Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Réamhaisnéisí eacnamaíocha Eorpacha

Réamhaisnéisí eacnamaíocha Eorpacha

 

ACHOIMRE AR:

Airteagal 134 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

CAD IS AIDHM LEIS AN AIRTEAGAL AGUS LEIS NA RÉAMHAISNÉISÍ?

Bunaítear an Coiste Eacnamaíoch agus Airgeadais (CEA) le hAirteagal 134. Is é aidhm an Choiste Eacnamaíoch agus Airgeadais comhordú beartas eacnamaíoch idir tíortha AE a chur chun cinn agus is ceann dá phríomhthascanna é athbhreithniú a dhéanamh ar an gcás eacnamaíoch agus airgeadais in AE agus i dtíortha AE.

Déantar anailís ar fhorbairtí maicreacnamaíocha reatha agus féideartha le réamhaisnéisí agus cuirtear san áireamh iad agus beartais AE á gceapadh.

PRÍOMHPHOINTÍ

Foilsítear na réamhaisnéisí i sraith na bpáipéar institiúideach. Tá an méid a leanas i gceist leo:

  • ullmhaíonn Ard-Stiúrthóireacht an Choimisiúin Eorpaigh um Ghnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (AS ECFIN) iad;
  • cumhdaítear leo AE, tíortha AE, limistéar an euro, cuid de gheilleagair mhóra eile an domhain, amhail na Stáit Aontaithe, an tSeapáin, an tSín, an Rúis agus tíortha Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa, agus tíortha is iarrthóirí AE (Montainéagró, iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine, an Albáin, an tSeirbia agus an Tuirc);
  • déantar anailís leo ar shaincheisteanna amhail
    • fás na holltáirgeachta intíre (OTI) agus a spreagthaí;
    • an margadh saothair, boilsciú agus pá agus airgeadas poiblí;
  • déantar measúnú leo ar bheartais mhaicreacnamaíocha sa mhéid is go mbíonn tionchar acu sin ar chúrsaí maidir le boilsciú agus fás na holltáirgeachta intíre;
  • dírítear ar thréimhse ama 2 bhliain ar a laghad leo;
  • cumhdaítear thart ar 180 athróg leo;
  • foilsítear iad 4 huaire sa bhliain (2 réamhaisnéis iomlána i mí na Bealtaine agus i mí na Samhna agus 2 réamhaisnéis eatramhacha i mí Feabhra agus i mí Iúil) i gcomhréir le timthriall bliantúil AE de nósanna imeachta faireachais eacnamaíoch, ar a dtugtar an seimeastar Eorpach.

Foilsíonn AS ECFIN an méid seo a leanas chomh maith:

  • achoimrí eacnamaíocha chun faisnéis a sholáthar le haghaidh díospóireachtaí agus pléití ar bheartais;
  • plépháipéir chun feasacht ar obair theicniúil na hArd-Stiúrthóireachta a mhéadú;
  • páipéir theicniúla ar thuarascálacha agus sonraí.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Trí — Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais — Teideal VIII — Beartas eacnamaíoch agus airgeadaíochta — Caibidil 3 — Forálacha institiúideacha — Airteagal 134 (iar-Airteagal 114 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 105-106)

Nuashonraithe 18.05.2018

Top