES) 2015/1333 — i ndáil le bearta sriantacha de bharr an cháis sa Libia

Rialachán (AE) 2016/44 — i ndáil le bearta sriantacha de bharr an cháis sa Libia

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH AGUS LEIS AN RIALACHÁN?

PRÍOMHPHOINTÍ

Cuimsítear sa chinneadh agus sa rialachán, a leasaíodh go leor uaireanta, réimse toirmeasc agus srianta, lena n–áirítear:

  • toirmeasc ar dhíol, ar sholáthar, ar onnmhairiú nó ar aistriú trealaimh, amhail airm thine, a bhféadfaí úsáid a bhaint astu le haghaidh cur faoi chois inmheánach lena n–úsáid sa Libia.
    • Áirítear leo toirmeasc ar chúnamh teicniúil a chur ar fáil d’úsáid an trealaimh sin;
  • go ndéanfaidh tíortha AE cigireacht ar gach soitheach agus aerárthach a bheidh ar a mbealach go dtí an Libia nó ag teacht ón Libia má tá amhras ann go bhfuil earraí toirmiscthe á n–iompar orthu;
  • údarú roimhe ré maidir le díol, soláthar, onnmhairiú nó aistriú earraí, amhail soithí inséidte nó mótarbháid, a bhféadfaí úsáid a bhaint astu chun imircigh a smuigleáil nó le haghaidh gáinneáil ar dhaoine, lena n–úsáid sa Libia;
  • reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha de chuid daoine, cuideachtaí nó comhlachtaí atá liostaithe ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe nó ag Coiste Smachtbhannaí na Náisiún Aontaithe maidir leis an Libia chomh maith leis na cinn nach bhfuil ar na liostaí sin, ach a chomhlíonann critéir áirithe lena n–áirítear:
    • bheith páirteach nó comhpháirteach i mí–úsáidí tromchúiseacha as cearta an duine i gcoinne daoine sa Libia;
    • bheith aitheanta mar a bheith páirteach in iar–réimeas Muammar Qadhafi nó bainteach leis;
    • bheith páirteach i ngníomhartha lena gcuirtear síocháin, cobhsaíocht nó slándáil na Libia i mbaol nó lena gcuirfí bac ar aistriú polaitiúil na Libia nó lena mbainfí an bonn uaidh nó tacaíocht a thabhairt i leith na ngníomhartha sin;
  • diúltú iontrála i gcríoch AE na ndaoine atá faoi réir thoirmisc taistil na Náisiún Aontaithe i ndáil leis an Libia chomh maith leo siúd a chomhlíonann critéir airithe amhail na cinn a luadh thuas.

Maolú

Tá roinnt cásanna um maolú leis an rialachán agus leis an gcinneadh ó na toirmisc agus ó na srianta sin, agus áirítear leo sin:

  • scaoileadh sócmhainní reoite áirithe chun críocha dleathacha;
  • díol, soláthar, onnmhairiú nó aistriú trealaimh chosanta áirithe amhail seaicéid philéardhíonacha agus clogaid mhíleata faoi imthosca sonracha;
  • taisteal ar fhorais daonnúla.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH AGUS AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis an gcinneadh ón 2 Lúnasa 2015. Aisghairtear leis Cinneadh 2011/137/CBES.

Tá feidhm leis an rialachán ón 20 Eanáir 2016. Aisghairtear leis Rialachán (AE) Uimh. 204/2011.

CÚLRA

PRÍOMHDHOICIMÉID

Cinneadh (CBES) 2015/1333 ón gComhairle an 31 Iúil 2015 i ndáil le bearta sriantacha de bharr an cháis sa Libia, agus lena n–aisghairtear Cinneadh 2011/137/CBES (IO L 206, 1.8.2015, lgh. 34-60)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CBES) 2015/1333 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán (AE) 2016/44 ón gComhairle an 18 Eanáir 2016 i ndáil le bearta sriantacha de bharr an cháis sa Libia, agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 204/2011 (IO L 12, 19.1.2016, lgh. 1-26)

Féach an leagan comhdhlúite

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais Eorpaigh (IO C 97, 28.3.2017, lgh. 1-33)

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach — Teideal V — Forálacha ginearálta maidir le gníomhaíochtaí seachtracha an Aontais agus forálacha sonracha maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála — Caibidil 2 — Forálacha sonracha maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála — Alt 1 — Forálacha comhchoiteanna — Airteagal 29 (sean-Airteagal 15 CAE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 33)

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a cúig — Gníomhaíochtaí seachtracha an Aontais — Teideal IV — Bearta sriantacha — Airteagal 215 (sean-Airteagal 301 CAE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 144)

Cinneadh (CBES) 2015/778 ón gComhairle an 18 Bealtaine 2015 maidir le misean míleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir Láir-Theas (EUNAVFOR MED) (IO L 122, 19.5.2015, lgh. 31-35)

Féach an leagan comhdhlúite

Nuashonraithe 12.07.2023

Top